<!DOCTYPE html PUBLIC "yes" "xhtml1-strict.dtd">
<html xmlns="http://www.w3.org/1999/xhtml">
<!--GENDOC2XHTML # converter_version: 1.2.11-->
  <head>
    <title>2022-11-202211C122202000240-00-TRA-DOC-GA-CONCL-C-0024-20-202203363-07_00</title>
    <meta content="text/html; charset=utf-8" http-equiv="Content-Type"/>
    <meta content="" name="Gendoc_DGTGeneratedDate"/>
    <meta content="ga-IE" name="Gendoc_Lang"/>
    <meta content="" name="Gendoc_GenerationDate"/>
    <meta content="" name="IsFlattened"/>
    <meta content="1" name="NumProc"/>
    <meta content="Final" name="Gendoc_EditionType"/>
    <meta content="0001" name="Gendoc_CaseNumberSuite"/>
    <meta content="28/05/2024 16:31:57" name="Gendoc_LastVerificationDate"/>
    <meta content="" name="Gendoc_ProcedureNumber"/>
    <meta content="ga" name="Gendoc_LangCode"/>
    <meta content="CNC" name="TypeDoc"/>
    <meta content="qKoI2cG5iBxZdTpsP6Eg9VxfUH/YTa8e5Z/twSq8cqyY+Lp723QTSKkbEbGKVatyUPabh12k7UwTMnK59KhtUV9TyEcL8Be2XRaqm0G67CUDepgeLAjnQdcORxym4nIEAKw4aMONBi5Ha/RXGl1obJLpU+Ol1RhjXdCfd7e2utk=" name="GenDocUID"/>
    <meta content="P" name="TypeProc"/>
    <meta content="" name="CreateCustomParts"/>
    <meta content="OK" name="ReadyToPublish"/>
    <meta content="farrech" name="Gendoc_User"/>
    <meta content="" name="EP_Mode"/>
    <meta content="" name="Gendoc_DGTGenerated"/>
    <meta content="" name="Gendoc_Vademecum"/>
    <meta content="0024" name="NumeroOrdre"/>
    <meta content="2020" name="Annee"/>
    <meta content="P" name="Gendoc_ProcedureType"/>
    <meta content="" name="EP_Version"/>
    <meta content="GA" name="Langue"/>
    <meta content="farrech" name="Gendoc_DGTGeneratedUser"/>
    <meta content="FAST_document_go_green" name="Gendoc_LastVerificationStatus"/>
    <meta content="CNC_C" name="Gendoc_GendocTemplateType"/>
    <meta content="TRUE" name="WithoutAuthorBlockFlatP"/>
    <meta content="GenDoc 28-05-24 16:26:49" name="Created"/>
    <meta content="" name="Canevas3_Vademecum"/>
    <meta content="TRUE" name="WithoutAuthorBlock"/>
    <meta content="" name="Gendoc_CaseYear"/>
    <meta content="false" name="Generation_In_Progress"/>
    <meta content="C" name="Juridiction"/>
    <meta content="2cb73402487742de98c0b374232224bd" name="DocumentIdentifier"/>
    <meta content="0024" name="Gendoc_CaseNumber"/>
    <meta content="ImportedWithoutSource" name="SdlIdentifier"/>
    <meta content="RD" name="NatureAff"/>
    <meta content="RD" name="Gendoc_CaseNature"/>
    <meta content="0001" name="NumSuite"/>
    <meta content="C" name="Gendoc_Juridiction"/>
  </head>
  <body>
    <div style="header">
      <div id="rId23" style="first"/>
      <div id="rId19" style="even">Conclusions de M. Szpunar – Affaire C-24/20</div>
      <div id="rId20" style="default">Commission / Conseil (Adhésion à l’acte de Genève)</div>
    </div>
    <p class="C36Centre" id="para-1" title="page-1">
       TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA
    </p>
    <p class="C36Centre" id="para-2" title="page-1">
      SZPUNAR
    </p>
    <p class="C36Centre" id="para-3" title="page-1">
      arna tabhairt an 19 Bealtaine 2022  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-1" href="#t-1">1</a>
</span>)
      
    </p>
    <p class="C38Centregrasgrandespacement" id="para-4" title="page-1">
      Cás C‑24/20
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-5" title="page-1">
      An Coimisiún Eorpach
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-6" title="page-1">
      v
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-7" title="page-1">
      Comhairle an Aontais Eorpaigh
    </p>
    <p class="C71Indicateur" id="para-8" title="page-1">
      (Caingean le haghaidh neamhniú – Cinneadh (AE) 2019/1754 – Aontachas an Aontais Eorpaigh do Chomhaontú na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha – Údarú arna dheonú do na Ballstáit chun aontú don ionstraim sin in éineacht leis an Aontas – Togra ar bith ón gCoimisiún – Cumhacht na Comhairle togra an Choimisiúin a leasú – Inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais – Airteagal 13(2) agus Airteagal 17(2) CAE – Airteagal 2(1), Airteagal 218(6) agus Airteagal 293(1) CFAE)
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-9" title="page-2">
      
        <br/>
      
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">I.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Réamhrá </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">1.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Deir na Meiriceánaigh gur lacha atá ann má tá cuma lachan air, má bhíonn sé ag snámh ar nós lachan agus bíonn sé ag vácarnach ar nós lachan. I ndáiríre, bíonn rangú rudaí atá os ár gcomhair amach inchurtha faoi chaibidil i gcónaí, beag beann ar a fhollasaí agus a dhealraíonn sé ar an gcéad amharc. Is fíor é seo go háirithe maidir le coincheapa teibí.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">2.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar sin, sa chás seo, tá amhras á chaitheamh ag an gCoimisiún Eorpach ar inniúlacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a thogra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais a leasú, i gcomhréir le hAirteagal 293(1) CFAE, ar an bhforas go dtéann an t-athrú arna chur ag an gComhairle níos faide ná leasú. Go bunúsach, tá leasú arna dhéanamh ag an gComhairle ar an togra á thíolacadh ag an gCoimisiún don Chúirt agus dearbhaíonn sé, mar a dhearbhaigh René Magritte: “Ní leasú é seo”. Sin an ráiteas atá le measúnú ag an gCúirt sa chás seo.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">II.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An dlí lena mbaineann</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">3.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Baineann an cás seo le dhá chomhaontú idirnáisiúnta arna riaradh ag an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI).</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">A.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Comhaontú Liospóin</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">4.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is conradh é Comhaontú Liospóin maidir le hAinmniúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus a Chlárú go hIdirnáisiúnta a síníodh an 31 Deireadh Fómhair 1958, a athchóiríodh i Stócólm an 14 Iúil 1967 agus a leasaíodh an 28 Meán Fómhair 1979  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-2" href="#t-2">2</a>
</span>) (“Comhaontú Liospóin”). Is éard atá ann ná comhaontú speisialta de réir bhrí Airteagal 19 de Choinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint an 20 Márta 1883  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-3" href="#t-3">3</a>
</span>) (“Coinbhinsiún Pháras”), ar féidir le gach Stát atá ina pháirtí don Choinbhinsiún sin aontú dó. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">5.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is páirtithe i gComhaontú Liospóin iad seacht mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh, eadhon Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, an Ungáir, Poblacht na Portaingéile agus Poblacht na Slóvaice.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-4" href="#t-4">4</a>
</span>) Os a choinne sin, níl an tAontas ina pháirtí sa Chomhaontú sin, ar comhaontú é nach féidir ach le Stáit amháin aontú dó.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">6.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De réir Airteagal 1 de Chomhaontú Liospóin, beidh na Stáit a bhfuil feidhm ag an gComhaontú maidir leo ina nAontas Speisialta (“an tAontas Speisialta”) faoi chuimsiú an Aontais um Maoin Tionscail a Chosaint arna bhunú ag Coinbhinsiún Pháras agus gabhfaidh orthu féin ainmniúcháin tionscnaimh táirgí ó Bhallstát an Aontais Speisialta sin, a aithnítear agus a chosnaítear sa cháil sin sa tír thionscnaimh agus atá cláraithe le Biúró Idirnáisiúnta EDMI, a chosaint ar a gcríoch agus i gcomhréir le téarmaí an Chomhaontaithe sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">B.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ionstraim na Ginéive</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">7.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ag comhdháil taidhleoireachta an 20 Bealtaine 2015, glacadh Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú na Háige i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus le Tásca Geografacha  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-5" href="#t-5">5</a>
</span>) (“Ionstraim na Ginéive”), ar athchóiriú ar Chomhaontú Liospóin é. Murab ionann agus an Comhaontú sin, foráiltear in Airteagal 28(1)(iii) d’Ionstraim na Ginéive go bhféadfaidh eagraíochtaí idir-rialtasacha (“EIR”) a bheith mar pháirtí leis.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-6" href="#t-6">6</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">8.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tá forálacha in Airteagal 22 d’Ionstraim na Ginéive a bhaineann le Tionól an Aontais Speisialta (“an Tionól”), atá comhdhéanta de na Páirtithe Conarthacha san Ionstraim sin agus de na Stáit ar páirtithe iad i gComhaontú Liospóin. I gcomhréir le hAirteagal 22(2) den Ionstraim sin, pléifidh an Tionól, inter alia, le gach ceist a bhaineann leis an Aontas Speisialta a choimeád agus a fhorbairt agus leis an Ionstraim sin a chur chun feidhme, leasóidh sé na Comhrialacháin, glacfaidh sé Rialachán Airgeadais an Aontais Speisialta agus glacfaidh sé leasuithe ar Airteagail 22 go 24 agus ar Airteagal 27 den Ionstraim sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">9.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 22(4) d’Ionstraim na Ginéive, dar teideal “Cinntí a dhéanamh laistigh den Tionól”:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-23" title="page-4">
      “(a) Féachfaidh an Tionól lena chinntí a ghlacadh trí chomhthoil.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-24" title="page-4">
      (b) I gcás nach féidir teacht ar chinneadh trí chomhthoil, déanfar an t‑ábhar atá i gceist a chinneadh trí vótáil. Sa chás seo,
    </p>
    <p class="C11Marge1avecretrait" id="para-25" title="page-4">
      (i) beidh vóta amháin ag gach Páirtí Conarthach ar Stát é agus ní vótálfaidh sé ach ina ainm féin; agus
    </p>
    <p class="C11Marge1avecretrait" id="para-26" title="page-5">
      (ii) féadfaidh gach Páirtí Conarthach ar [EIR] é páirt a ghlacadh sa vóta in ionad a Bhallstát leis an líon céanna vótaí agus mar atá ag a Bhallstáit atá ina bpáirtithe san Ionstraim seo. Ní glacfaidh aon [EIR] páirt sa vótáil má fheidhmíonn ceann dá Bhallstáit a cheart vótála, agus a mhalairt.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-27" title="page-5">
      (c) Maidir le ceisteanna nach mbaineann ach le Stáit atá faoi cheangal ag [Comhaontú Liospóin], ní bheidh an ceart vótála ag Páirtithe Conarthacha nach bhfuil faoi cheangal ag [an gComhaontú sin], ach, maidir le ceisteanna a bhaineann le Páirtithe Conarthacha amháin, ní bheidh ceart vótála ach ag na Páirtithe Conarthacha agus acu amháin.”
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">10.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Faoi Airteagal 31 d’Ionstraim na Ginéive, dar teideal “Cur i bhfeidhm [Chomhaontú Liospóin]”:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-29" title="page-5">
      “(1) [An caidreamh atá ann idir Stáit atá ina bpáirtithe san Ionstraim seo agus i [gComhaontú Liospóin] araon] Ní bheidh ach an Ionstraim seo ina cheangal, maidir lena gcaidreamh frithpháirteach, ar na Stáit is páirtithe san Ionstraim seo agus [le Comhaontú Liospóin] araon. Mar sin féin, maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúchán tionscnaimh atá i bhfeidhm faoi [Chomhaontú Liospóin], deonóidh na Stáit cosaint nach ísle ná mar a cheanglaítear le [Comhaontú Liospóin].
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-30" title="page-5">
      (2) [An caidreamh atá ann idir na Stáit is páirtí san Ionstraim seo agus i [gComhaontú Liospóin] araon agus na Stáit is páirtí i [gComhaontú Liospóin] gan bheith ina pháirtí san Ionstraim seo] Leanfaidh aon Stát is páirtí san Ionstraim seo agus i [gComhaontú Liospóin] de [Chomhaontú Liospóin] a chur i bhfeidhm, de réir mar a bheidh, ina chaidreamh le Stáit ar páirtithe iad i [gComhaontú Liospóin] nach páirtithe san Ionstraim seo iad.” 
