European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/2221

1.10.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/2221 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meán Fómhair 2026

lena sainaithnítear Tionscadail Eorpacha Leasa Choitinn i réimse na Cosanta faoi Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (‘Rialachán EDIP’) (1), agus go háirithe Airteagal 35(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 16 Feabhra 2026, sheol an Coimisiún glao ar léiriú spéise arbh é ab aidhm dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit maidir le Tionscadail Eorpacha Leasa Choitinn i réimse na Cosanta (TELCCanna) a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, de réir bhrí Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2025/2643. Faoi spriocdháta an 29 Bealtaine 2026, chuir na Ballstáit naoi dtogra tionscadail isteach le haghaidh TELCCanna a d’fhéadfadh a bheith ann.

(2)

De bhun Airteagal 35(5), pointe (b), de Rialachán (AE) 2025/2643, d’iarr an Coimisiún ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), agus ar an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) a gcuid saineolais a sholáthar d’fhonn comhsheasmhacht leis na tosaíochtaí agus na cuspóirí dá dtagraítear i bpointí (b) go (d) d’Airteagal 35(2) den Rialachán sin a áirithiú, chun an fhaisnéis a sholáthair na Ballstáit maidir le tograí tionscadail a chomhlánú.

(3)

De bhun Airteagal 35(5), pointe (c), de Rialachán (AE) 2025/2643, d’fhíoraigh an Coimisiún gur cuireadh na Ballstáit agus na tíortha comhlachaithe uile, agus, i gcás inarb ábhartha, an Úcráin, ar an eolas go raibh tionscal ag teacht chun cinn agus gur tugadh an deis dóibh a bheith rannpháirteach ann.

(4)

D’fhíoraigh an Coimisiún, agus an fhaisnéis a chuir an tArdionadaí agus GEC ar fáil á cur san áireamh, go gcomhlíonann na tograí tionscadail le haghaidh TELCCanna a d’fhéadfadh a bheith ann, ar tograí iad a cuireadh isteach faoin nglao ar léiriú spéise, na critéir a leagtar síos in Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2025/2643, agus mhol sé cúig TELCC a shainaithint.

(5)

Treisíonn na TELCCanna a sainaithníodh iomaíochas Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí ar fud an Aontais agus, an tráth céanna, rannchuidíonn siad le forbairt chumais mhíleata na mBallstát atá ríthábhachtach do leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus comhlíonann siad na critéir a leagtar síos in Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2025/2643.

(6)

Scrúdaigh an Chomhairle an togra le haghaidh gníomh cur chun feidhme agus chomhaontaigh sí na cúig TELCC atá beartaithe a shainaithint ar an tuiscint gurb é rún an Choimisiúin a mheas go rialta an bhféadfaí tionscadail bhreise a shainaithint mar TELCCanna agus. an dara glao ar léiriú spéise a sheoladh roimh dheireadh mhí Aibreáin 2027 agus, ar an mbonn sin, machnamh a dhéanamh ar thograí breise chun TELCCanna a shainaithint.

(7)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2025/2643 go mbeidh an Coimisiún in ann, i gcás inarb ábhartha, páirt a ghlacadh sna TELCCanna a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ligtear do na Ballstáit rannpháirteacha cinneadh a dhéanamh ról breathnóra ar TELCC a thabhairt don Ardionadaí agus do GEC,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainaithnítear na tionscadail a liostaítear san Iarscríbhinn mar Thionscadail Eorpacha Leasa Choitinn i réimse na Cosanta (TELCCanna), de réir bhrí Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2025/2643.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L, 2025/2643, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2643/oj.


IARSCRÍBHINN

Sainaithnítear na tionscadail seo a leanas mar Thionscadail Eorpacha Leasa Choitinn i réimse na Cosanta (TELCCanna):

Diongbháilteacht Eorpach Drón agus Frith-Dhrón (DECODER)

