14.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 132/81


P9_TA(2022)0348

Rialacha maidir le húsáid sliotán in aerfoirt an Aontais: díolúine shealadach ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle maidir le díolúine shealadach ó na rialacha maidir le húsáid sliotán in aerfoirt an Chomhphobail i ngeall ar phaindéim COVID 19 (COM(2022)0334 – C9-0225/2022 – 2022/0214(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 132/25)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0334),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0225/2022),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Meán Fómhair 2022 (1),

—

tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

—

ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


P9_TC1-COD(2022)0214

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 6 Deireadh Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine shealadach ó na rialacha maidir le húsáid sliotán in aerfoirt an Aontais i ngeall ar staid eipidéimeolaíoch nó fogha míleata

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2038.)