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-31" title="page-1">
      
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">11.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear le Riail 7 de na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus faoi Ionstraim na Ginéive,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-7" href="#t-7">7</a>
</span>) arna nglacadh de bhun Airteagal 25 d’Ionstraim na Ginéive, sásra chun ainmniúcháin tionscnaimh a cláraíodh faoi Chomhaontú Liospóin a chosaint faoi Ionstraim na Ginéive, sa chás ina n‑aontaíonn Stát is páirtí i gComhaontú Liospóin d’Ionstraim na Ginéive.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-8" href="#t-8">8</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">III.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Cúlra na díospóide </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">12.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An 30 Márta 2015, ghlac an Coimisiún moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear dul i mbun caibidlíochta maidir le Comhaontú Liospóin Athbhreithnithe i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha, mar ullmhúchán don chomhdháil taidhleoireachta a tionóladh sa Ghinéiv ón 11 go dtí an 21 Bealtaine 2015 d’fhonn dréacht‑Chomhaontú athbhreithnithe Liospóin a scrúdú agus a ghlacadh. Sa mholadh sin, d’iarr an Coimisiún ar an gComhairle, inter alia, a cinneadh a bhunú ar Airteagal 207 agus ar Airteagal 218(3) agus (4) CFAE, i bhfianaise na hinniúlachta eisiaiche a thugtar don Aontas in Airteagal 3(1) CFAE i réimse an chomhbheartais tráchtála.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">13.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An 7 Bealtaine 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh 8512/15 lena n‑údaraítear dul i mbun caibidlíochta maidir le Comhaontú Liospóin athbhreithnithe i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha, a mhéid a bhaineann sé le saincheisteanna a thagann faoi inniúlacht an Aontais Eorpaigh. Murab ionann agus an méid arna mholadh ag an gCoimisiún, bunaíodh an Cinneadh sin ar Airteagal 114 agus ar Airteagal 218(3) agus (4) CFAE.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">14.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuir an Chúirt Cinneadh 8512/15 ón gComhairle ar neamhní ina breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, an Coimisiún v an Chomhairle (Comhaontú Liospóin Athbhreithnithe)  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-9" href="#t-9">9</a>
</span>) agus rialaigh sí go dtagann caibidlíocht maidir le hIonstraim na Ginéive faoin inniúlacht eisiach a thugtar don Aontas Eorpach le hAirteagal 3(1) CFAE i réimse an chomhbheartais tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 207(1) CFAE.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-10" href="#t-10">10</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">15.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An 27 Iúil 2018, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh d’Ionstraim na Ginéive  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-11" href="#t-11">11</a>
</span>) (“an togra le haghaidh cinnidh”), ar bhonn Airteagal 207 agus Airteagal 218(6)(a) CFAE. I bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais, moladh nár cheart ach don Aontas amháin aontú don Ionstraim sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">16.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndiaidh na díospóireachta, chuir an Chomhairle dréachtchinneadh chuig Parlaimint na hEorpa lena ndéantar foráil ní hamháin maidir le haontachas an Aontais d’Ionstraim na Ginéive a fhormheas ach maidir le húdarú na mBallstát go léir ar mian leo aontú don Ionstraim sin freisin (“an t‑údarú atá faoi dhíospóid”). An 16 Aibreán 2019, d’fhormheas an Pharlaimint an dréachtchinneadh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">17.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuir an Coimisiún i gcoinne an dréachta ón gComhairle. Le dearbhú an 20 Meán Fómhair 2019, chuir sé i gcoinne na féidearthachta ag na Ballstáit go léir ar mian leo Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó chun aontú dó é sin a dhéanamh go comhthreomhar leis an Aontas. Os a choinne sin, chuir sé in iúl go raibh sé toilteanach glacadh leis go n‑údarófaí do na seacht mBallstát a bhí ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin agus a chláraigh roinnt ceart maoine intleachtúla cheana féin faoin gComhaontú sin aontú d’Ionstraim na Ginéive chun leasa an Aontais.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">18.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An 7 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/1754  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-12" href="#t-12">12</a>
</span>) (“an cinneadh atá faoi chonspóid”) d’aon toil i gcomhréir le hAirteagal 293(1) CFAE.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">19.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De réir aithrisí 6, 8, 9 agus 10 den chinneadh atá faoi chonspóid: </p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-42" title="page-7">
      (6) “Chun go mbeidh an tAontas in ann a inniúlacht eisiach a fheidhmiú i gceart maidir leis na réimsí a chumhdaítear le hIonstraim na Ginéive agus a fheidhmeanna i gcomhthéacs a chórais chuimsitheacha cosanta le haghaidh ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i gcomhair táirgí talmhaíochta, ní mór don Aontas aontú d’Ionstraim na Ginéive agus a bheith ina pháirtí conarthach ann.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-43" title="page-7">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-44" title="page-7">
      (8) Ní mór don Aontas féachaint le ceist a chearta vótála a thabhairt chun rialtachta sa [Tionól] chun a áirithiú go nglacfaidh sé páirt éifeachtach sa nós imeachta cinnteoireachta, i bhfianaise phointe (b)(ii) d’Airteagal 22(4) d’Ionstraim na Ginéive. Uime sin, ní foláir a údarú do na Ballstáit ar mian leo Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú d’Ionstraim na Ginéive, de réir mar a bheidh, é sin a dhéanamh, in éineacht leis an Aontas, chun leasa an Aontais.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-45" title="page-7">
      (9) Ag an am céanna, ráthófaí leis sin leanúnachas na gceart óir tá na seacht mBallstát ina bpáirtithe san Aontas Speisialta faoi láthair.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-46" title="page-7">
      (10) Ní mór, áfach, do na Ballstáit inniúlacht eisiach an Aontais a urramú go hiomlán le daingniú nó le haontachas na mBallstát, agus beidh sé de chúram ag an Aontas i gcónaí feidhmiú chearta an Aontais agus na mBallstát faoi Ionstraim na Ginéive a áirithiú agus comhlíonadh oibleagáidí an Aontais agus na mBallstát a áirithiú.”
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-47" title="page-7">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">20.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Luaitear an méid seo a leanas sa chéad mhír d’Airteagal 1 den chinneadh sin:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-49" title="page-7">
      “Formheastar leis seo aontachas an [Aontais d’Ionstraim na Ginéive] in ainm an Aontais.”
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-50" title="page-7">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">21.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 3 den Chinneadh sin: </p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-52" title="page-8">
      “Údarófar do na Ballstáit ar mian leo Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú dó, de réir mar a bheidh, sin a dhéanamh chun leasa an Aontais, in éineacht leis an Aontas.”
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-53" title="page-8">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">22.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 4 den Chinneadh sin:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-55" title="page-8">
      “1. Beidh an Coimisiún ina ionadaí san Aontas Speisialta don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit a dhaingneoidh nó a aontóidh d’Ionstraim na Ginéive i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 17(1) [CAE]. Is faoin Aontas a bheidh sé a áirithiú go ndéanfar na cearta de chuid an Aontais agus a mBallstát a dhaingneoidh Ionstraim na Ginéive agus de chuid Ballstáit a aontóidh dó i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chinneadh seo a fheidhmiú agus a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-56" title="page-8">
      Déanfaidh an Coimisiún na fógraí go léir is gá faoi Ionstraim na Ginéive thar ceann an Aontais agus thar ceann na mBallstát atá i gceist.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-57" title="page-8">
      Go háirithe, ainmneofar an Coimisiún mar an tÚdarás Inniúil dá dtagraítear in Airteagal 3 d’Ionstraim na Ginéive, a bheidh freagrach as Ionstraim na Ginéive a riar ar chríoch an Aontais agus as teagmháil le Biúró Idirnáisiúnta EDMI faoi Ionstraim na Ginéive agus faoi na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus faoi Ionstraim na Ginéive [...].
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-58" title="page-8">
      2. Vótálfaidh an tAontas sa [Tionól] agus ní fheidhmeoidh na Ballstáit a dhaingnigh Ionstraim na Ginéive nó a d’aontaigh dó a gceart vótála.”
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-59" title="page-8">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">23.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An 17 Eanáir 2020, thionscain an Coimisiún an chaingean seo le haghaidh neamhniú.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">24.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tháinig Ionstraim na Ginéive i bhfeidhm an 26 Feabhra 2020 agus tá an tAontas faoi cheangal aici ón dáta sin. In 2021, ar bhonn an údaraithe dá bhforáiltear in Airteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid, shínigh agus dhaingnigh Poblacht na Fraince agus an Ungáir an ionstraim sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">IV.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe agus an nós imeachta os comhair na Cúirte</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">25.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Airteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Airteagal 4 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a thagraítear do na Ballstáit ann nó, mar mhalairt rogha, Airteagal 4 a chur ar neamhní ina iomláine más rud é go bhfuil na tagairtí do na Ballstáit dodhealaithe ón gcuid eile den Airteagal;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">éifeachtaí na gcodanna den chinneadh atá faoi chonspóid a cuireadh ar neamhní a choimeád, go háirithe aon úsáid a bhaintear as an údarú arna dheonú faoi Airteagal 3 roimh dháta an bhreithiúnais ag na Ballstáit atá ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin faoi láthair, go dtí go dtiocfaidh cinneadh ón gComhairle i bhfeidhm laistigh de thréimhse ama réasúnta nach sia ná sé mhí ón dáta a thabharfar an breithiúnas;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">a ordú don Chomhairle na costais a íoc.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">26.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Le doiciméad ar leith a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 15 Aibreán 2020, rinne an Chomhairle pléadáil maidir le do-ghlacthacht faoi Airteagal 151(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. Thíolaic an Coimisiún a bharúlacha maidir leis an bpléadáil sin an 18 Bealtaine 2020. Le cinneadh na Cúirte an 6 Deireadh Fómhair 2020, forchoimeádadh an phléadáil maidir le do-ghlacthacht don bhreithiúnas críochnaitheach.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">27.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt Bhreithiúnais:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">an chaingean a dhiúltú toisc go bhfuil sí do-ghlactha ina hiomláine;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">mar mhalairt air sin, an chaingean a dhiúltú toisc go bhfuil sí gan bhunús ina hiomláine;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">a ordú don Choimisiún na costais a íoc.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">28.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tugadh cead idiragartha do Ríocht na Beilge, do Phoblacht na Seice, don Phoblacht Heilléanach, do Phoblacht na Fraince, do Phoblacht na Cróite, do Phoblacht na hIodáile, don Ungáir, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire agus do Phoblacht na Portaingéile chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">29.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ghlac na páirtithe go léir, cé is moite de Ríocht na Beilge agus de Phoblacht na Portaingéile, páirt san éisteacht a reáchtáladh an 1 Feabhra 2022.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">V.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Anailís</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">30.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar thaca lena chaingean, maíonn an Coimisiún dhá shaincheist dlí. Leis an gcéad shaincheist dlí, maítear go ndearnadh sárú ar roinnt Airteagal de Chonradh FAE, ar phrionsabal na tabhartha agus ar chumhacht tionscnaimh an Choimisiúin, maidir le glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid ag an gComhairle gan togra ón gCoimisiún. Leis an dara saincheist dlí, maítear go bhfuil Airteagal 2(1) agus Airteagal 207 CFAE á sárú, sa mhéid is go ndeachaigh an Chomhairle thar a hinniúlachtaí trína údarú do na Ballstáit gníomhú i réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais, agus gur mhainnigh sí cúiseanna a lua.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">31.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Scrúdóidh mé pléadáil na Comhairle maidir le do-ghlacthacht ar dtús, sula bpléifidh mé leis an tuillteanas. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">A.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Inghlacthacht</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">1.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Argóintí na bpáirtithe</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">32.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn an Chomhairle, le tacaíocht go bunúsach ó na Ballstáit is idiragraithe, go bhfuil caingean an Choimisiúin do-ghlactha ar an bhforas go bhfuil sí dírithe i gcoinne Airteagal 3 agus i gcoinne ghnéithe Airteagal 4 den chinneadh atá faoi chonspóid (“na forálacha atá faoi dhíospóid”), atá do-scartha ón gcuid eile den chinneadh sin, agus orthu amháin a dhírítear í. Dar léi, tá nasc ag Airteagal 3 leis an gcuid eile den chinneadh atá faoi chonspóid agus le hAirteagal 1 de le bheith cruinn faoi. Ar an gcéad dul síos, cuirtear ar chumas an Aontais cearta vótála a bheith aige sa Tionól  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-13" href="#t-13">13</a>