Cuspóirí agus saintréithe an TELCC

Is é is aidhm do DECODER forbairt, uas-scálú agus cur chun úsáide comhordaithe na gcumas Eorpach i réimse na gcóras gan foireann agus na gcóras chun cur i gcoinne córas gan foireann a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí criticiúla cumais ar fud na dtíortha rannpháirteacha. Is é is aidhm dó córais drón agus frithdhrón atá nua-aimseartha, inoiriúnaithe, inscálaithe agus idir-inoibritheach agus a fheidhmíonn ar fud na réimsí oibríochtúla uile a sholáthar d’fhórsaí armtha na hEorpa. Caomhnóidh agus treiseoidh DECODER ceannasacht theicneolaíoch agus athléimneacht thionsclaíoch na hEorpa. Go sonrach, tacóidh DECODER le soláthar comhpháirteach chumais riachtanacha na gcóras gan foireann agus na gcóras chun cur i gcoinne córas gan foireann, leathnóidh sé an acmhainneacht táirgeachta tionsclaíche ábhartha, forbróidh sé réitigh nua agus déanfaidh sé uasghrádú ar réitigh atá ann cheana agus bunóidh sé Líonra Eorpach Mol Teicneolaíochta Drón chun tástáil a éascú agus dlús a chur leis an nuálaíocht agus le nuachóiriú tapa na bhfórsaí.

Liosta na dtíortha atá rannpháirteach sa TELCC ó dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme

An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn, an Iorua agus an Úcráin.

Méid foriomlán airgeadais measta an TELCC

EUR 3 500 000 000 to 5 000 000 000 faoi 2033

Cosaint Chomhtháite Mhuirí agus Ghrinneall na Farraige (CCMGF)

Cuspóirí agus saintréithe an TELCC

Is é is aidhm do CCMGF ailtireacht Eorpach chónasctha idir-inoibritheach um chosaint mhuirí agus ghrinneall na farraige a bhunú, a bheidh in ann cumas na dtíortha rannpháirteacha a neartú maidir le bagairtí ar fud an réimse mhuirí a chosc, a bhrath agus a dhíspreagadh agus freagairt orthu. Tá sé bunaithe ar chomhtháthú trí phríomhcholún a threisíonn a chéile: Feasacht ar an Réimse Muirí, Comhrac Cabhlaigh agus Idircheapadh Muirí, agus Cogaíocht faoi Uisce agus ar Ghrinneall na Farraige.

Go sonrach, le CCMGF, feabhasófar an fheasacht choiteann ar an réimse muirí trí ailtireacht um chomhroinnt faisnéise atá idir-inoibritheach comhtháite, agus tacófar le forbairt thionsclaíoch chomhordaithe, le huas-scálú agus soláthar comhoibríoch ardán cabhlaigh, córas faoi uisce, córas gan foireann, uirlisí faisnéise, faireachais agus taiscéalaíochta (ISR) agus le cumais chogaíochta faoi uisce. Cumhdóidh CCMGF comhar le húdaráis shibhialta freisin, rud a rannchuideoidh le gníomhaíocht shuaitheanta an Chomhshocraithe Eorpaigh um an Aigéan maidir le Feasacht ar an Réimse Muirí a chur chun feidhme, lena n-áirítear cumais gan foireann.

I ndeireadh na dála, le CCMGF, neartófar cosaint bonneagair chriticiúil mhuirí agus cosaint bhonneagar ghrinneall na farraige, lena n-áirítear calafoirt, suiteálacha amach ón gcósta, cáblaí faoi uisce agus píblínte.

Liosta na dtíortha atá rannpháirteach sa TELCC ó dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme

An Bheilg, an Bhulgáir, an Ghearmáin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Chipir, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an Fhionlainn, an tSualainn, an Iorua agus an Úcráin.

Méid foriomlán airgeadais measta an TELCC

EUR 43 000 000 000 go 72 000 000 000 faoi 2045

SPACE

Cuspóirí agus saintréithe an TELCC

Is é is aidhm do SPACE cumais spáis na hEorpa a neartú maidir le luathrabhadh spásbhunaithe (LRSB), cumarsáid satailíte (SATCOM), faisnéis, faireachas agus taiscéalaíocht (ISR), lena n-áirítear faisnéis chomharthaí (SIGINT), feasacht réimse spáis (SDA), suí, loingseoireacht agus uainiú (PNT) agus cogaíocht loingseoireachta (NAVWAR), córais spáis fhreagrúil (CSF), i gcur chuige ilmhisin.

Chun na misin a leagtar amach thuas a thabhairt le chéile, baineann SPACE le scrúdú a dhéanamh ar fhorbairt réaltbhuíne ilmhisin. Go sonrach, díríonn SPACE ar sholáthar comhoibríoch táirgí cosanta, lena n-áirítear an bonneagar is gá, chun tacú le huirlisí coiteanna pleanála míleata le haghaidh chomhroinnt SATCOM, sheirbhísí PNT, chumais ISR agus chumais braite agus séanta NAVWAR. Beartaítear ann freisin cumais spásbhunaithe a fhorbairt a thuilleadh, cumais atá ríthábhachtach chun cinnteoireacht neamhspleách a chumasú.

