European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/323

10.1.2025

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/2074 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/43 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2017/2063, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/42 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala

(C/2025/323)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2017/2074 ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/43 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/42 ón gComhairle (5) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala.

Is í Roinn RELEX.1 san Ard-Stiúrthóireacht um an gCaidreamh Seachtrach – (RELEX) Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Tá mar chuspóir ag an oibríocht phróiseála liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2017/2074, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/43, agus Rialachán (AE) 2017/2063, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/42 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2017/2074 agus i Rialachán (AE) 2017/2063.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a chomhroinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar do shrianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó an ceart chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta ar feadh 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag, nó ar feadh ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)   IO L 295, 14.11.2017, lch. 60.

(3)   IO L, 2025/43, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/43/oj.

(4)   IO L 295, 14.11.2017, lch. 21.

(5)   IO L, 2025/42, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/42/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/323/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)