</span>) leis an dá fhoráil le chéile, agus, dá réir sin, a inniúlacht sheachtrach eisiach a fheidhmiú sna réimsí a thagann faoi Ionstraim na Ginéive. Ar an dara dul síos, ráthaítear le hAirteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid go bhfuil oireachas agus leanúnachas ag baint leis an gcosaint ar na tásca geografacha  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-14" href="#t-14">14</a>
</span>) a chláraítear sna seacht mBallstát is páirtithe i gComhaontú Liospóin (“na seacht mBallstát faoi chaibidil”).  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-15" href="#t-15">15</a>
</span>) Chuirfí lán‑aontachas éifeachtach an Aontais d’Ionstraim na Ginéive chomh maith leis an oireachas agus an leanúnachas a bhaineann le cosaint ar na tásca geografacha a cláraíodh cheana féin faoi Chomhaontú Liospóin ó mhaith dá ndéanfaí an fhoráil sin a chur ar neamhní. Dá bhrí sin, d’fhágfadh an neamhniú sin nach bhfuil inneachar an chinnidh atá faoi chonspóid ag teacht leis an gcuspóir ná leis an aidhm atá leis, mar a leagtar amach iad, go háirithe, in aithrisí 6, 8 agus 9 den chinneadh sin. Maidir le hAirteagal 4 den chinneadh sin, tá sé do-dhealaithe ó Airteagal 3 den chinneadh céanna.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">33.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ina theannta sin, áitíonn an Chomhairle go dtugtar bonn taca do dho-ghlacthacht na hiarrata ar an gcinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní go páirteach le hiarraidh an Choimisiúin go gcoimeádfar éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid. Áitíonn sí nach bhfuil an iarraidh sin ag teacht leis an raison d’être atá ag a leithéid d’iarraidh agus go bhfuil athrú á lorg ag an gCoimisiún ar shubstaint Airteagal 3 den chinneadh sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">34.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">D’fhreagair an Coimisiún go bhfuil na forálacha atá faoi dhíospóid inscartha ón gcuid eile den chinneadh atá faoi chonspóid. Dar leis, níl gá leis an údarú atá faoi dhíospóid chun go bhféadfaidh an tAontas Eorpach a inniúlacht sheachtrach eisiach a fheidhmiú go cuí sna réimsí a thagann faoin ngníomh sin. Go deimhin, d’fhéadfaí na rialacha is infheidhme a léiriú amhail go bhfuil oireachas ag baint go fóill leis na tásca geografacha a chláraigh na seacht mBallstát faoi chaibidil cheana féin i ndiaidh don Aontas aontú. Thairis sin, ní vótálann an Tionól i ndáiríre agus níl rannpháirtíocht an Aontais ábhartha sa Tionól. Dá bhrí sin, ní mó ná gur féidir caitheamh mar bhunghné an chinnidh atá faoi chonspóid le tionchar ar bith ar líon na vótaí de chuid an Aontais Eorpaigh a tharscaoiladh ina iomláine. Tugann an Coimisiún dá aire gur bhain na breithiúnais inar chinn an Chúirt nach bhféadfaí gníomh a chur ar neamhní go páirteach le forálacha substainteacha. Ní forálacha den chineál sin iad na forálacha atá faoi dhíospóid. Dar leis, is cosúla an cás seo le cásanna a bhaineann le forálacha “institiúideacha”, a mheas an Chúirt a bheith inscartha i gcónaí. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">35.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar thaca le hargóint na Comhairle i ndáil leis an iarraidh ón gCoimisiún go gcoimeádfar éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid, caitheann an Coimisiún amhras ar a hábharthacht. Dar leis, níl aon rud ann lena dtugtar le fios go bhfuil an t‑iarratas ar neamhniú Airteagal 3 den chinneadh sin do-ghlactha díreach toisc go bhfuil iarraidh ann freisin maidir le héifeachtaí an chinnidh a choimeád.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">36.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn Poblacht na hIodáile go bhfuil an chaingean do-ghlactha a mhéid atá sí á díriú i gcoinne na Comhairle amháin, cé gur cheart í a dhíriú i gcoinne na Parlaiminte freisin, a d’fhormheas an cinneadh atá faoi chonspóid i gcomhréir le hAirteagal 218(6)(a)(iii) CFAE.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">37.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, freagraíonn an Coimisiún nach féidir a mheas gur údar an ghnímh í an Pharlaimint ar bhonn a rannpháirtíochta sa nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh, údar a d’fhéadfaí caingean le haghaidh neamhniú a thabhairt ina choinne.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">2.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Measúnú</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(a)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Argóintí na Comhairle</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">38.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is léir ó chásdlí comhsheasmhach na Cúirte nach féidir gníomh an Aontais a chur ar neamhní go páirteach ach amháin a mhéid is inscartha ón gcuid eile den ghníomh iad na gnéithe a n‑iarrtar iad a chur ar neamhní. Tá rialaithe agus ath-rialaithe ag an gCúirt nach gcomhlíontar an ceanglas sa chás ina n‑athrófaí substaint ghnímh mar thoradh ar ghníomh a chur ar neamhní go páirteach.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-16" href="#t-16">16</a>
</span>) Ina theannta sin, is éard atá i gceist le hinscarthacht gnéithe de ghníomh an Aontais a fhíorú ná a réim a scrúdú, d’fhonn measúnú a dhéanamh an athrófaí spiorad agus substaint an ghnímh sin lena gcur ar neamhní.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-17" href="#t-17">17</a>
</span>) Ina theannta sin, is critéar oibiachtúil seachas critéar suibiachtúil a bhaineann le toil pholaitiúil na hinstitiúide a ghlac an gníomh atá faoi dhíospóid í an cheist an athrófaí substaint ghníomh an Aontais lena chur ar neamhní go páirteach.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-18" href="#t-18">18</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">39.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, ní féidir substaint gnímh dhlíthiúil a chinneadh gan an comhthéacs dlíthiúil ina nglactar é a chur san áireamh. Sa chás seo, is cinneadh lena dtugtar comhaontú idirnáisiúnta i gcrích de réir bhrí Airteagal 218(6) CFAE é an cinneadh atá faoi chonspóid. Is éard ann ná gníomh lena léirítear toil an Aontais a bheith faoi cheangal ag conradh de réir bhrí Airteagail 11 agus 15 de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí idir Stáit agus Eagraíochtaí Idirnáisiúnta nó idir Eagraíochtaí Idirnáisiúnta,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-19" href="#t-19">19</a>
</span>) a chomhfhreagraíonn do ghníomhartha Stát dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 15 de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí, arna thabhairt i gcrích an 23 Bealtaine 1969.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-20" href="#t-20">20</a>
</span>) Mar sin, is léir gur gá go bhfuil substaint an chinnidh atá faoi chonspóid ag brath ar na gnéithe lena gcomhdhéantar gníomh lena léirítear toil an Aontais a bheith faoi cheangal ag Ionstraim na Ginéive.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">40.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chomhthéacs sin, maidir le forálacha an chinnidh nach bhfuil faoi chonspóid, formheastar aontachas an Aontais Eorpaigh d’Ionstraim na Ginéive le hAirteagal 1, leagtar síos in Airteagail 2 agus 5 na socruithe praiticiúla maidir leis an aontachas sin agus socraítear le hAirteagal 6 an dáta a thiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm. Ina theannta sin, áirítear forálacha sa tríú fomhír d’Airteagal 4(1) den chinneadh sin nach mbaineann le haontachas na mBallstát d’Ionstraim na Ginéive. Tá na forálacha sin ag teacht, go bunúsach, leis na forálacha sin atá sa togra le haghaidh cinnidh agus baineann siad le hinniúlachtaí an Choimisiúin i gcomhthéacs chur chun feidhme Ionstraim na Ginéive, a ainmnítear mar an t‑údarás inniúil de réir bhrí Airteagal 3 den ionstraim sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">41.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir leis na forálacha atá faoi dhíospóid, ar an gcéad dul síos, údaraítear na Ballstáit ar mian leo Ionstraim na Ginéive a dhaingniú nó aontú dó sin a dhéanamh le hAirteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-21" href="#t-21">21</a>
</span>) Ina dhiaidh sin, leis an gcéad fhomhír agus an dara fomhír d’Airteagal 4(1) den chinneadh sin, cinntear raon feidhme inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát, faoi seach, a d’aontaigh don ionstraim sin, chomh maith le rialacha ionadaíochta an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát sin. Faoi dheireadh, foráiltear le hAirteagal 4(2) den chinneadh sin go vótálfaidh an tAontas i dTionól agus nach bhfeidhmeoidh na Ballstáit a dhaingnigh Ionstraim na Ginéive nó a d’aontaigh dó a gceart vótála.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">42.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is léir ón achoimre seo nach n‑áirítear na gnéithe lena léirítear toil an Aontais a bheith faoi cheangal ag Ionstraim na Ginéive sna forálacha atá faoi dhíospóid. Tá an éifeacht atá le bheith ag cinneadh arna ghlacadh ar bhonn Airteagail 218(6) CFAE cheana féin ag an bhforáil in Airteagal 1 den chinneadh atá faoi chonspóid. Ní dhéanann forálacha eile an chinnidh sin, lena n‑áirítear na forálacha atá faoi chonspóid, difear do réim, d’inneachar ná do neamhchoinníollacht na tola a léirítear in Airteagal 1 den chinneadh sin, agus dá bhrí sin, níl aon tionchar acu ar shubstaint an chinnidh atá faoi chonspóid. Uime sin, is inscartha ón gcuid eile den chinneadh sin iad na forálacha atá faoi dhíospóid. Dá bhrí sin, i mo thuairim, ba chóir diúltú don phléadáil maidir le do-ghlacthacht.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">43.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Cuirtear treise leis an gconclúid seo leis an bhfíoras nach ndlitear ar chor ar bith ar chinneadh lena n‑údaraítear do na Ballstáit aontú d’Ionstraim na Ginéive a ghlacadh ar aon uain le cinneadh lena n‑aontaíonn an tAontas don ionstraim sin. D’fhéadfaí an t‑údarú maidir le haontú na mBallstát a dheonú i gcinneadh ar leith.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-22" href="#t-22">22</a>
</span>) Go deimhin, ó thaobh Ionstraim na Ginéive de, ní chuirtear bac ar aontachas Ballstát níos faide anonn le haontachas an Aontais agus leis amháin. Ní dhéanann sé difear ach an oiread don leibhéal cosanta d’ainmniúcháin tionscnaimh a chláraítear faoi Chomhaontú Liospóin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">44.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir le hargóint na Comhairle a bhaineann leis an iarraidh ar na héifeachtaí atá ag gníomh atá ar neamhní a choimeád, táim ar aon tuairim leis an gCoimisiún go bhfuil an iarraidh sin sa bhreis ar an bpríomhiarratas ar cuspóir leis an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus nach bhfuil sé ina iarraidh chun go ndéanfaidh an Chúirt Airteagal 3 den chinneadh sin a athrú, rud nach féidir a bheith ann i gcomhthéacs na caingne seo. Dá bhrí sin, ní dhéanann sin difear don anailís ar inghlacthacht na caingne ná ar an tuillteanas.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">45.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sna himthosca sin, táim den tuairim go bhfuil na forálacha atá faoi dhíospóid inscartha ón gcuid eile den chinneadh atá faoi chonspóid agus, dá bhrí sin, tá an chaingean inghlactha.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(b)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Argóint Phoblacht na hIodáile</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">46.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is léir ó Airteagal 263 CFAE go bhfuil caingean le haghaidh neamhniú le tabhairt i gcoinne údar an ghnímh atá faoi chonspóid, is é sin le rá, institiúid a ghlactha.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-23" href="#t-23">23</a>
</span>) Ní mór don ghníomh atá faoi chonspóid a bheith inchurtha i leith na hinstitiúide sin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-24" href="#t-24">24</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">47.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 218(6) CFAE, is í an Chomhairle a ghlacann cinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích, ar thogra ón idirbheartaí. Tá an cinneadh sin inchurtha ina leith agus is ise údar an ghnímh sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">48.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Má fhormheasann an Pharlaimint cinneadh lena dtugtar i gcrích comhaontú idirnáisiúnta a thagann faoi réim chumhachtaí na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 218(6)(a) CFAE, ní hionann sin agus a rá gur ise is údar leis an gcinneadh sin. Baineann an formheas sin le gníomh ó institiúid eile, eadhon an Chomhairle.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">49.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chás seo, ós rud é gur ar bhonn Airteagal 218(6) CFAE a ghlac an Chomhairle an cinneadh atá faoi chonspóid, ní mór an chaingean le haghaidh neamhniú an chinnidh a dhíriú ar an institiúid sin amháin. Mheasfaí go mbeadh caingean arna tabhairt i gcoinne na Parlaiminte do-ghlactha. Dá bhrí sin, ní mór diúltú d’argóint Phoblacht na hIodáile.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">3.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Conclúid faoin bpléadáil maidir le do-ghlacthacht</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">50.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an méid sin roimhe seo, táim den tuairim nach mór an phléadáil maidir le do-ghlacthachta a dhiúltú.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">B.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir le substaint an cháis</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">1.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An chéad saincheist dlí</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(a)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Argóintí na bpáirtithe</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">51.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Leis an gcéad saincheist dlí arna hardú ag an gCoimisiún, éilítear go bhfuil Airteagal 218(6) agus Airteagal 293(1) CFAE, an prionsabal tabhartha cumhachtaí a chumhdaítear in Airteagal 13(2) CAE, prionsabal na cothromaíochta institiúidí agus ceart tionscnaimh an Choimisiúin á sárú. