|
19.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 117/26 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/633 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Aibreán 2022
maidir le hullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 26571 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhí agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 26571. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le húdarú ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 26571 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, breiseán a aicmeofar i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin theicneolaíocha”. |
|
(4) |
Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 29 Meán Fómhair 2021 (2) nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 26571 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Chinn sé chomh maith gur cheart a mheas gur íogróir riospráide é an breiseán. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh an ullmhóid feabhas a chur ar leasú na gcothaitheach i sadhlas a ullmhaítear le hábhar a bhfuil sé éasca, measartha deacair agus deacair sadhlas a dhéanamh as. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar na breiseáin bheathaithe i mbeatha, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
Léiríonn an measúnú ar ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 26571 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “breiseáin sadhlais”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(10):6898.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||
|
CFU breiseáin/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||
|
1k1604 |
Lactiplantibacillus plantarum DSM 26571 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 26571 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1011 CFU/g de bhreiseán. Foirm sholadach |
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
9 Bealtaine 2032 |
||||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum DSM 26571. |
||||||||||||||
|
Modh anailíse (1)
|
||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports