|
21.7.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 233/1 |
CINNEADH (AE) 2020/1067 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Iúil 2020
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i gcomhthéacs na caibidlíochta faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994 a mhéid a bhaineann le lamháltais EDT na hEilvéise a mhodhnú i ndáil le feoil bhlaistithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/1864 ón gComhairle (2) an 24 Deireadh Fómhair , síníodh an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i gcomhthéacs na caibidlíochta faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994 a mhéid a bhaineann le lamháltais EDT na hEilvéise a mhodhnú i ndáil le feoil bhlaistithe (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta) an 9 Nollaig 2019, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. |
|
(2) |
Baineann an Cinneadh seo go heisiach le beartas trádála an Aontais agus cuirtear comhaontú chun feidhme leis tar éis na caibidlíochta faoi chuimsiú Airteagal XXVIII de GATT 1994, ceart de chuid an Aontais faoin gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. |
|
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, formheastar thar ceann an Aontais, an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i gcomhthéacs na caibidlíochta faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994 a mhéid a bhaineann le lamháltais EDT na hEilvéise a mhodhnú i ndáil le feoil bhlaistithe.
Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear sa Chomhaontú. (3)
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Toiliú an 17 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2019/1864 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i gcomhthéacs na caibidlíochta faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994 a mhéid a bhaineann le lamháltais EDT na hEilvéise a mhodhnú i ndáil le feoil bhlaistithe (IO L 289, 8.11.2019, lch. 1).
(3) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.