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">52.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dar leis an gCoimisiún, de bhrí go ndearna an Chomhairle an togra le haghaidh cinnidh lena gcuirtear ar chumas do na Ballstáit go léir aontú d’Ionstraim na Ginéive a leasú, sháraigh sí Airteagal 293(1) CFAE agus rinne sí dochar don chothromaíocht institiúideach arna bunú le hAirteagal 13(2) CAE ós rud é gur ghníomhaigh an Chomhairle gan aon tionscnaimh ón gCoimisiún. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">53.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn an Coimisiún gur ghlac an Chomhairle dhá chinneadh i ndáiríre: ní hamháin an cinneadh maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh d’Ionstraim na Ginéive, ach an cinneadh ar aontachas na mBallstát don ionstraim sin freisin. I gcomhréir le hAirteagal 293(1) CFAE, féadfaidh an Chomhairle an togra le haghaidh cinnidh a leasú d’aon toil. Sa chás seo, áfach, sa mhéid nár mhol an Coimisiún é a chur ar chumas na mBallstát aontú d’Ionstraim na Ginéive, bhainfí go tromchúiseach de cheart tionscnaimh an Choimisiúin dá measfaí gur “leasú” amháin atá sa cheart sin. Níor mhol an Coimisiún go gceadófaí do na Ballstáit gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí de a ghlacadh i réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh, de réir bhrí Airteagal 2(1) CFAE. Tá sé den tuairim nach bhfuil a chomhionann d’ábhar nó críoch ag gníomh lena ngníomhaíonn agus rialaíonn an tAontas ábhar agus ag gníomh lena n‑údaraíonn an tAontas na Ballstáit gníomhú amháin, más mian leo. D’fhágfaí cuid mhór deiseanna cinnteoireachta uathrialaithí do na Ballstáit lena leithéid d’údarú agus chuirfí iad faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach as Ionstraim na Ginéive a chur i bhfeidhm, de réir an dlí idirnáisiúnta. Chuir an Chomhairle leis an “[g]críoch” sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">54.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Freagraíonn an Chomhairle, le tacaíocht na n‑idiragraithe, gur chomhlíon sí coinníoll nós imeachta agus coinníoll substainteach ar faoina réir atá leasú de réir Airteagail 293(1) CFAE ar an togra le haghaidh cinnidh. Go deimhin, ar an gcéad dul síos, rinne sí cinneadh d’aon toil. Ar an dara dul síos, níor imigh sí ó ábhar an togra le haghaidh cinnidh agus níor athraigh sí a chuspóir. Bhí na leasuithe a rinneadh beartaithe chun a áirithiú go mbeadh an tAontas ina pháirtí le hIonstraim na Ginéive agus go bhféadfadh sé a inniúlacht eisiach a fheidhmiú go cuí faoin ionstraim sin, agus go bhfuil oireachas agus leanúnachas ag baint go fóill leis na tásca geografacha a cláraíodh cheana faoi Chomhaontú Liospóin. Maidir leis an gcríoch leis an togra le haghaidh cinnidh, áitíonn an Chomhairle go mbaineann sin le feidhmiú cuí inniúlacht eisiach an Aontais.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">55.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn an Chomhairle go mbainfí a fheidhm den cheart leasúcháin arna thabhairt di le hAirteagal 293(1) CFAE trí gach éifeacht úsáideach a bhaint de dá nglacfaí leis an argóint gurb ionann cinneadh ón gComhairle lena leasaítear togra an Choimisiúin a ghlacadh agus easpa togra. Diúltaíonn sí, mar threallach agus shaorga, don mhaíomh ón gCoimisiún gur ghlac sí dhá chinneadh i ndáiríre.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">56.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dar le Poblacht na hIodáile, níl Airteagal 293 CFAE infheidhme maidir leis an nós imeachta arna rialú ag Airteagal 218 CFAE. Go deimhin, rialaítear an cinneadh lena dtugtar comhaontú i gcrích le hAirteagal 218(6) CFAE, lena bhforáiltear go nglacfaidh an Chomhairle an cinneadh sin “ar thogra ón idirbheartaí”. Ní dhéantar foráil d’aon togra ón gCoimisiún, ós rud é nach bhfuil baint ag an institiúid sin leis an nós imeachta féin, ach mar idirbheartaí. Mar sin, i gcomhthéacs an nós imeachta atá i gceist, ní fhéadfaí caitheamh le togra ón gCoimisiún mar thogra dá bhforáiltear go ginearálta in Airteagal 293(1) CFAE chun críocha dhíospóireacht na Comhairle “ar bhonn togra ón gCoimisiún” i gcás ar bith. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">57.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is gá scrúdú a dhéanamh ar an argóint a rinne Poblacht na hIodáile roimh na hargóintí ón gComhairle.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(b)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Measúnú</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(1)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Infheidhmeacht Airteagal 293(1) CFAE</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">58.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dar le Poblacht na hIodáile, níl feidhm ag Airteagal 293(1) CFAE maidir le cinntí a bhaineann le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích, ós rud é gurb é Airteagal 218 CFAE an t‑aon cheann amháin is infheidhme maidir lena leithéid de chinntí.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">59.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tá Airteagail 218 agus 293 CFAE i gcodanna éagsúla de CFAE. Tá an chéad cheann i dTeideal V, dar teideal “Comhaontuithe idirnáisiúnta”, de Chuid a Cúig de Chonradh FAE, fad is atá an dara ceann i gCaibidil 2, dar teideal “Gníomhartha dlí an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile”, de Theideal I de Chuid a Sé de Chonradh FAE. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">60.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tá forálacha ginearálta i gCuid a Sé de Chonradh FAE maidir le heagrúchán agus feidhmiú na n‑institiúidí chomh maith le cineálacha ghníomhartha dlí an Aontais agus na nósanna imeachta chun iad a ghlacadh. Tá na forálacha sin le cur i bhfeidhm in éineacht le forálacha de chodanna eile de Chonradh FAE sa mhéid go ndéantar tagairtí iontu sin d’institiúidí nó do ghníomhartha dlí an Aontais, gan dochar d’aon mhaoluithe a d’fhéadfadh a bheith ar na rialacha a thig ó fhorálacha ginearálta Chuid a Sé de Chonradh FAE a thig ó na forálacha speisialta atá san áireamh sna codanna eile den Chonradh. I bprionsabal, tugtar le tuiscint uaidh sin go bhfuil feidhm ag Airteagal 293 CFAE maidir le cinntí a ghlactar ar bhonn fhorálacha Theideal V de Chuid a Cúig de Chonradh FAE.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">61.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa bhreis ar an argóint shistéamach atá leagtha amach sa mhír roimhe seo, tá le tabhairt faoi deara nach bhfágann foclaíocht Airteagal 293 CFAE aon amhras maidir lena raon feidhme. Luaitear go sainráite sa chéad chuid den fhoráil sin go bhfuil feidhm aici i gcónaí i gcás ina bhforáiltear leis na Conarthaí (agus ní le forálacha Chuid a Sé CFAE amháin) go ngníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, is é an t‑aon choinníoll amháin chun an fhoráil sin a chur i bhfeidhm ná go bhforáiltear le foráil de na Conarthaí go nglacfaidh an Chomhairle gníomh ar thogra ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, níl a raon feidhme teoranta, inter alia, do nósanna imeachta reachtacha amháin. Dá bhrí sin, i gcás inar léir ó fhorálacha Chuid a Cúig de Chonradh FAE go ngníomhaíonn an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, tá feidhm ag Airteagal 293 CFAE.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">62.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil gné inmheánach freisin ag baint le gach gníomhaíocht sheachtrach de chuid an Aontais. Tá forálacha i dTeideal V de Chuid a Cúig de CFAE lena rialaítear roinnt na n‑inniúlachtaí idir na hinstitiúidí agus socruithe a ngníomhaíochtaí i gcomhthéacs caibidlíocht maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta agus a dtabhairt i gcrích. Is cuid de ghné sheachtrach ghníomhaíochtaí an Aontais í sin. Mar sin féin, léirítear gníomhaíocht sheachtrach an Aontais laistigh den Aontas, go háirithe i gcinntí maidir le comhaontuithe a thabhairt i gcrích.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">63.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is rialacha speisialta iad na rialacha maidir le glacadh na ngníomhartha dlíthiúla is gá chun comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích i ndáil leis na rialacha ginearálta lena rialaítear glacadh ghníomhartha dlí an Aontais. Ní hí éifeacht na rialacha speisialta nach bhfuil feidhm ag na rialacha ginearálta, ach go bhfuil feidhm acu sa mhéid nach bhforáiltear le forálacha speisialta do mhaoluithe ar na rialacha sin. I ndáil leis sin, ní léir ó Airteagal 218 CFAE nach bhfuil feidhm ag an riail a leagtar síos in Airteagal 293(1) CFAE maidir le cinneadh arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 218(6) CFAE.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">64.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tagann an cás seo faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála. Is léir ó Airteagal 207(3) CFAE gurb é an Coimisiún atá inniúil chun comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidil sa réimse sin. Dá bhrí sin, i gcás ina nglacann an Chomhairle, sa réimse sin, cinneadh ar bhonn Airteagal 218(6) CFAE ar thogra ón idirbheartaí, gníomhaíonn sí ar thogra ón gCoimisiún.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">65.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is léir ón méid roimhe seo go bhfuil feidhm ag Airteagal 293(1) i dtaobh cinneadh maidir le haontachas do chomhaontú idirnáisiúnta sa chás ina nglacann an Chomhairle cinneadh ar thogra ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, táim den tuairim nach mór diúltú don argóint arna déanamh ag Poblacht na hIodáile toisc nach bhfuil bunús léi.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(2)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Argóintí an Choimisiúin</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">66.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Lena chéad saincheist dlí, maíonn an Coimisiún gur sháraigh an Chomhairle bunphrionsabail dhlíchóras an Aontais, eadhon prionsabal na tabhartha agus prionsabal na cothromaíochta institiúidí. Sháraigh an Chomhairle ceart tionscnaimh an Choimisiúin leis an údarú atá faoi dhíospóid a ghlacadh gan togra ón gCoimisiún lena bhforáiltear don údarú sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">67.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuige sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(2) CAE ina leagtar amach prionsabal na cothromaíochta institiúidí, gníomhóidh gach institiúid faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna Conarthaí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta, agus faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch atá leagtha amach iontu. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">68.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 17(2) CAE nach bhféadfar gníomh reachtach de chuid an Aontais a ghlacadh ach amháin “ar bhonn togra” ón gCoimisiún, mura bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, agus gur féidir gníomhartha eile a ghlacadh ar bhonn togra ón gCoimisiún nuair a fhoráiltear dó sin sna Conarthaí. Cuirtear saincheart an Choimisiúin, ar dá réir is í an institiúid a bhfuil an ceart tionscnaimh aici maidir le gníomhartha dlí an Aontais i bprionsabal, ar bhonn bunreachtúil leis an bhforáil sin. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">69.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is faoin gCoimisiún atá sé a chinneadh an ndéanfaidh sé togra le haghaidh gníomh reachtach a thíolacadh nó gan é a thíolacadh mar thoradh ar an gceart tionscnaimh sin de chuid an Choimisiúin a aithnítear chomh maith le hAirteagal 289 CFAE maidir le gníomhartha reachtacha, ach amháin sa chás ina gceanglaítear air déanamh amhlaidh de réir dhlí an Aontais. I gcomhréir leis an gcumhacht sin, is faoin gCoimisiún atá sé freisin ábhar, críoch agus inneachar togra a shocrú agus an togra sin le haghaidh gníomh reachtach á thíolacadh, arb é a dhéanfaidh leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn agus a ghlacfaidh tionscnaimh iomchuí chuige sin i gcomhréir le hAirteagal 17(1)CAE.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-25" href="#t-25">25</a>
</span>) Beidh feidhm aige sin freisin maidir lena thograí le haghaidh gníomhartha neamhreachtacha.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-26" href="#t-26">26</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">70.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tugtar cruth don saincheart sin de chuid an Choimisiúin leis na forálacha eile arna n‑agairt ag an gCoimisiún, eadhon Airteagal 218(6) agus Airteagal 293(1) CFAE. Foráiltear leis an dara hAirteagal sin, nuair a ghníomhóidh an Chomhairle, de bhun na gConarthaí, ar thogra ón gCoimisiún, nach bhféadfaidh sí an togra a leasú ach amháin agus í ag gníomhú d’aon toil. Ní mór a thabhairt faoi deara, murab ionann agus, go háirithe, Airteagal 289 CFAE, nach n‑úsáidtear an téarma “reachtach” in Airteagal 293 CFAE. Tugtar le tuiscint uaidh sin nach bhfuil a raon feidhme teoranta do ghníomhartha arna nglacadh faoin nós imeachta reachtach, bíodh gur gnáthnós imeachta reachtach nó nós imeachta speisialta é.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">71.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Cumhachtaítear a áirithiú go bhfuil “cothromaíocht idir an comhlacht Eorpach ar a bhfuil de chúram leas an Aontais a chur in iúl, ar thaobh amháin, agus na rialtais sa Chomhairle atá feasach faoina n‑údarás agus saintréithe a gceannasachta agus an [Pharlaimint] a eislíonn ó phobal na hEorpa, ar an taobh eile” le forálacha na gConarthaí thuasluaite go léir.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-27" href="#t-27">27</a>
</span>) Go háirithe, ní féidir leis an gComhairle gníomhú d’fhonn gníomh reachtach a ghlacadh go dtí go gcuirfear togra faoina bráid.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-28" href="#t-28">28</a>
</span>) Sa chás ina leasaíonn sí togra den sórt sin, fiú d’aon toil, ní féidir léi an togra a chur ar fiar, is é sin le rá, a shubstaint a athrú go bunúsach gan dochar a dhéanamh don mhonaplacht tionscnaimh atá ag an gCoimisiúin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-29" href="#t-29">29</a>
