19.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 182/23


CINNEADH (AE) 2023/1476 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2023

maidir le síniú, thar cheann an Aontais Eorpaigh, agus cur chun feidhme sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (2023–2027)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218, mír 5 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir Poblacht Mhadagascar (dá ngairtear ‘Madagascar’ anseo feasta) agus an tAontas Eorpach (1) (dá ngairtear ‘Comhaontú 2007’ anseo feasta), arna fhormheas le Rialachán (CE) Uimh. 31/2008 ón gComhairle (2), tá sé i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 1 Eanáir 2007. Maidir leis an bPrótacal a ghabhann leis, ar Prótacal é ina leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear le Chomhaontú 2007 agus a tháinig i bhfeidhm an lá céanna, rinneadh é sin a ionadú roinnt uaireanta.

(2)

Chuaigh an Prótacal is déanaí a bhí ag gabháil le Comhaontú 2007 in éag an 31 Nollaig 2018.

(3)

An 4 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle cinneadh lenar údaraíodh an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Madagascar chun comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nua a thabhairt i gcrích (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) mar aon le prótacal nua lena gcuirtear an comhaontú chun feidhme (dá ngairtear ‘an Prótacal’ anseo feasta).

(4)

Idir mí Iúil 2018 agus mí Dheireadh Fómhair 2022, bhí ocht mbabhta caibidlíochta ann le Madagascar i ndáil leis an gComhaontú agus an Prótacal a ghabhann leis. Tugadh an chaibidlíocht sin chun críche agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú agus leis an bPrótacal an 28 Deireadh Fómhair 2022.

(5)

Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú agus ag an bPrótacal a ghabhann leis ligean do shoithí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéar iascaireachta Mhadagascar agus ligean don Aontas agus do Mhadagascar comhoibriú go dlúth le chéile chun forbairt beartais iascaigh inbhuanaithe agus saothrú na hacmhainne iascaigh i limistéar iascaireachta Mhadagascar agus san Aigéan Indiach a chur chun cinn ar bhonn freagrach. Tacaíonn an comhar sin le dálaí oibre cuibhiúla a bhunú in earnáil an iascaigh freisin.

(6)

Ba cheart an Comhaontú agus an Prótacal a ghabhann leis a shíniú.

(7)

Tiocfadh an Comhaontú agus an Prótacal i bhfeidhm a luaithe is féidir i bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí shoithí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta Mhadagascar agus an ghá atá ann an tréimhse ama a gcuirfear isteach ar na gníomhaíochtaí sin a laghdú a oiread is féidir.

(8)

Ba cheart feidhm a bheith ag an gComhaontú agus ag an bPrótacal ar bhonn sealadach ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh, nó tar éis a sínithe más déanaí sin, go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

(9)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus thug an Maoirseoir tuairim an 1 Meitheamh 2023,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (2023–2027) a shíniú, thar ceann an Aontais, faoi réir na gníomhartha sin a thabhairt i gcrích (4).

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú agus an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 19 de, ón 1 Iúil 2023 faoi réir a shínithe, nó ó dháta a shínithe má shínítear é tar éis an 1 Iúil 2023, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Cuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 19 de, ón 1 Iúil 2023 faoi réir a shínithe, nó ó dháta a shínithe má shínítear é tar éis an 1 Iúil 2023, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 26 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)   IO L 331, 17.12.2007, lch. 7.

(2)  Rialachán (CE) Uimh.°31/2008 ón gComhairle an 15 Samhain 2007 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Mhadagascar a thabhairt i gcrích (IO L 15, 18.1.2008, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(4)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe agus an Phrótacail ar leathanach 84 den Iris Oifigiúil seo.