Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach i bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis agus lena gcuirtear ar fionraí cur i bhfeidhm an phróisis sin maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin. /* COM/2014/0386 final - 2014/0197 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Déantar beartas an AE i leith tíortha ó na
Balcáin Thiar a shainiú mar chuid den Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais a
sheol an Coimisiún Eorpach i mBealtaine 1999. Le
linn cruinnithe i Liospóin an 23 agus an 24 Márta 2000, bheartaigh an
Chomhairle Eorpach gur cheart léirscaoileadh trádála neamhshiméadrach a bheith
ann sula ndéanfaí Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais le tíortha na
mBalcán Thiar. Foráiltear do léirscaoileadh trádála neamhshiméadrach le
Rialachán (AE) Uimh. 1215/2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla
trádála do thíortha agus do chríocha atá páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta
agus Comhlachais nó atá bainteach leis. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009
go dtí an 31 Nollaig 2015. Ó seoladh an Próiseas Cobhsaíochta agus
Comhlachais, tugadh Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcrích idir
an tAontas agus gach tír sna Balcáin Thiar lena mbaineann, cé is moite den
Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Chosaiv.[1] In 2003, tugadh aitheantas don Bhoisnia agus an
Heirseagaivéin mar thír is iarrthóir ionchasach d'aontachas don AE agus shínigh
sí Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais in 2008, ag glacadh le coinníollacha
ballraíochta an AE. Ó shin i leith, tá feidhm ag an gComhaontú Eatramhach ar
thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil leis an mBoisnia agus an
Heirseagaivéin, go dtí go gcuirfear bailchríoch ar phróiseas daingniúcháin an
Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais. Ag féachaint do na difríochtaí i raon feidhme
na léirscaoilte taraife faoi réir na gcóras conarthach a forbraíodh idir an
tAontas agus na rannpháirtithe uile sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais
agus na fabhair arna ndeonú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009, moltar
cur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 go dtí an 31 Nollaig 2020,
chun dóthain ama a thabhairt do thairbhithe na mbeart eisceachtúil trádála agus
don Aontas Eorpach na fabhair a deonaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009
a thabhairt i gcomhréir leis na fabhair a deonaíodh faoi na Comhaontuithe
Cobhsaíochta agus Comhlachais, i gcás inarb iomchuí. In
ainneoin an mhéadaithe ar an AE an 1 Iúil 2013, níor chuir an
Bhoisnia agus an Heirseagaivéin in oiriúint na lamháltais trádála arna ndeonú
faoin gComhaontú Eatramhach chun an trádáil traidisiúnta fhabhrach idir an
Chróit agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin faoi Chomhaontú Saorthrádála Lár
na hEorpa (CEFTA) a chur san áireamh. I gcás nach dtagann an Bhoisnia agus an
Heirseagaivéin agus an tAontas Eorpach ar chomhaontú maidir le hoiriúnú
lamháltas trádála, ba cheart fabhair arna ndeonú don Bhoisnia agus don
Heirseagaivéin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 a chur ar fionraí ón 1 Eanáir 2016
amach. A luaithe is a bheidh comhaontú maidir le hoiriúnú na lamháltas trádála
atá sa Chomhaontú Eatramhach sínithe agus curtha i bhfeidhm go sealadach ag an
mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus an tAontas Eorpach, tabharfar ar ais na
fabhair sin. Foráiltear le hAirteagal 21(1)
de Chonradh an AE go mbeidh mar threoir ag gníomhaíocht an Aontais ar an ardán
idirnáisiúnta na prionsabail sin a spreag a chruthú, a fhorbairt agus an méadú
a tháinig air, agus a bhféachann sé lena gcur chun cinn sa domhan mór, lena n‑áirítear
an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta
an duine agus na mbunsaoirsí agus an meas ar dhínit an duine. Ní mór don Aontas na prionsabail sin a urramú agus a chur chun cinn
freisin ina ghníomhaíocht sheachtrach, lena n‑áirítear a chomhbheartais
trádála. Faoi Rialachán (AE) Uimh. 1215/2009 ní thugtar aon deis deonú na
mbeart eisceachtúil trádála a chur ar fionraí go sealadach i gcás ina ndéanann