</span>) Tá feidhm aige sin freisin maidir le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">72.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chomhthéacs sin, ní éireodh leis an gcéad saincheist dlí ón gCoimisiúin ach amháin sa chás ina sáraítear leis an leasú ón gComhairle na teorainneacha arna leagan síos ag an gCoimisiún maidir le hábhar, le críoch agus le hinneachar an togra le haghaidh an ghnímh sin. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">73.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is gá go gcinntear ábhar, críoch agus inneachar an togra le haghaidh gníomh dlí arna moladh ag an gCoimisiún leis an gcomhthéacs dlí ina bhfuil an gníomh á mholadh. Mar atá luaite cheana féin agam san anailís a rinne mé ar an agóid maidir le do-ghlacthacht, mhol an Coimisiún go nglacfaí cinneadh lena dtabharfaí comhaontú idirnáisiúnta i gcrích de réir bhrí Airteagal 218(6) CFAE. Dá bhrí sin, socraítear ábhar, críoch agus inneachar an togra sin leis an éifeacht atá beartaithe ag an gCoimisiún, arb é sin aontachas an Aontais Eorpaigh d’Ionstraim na Ginéive sa chás seo.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">74.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil sé ina chuid de léiriú ar thoil an Aontais Eorpaigh chun bheith faoi cheangal ag an ngníomh sin an ceart a bheith ag na Ballstáit aontú d’Ionstraim na Ginéive. Dá bhrí sin, níl sé sár-riachtanach a leithéid de cheart a dheonú chun éifeacht an aontachais d’Ionstraim na Ginéive a bhaint amach. Ní hamhlaidh a bheadh mura bhféadfadh an tAontas a bheith ina pháirtí le comhaontú idirnáisiúnta toisc an comhaontú idirnáisiúnta sin a bheith inaontaithe do Stáit agus dóibhsean amháin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-30" href="#t-30">30</a>
</span>) Ní hamhlaidh atá sa chás seo. D’fhéadfadh an tAontas, gan amhras, aontú d’Ionstraim na Ginéive de réir fhorálacha an ghnímh sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">75.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an dara dul síos, ní mór a admháil go bhfuil dlúthbhaint ag an údarú atá faoi dhíospóid le haontachas an Aontais d’Ionstraim na Ginéive sa mhéid is go gcumhachtófaí fadhbanna a réiteach, fadhbanna féideartha ar a laghad, mar gheall ar an ngníomh a chur i bhfeidhm i gcleachtas i ndáil le ceart vótála an Aontais sa Tionól, ar thaobh amháin, agus toisc go bhfuil oireachas agus leanúnachas ag baint leis an gcosaint ar na cearta atá faighte de bhua Chomhaontú Liospóin, ar an taobh eile, nó sa mhéid is go gcumhachtaítear fadhbanna mar sin a d’fhéadfadh a bheith ann a réiteach ar a laghad. Ina theannta sin, ní dhéantar na forálacha atá faoi dhíospóid toil an Aontais a bheith faoi cheangal ag Ionstraim na Ginéive a athrú ná a thabhairt faoi cheist. Dá bhrí sin, tá nasc idir na forálacha atá faoi chonspóid agus ábhar, críoch agus inneachar an ghnímh a bhí ina ábhar don togra le haghaidh cinnidh. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">76.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chomhthéacs sin, mar sin féin, ní foláir a fhíorú an bhfuil éifeachtaí an údaraithe atá faoi dhíospóid atá chomh fada sin agus chomh leithleach sin ó na héifeachtaí a bheartaítear leis an togra le haghaidh cinnidh gur ghá tionscnamh ar leith ón gCoimisiún chun gníomh a ghlacadh ag a bhfuil na héifeachtaí sin, cé nach ndéantar difear do thoil an Aontais a bheith faoi cheangal ag Ionstraim na Ginéive agus bíodh is go bhfuil baint ag an údarú sin le haontachas an Aontais dó.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">77.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Feictear dom gurb amhlaidh atá sa chás seo, ós rud é, de réir mar a áitíonn an Coimisiún, go gcruthaítear imthosca lena gcumhachtaítear na Ballstáit chun gníomhú taobh leis an Aontas Eorpach i gcáil daoine neamhspleácha faoin dlí idirnáisiúnta poiblí i réimse a thagann faoina inniúlachtaí seachtracha eisiacha.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">78.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De mo dhóighse, tagann an éifeacht sin a thig ón údarú atá faoi dhíospóid salach ar cheann de phrionsabail bhunreachtúla dhlíchóras an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) CFAE. Leagtar síos leis an bhforáil sin an prionsabal go dtoirmisctear gníomhaíocht ag na Ballstáit i réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-31" href="#t-31">31</a>
</span>) an Aontais  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-32" href="#t-32">32</a>
</span>) ach amháin má chinneann an tAontas a mhalairt agus má chumhachtaíonn sé na Ballstáit déanamh amhlaidh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">79.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Beag beann ar dhálaí cumhachtaithe dá leithéid, arb ionann iad agus an tsaincheist shubstainteach a ardaítear leis an dara saincheist dlí sa chaingean, táim den tuairim go n‑éilíonn an cumhachtú sin, ar eisceacht thábhachtach é, de réir sainmhíniú, ar riail de chineál bunreachtúil, togra ón gCoimisiún, mura bhfuil gá leis, i gcás ina bhfuil cosc ar an Aontas Eorpach gníomhú mar thoradh ar rialacha an dlí idirnáisiúnta lena bhforáiltear do theorainneacha inghlacthachta le gníomhaíochtaí ag EIR. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">80.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuirfí i mbaol an chothromaíocht atá idir an institiúid ag a bhfuil sé de chúram leas ginearálta an Aontais a chur in iúl agus na rialtais, atá ina gcuid dhílis de struchtúr dlíthiúil an Aontais,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-33" href="#t-33">33</a>
</span>) mar thoradh ar aon léiriú eile. Chun teacht timpeall ar na teorainneacha atá ina ndlúthchuid d’eisiachas inniúlachtaí an Aontais i réimsí áirithe, ba leor don Chomhairle na Ballstáit a chumhachtú chun gníomhú de réir bhrí Airteagal 2(1) CFAE ar a tionscnamh féin ar ghlacadh gníomh a mhol an Coimisiún nach bhforáiltear do chumhachtú dá leithéid leis. I gcomhthéacs an chaidrimh sheachtraigh, d’fhéadfadh sé go bhféadfadh an Chomhairle, fiú i réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais, gníomhaíocht chomhthreomhar na mBallstát leis an Aontas a údarú, rud a d’fhéadfadh eisiachas inniúlacht an Aontais a thabhairt faoi cheist.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-34" href="#t-34">34</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">81.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ag féachaint do chineál eisceachtúil an chumhachtaithe dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) CFAE agus ag féachaint dó nach bhfuil gá na cuspóirí arna leagan síos ag an gCoimisiún sa togra le haghaidh cinnidh a bhaint amach leis an údarú atá faoi dhíospóid, ba chóir an t‑údarú atá faoi dhíospóid a mheas mar bheart ar leith, atá lasmuigh de na teorainneacha arna socrú ag an gCoimisiún ina thogra le haghaidh cinnidh. Dá bhrí sin, mar a áitíonn an Coimisiún, tá lán‑údar le caitheamh leis an údarú atá faoi dhíospóid mar chinneadh ar leith ar gá togra ón gCoimisiún ina leith d’fhonn é a ghlacadh. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an t‑údarú atá faoi chonspóid lasmuigh de na teorainneacha a chinntear le hábhar, le críoch agus le hinneachar an togra le haghaidh cinnidh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">82.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, ós rud é gur dheonaigh an Chomhairle an t‑údarú atá faoi dhíospóid gan togra ón gCoimisiún, ní mór a mheas, tríd an togra le haghaidh cinnidh a leasú trí na forálacha atá faoi dhíospóid a chur isteach lena bhforáiltear don údarú atá faoi dhíospóid, gur sháraigh an Chomhairle Airteagal 17(2) CAE, Airteagal 293(1) CFAE, an prionsabal tabhartha cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 13(2) CAE, prionsabal na cothromaíochta institiúidí agus ceart tionscnaimh an Choimisiúin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(3)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Conclúid idirlinne </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">83.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an méid roimhe seo, molaim go seasfadh an Chúirt leis an gcéad saincheist dlí den chaingean. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">2.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An dara saincheist dlí</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">84.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Fágann toradh mo chuid anailíse ar an gcéad saincheist dlí nach bhfuil gá an dara saincheist a scrúdú. Mar sin féin, déanfaidh mé anailís ar an dara saincheist dlí den chaingean don chás nach mbeadh an Chúirt ar aon tuairim liom maidir leis an gcéad saincheist dlí, á chur san áireamh go ndlíodh don Chomhairle leasuithe a dhéanamh ar an togra le haghaidh cinnidh d’ainneoin nach raibh togra ón gCoimisiún ann.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(a)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Argóintí na bpáirtithe</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">85.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Lena dara saincheist dlí, maíonn an Coimisiún gur sháraigh an Chomhairle Airteagal 2(1) agus Airteagal 207 CFAE chomh maith leis an oibleagáid cúiseanna a lua. Dar leis, sháraigh an Chomhairle a hinniúlachtaí agus mhainnigh sí cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt lena cinneadh chun gníomhú na mBallstát i réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais a údarú. Cé gur dheonaigh an Chomhairle údaruithe den sórt sin maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta roimhe seo i réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais, bhí siad eisceachtúil mar sin féin. Deonaíodh iad, ar an gcéad dul síos, i gcásanna inar cuireadh cosc ar ghníomhaíocht an Aontais ina ainm féin  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-35" href="#t-35">35</a>
</span>) agus, ar an dara dul síos, i gcásanna comhaontuithe déthaobhacha inar chinn sé gan gníomhú é féin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-36" href="#t-36">36</a>
</span>) Sna cinntí sin lena dtugtar a leithéid d’údarú, ba mhinic a chuireadh an Chomhairle i dtreis go bhfuil an t‑údarú sin eisceachtúil. Mar sin féin, is údarú ginearálta é an t‑údarú atá faoi dhíospóid agus níl sé coinníollach ná sealadach. Tá an Coimisiún den tuairim nach leor an “ráthaíocht inmheánach” maidir le hurraim d’inniúlacht eisiach an Aontais, dá bhforáiltear in Airteagal 4 den chinneadh atá faoi chonspóid, chun a áirithiú go bhfuil an cinneadh sin i gcomhréir leis na Conarthaí nó ionas nach gcuirfí seasamh idirnáisiúnta an Aontais faoi dhlaoi.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">86.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir le fadhb cheart vótála an Aontais sa Tionól, áitíonn an Coimisiún nach féidir leigheas a chur ar an scéal go hiomchuí le hAirteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid, ós rud é go bhfuil saorchead ag na Ballstáit maidir le cibé an ngníomhóidh siad de réir an údaraithe atá faoi dhíospóid nó nach ngníomhóidh. Os a choinne sin, chuirfí bac ar iarrachtaí an Choimisiúin na clásail a bhaineann le hathrú a dhéanamh ar rialacha vótála na EIRanna i gceist le haontachas na mBallstát d’Ionstraim na Ginéive agus chumhachtófaí stádas sa dlí idirnáisiúnta atá comhchosúil le stádas na Stát a bheith ag an Aontas sa chás ina ngníomhaíonn sé i réimse a thagann faoina inniúlacht eisiach. Ina theannta sin, cuireann an Coimisiún i dtreis, sa chás seo, gur gá gan an iomarca tábhachta a chur leis an gceart vótála ó tharla gur fíorannamh a ghníomhaíonn an Tionól, a phléann le ceisteanna riaracháin ar an mórgóir, trí vótáil agus go ngníomhaíonn sé de chomhthoil ina ionad sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">87.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I dtaca le fadhb thosaíocht na gclárúchán faoi Chomhaontú Liospóin agus le fadhb leanúnachas na cosanta, tá an Coimisiún den tuairim nach bhféadfadh an Chúirt talamh slán a dhéanamh de go gcuirfí athrú ar an oireachas mura n‑aontaíonn na Ballstáit is páirtithe iad don Chomhaontú sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">88.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir leis na cúiseanna a luadh leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, cuireann an Coimisiún in iúl go bhfuil aithris 8 den chinneadh sin frithráiteach inti féin. Dar leis, bíodh dealramh leis an gcéad abairt go bhfuil “deis” aghaidh a thabhairt ar cheist cheart vótála an Aontais “á tabhairt” don Tionól, tugtar le fios leis an dara habairt, áfach, go bhfuil sé “iomchuí” údarú a dheonú do na Ballstáit, beag beann ar na cinntí a bhféadfadh an Tionól a dhéanamh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">89.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Measann an Chomhairle, le tacaíocht ó na Ballstáit is idiragraithe, nach bhfíoraítear Airteagal 2(1) CFAE a léiriú go sriantach mar atá molta ag an gCoimisiún le léiriú litriúil ná le léiriú teileolaíoch. Dar leis an gComhairle, féachtar leis an bhforáil sin forbairt bhunreachtúil an Aontais féin trí inniúlachtaí atá eisiach go minic a thabhairt a chur ag comhtheacht le dlíchóras idirnáisiúnta ina bhfuil Stáit mar phríomhábhair. D’fhonn a chuspóirí a bhaint amach go hidirnáisiúnta, ní mór don Aontas lánúsáid a bhaint as seasamh na mBallstát, atá ina ngníomhairí idirnáisiúnta iad féin, le cur lena éifeachtacht agus feidhmiú éifeachtach a cheart go hidirnáisiúnta a áirithiú. Áitíonn an Chomhairle gur cheart go bhféadfadh sí gníomhaíocht na mBallstát a údarú chun leasa an Aontais agus an inniúlacht eisiach atá ag an Aontas agus an córas faoina leithdháiltear na hinniúlachtaí idir institiúidí an Aontais Eorpaigh á n‑urramú go hiomlán, lena dtugtar ról i struchtúr institiúideach an Aontais dóibh go léir i bhfeidhmiú na gcúraimí a chuirtear orthu.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">90.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir le hargóint an Choimisiúin lena n‑éilítear nár luadh cúiseanna, measann an Chomhairle go mínítear na himthosca a thugann údar don údarú atá faoi dhíospóid go leordhóthanach sa chinneadh atá faoi chonspóid, i gcomhthéacs a bhfuil an Coimisiún istigh air. Dá bhrí sin, ní mór an argóint sin a dhiúltú.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(b)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Measúnú</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(1)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Airteagal 2(1) CFAE</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">91.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar atá curtha i dtreis agam cheana féin, ní bhainfidh an anailís seo a leanas le hábhar mura bhfuil an Chúirt ar aon tuairim liom maidir leis an gcéad saincheist dlí agus go bhfuil sí den tuairim, murab ionann agus an méid a mholaim, go ndlitear don Chomhairle an leasú atá faoi chonspóid a dhéanamh ar an togra le haghaidh cinnidh i gcomhréir le hAirteagal 293 CFAE, gan togra arna thíolacadh ag an gCoimisiún ina leith sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">92.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáiríre, tá dlúthbhaint ag an dara saincheist dlí leis an gcéad saincheist dlí sa mhéid is go mbaineann siad leis an tsaincheist chéanna, eadhon an chumhacht chun a údarú do na Ballstáit gníomhú i réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs an chaidrimh sheachtraigh. Mar sin féin, fad a bhaineann an chéad saincheist dlí leis an gcoibhneas idir na rialacha a leagtar amach in Airteagal 2(1) CFAE agus ceart tionscnaimh an Choimisiúin, baineann an dara saincheist dlí le hAirteagal 2(1) CFAE a léiriú.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">93.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, is gá a chinneadh conas ba cheart Airteagal 2(1) CFAE a léiriú, a mhéid a dhéantar foráil ann maidir le cumhachtú na mBallstát reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí i réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Sa chás idir lámha, ní dhéantar inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh a dhíospóid agus níl aon cheann de na páirtithe in amhras an dtagann an t‑údarú atá faoi dhíospóid faoi raon feidhme Airteagal 2(1) CFAE.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">94.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar atá luaite agam cheana féin,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-37" href="#t-37">37</a>
