5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 161/56


P9_TA(2022)0386

Cathaoirleach den Bhord Aonair Réitigh a cheapadh

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Samhain 2022 ar an togra maidir le Cathaoirleach den Bhord Réitigh Aonair a cheapadh (N9-0068/2022 – C9-0352/2022 – 2022/0905(NLE))

(Formheas)

(2023/C 161/13)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2022 chun Dominique Laboureix a cheapadh mar Cathaoirleach den Bhord Réitigh Aonair (C9-0352/2022),

—

ag féachaint d’Airteagal 56(6) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (1),

—

ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE (2),

—

ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa tar éis fostaíocht phoiblí a chosc (3),

—

ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0259/2022)),

A.

de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 56(4) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 go ndéanfar an Cathaoirleach den Bhord Réitigh Aonair dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe(a), den Rialachán sin a cheapadh ar bhonn fiúntais, scileanna, eolas ar chúrsaí baincéireachta agus airgeadais, agus ar bhonn taithí ábhartha a bhaineann le maoirseacht airgeadais, rialáil airgeadais agus réiteach bainc;

B.

de bhrí go bhfuil Parlaimint na Eorpa tiomanta do chothromaíocht inscne a áirithiú sna príomhphoist i réimse na baincéireachta agus na seirbhísí airgeadais; de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile an Aontais agus náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú;

C.

de bhrí gur ghlac an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 56(6) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, an 28 Meán Fómhair 2022, gearrliosta do phost an Chathaoirligh den Bhord Réitigh Aonair;

D.

de bhrí gur sholáthair an Coimisiún an gearrliosta do Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 56(6) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

E.

de bhrí, an 12 Deireadh Fómhair 2022, gur ghlac an Coimisiún togra chun Dominique Laboureix a cheapadh mar Chathaoirleach den Bhord Réitigh Aonair agus gur tharchuir sé an togra sin chuig Parlaimint na hEorpa;

F.

de bhrí go ndearna an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta meastóireacht ansin ar dhintiúir an iarrthóra mholta d’fheidhmeanna an Chathaoirligh den Bhord Réitigh Aonair, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 56(4) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

G.

de bhrí go raibh éisteacht ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta le Dominique Laboureix an 24 Deireadh Fómhair 2022, arb éisteacht í ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste ina dhiaidh sin;

1.

ag formheas cheapachán Dominique Laboureix mar Chathoirleach den Bhord Réitigh Aonair go ceann tréimhse cúig bliana;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais na mBallstát.

(1)  IO L 225, 30.7.2014, lch. 1.

(2)  IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.

(3)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 113.