6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 107/16


CINNEADH (AE) 2022/544 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Aibreán 2022

maidir leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal 79(2)(c), i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/449 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive (an “Comhaontú”) an 17 Márta 2022, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth is faide anonn.

(2)

In imthosca ina n-éilítear imscaradh foirne bainistithe teorann ó bhuanchór de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh chuig tríú tír ina bhfeidhmeoidh baill na bhfoirne cumhachtaí feidhmiúcháin, le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 (3) iarrtar ar an Aontas comhaontú stádais a thabhairt i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(3)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (4); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(5)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive (an “Comhaontú”) a fhormheas thar ceann an Aontais. (5)

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 22(1) den Chomhaontú.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. BACHELOT-NARQUIN


(1)  Toiliú an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2022/449 ón gComhairle an 17 Márta 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive (IO L 91, 18.3.2022, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(4)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(5)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO L 91, 18.3.2022, lch. 4.