|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6569 |
12.11.2024 |
P9_TA(2024)0136
Síneadh a chur le Riail 168 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte go dtí deireadh an deichiú téarma parlaiminteach
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 lena gcuirtear síneadh le Riail 168 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte go dtí deireadh an deichiú téarma parlaiminteach (2024/2565(RSO))
(C/2024/6569)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 342 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (1), |
|
— |
ag féachaint don Chód Iompair um Ilteangachas arna ghlacadh ag an mBiúró an 1 Iúil 2019, |
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi an 12 Márta 2019 (2) lena gcuirtear síneadh le hinfheidhmeacht Riail 168 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte go dtí deireadh an naoú téarma parlaiminteach agus do na cinntí ón mBiúró ina dhiaidh sin lena gcuirtear síneadh leis an maolú ó Riail 167 go dtí deireadh an téarma sin, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón mBiúró an 5 Feabhra 2024, |
|
— |
ag féachaint do Rialacha 167 agus 168 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
A. |
de bhrí, de bhun Riail 167, go bhfuil doiciméid uile na Parlaiminte le tarraingt suas sna teangacha oifigiúla, agus go bhfuil sé de cheart ag na Feisirí go léir labhairt sa Pharlaimint sa dteanga oifigiúil a roghnaigh siad féin, agus ateangaireacht go dtí na teangacha oifigiúla eile á cur ar fáil; |
|
B. |
de bhrí, faoi Riail 168, go bhfuil maoluithe ar Riail 167 ceadaithe go dtí deireadh an naoú téarma parlaiminteach más rud é, agus sa mhéid, nach bhfuil dóthain ateangairí nó aistritheoirí ar fáil do theanga oifigiúil áirithe, d’ainneoin réamhchúraimí leordhóthanacha a bheith curtha i gcrích; de bhrí, maidir le gach teanga oifigiúil a meastar go bhfuil gá le maolú ina leith, go gceanglaítear ar an mBiúró, ar thogra ón Ardrúnaí agus ag féachaint go cuí d’aon socruithe speisialta sealadacha arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn na gConarthaí maidir le gníomhartha dlíthiúla a dhréachtú, a fháil amach an bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh gach sé mhí; |
|
C. |
de bhrí go ndeachaigh an maolú i leith na Gaeilge a mhéid a bhaineann le gníomhartha dlí a bhfuil feidhm ghinearálta leo a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 920/2005 ón gComhairle (3) as feidhm amhail ón 1 Eanáir 2022; |
|
D. |
de bhrí, in ainneoin na réamhchúraimí leordhóthanacha go léir, nach bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh an acmhainn sa Ghaeilge ná i Máltais seirbhís ateangaireachta iomlán a chur ar fáil sna teangacha sin ó thús an deichiú téarma parlaiminteach; |
|
E. |
de bhrí, in ainneoin iarrachtaí idirinstitiúideacha marthanacha agus leanúnacha agus dul chun cinn suntasach, go meastar fós go mbeidh líon na n-aistritheoirí cáilithe chomh teoranta sin maidir leis an nGaeilge nach féidir, go ceann tamall fada, cumhdach iomlán na teanga sin faoi Riail 167 a áirithiú do dhoiciméid seachas gníomhartha dlí a bhfuil feidhm ghinearálta leo; |
|
F. |
de bhrí go bhforáiltear le Riail 168(4) go bhféadfaidh an Pharlaimint, ar bhonn moladh réasúnaithe ón mBiúró, a chinneadh, ag deireadh an téarma pharlaimintigh, síneadh a chur leis an Riail sin; |
|
G. |
de bhrí, i bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, gur mhol an Biúró síneadh a chur le Riail 168 go dtí deireadh an deichiú téarma parlaiminteach; |
|
1. |
á chinneadh síneadh a chur le Riail 168 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte go dtí deireadh an deichiú téarma parlaiminteach; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún mar eolas. |
(1) IO 17, 6.10.1958, lch. 385.
(2) IO C 23, 21.1.2021, lch. 171.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 920/2005 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2005 lena leasaítear Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear an teanga atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear an teanga atá le húsáid ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus lena dtugtar isteach bearta maolaithe sealadacha ó na Rialacháin sin (IO L 156, 18.6.2005, lch. 3).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6569/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)