Liosta na dtíortha atá rannpháirteach sa TELCC ó dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme

An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Chipir, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an Fhionlainn, an tSualainn, an Iorua agus an Úcráin.

Méid foriomlán airgeadais measta an TELCC

Suas le EUR 24 000 000 000 faoi 2034

Cosaint Chónasctha Chomhtháite Aeir agus Diúracán an Aontais lena n-áirítear Cumais Luathrabhaidh (CCCAD-AE)

Cuspóirí agus saintréithe an TELCC

Is é is aidhm do CCCAD-AE cosaint chomhtháite aeir agus diúracán (CCAD) atá comhchoiteann éifeachtach a chur ar fáil do na Ballstáit, lena n-áirítear faisnéis luathrabhaidh agus breithnithe maidir le ceannas agus rialú. Tá sé d’aidhm aige é a chur ar a gcumas do thíortha cumais a bhaineann le CCAD a chur in úsáid go tráthúil, ar an gcáilíocht is gá agus sa chainníocht is gá, agus a áirithiú gur féidir réitigh náisiúnta éagsúla, lena n-áirítear braiteoirí, éifeachtóirí agus timpeallachtaí ceannais agus rialaithe, a chomhcheangal go héifeachtach agus a úsáid go comhpháirteach. Go sonrach, le CCCAD AE, dírítear ar ailtireacht chomhchoiteann uileghabhálach a chruthú ar leibhéal an fhiontair agus ar leibhéal an chumais, ar uas-scálú tionsclaíoch na gcóras atá ann cheana agus ar sholáthar comhoibríoch táirgí cosanta.

Le CCCAD AE, dírítear freisin ar fhorbairt chun tacú leis na teicneolaíochtaí criticiúla atá mar bhonn taca le CCAD, chomh maith le bonneagar agus timpeallachtaí deimhniúcháin a úsáid lena gcumasófar tástáil, bailíochtú agus oiliúint don chónaidhm oibríochtúil a bheidh ann amach anseo. Ina theannta sin, is é is aidhm don ailtireacht na tosaíochtaí, na riachtanais chumais agus na ceanglais idir-inoibritheachta a sainaithníodh i gcreataí ECAT a chomhlíonadh go hiomlán.

Liosta na dtíortha atá rannpháirteach sa TELCC ó dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme

An Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Chipir, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an Fhionlainn, an tSualainn, an Iorua agus an Úcráin.

Méid foriomlán airgeadais measta an TELCC

EUR 55 000 000 000 go 80 000 000 000 faoi 2040

Faireachán ar an gCliathán Thoir (FCT)

Cuspóirí agus saintréithe an TELCC

Is é is aidhm do FCT iarracht chuimsitheach ilfhearainn a dhéanamh chun slándáil theorainn thoir na dtíortha rannpháirteacha a fheabhsú, chun cosaint a gcríoch iomlán a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, a n-ullmhacht cosanta a neartú.

Díreofar gníomhaíochtaí tosaigh FCT ar shé cholún cumais: talamhchomhrac, cosaint ar dhróin, C4ISTAR, an fhrith-shoghluaisteacht, soghluaisteacht mhíleata agus córais aerchosanta agus frithdhiúracán. Baineann FCT le soláthar comhchoiteann táirgí, seirbhísí agus bonneagair chun tacú leis na cumais sin, chomh maith le leathnú na hacmhainneachta táirgeachta ábhartha agus na saoráidí ábhartha. Meastar freisin go ndéanfar tástáil agus bailíochtú ar ardáin oibríochtúla ábhartha agus go gcuirfear oiliúint ar fáil maidir leo chun tacú le tionscnamh FCT. Áirítear le FCT gníomhaíochtaí gearrthéarmacha láithreacha chomh maith le forbairtí meántéarmacha.

Liosta na dtíortha atá rannpháirteach sa TELCC ó dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme

An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn, an Iorua agus an Úcráin.

Méid foriomlán airgeadais measta an TELCC

EUR 8 500 000 000 go 10 000 000 000 faoi 2032

Suas le EUR 100 000 000 000 faoi 2036


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/2221/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)