</span>) bunaítear le hAirteagal 2(1) CFAE prionsabal bunreachtúil dhlí an Aontais lena ndaingnítear prionsabal na tabhartha. Léirítear a thábhachtaí agus atá sé toisc go bhfuil sé i measc na gcéad fhorálacha de Chonradh FAE, ina leagtar síos na prionsabail.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">95.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Le hAirteagal 2(1) CFAE, maidir leis na Ballstáit a chumhachtú, déantar cásdlí na Cúirte a chódú, go háirithe na breithiúnais in Donckerwolcke agus Schou,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-38" href="#t-38">38</a>
</span>) in Bulk Oil (Zug)  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-39" href="#t-39">39</a>
</span>) agus in Werner.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-40" href="#t-40">40</a>
</span>) Is éard atá ann don Choimisiún freisin ná códú chásdlí na Cúirte maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais i gcásanna ina gcuirtear cosc le gníomhaíocht an Aontais ina ainm féin de dheasca na rialacha faoin dlí idirnáisiúnta nó sa chás nach gcuirtear cosc leis ach go socraíonn sé gan dul i mbun gníomhaíochta ós rud é go bhfuil sé i gceist ag na Ballstáit déanamh amhlaidh. Is fíor go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an lucht léinn den tuairim gurb amhlaidh gur eisceacht é nuair a ghníomhaíonn na Ballstáit mar “iontaobhaithe” an Aontais  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-41" href="#t-41">41</a>
</span>) gan chódú sna Conarthaí nach dtagraítear go díreach dó in Airteagal 2(1) CFAE  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-42" href="#t-42">42</a>
</span>) </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">96.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Beag beann ar a bhí i gceist ag údair na gConarthaí, tá foclaíocht Airteagal 2(1) CFAE, a mhéid a thagraítear do chumhachtú na mBallstát ar son a raon feidhme a léiriú go leathan. Dá bhrí sin, ní féidir a mheas nach bhfuil feidhm ag an riail sin ach amháin maidir leis na cásanna á n‑agairt ag an gCoimisiún. Is cosúil nach gcuireann an Coimisiún féin as an áireamh go bhféadfaí na Ballstáit a chumhachtú chun gníomhú i gcásanna eile freisin. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">97.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar sin, is í an cheist is lárnaí sa dara saincheist dlí ná a fhionnadh céard iad na coinníollacha, más ann dóibh, faoina bhféadfaí leas a bhaint as an gcumhachtú dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) CFAE. Go deimhin, i gcomhthéacs caingean le haghaidh neamhniú, ní faoin gCúirt atá sé measúnú a dhéanamh ar na slite is fearr le stádas iomchuí i leith páirtithe eile i gcomhaontú idirnáisiúnta a ráthú don Aontas Eorpach, rud nach bhfuil sí in ann a dhéanamh ar aon chaoi. Os a choinne sin, is faoin gCúirt atá sé measúnú a dhéanamh ar comhlíonadh na coinníollacha chun leas a bhaint as an gcumhachtú dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) CFAE.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">98.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuige sin, de réir dealraimh, níl amhras ar na páirtithe nach bhféadfaí a mheas nach bhfuil teorainn nó coinníoll ag baint leis an gceart chun na Ballstáit a chumhachtú chun gníomhú i réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-43" href="#t-43">43</a>
</span>) Tugtar le tuiscint ón bprionsabal tabhartha cumhachtaí, sa chás ina ndéanann na Ballstáit a n‑inniúlacht a aistriú don Aontas i réimse faoi leith trína thabhairt mar inniúlacht eisiach, go gcaithfear a mheas go bhfuil feidhmiú na hinniúlachta sin ag na Ballstáit ag teacht salach ar an bprionsabal sin. Is cosúil gur léir a leithéid ó fhoclaíocht Airteagal 2(1) CFAE, lena gcuirtear i dtreis go bhfuil cumhachtú na mBallstát dá bhforáiltear ann eisceachtúil. Ar thaobh amháin, leagtar amach an cumhachtú sin mar eisceacht ón riail a leagtar síos ag tús Airteagal 2 CFAE agus, ar an taobh eile, baintear leas as ní hamháin faoi réir chinneadh na mBallstát ach faoi réir chinneadh an Aontais freisin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-44" href="#t-44">44</a>
</span>) </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">99.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I gcás nach gceadaítear gníomhú ach amháin in imthosca eisceachtúla, ní foláir go bhfuil cúiseanna oibiachtúla le leas a bhaint as. Ní mór cuspóir a bhfuil údar leis a bheith á shaothrú leis an ngníomh sin, agus atá oiriúnach chun an cuspóir sin a bhaint amach, gan níos mó a bheith i gceist leis ná an méid is gá lena bhaint amach; murach sin, b’fhurasta deonú inniúlachta don Aontas sna Conarthaí mar inniúlacht eisiach a thabhairt faoi cheist.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">100.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is léir ó chásdlí socair na Cúirte gur faoin bpáirtí lena mbaineann atá sé fianaise a thabhairt ar aird le heisiachas na hinniúlachta seachtraí de chuid an Aontais atá á agairt aige a chruthú.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-45" href="#t-45">45</a>
</span>) De réir análaí, is é mo thuairimse nach mór a admháil gur faoin bpáirtí a agraíonn an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) CFAE fianaise a sholáthar lena dtugtar údar le leas a bhaint as an gcumhachtú dá bhforáiltear ann. Sa chás seo, dá bhrí sin, is faoin gComhairle atá sé a léiriú go bhfuil údar oibiachtúil leis an údarú atá faoi dhíospóid a dheonú do na Ballstáit, gur féidir na cuspóirí a bheartaítear a bhaint amach leis an údarú sin, agus nach sáraítear leis an údarú sin an méid is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">101.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, tugann an Chomhairle dhá údar bunaithe, ar an gcéad dul síos, ar an ngá atá lena áirithiú go bhfuil ceart vótála ag an Aontas Eorpach sa Tionól agus, ar an dara dul síos, ar an ngá atá le háirithiú go gcosnófar cearta faighte mar thoradh ar chlárú a rinneadh faoi Chomhaontú Liospóin. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">102.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Táim den tuairim go bhfuil na cúiseanna sin ar son aon dul i muinín an chumhachtaithe dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) CFAE ag an Aontas. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">103.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Go deimhin, ar an gcéad dul síos, ní féidir diúltú d’argóint na Comhairle maidir le fadhb an chirt vótala ag EIRanna sa Tionól. Ar bhonn Airteagal 22 d’Ionstraim na Ginéive a léiriú go litriúil, is féidir a áitiú, i gcás vótáil sa Tionól, nach mbeidh ceart vótála ag an Aontas mura bhfuil aon cheann dá Bhallstát ina pháirtí san ionstraim sin. Ní comhlacht gan chumhacht an Tionól. De réir Ionstraim na Ginéive, tá inniúlachtaí sonracha aige a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar na cearta agus ar na hoibleagáidí atá ag na bpáirtithe agus ag na hoibreoirí eacnamaíocha. Cé nach ndéantar foráil maidir leis an gcinneadh trí vóta ach amháin mar rogha thánaisteach, ní chuirtear é as an áireamh. Sa chomhthéacs sin, ní féidir a mheas gur cumhachtú gan údar é cumhachtú de réir bhrí Airteagal 2(1) CFAE, a fhágann gur féidir a áirithiú go bhfuil ceart vótála ag an Aontas Eorpach sa Tionól.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-46" href="#t-46">46</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">104.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an dara dul síos, is amhlaidh an cás maidir le hargóint na Comhairle a bhaineann leis an ngá atá ann leanúnachas chosaint na n‑ainmniúchán tionscnaimh a chláraítear faoi Chomhaontú Liospóin a áirithiú. Cé gur cosúil go ráthaítear le hAirteagal 31 d’Ionstraim na Ginéive go bhfuil an chosaint sin leanúnach, fiú mura n‑aontaíonn na seacht mBallstát faoi chaibidil di, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh leibhéal na cosanta sin a bheith níos ísle ná an leibhéal a thugtar i gcás ainmniúcháin tionscnaimh atá cláraithe faoi Liospóin a áireamh sa chóras a bunaíodh le hIonstraim na Ginéive.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">105.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, feictear domsa nach gcumasaítear le hAirteagal 31 d’Ionstraim na Ginéive ainmniúcháin tionscnaimh a chosaint sa chaidreamh idir na seacht mBallstát faoi chaibidil (mura n‑aontaíonn siad don ionstraim sin) agus na Stáit nach bhfuil ina bpáirtithe ach le hIonstraim na Ginéive (is é sin le rá, na tríú Stáit nach páirtithe iad i gComhaontú Liospóin). Mura n‑aontaíonn ceann de na seacht mBallstát faoi chaibidil d’Ionstraim na Ginéive, ní bheidh na hainmniúcháin tionscnaimh a chláraigh siad sular tháinig an ionstraim sin i bhfeidhm faoi chosaint sna Ballstáit is páirtithe san ionstraim sin nach bhfuil ina bpáirtithe i gComhaontú Liospóin, sa chás nach gcláraítear iad in athuair. Is fíor go bhféadfadh an tAontas Eorpach ainmniúchán a chlárú in athuair, ach níl aon fhoráil d’Ionstraim na Ginéive a fhágann gur féidir talamh slán a dhéanamh de go gcinnfí oireachas ainmniúcháin tionscnaimh atá cláraithe in athuair mar sin ar bhonn an chlárúcháin a rinne an Ballstát lena mbaineann é faoi Chomhaontú Liospóin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">106.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an dara dul síos, ní bheadh sé de cheart ag na seacht mBallstát faoi chaibidil a n‑ainmniúcháin tionscnaimh atá cláraithe cheana féin faoi Chomhaontú Liospóin a áireamh sa chóras cosanta arna bhunú le hIonstraim na Ginéive. Sa chás sin, fiú murab ann do bhaol go ndéanfaí cearta faighte a “chailleadh”, d’fhéadfaí tairbhí áirithe a bhaineann le páirt a ghlacadh i gcóras arna cheapadh, dar le lucht a cheaptha, chun go mbeidh níos mó tarraingt air ná an córas a raibh ann roimhe sin, agus atá ceaptha le teacht ina ionad, a bheith ceilte ar na hoibreoirí lena mbaineann.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">107.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is fíor go bhféadfaí na fadhbanna atá i gceist a sheachaint le forálacha Ionstraim na Ginéive a léiriú amhail go bhfuil sé d’éifeacht ag aontú an Aontais d’Ionstraim na Ginéive go dtagann an tAontas in áit na mBallstát atá ina bpáirtithe le Comhaontú Liospóin. Mar sin féin, ní fhoráiltear d’éifeacht den sórt sin go sainráite le hIonstraim na Ginéive. Níl an tAontas, mar pháirtí conarthach, in ann léiriú mar sin a bhrú ar na Páirtithe Conarthacha eile ná ar Rúnaíocht EDMI. Tá cur chuige faichilleach de dhíth mar gheall ar an éiginnteacht sin maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla. Ní mór na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú nach gcuirfear staid dhlíthiúil na n‑oibreoirí a bhfuil clárúchán déanta acu cheana faoi Chomhaontú Liospóin i mbaol.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">108.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Táim den tuairim gur beart é an t‑údarú atá faoi dhíospóid chun na rioscaí a bhaineann le ceart vótála an Aontais Eorpaigh sa Tionól agus le leanúnachas na cosanta d’ainmniúcháin tionscnaimh a chláraítear faoi Chomhaontú Liospóin a dhíobhadh. Leis an údarú sin, fiú mura ndíobhtar na rioscaí sin ann féin, ceadaítear do na Ballstáit déanamh amhlaidh agus iad aontaithe d’Ionstraim na Ginéive.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">109.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar sin féin, chun an baol sin a dhíobhadh, ní gá dlí ar na seacht mBallstát faoi chaibidil aontú d’Ionstraim na Ginéive. Is leor an deis sin a thabhairt dóibh. I bhfianaise oibleagáidí áirithe a thig ó aontú, is cuí é a fhágáil faoi na Ballstáit lena mbaineann cinneadh a dhéanamh an gá dóibh aontú d’Ionstraim na Ginéive, agus líon na gclárúchán a rinneadh faoi Chomhaontú Liospóin chomh maith le leasanna na sealbhóirí cirt a thig uaidh á gcur san áireamh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">110.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is fíor nach mbeadh réiteach faighte ar fhadhb an chirt vótála atá ag an Aontas sa Tionól murar bhain aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann úsáid as an bhféidearthacht a cuireadh ar fáil dóibh leis an údarú atá faoi dhíospóid. Mar sin féin, bhí cúiseanna ag an gComhairle a chreidiúint go raibh roinnt Ballstát chun an deis sin a thapú agus is amhlaidh gur aontaigh an dá Ballstáit d’Ionstraim na Ginéive. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">111.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa mhéid go bhfuil an t‑údarú faoi dhíospóid ina bheart lenar féidir an baol i ndáil le ceart vótala an Aontais sa Tionól a dhíobhadh agus i ndáil leis an leanúnachas a bhaineann leis an gcosaint ar ainmniúcháin tionscnaimh a cláraíodh faoi Chomhaontú Liospóin mar sin, ní mór a fhíorú an sáraítear leis an méid is gá leis an gcuspóir thuasluaite a bhaint amach.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">112.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ní léir dom aon slí eile chun an aidhm atá i gceist a bhaint amach. Cinnte, d’fhéadfaí iarracht a dhéanamh a chur ina luí ar na Páirtithe Conarthacha agus Rúnaíocht EDMI Ionstraim na Ginéive a léiriú amhail go bhfuil vóta amháin ar a laghad sa Tionól ag na EIRanna agus go gcuirtear an tAontas in ionad na seacht mBallstát faoi chaibidil a mhéid a ghníomhaíonn sé chun ainmniúcháin tionscnaimh a chláraítear faoi Chomhaontú Liospóin a chosaint. Ach ní fhéadfaí a thuar an n‑éireoidh lena leithéid de chur chuige, agus bheadh sé ag brath ar na Páirtithe Conarthacha eile agus ar Rúnaíocht EDMI agus, dá bhrí sin, bheadh éiginnteacht ann. Os a choinne sin, de bharr aontachas na mBallstát d’Ionstraim na Ginéive, is féidir an baol lena mbaineann a dhíobhadh trí fheidhmiú an dlí.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">113.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is í an t‑aon cheist atá ann ná an gcaithfidh aontachas ní hamháin na mBallstát faoi chaibidil ach aontachas na mBallstát go léir d’Ionstraim na Ginéive a údarú. D’fhéadfadh údar cuí a bheith lena leithéid d’údarú mar gheall ar an ngá atá lena áirithiú sa Tionól go mbeidh a oiread vótaí ón Aontas agus is féidir.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">114.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, ní léir ó na haithrisí a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid go raibh an gá lena oiread vótaí ón Aontas sa Tionól agus is féidir a áirithiú ina chúis leis an údarú atá faoi dhíospóid a dheonú.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-47" href="#t-47">47</a>
