European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6784

29.12.2025

Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais ó thríú tíortha as a rannpháirtíocht in Ionstraim SAFE mar acmhainní airgeadais breise don Chlár um Thionscal Cosanta na hEorpa (EDIP) agus don Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin faoi Rialachán EDIP

(C/2025/6784)

Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an géarghá atá ann maidir le tacú le bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí agus le bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch cosanta na hÚcráine chun a n-iomaíochas a mhéadú trí dhlús a chur le coigeartú na tionsclaíochta d’athruithe struchtúracha, lena n-áirítear trí acmhainneachtaí táirgeachta a mhéadú agus tríd an gcomhar a mhéadú maidir le soláthar táirgí cosanta, go háirithe i bhfianaise na ndúshlán a eascraíonn as cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin, ar cogadh é atá gan chúis gan údar.

I gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán SAFE, úsáidfear na ranníocaíochtaí airgeadais atá le soláthar ag tríú tíortha dá rannpháirtíocht in Ionstraim SAFE le haghaidh na gclár lena dtacaítear le tionscal cosanta an Aontais, le tionscal cosanta na hÚcráine agus leis an Úcráin i gcomhréir le rialacha na gclár sin. Aontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gur cheart na ranníocaíochtaí sin a úsáid chun EDIP a threisiú, lena n-áirítear an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6784/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)