European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1285

13.3.2025

P9_TA(2024)0177

Nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (COM(2016)0467/COM(2020)0611 – C8-0321/2016 – 2016/0224A(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2025/1285)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0467) agus don togra leasaithe (COM(2020)0611),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 78(2)(d) agus 79(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0321/2016),

—

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá beartaithe,

—

ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus d’Airteagal 78(2)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Seanad na Seice, Seanad na hIodáile agus Teach na dTeachtaí sa Rómáin, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

—

ag féachaint do thuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2016  (1) agus an 25 Feabhra 2021  (2),

—

ag féachaint do thuairimí ó Choiste na Réigiún an 8 Feabhra 2017  (3) agus an 19 Márta 2021  (4),

—

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint don chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 21 Feabhra 2024 á údarú don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an nós imeachta reachtach a dheighilt agus leanúint ar aghaidh le dhá théacs chomhdhlúite ar leithligh a chur síos lena mbreithniú sa suí iomlánach,

—

ag féachaint do Rialacha 59 agus 40 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0171/2018),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C 75, 10.3.2017, lch. 97.

(2)   IO C 155, 30.4.2021, lch. 64.

(3)   IO C 207, 30.6.2017, lch. 67.

(4)   IO C 175, 7.5.2021, lch. 32.


P9_TC1-COD(2016)0224A

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1348.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1285/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)