AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.7.2024
COM(2024) 323 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) i dtaca le haontachas San Mairíne leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015
IARSCRÍBHINN
Tacóidh an tAontas le haontachas Rialtas San Mairíne leis an gComhaontú, ag seisiún de chuid Chomhairle na gComhaltaí amach anseo nó faoi chuimsiú nós imeachta maidir le glacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chómhalartú, ar choinníoll go ríomhfar sciartha rannpháirtíochta San Mairíne de réir na foirmle a shonraítear in Airteagal 11 den Chomhaontú agus nach mbeidh an teorainn ama chun an ionstraim aontachais a thaisceadh níos faide ná bliain go leath tar éis an chinnidh ó Chomhairle na gComhaltaí. Má chuirtear moill ar thaisceadh na hionstraime, féadfaidh an tAontas, i gcinntí ina dhiaidh sin a bheidh le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí, tacú le síneadh a chur leis an tréimhse chun an ionstraim a thaisceadh.