European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/2469

4.11.2026

CINNEADH (AE) 2026/2469 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Deireadh Fómhair 2026

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(2)

De bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor (3), ar dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) de (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh chun na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor a leasú trí ghníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais, ar gníomhartha iad nach ndéanann gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Creat Windsor a leasú ná a ionadú.

(3)

Is Gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais é Rialachán (AE) 2025/327 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), a dtagann Caibidil III de faoi raon feidhme Chreat Windsor agus ba cheart í a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor, a mhéid atá coinníollacha agus sonraíochtaí teicniúla inti maidir le táirgí a chur ar an margadh, nó go mbaineann sí le soláthar seirbhísí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shaorghluaiseacht táirgí. Níl feidhm aige sin maidir le hAirteagal 29 den Rialachán sin atá san áireamh i gCaibidil III de.

(4)

Tá sé beartaithe go nglacfaidh an Comhchoiste, ag an gcéad chruinniú eile a thionólfar, cinneadh de bhun Airteagal 13(4) de Chreat Windsor maidir le Caibidil III de Rialachán (AE) 2025/327 a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor.

(5)

Má ghlactar an cinneadh atá beartaithe ón gComhchoiste, beidh éifeachtaí dlíthiúla aige don Aontas. Dá bhrí sin, is gá an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú maidir le cinneadh a ghlacadh chun gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhchoiste’), leagtar amach é sa dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh I Lucsamburg, an 26 Deireadh Fómhair 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. HEYDON


(1)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/135/oj).

(3)  Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 ( IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).

(4)  Rialachán (AE) 2025/327 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2025 maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE agus Rialachán (AE) 2024/2847 (IO L, 2025/327, 5.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/327/oj).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. …/2026 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an …

lena gcuirtear gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus go háirithe Airteagal 13(4) de Chreat Windsor (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 13(4) de Chreat Windsor tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena ndéanfar gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme Chreat Windsor a chur leis na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Creat Windsor.

(2)

De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe leis na cinntí sin a chur chun feidhme agus tá na héifeachtaí dlíthiúla céanna ag na cinntí sin agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar.

(3)

Is gníomh nuaghlactha de chuid an Aontais é Rialachán (AE) 2025/327 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ar gníomh é a thagann Caibidil III de faoi raon feidhme Chreat Windsor, a mhéid atá coinníollacha agus sonraíochtaí teicniúla inti maidir le táirgí a chur ar an margadh, nó a mhéid a bhaineann siad le soláthar seirbhísí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shaorghluaiseacht táirgí, agus ar cheart é a chur le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor. Níl feidhm aige sin maidir le hAirteagal 29 den Rialachán sin, nach dtagann faoi raon feidhme Chreat Windsor.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil III de Rialachán (AE) 2025/327 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2025 maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE agus Rialachán (AE) 2024/2847, a mhéid a bhaineann le coinníollacha agus sonraíochtaí teicniúla chun táirgí a chur ar an margadh, agus chun iad a chur i seirbhís a mhéid a bhaineann le saorghluaiseacht táirgí, cuirfear an Chaibidil sin le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat Windsor faoi phointe 47 ‘Eile’, cé is moite d’Airteagal 29 den Rialachán sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in/i/sa/san …, …

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh


(1)   IO AE L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign.

(2)  Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 ( IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).

(3)  Rialachán (AE) 2025/327 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2025 maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE agus Rialachán (AE) 2024/2847 (IO L, 2025/327, 5.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/327/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2469/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)