lucht a dtairbhe sáruithe tromchúiseacha agus córasacha ar phrionsabail
bhunúsacha chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta. Is iomchuí
deis den sórt sin a thabhairt, lena áirithiú gur féidir gníomhú go mear i gcás
sáruithe tromchúiseacha agus córasacha ar phrionsabail bhunúsacha chearta an
duine, an daonlathais nó an smachta reachta i gceann de na tíortha nó na críocha
atá páirteach i bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó
atá bainteach leis. Ar deireadh, cuirtear san áireamh coigeartú
teicniúil maidir le rochtain Mhontainéagró ar an gcuóta iomlán breise
d'onnmhairithe fíona. 2. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Is é Airteagal 207(2) den Chonradh
ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra. 3. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Ní chuirfear aon chostais bhreise ar
bhuiséad an AE de thoradh an Rialacháin atá beartaithe. Ní bheidh aon
chaillteanas breise ioncaim ó tharaifí maidir le táirgí de thionscnamh na
dtairbhithe atá ann cheana féin i gcás na mblianta 2015 go 2020. Ní mheastar
gur caillteanas ioncaim ó tharaifí é ioncam barúlach a d'fhéadfaí a shaothrú le
honnmhairí sa todhchaí. 2014/0197 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009
ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus
do chríocha atá páirteach i bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais
Eorpaigh nó atá bainteach leis agus lena gcuirtear ar fionraí cur i bhfeidhm an
phróisis sin maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin. TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid a leanas: (1) Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009
ón gComhairle[2]
do léirscaoileadh trádála neamhshiméadrach idir an tAontas agus tíortha na
mBalcán Thiar agus na críocha lena mbaineann, agus dá bharr sin bíonn de
thairbhe acu an rochtain eisceachtúil neamhtheoranta saor ó dhleacht ar
mhargadh an Aontais do bheagnach gach táirge acu go dtí an 31 Nollaig 2015.
(2) Faoi Rialachán (AE) Uimh. 1215/2009
ní thugtar aon deis deonú na mbeart eisceachtúil trádála a chur ar fionraí go
sealadach i gcás ina ndéanann lucht a dtairbhe sáruithe tromchúiseacha agus
córasacha ar phrionsabail bhunúsacha chearta an duine, an daonlathais agus an
smachta reachta. Is iomchuí deis den sórt sin a thabhairt lena áirithiú gur
féidir gníomhú go mear i gcás sáruithe tromchúiseacha agus córasacha ar
phrionsabail bhunúsacha chearta an duine, an daonlathais nó an smachta reachta
i gceann de na tíortha nó na críocha atá páirteach i bPróiseas Cobhsaíochta
agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis. (3) Ag féachaint do na
difríochtaí i raon feidhme na léirscaoilte taraife faoi réir na gcóras
conarthach a forbraíodh idir an tAontas agus na rannpháirtithe uile sa
Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais agus na fabhair arna ndeonú faoi
Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009, moltar cur le tréimhse chur i bhfeidhm
Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 go dtí an 31 Nollaig 2020, chun
dóthain ama a thabhairt do thairbhithe na mbeart eisceachtúil trádála agus don
Aontas Eorpach na fabhair a deonaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009
a thabhairt i gcomhréir leis na fabhair a deonaíodh faoi na Comhaontuithe
Cobhsaíochta agus Comhlachais, i gcás inarb iomchuí. (4) Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009
do chuóta iomlán onnmhairithe fíona ar a bhfuil na cóid Ainmníochta Comhcheangailte
(AC) 220421 93‑220421 98 agus 220429 93‑220429 98
isteach san Aontas. Beidh an cuóta sin inrochtana ag tíortha agus críocha uile
na mBalcán Thiar, cé is moite de Mhontainéagró, nuair a bheidh a gcuóta
indibhidiúil ídithe, mar atá leagtha síos ina gComhaontuithe déthaobhacha
Cobhsaíochta agus Comhlachais. Níl i gceist sa Phrótacal maidir le fíon a
comhaontaíodh le Montainéagró ach cóid Ainmníochta Comhcheangailte ex220410
agus ex220421, nach raibh ar a gcumas a líonadh go n‑uige seo. Ciallaíonn
sé sin nach bhfuil rochtain ag Montainéagró ar chuóta fíona saor ó dhleacht do
tháirgí nach bhfuil cumhdaithe faoina Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais.
