European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2680

11.10.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2680 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Deireadh Fómhair 2024

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1778 lena n-údaraítear an Ghearmáin leanúint de bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, di,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE, duine inchánach atá i mbun soláthar earraí nó seirbhísí inchánach, tá sé faoi dhliteanas cáin bhreisluacha (CBL) a íoc leis na húdaráis chánach, mar riail ghinearálta.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1778 ón gComhairle (2), údaraítear an Ghearmáin beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024 de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE chun an duine inchánach a fhaigheann aistrithe lamháltas astaíochtaí faoin Acht um Thrádáil Lamháltas Astaíochtaí Breosla (BEHG) a ainmniú mar dhuine atá faoi dhliteanas CBL a íoc (‘an beart speisialta’).

(3)

Le litir cláraíodh leis an gCoimisiún an 19 Feabhra 2024, d’iarr an Ghearmáin síneadh ar an mbeart speisialta agus, ar an gcaoi sin, údarú a iarraidh chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm tar éis an 31 Nollaig 2024 (‘an iarraidh’).

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 27 Márta 2024. Le litir dar dáta an 2 Aibreán 2024, thug an Coimisiún fógra don Ghearmáin go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun an iarraidh a mheas.

(5)

De réir na faisnéise a chuir an Ghearmáin ar fáil, níor tháinig aon athrú ar an staid fhíorasach a thug údar maith leis an mbeart speisialta a chur i bhfeidhm. Mar aon leis an iarraidh, chuir an Ghearmáin tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ar an taithí dhearfach fhoriomlán agus ar an mbeart speisialta a chur i bhfeidhm a léiríonn go bhfuil fiúntas praiticiúil ag baint le húsáid an nós imeachta aistrithe táillí in aistriú lamháltas astaíochtaí faoi BEHG. Is cuid thábhachtach é an beart speisialta den chomhrac i gcoinne calaois CBL; meastar go dtiocfaidh méadú níos mó fós ar a thábhacht sna blianta amach romhainn mar thoradh ar dhálaí athraitheacha an mhargaidh.

(6)

Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an mbeart speisialta. Ba cheart teorainn ama a chur le síneadh an bhirt speisialta ionas go bhféadfaidh an Choimisiúin meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht agus ar a oiriúnacht. Dá bhrí sin, ba cheart an beart speisialta dul in éag an 31 Nollaig 2026.

(7)

Más mian leis an nGearmáin síneadh a chur leis an mbeart speisialta sin tar éis 2026, ba cheart di tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear athbhreithniú ar an mbeart speisialta mar aon leis an iarraidh ar shíneadh faoin 31 Márta 2026 ar a dhéanaí. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil sin measúnú ar thionchar an bhirt speisialta ar an gcomhrac i gcoinne na calaoise CBL agus líon na dtrádálaithe agus na n-idirbheart a ndéanann an beart sin difear dóibh.

(8)

Ní bheidh aon drochthionchar ag an mbeart speisialta ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1778 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1778:

‘Airteagal 2

Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2026.

Aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an mbeart speisialta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin í faoin 31 Márta 2026 agus beidh tuarascáil ag gabháil léi ina mbeidh measúnú ar an mbeart speisialta agus ar a thionchar ar an gcomhrac i gcoinne chalaois CBL agus líon na dtrádálaithe agus na n-idirbheart a ndéanann an beart sin difear dóibh.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

VARGA M.


(1)   IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1778 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 lena n-údaraítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 360, 11.10.2021, lch. 117).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2680/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)