</span>) Ní thagraíonn sé ach don ghá atá ann an cheist maidir le ceart vótála an Aontais a thabhairt chun rialtachta agus fágtar faoi na Ballstáit a chinneadh an mian leo úsáid a bhaint as an údarú atá faoi dhíospóid. Is leor do Bhallstát amháin aontú dó chun an baol nach mbeidh ceart vótála ag an Aontas sa Tionól a dhíobhadh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">115.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chomhthéacs sin, agraíonn na páirtithe prionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit. Dar leo, cuirtear toirmeasc leis sin ar údarú a dheonú do Bhallstáit áirithe amháin aontú d’Ionstraim na Ginéive. I ndáil leis sin, táim ar aon aigne leis an Abhcóide Ginearálta Kokott ina Tuairim sa chás an Coimisiún v an tSualainn (Ionaid Cóireála Fuíolluisce)  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-48" href="#t-48">48</a>
</span>) inar thug sí faoi deara, cé nár shoiléirigh an Chúirt fós conas comhionannas na mBallstát a léiriú, nach mór glacadh leis go bhfuil feidhm ag an gcásdlí maidir le prionsabal na córa comhionainne maidir leo freisin. Éilítear leis an bprionsabal sin nach bhfuil cásanna atá inchomparáide le chéile le caitheamh go difriúil óna chéile agus nach bhfuil cásanna difriúla le caitheamh mar an gcéanna lena chéile, mura bhfuil údar oibiachtúil lena gcaitheamh mar sin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-49" href="#t-49">49</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">116.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tá cás na seacht mBallstát faoi chaibidil difriúil ó chás na mBallstát nach iad. Níl aon bhaol ann maidir leis an gcaighdeán cosanta ar ainmniúcháin tionscnaimh a cláraíodh cheana faoi Chomhaontú Liospóin toisc nár aontaigh na seacht mBallstát d’Ionstraim na Ginéive. Éilítear de bharr an bhaoil seo go bhféadfaidh na seacht mBallstát faoi chaibidil aontú d’Ionstraim na Ginéive. Ós rud é go bhforáiltear go sainráite leis an gcinneadh atá faoi chonspóid gurb é an tAontas seachas na Ballstáit a vótálfaidh sa Tionól, níl a leithéid d’údar maidir le leas na mBallstát i ndail leis an gceart vótála ann. Mar sin, ní sháraítear prionsabal an chomhionannais toisc nach ionann mar a chaitear leis na seacht mBallstát faoi chaibidil agus mar a chaitear leis na Ballstáit nach iad toisc go bhfuil raon feidhme an údaraithe atá faoi dhíospóid teoranta do na seacht mBallstát amháin atá faoi chaibidil.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">117.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Thairis sin, mar atá luaite cheana féin agam i mír 43 den Tuairim seo, d’fhéadfaí aontachas na mBallstát d’Ionstraim na Ginéive a údarú as seo amach trí bhíthin cinneadh ar leith. Dá réir sin, d’fhéadfaí cinneadh lena n‑údaraítear aontachas na mBallstát ach athrú a theacht ar chúrsaí, go háirithe d’fhonn seasamh an Aontais sa Tionól a neartú más léir go bhfuil gá leis.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">118.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an méid seo thuas, táim den tuairim, faoi láthair, go sáraíonn aontachas na mBallstát go léir d’Ionstraim na Ginéive an méid is gá leis an mbaol a bheadh ann, mura n‑aontódh na Ballstáit don ionstraim sin, a dhíobhadh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">119.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn an Coimisiún go bhfuil an t‑údarú gan choinníoll agus buan. Mar sin féin, forchuirtear srianta suntasacha ar na Ballstáit a d’aontaigh d’Ionstraim na Ginéive le forálacha áirithe d’Airteagal 4 den chinneadh atá faoi chonspóid. Ar an gcéad dul síos, tá an Coimisiún ina ionadaí san Aontas Speisialta don Aontas agus do na Ballstáit. Ar an dara dul síos, is faoin Aontas atá sé feidhmiú chearta agus comhlíonadh oibleagáidí an Aontais agus na mBallstát a d’aontaigh d’Ionstraim na Ginéive a áirithiú. Ar an tríú dul síos, is é an Coimisiún a thugann na fógraí go léir is gá faoi Ionstraim na Ginéive in ainm an Aontais agus in ainm na mBallstát lena mbaineann. Ar an gceathrú dul síos agus ar deireadh, is é an tAontas a vótálann sa Tionól fad nach bhfeidhmíonn na Ballstáit a gceart vótála. Is dóigh liom gur féidir an baol go mbeidh aon aimhréiteach idir an tAontas agus na Ballstáit laistigh den Tionól agus ar chur i bhfeidhm Ionstraim na Ginéive a íoslaghdú leis na forálacha sin. Sa chás seo, tá an t‑údarú a dheonaítear do na Ballstát teoranta uime sin agus ní athraítear go buan leithroinnt na n‑inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">120.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an méid thuasluaite, táim den tuairim go bhfuil Airteagal 2(1) CFAE á shárú leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a mhéid a shonraítear sna forálacha atá faoi dhíospóid go n‑údaraítear do na Ballstáit go léir aontú d’Ionstraim na Ginéive seachas na seacht mBallstát atá faoi chaibidil amháin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(2)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Na cúiseanna</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">121.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maíonn an Coimisiún go bhfuil dhá fhrása d’aithris 8 den chinneadh in aghaidh a chéile. Níl siad in aghaidh a chéile, áfach, ar léamh suibiachtúil ar an aithris sin de réir chur chuige an Choimisiúin maidir le fadhb an chirt vótála. Murab ionann agus an Coimisiún, is dóigh liom nach bhfuil an chéad abairt den aithris sin le léamh amhail is go bhfuil “deis” aghaidh a thabhairt ar cheist cheart vótála an Aontais “á tabhairt” don Tionól ach go bhfuil sí le léamh amhail is go bhfuil fadhb á léiriú inti a mholtar an réiteach uirthi sa dara habairt den aithris sin. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">122.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is léir ó chásdlí na Cúirte nach mór an ráiteas ar chúiseanna le gníomh a bheith in oiriúint don bheart atá i gceist agus don chomhthéacs inar glacadh é. Chuige sin, níl na fíricí ábhartha go léir agus na pointí ábhartha dlí go léir le lua sa mhéid nach mór measúnú a dhéanamh ar luadh na cúiseanna go leordhóthanach i bhfianaise ní hamháin faoi mar a cuireadh friotal orthu, ach i bhfianaise an chomhthéacs agus na rialacha go léir maidir leis an ábhar i gceist freisin, agus go háirithe, de réir an leasa maidir le mínithe a fháil a d’fhéadfadh a bheith ag na daoine a bhfuil an gníomh dírithe orthu.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-50" href="#t-50">50</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">123.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tá comhthuiscint ann freisin gur ceanglas fíor-riachtanach nós imeachta í an oibleagáid cúiseanna a lua a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 296 CFAE, nach mór idirdhealú a dhéanamh idir í agus an cheist an bhfuil bunús maith leis na cúiseanna a tugadh, rud a bhaineann le dleathacht shubstainteach an ghnímh atá faoi dhíospóid.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-51" href="#t-51">51</a>
</span>) </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">124.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, is féidir nasc a bhunú idir an t‑údarú atá faoi chonspóid agus an tsaincheist maidir le ceart vótála an Aontais sa Tionól le haithris 8 den chinneadh atá faoi chonspóid. Ina theannta sin, baineann na hargóintí a chuir an Coimisiún chun cinn ní leis na cúiseanna leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a lua, i ndáiríre, ach le fiúntas an réitigh a roghnaíodh chun fadhb an chirt vótála a leigheas, ar réiteach é a bhí ina ábhar cheana féin don anailís atá déanta agam ar Airteagal 2(1) CFAE.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">125.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an méid sin roimhe seo, is dóigh liom nach mór diúltú don argóint gur mainníodh cúiseanna a lua.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(3)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Conclúid idirlinne</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">126.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an méid sin roimhe seo, táim den tuairim gur chóir seasamh leis an dara saincheist dlí agus gur chóir na forálacha atá faoi dhíospóid sa chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">VI.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid a choimeád le himeacht ama</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">127.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Má chinneann an Chúirt an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, beidh uirthi a chinneadh ar cheart éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid a choimeád go dtí go nglacfar an cinneadh nua ón gComhairle.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">128.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tá Ionstraim na Ginéive sínithe agus daingnithe ag Poblacht na Fraince agus ag an Ungáir cheana féin, de bhun Airteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid. Ní féidir a chur as an áireamh, tar éis bhreithiúnas na Cúirte, go gcuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle le haghaidh cinneadh lena n‑údarófaí do na Ballstát aontú d’Ionstraim na Ginéive i gcomhréir leis an treoir a leagfar amach i mbreithiúnas na Cúirte.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-52" href="#t-52">52</a>
</span>) Idir an dá linn, i mo thuairimse, ní mór na héifeachtaí atá ag Airteagail 3 agus 4 den chinneadh atá faoi chonspóid a choimeád sa mhéid gurb iad an bunús dlí do ghníomhartha ar a bhfuil cuma go bhféadfar a mheas go bhfuil siad dleathach i bhfianaise an chinnidh atá le déanamh amach anseo.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">129.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bharr sin, agus i bhfianaise na staide éagsúla a bhaineann leis na seacht mBallstát faoi chaibidil, molaim don Chúirt na héifeachtaí atá ag Airteagail 3 agus 4 den chinneadh atá faoi chonspóid a choimeád a mhéid a bhaineann sé le haontachas féideartha na seacht mBallstát faoi chaibidil d’Ionstraim na Ginéive roimh an dáta a dtabharfadh an Chúirt a breithiúnas go dtí go dtiocfadh cinneadh ón gComhairle i bhfeidhm, laistigh de tréimhse ama réasúnta nach sia ná sé mhí ón dáta a dtabharfar an bhreithiúnas.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">VII.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Costais</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">130.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Faoi Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. A mhéid a mholaim go seasfaí leis an gcaingean agus gur iarr an Coimisiún go n‑ordófar don Chomhairle na costais a íoc, is dóigh liom gur chóir a ordú don Chomhairle na costais a íoc.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">131.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha sin, íocfaidh Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire agus Poblacht na Portaingéile a gcostais féin mar idiragraithe sna himeachtaí.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">VIII.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Conclúid</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">132.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, molaim go ndéanfadh an Chúirt an méid seo a leanas:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Airteagal 3 de Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh d’Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha a chur ar neamhní;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Airteagal 4 de Chinneadh 2019/1754 a chur ar neamhní a mhéid a thagraítear do na Ballstáit ann;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">éifeachtaí na gcodanna de Chinneadh 2019/1754 arna gcur ar neamhní a choimeád a mhéid a bhaineann le daingniú Ionstraim na Ginéive dá dtagraítear sa chinneadh sin ag Poblacht na Fraince agus ag an Ungáir, mar aon le haon daingniú nó aontachas don ionstraim sin nó d’aontachas di arna dhéanamh roimh dháta bhreithiúnas na Cúirte ag Poblacht na Bulgáire, ag Poblacht na Seice, ag Poblacht na hIodáile, ag Poblacht na Portaingéile agus ag Poblacht na Slóvaice, go dtí go dtiocfaidh cinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm laistigh de thréimhse ama réasúnta nach sia ná sé mhí ón dáta a dtabharfar an breithiúnas;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">a ordú don Chomhairle a costais féin a íoc agus costais an Choimisiúin Eorpaigh a íoc;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">a ordú do Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire agus Poblacht na Portaingéile a gcostais féin a íoc.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <div/>
  <hr class="note"/>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-1" href="#c-1">1</a>
</span>) Bunteanga: an Fhraincis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-2" href="#c-2">2</a>
</span>) Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 923, Uimh. 13172, lch. 205.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-3" href="#c-3">3</a>