Lena áirithiú gur mar a chéile a chaithfear le tíortha agus críocha uile na
mBalcán Thiar, is iomchuí an fhoráil a dhéanamh go mbeidh rochtain ag
Montainéagró freisin ar an gcuóta iomlán fíona do tháirgí cóid AC 220429,
agus gan a bheith orthu a chuóta indibhidiúil a ídiú. (5) Ó seoladh an Próiseas
Cobhsaíochta agus Comhlachais, tugadh Comhaontuithe Cobhsaíochta agus
Comhlachais i gcrích idir an tAontas agus gach tír sna Balcáin Thiar lena
mbaineann, cé is moite den Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Chosaiv[3]. I Meitheamh 2013,
thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht i gcomhair
Comhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais leis an gCosaiv. (6) In 2003 tugadh aitheantas don
Bhoisnia agus an Heirseagaivéin mar thír is iarrthóir ionchasach d'aontachas
don Aontas agus shínigh sí Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais ('an Comhaontú
Cobhsaíochta agus Comhlachais') an 16 Meitheamh 2008, ag glacadh le
coinníollacha ballraíochta an AE. Ó shin i leith, tá feidhm ag an gComhaontú
Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil leis an mBoisnia
agus an Heirseagaivéin[4]
('an Comhaontú Eatramhach'), go dtí go gcuirfear bailchríoch ar phróiseas
daingniúcháin an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais. (7) Go dtí seo níor chuir an
Bhoisnia agus an Heirseagaivéin in oiriúint na lamháltais trádála arna ndeonú
faoin gComhaontú Eatramhach chun an trádáil traidisiúnta tosaíochta idir an
Chróit agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin faoi Chomhaontú Saorthrádála Lár
na hEorpa (CEFTA) a chur san áireamh. Más rud é, faoin tráth a ghlacfar an
Rialachán seo, nach bhfuil comhaontú maidir le hoiriúnú na lamháltas trádála
atá leagtha amach sa Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais agus sa
Chomhaontú Eatramhach sínithe ag an Aontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an
Heirseagaivéin agus curtha i bhfeidhm go sealadach acu, ba cheart na fabhair
arna ndeonú don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin a chur ar fionraí ón 1 Eanáir 2016
amach. A luaithe is a bheidh comhaontú maidir le hoiriúnú na lamháltas trádála
atá sa Chomhaontú Eatramhach sínithe agus curtha i bhfeidhm go sealadach ag an
mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus an tAontas Eorpach , ba cheart na fabhair
sin a thabhairt ar ais. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear
Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 mar a leanas: (1) Cuirtear fomhír (d) a leanas le hAirteagal 2(1): ''(d) staonadh na dtíortha agus na gcríoch dá
dtagraítear in Airteagal 1 ó bheith ag déanamh sáruithe tromchúiseacha
agus córasacha ar chearta an duine, lena n‑áirítear bunchearta saothair,
prionsabail bhunúsacha an daonlathais agus an smachta reachta.'' (2) In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a
leanas in ionad an dara agus an tríú mír: "Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2020.'' (3) In Iarscríbhinn 1 cuirtear an méid seo a
leanas in ionad fhonóta (5): "(5)Beidh an rochtain ar
tharaif-chuóta iomlán ag fíon de thionscnamh Mhontainéagró, a mhéid is a
bhaineann sé le táirgí cóid AC 2204 21, faoi réir an taraif-chuóta
indibhidiúil dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a cuireadh i gcrích le
Montainéagró a bheith ídithe.
Osclaítear an taraif-chuóta indibhidiúil sin faoi Ordú Uimh. 09.1514.'' Airteagal 2 Cuirtear cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009
maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ar fionraí le héifeacht ón 1 Eanáir 2016.
Airteagal 3 1. D'ainneoin Airteagal 2,
ní chuirfear ar fionraí cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009
maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, más rud é go síníonn an tAontas
Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin comhaontú maidir le hoiriúnú an
Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais agus an Comhaontú Eatramhach,
roimh an 1 Eanáir 2016, agus go gcuireann siad i bhfeidhm go
sealadach é chun aontachas na Cróite don Aontas Eorpach a chur san áireamh. 2. I ghás nach sínítear an
comhaontú dá dtagraítear i mír 1 ná nach gcuirtear i bhfeidhm go sealadach
é roimh 1 Eanáir 2016, beidh feidhm le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009
arís maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ón dáta a síníodh comhaontú
den sórt sin agus a cuireadh i bhfeidhm go sealadach é. 3. Foilseoidh an Coimisiún fógra
in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a luaithe is a shínítear an
comhaontú dá dtagraítear i mír 1. Airteagal 4 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Tá an t‑ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir
le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir
le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive. [2] Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30
Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus
do chríocha atá páirteach i bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais
Eorpaigh nó atá bainteach leis (IO L 328, 15.12.2009, Lch. 1). [3] Tá an t‑ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir
le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir
le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive. [4] Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a
bhaineann le trádáil idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an
Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, de pháirt eile (IO L 233, 30.8.2008, Lch. 6).