</span>) Arna athchóiriú an uair dheireanach i Stócólm an 14 Iúil 1967 agus arna leasú an 28 Meán Fómhair 1979 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 828, Uimh. 11851, lch. 305).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-4" href="#c-4">4</a>
</span>) Mar a luann an Coimisiún, rinneadh an comhaontú seo a shíniú agus a thabhairt i gcrích nuair, maidir le Poblacht na Fraince agus Poblacht na hIodáile, nach measadh go raibh inniúlacht an Aontais Eorpaigh eisiach fós agus nach raibh na Stáit eile sin ina mbaill den Aontas Eorpach go fóill. Shínigh trí Bhallstát eile (Ríocht na Spáinne, an Phoblacht Heilléanach agus an Rómáin) an comhaontú sin in 1958 agus 1959, cé nach raibh siad fós ina mbaill den Aontas ach níor dhaingnigh siad é.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-5" href="#c-5">5</a>
</span>) IO 2019 L 271, lch. 15.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-6" href="#c-6">6</a>
</span>) Ar choinníoll gur páirtí i gCoinbhinsiún Pháras é Ballstát amháin ar a laghad den EIR agus go ndearbhaíonn an EIR go bhfuil sé údaraithe go cuí, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha, a bheith ina pháirtí le hIonstraim na Ginéive agus go bhfuil feidhm ag reachtaíocht, faoi chonradh lena mbunaítear an EIR, faoinar féidir teidil réigiúnacha cosanta a fháil i leith tásca geografacha. Comhlíontar na coinníollacha sin a mhéid a bhaineann siad leis an Aontas Eorpach.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-7" href="#c-7">7</a>
</span>) Is é an téacs a bhaineann leis an gcás seo ná na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus faoi Ionstraim na Ginéive arna ghlacadh an 2 Deireadh Fómhair 2018, TRT/LISBON/013. </p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-8" href="#c-8">8</a>
</span>) Áirítear an sásra sin i leaganacha eile de na Comhrialacháin sin freisin.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-9" href="#c-9">9</a>
</span>) C‑389/15, EU:C:2017:798, mír 74.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-10" href="#c-10">10</a>
</span>) Ina dhiaidh sin, cuireadh Cinneadh (AE) 2018/416 ón gComhairle an 5 Márta 2018 lena n‑údaraítear don Choimisiún dul i mbun caibidlíochta maidir le Comhaontú na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha a athbhreithniú (IO 2018 L 75, lch. 23) in ionad Chinneadh 8512/15.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-11" href="#c-11">11</a>
</span>) COM (2018) 350 final.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-12" href="#c-12">12</a>
</span>) Cinneadh an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le Comhaontú na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO 2019 L 271, lch. 12).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-13" href="#c-13">13</a>
</span>) I ndáil leis sin, foráiltear le hAirteagal 22(4)(b)(ii) d’Ionstraim na Ginéive go nglacfaidh EIR páirt sa vótáil sa Tionól le líon vótaí arb ionann cothrom le líon na mBallstát atá ina bpáirtithe sa ghníomh sin.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-14" href="#c-14">14</a>
</span>) Ina bpléadálacha i scríbhinn, úsáideann na páirtithe an téarma “tásca geografacha” amhail go bhfuil ainmniúcháin tionscnaimh san áireamh iontu freisin. Mar sin féin, tá le cur i dtreis nach bhfuil baint ag raon feidhme Chomhaontú Liospóin ach le hainmniúcháin tionscnaimh.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-15" href="#c-15">15</a>
</span>) Mar a luann an Chomhairle sa chuid réamhráiteach dá cosaint, ní fhéachfaí ar chlárú nua táisc gheografaigh faoi Ionstraim na Ginéive ag an Aontas Eorpach (seachas ag ceann de na seacht mBallstát faoi chaibidil), mar Pháirtí Conarthach nua san Aontas áirithe, mar chlárú lena bhféadfaí leanúnachas an chlárúcháin tosaigh a rinneadh faoi Chomhaontú Liospóin a áirithiú ach mar chlárú ex novo maidir le tríú páirtithe conarthacha. Ó thaobh an dlí de, chiallódh sé sin go gcuirfí isteach ar oireachas an táisc gheografaigh a dheonaítear faoi Chomhaontú Liospóin faoi Ionstraim na Ginéive. Ba dhóbair go gcaillfeadh dílseánaigh na gcearta maoine intleachtúla lena mbaineann bunghné dá gcearta faighte gan údar mar thoradh ar an gcur isteach seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-16" href="#c-16">16</a>
</span>) Breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑626/18, EU:C:2020:1000, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-17" href="#c-17">17</a>
</span>) Breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑626/18, EU:C:2020:1000, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-18" href="#c-18">18</a>
</span>) Breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑626/18, EU:C:2020:1000, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-19" href="#c-19">19</a>
</span>) Arna dhéanamh i Vín ar an 21 Márta 1986. Níl sé i bhfeidhm go fóill.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-20" href="#c-20">20</a>
</span>) Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, iml. 1155, lch. 331.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-21" href="#c-21">21</a>
</span>) Ar mhaithe na simplíochta, agus an méid a n‑údaraítear le hAirteagal 3 den chinneadh atá faoi chonspóid i gceist agam sa chuid eile den Tuairim, úsáidfidh mé an téarma “aontaigh” le haghaidh aontú d’Ionstraim na Ginéive agus í a dhaingniú.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-22" href="#c-22">22</a>
</span>) Is léir ó bharúlacha an Choimisiúin maidir leis na ráitis idiragartha nach gcuireann sé bac ar chinneadh den sórt sin a ghlacadh.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-23" href="#c-23">23</a>
</span>) Breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2003, an Ostair v an Chomhairle (C‑445/00, EU:C:2003:445, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-24" href="#c-24">24</a>
</span>) Féach Lenaerts, K., Maselis, I., Gutman, K., Nowak, EU Procedural Law, Oxford University Press, Oxford, 2014, lch. 306, agus Molinier, J., Lotarski, J., Droit du contentieux de l’European Union, 4ú heag., LGDJ Lextenso, Páras, 2012, lch. 203.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-25" href="#c-25">25</a>
</span>) Breithiúnas an 14 Aibreán 2015, an Chomhairle v an Coimisiún (C‑409/13, EU:C:2015:217, mír 70).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-26" href="#c-26">26</a>
</span>) Breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, an tSlóvaic agus an Ungáir v an Chomhairle (C‑643/15 agus C‑647/15, EU:C:2017:631, mír 147.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-27" href="#c-27">27</a>
</span>) Féach Van Raepenbusch, S., Droit institutionnel de l’Union européenne, 2ú heag., Larcier, an Bhruiséil, 2016, lch. 275.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-28" href="#c-28">28</a>
</span>) Féach Van Raepenbusch, S., op. cit,  lch. 276.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-29" href="#c-29">29</a>
</span>) Féach Van Raepenbusch, S. op. cit. lgh. 276 agus 277.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-30" href="#c-30">30</a>
</span>) I gcás den sórt sin, ní bheadh éifeachtaí dlíthiúla i leith na bpáirtithe conarthacha ag toil an Aontais a bheith faoi cheangal ag Conradh. Is iad na Ballstáit amháin a d’fhéadfadh toil den sórt sin a chur in iúl agus iad ag gníomhú ina n‑ainm féin ach ar mhaithe le leas an Aontais. Sa chás sin, seachas toiliú an Aontais, d’fhéadfaí leis an gCinneadh ón gComhairle foráil a dhéanamh maidir le húdarú na mBallstát a dtoiliú a chur in iúl.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-31" href="#c-31">31</a>
</span>) Cló iodálach arna chur agamsa air.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-32" href="#c-32">32</a>
</span>) Thug lucht léinn na Gearmáine “Sperrwirkung” (“éifeacht inbhactha”) ar an bprionsabal sin, féach Obwexer, W., “AEUV Art. 2”, in von der Groeben, H., Schwarze, J., agus Hatje, A.,  Europäisches Unionsrecht, 7ú heag., Nomos, Baden‑Baden, 2015, mír 16.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-33" href="#c-33">33</a>
</span>) Féach mír 71 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-34" href="#c-34">34</a>
</span>) Féach freisin, i ndáil leis sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Kokott sa Chás an Coimisiún v an Chomhairle (C‑137/12, EU:C:2013:441, mír 96).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-35" href="#c-35">35</a>
</span>) Féach, go háirithe, Cinneadh 2003/93/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena n‑údaraítear do na Ballstáit Coinbhinsiún na Háige 1996 ar Dhlínse, ar an Dlí is Infheidhme, ar Aithint, ar Fhorghníomhú agus ar Chomhar i leith Freagracht Tuismitheoirí agus Bearta chun Leanaí a Chosaint a shíniú chun leasa an Chomhphobail (IO 2003 L 48, lch. 1).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-36" href="#c-36">36</a>
</span>) Féach, go háirithe, Rialachán (CE) Uimh. 662/2009 an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear nós imeachta maidir le comhaontuithe idir Ballstáit agus tríú tíortha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích ar ábhair áirithe a bhaineann leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha (IO 2009 L 200, lch. 25).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-37" href="#c-37">37</a>
</span>) Féach mír 78 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-38" href="#c-38">38</a>
</span>) Breithiúnas an 15 Nollaig 1976 (41/76, EU:C:1976:182).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-39" href="#c-39">39</a>
</span>) Breithiúnas an 18 Feabhra 1986 (174/84, EU:C:1986:60).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-40" href="#c-40">40</a>
</span>) Breithiúnas an 17 Deireadh Fómhair 1995 (C‑70/94, EU:C:1995:328).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-41" href="#c-41">41</a>
</span>) Féach breithiúnas an 5 Bealtaine 1981, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe (804/79, EU:C:1981:93, mír 30). Féach freisin, ina leith sin, Cremona, M., “Member States as Trustees of the Union Interests: Participating in International Agreements on Behalf of the European Union”, in Arnull, A., Barnard, C., Dougan, M., agus Spaventa, E. (eag.), A Constitutional Order of States?: Essays in EU Law in Honour of Alan Dashwood, Hart Publishing, Londain, 2011, lgh. 435 go 458.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-42" href="#c-42">42</a>
</span>) Féach, chuige sin, Obwexer, W, “AEUV Art. 2”, in von der Groeben, op. cit., agus Pelka, S. C., “AEUV Art. 2. [Arten von Zuständigkeiten]”, in Schwarze J. , Becker, U., Hatje, A., agus Schoo, J.,  (eag.),  EU-Kommentar, 4ú heag., Nomos, Baden-Baden, 2019, mír 12.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-43" href="#c-43">43</a>
</span>) Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta Pitruzzella faoi deara ina Thuairim in Hessischer Rundfunk (C‑422/19 agus C‑423/19, EU:C:2020:756, mír 43), d’fhonn a bheith comhoiriúnach le leagan amach bhunreachtúil inniúlachtaí eisiacha an Aontais Eorpaigh, ní féidir ach leis an údarú sin a bheith de chineál teorannach agus ní fhéadfaidh sé a bheith ina chúis le hathrú buan ar roinnt na n‑inniúlachtaí idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit mar thoradh ar an leagan amach sin.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-44" href="#c-44">44</a>
</span>) Féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Nollaig 1976, Donckerwolcke agus Schou (41/76, EU:C:1976:182, mír 32); an 17 Deireadh Fómhair 1995, Werner (C‑70/94, EU:C:1995:328, mír 12), agus breithiúnas an 17 Deireadh Fómhair 1995, Leifer agus páirtithe eile (C‑83/94, EU:C:1995:329, mír 12). </p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-45" href="#c-45">45</a>
</span>) Féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Meán Fómhair 2014, an Coimisiún v an Chomhairle (C‑114/12, EU:C:2014:2151, mír 75), agus an 20 Samhain 2018, an Coimisiún v an Chomhairle (AMP Antarctique) (C‑626/15 agus C‑659/16, EU:C:2018:925, mír 115).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-46" href="#c-46">46</a>
</span>) Tugann an Coimisiún dá aire nár deonaíodh an t‑údarú sin tar éis Chonradh Marrakech maidir le háis rochtana ar shaothair fhoilsithe do dhaoine dalla, do dhaoine lagamhairc nó do dhaoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile, a ghlac EDMI an 27 Meitheamh 2013, ina bhfuil na clásail chéanna a bhaineann le ceart vótála eagraíochtaí neamhrialtasacha (féach Airteagal 13(3) den Chonradh sin). I mo thuairimse, ní bhaineann an argóint sin le hábhar. Go deimhin, i gcás ina mainnítear gníomhú chun fadhbanna áirithe a bhaineann le cur chun feidhme comhaontaithe a leigheas, ní gá neamhghníomhaíocht a bheith ann i ndáil leis an bhfadhb chéanna sin i gcomhthéacs comhaontú eile.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-47" href="#c-47">47</a>
</span>) Ar an gcúis chéanna, ní bhaineann argóint Ballstát is idiragraithe áirithe maidir leis an ngá atá ann an deis a thabhairt do na Ballstáit cosaint tásc geografach neamhthalmhaíochta nach bhfuil comhchuibhithe laistigh den Aontas a áirithiú. Go deimhin, ní léir ó na cúiseanna a luadh leis an gcinneadh atá faoi chonspóid go raibh an fíoras sin ar cheann de na cúiseanna a bhí leis an údarú atá faoi dhíospóid a dheonú. Thairis sin, leis an argóint a cuireadh ar aghaidh, caitear amhras ar chinneadh na Cúirte sa bhreithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, an Coimisiún v an Chomhairle (Comhaontú Liospóin Athbhreithnithe) go bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas Eorpach sa réimse a rialaítear le hIonstraim na Ginéive (féach mír 14 den Tuairim seo).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-48" href="#c-48">48</a>
</span>) C‑22/20, EU:C:2021:250.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-49" href="#c-49">49</a>
</span>) Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Kokott sa chás an Coimisiún v an tSualainn (Ionaid Cóireála Fuíolluisce) (C‑22/20, EU:C:2021:250, mír 35).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-50" href="#c-50">50</a>
</span>) Breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v Landesbank Baden‑Württemberg agus CRU (C‑584/20 P agus C‑621/20 P, EU:C:2021:601, mír 104 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-51" href="#c-51">51</a>
</span>) Breithiúnas an 30 Aibreán 2019, an Iodáil v an Chomhairle (cuóta iascaireachta colgán Meánmhuirí) (C‑611/17, EU:C:2019:332, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-52" href="#c-52">52</a>
</span>) Bheadh gá le togra den sórt sin dá seasfadh an Chúirt leis an gcéad saincheist dlí.</p>
</body>
</html>
