|
14.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 9/29 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/47 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Eanáir 2022
lena n-údaraítear laíon caor triomaithe Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A.Froehner agus an t-insileadh a dhéantar as a chur ar an margadh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is éard a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas. Is bia núíosach é bia traidisiúnta ó thríú tír faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(c) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(2) |
Is éard a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2468 ón gCoimisiún (2) ceanglais riaracháin agus eolaíoch maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta AE de bhianna núíosacha údaraithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (3). |
|
(4) |
De bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2015/2283, is faoin gCoimisiún cinneadh a dhéanamh faoi bhia traidisiúnta ó thríú tír a údarú agus a chur ar mhargadh an Aontais. |
|
(5) |
An 6 Bealtaine 2020, chuir an chuideachta Societé de Produits Nestlé SA (“an t-iarratasóir”) fógra faoi bhráid an Choimisiúin go raibh rún aici laíon caor triomaithe Coffea arabica L agus Coffea canephora Pierre ex A.Froehner agus an t-insileadh a dhéantar as a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia traidisiúnta ó thríú tír i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283. Is éard a d’iarr an t-iarratasóir laíon caor triomaithe Coffea arabica L agus Coffea canephora Pierre ex A.Froehner agus an t-insileadh a dhéantar as a bheith á n-úsáid mar chomhábhar le haghaidh insiltí (deochanna réidh le hól san áireamh) agus deochanna blaistithe atá ceaptha don phobal i gcoitinne. |
|
(6) |
An 13 Samhain 2020, chuir an chuideachta Luigi Lavazza SpA (“an t-iarratasóir”) fógra faoi bhráid an Choimisiúin go raibh rún aici laíon caor triomaithe Coffea arabica L agus Coffea canephora Pierre ex A.Froehner agus an t-insileadh a dhéantar as a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia traidisiúnta ó thríú tír i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283. Is éard a d’iarr an t-iarratasóir laíon caor triomaithe Coffea arabica L agus Coffea canephora Pierre ex A.Froehner agus an t-insileadh a dhéantar as a bheith á n-úsáid mar chomhábhar le haghaidh insiltí agus deochanna blaistithe atá ceaptha don phobal i gcoitinne. |
|
(7) |
De bhun Airteagal 7(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2468, d’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ar na hiarratasóirí maidir le bailíocht an fhógra. An fhaisnéis a iarradh, is faisnéis í a chuir Société de Produits Nestlé SA isteach an 17 Iúil 2020, an 17 Samhain 2020 agus an 23 Nollaig 2020, faisnéis a chuir Luigi Lavazza SpA isteach an 2 Aibreán 2021. |
|
(8) |
Léiríonn na sonraí a chuir na hiarratasóirí i láthair go bhfuil stair úsáid an bhia shláin ag laíon caor triomaithe Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A.Froehner agus an t-insileadh a dhéantar as in Éimin, san Aetóip agus sa Bholaiv. |
|
(9) |
De bhun Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, an 4 Eanáir 2021 agus an 6 Aibreán 2021, chuir an Coimisiún an fógra bailí ar aghaidh chuig na Ballstáit agus chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’). |
|
(10) |
Maidir le laíon caor triomaithe Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A.Froehner agus an t-insileadh a dhéantar as a chur ar an margadh laistigh den Aontas, níor cuireadh aon agóid cuí-réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta faoi bhráid an Choimisiúin ó na Ballstáit nó ón Údarás laistigh den tréimhse 4 mhí a leagtar síos in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(11) |
An 27 Bealtaine 2021, d’fhoilsigh an tÚdarás a ‘Technical Report on the notification of the coffee cherry pulp from Coffea arabica L. and Coffea canephora Pierre ex A.Froehner as a traditional food from a third country pursuant to Article 14 of Regulation (EU) 2015/2283 (4)’ (“Tuarascáil Theicniúil maidir le fógra a thabhairt i leith an laíon caor caife as Coffea arabica L agus Coffea canephora Pierre ex A.Froehner mar bhia traidisiúnta ó thríú tír de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283”], bunaithe ar an bhfógra ó Société de Produits Nestlé SA. |
|
(12) |
An 2 Meán Fómhair 2021, d’fhoilsigh an tÚdarás a ‘Technical Report on the notification of dried cherry pulp from Coffea arabica L. and Coffea canephora Pierre ex A.Froehner as a traditional food from a third country pursuant to Article 14 of Regulation (EU) 2015/2283 (5)’ (“Tuarascáil Theicniúil maidir le fógra a thabhairt i leith an laíon caor triomaithe as Coffea arabica L agus Coffea canephora Pierre ex A.Froehner mar bhia traidisiúnta ó thríú tír de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283”], bunaithe ar an bhfógra ó Luigi Lavazza SpA. |
|
(13) |
Sna tuarascálacha sin, chinn an tÚdarás nach ábhar imní sábháilteachta atá sna sonraí atá ar fáil maidir le comhdhéanamh laíon caor triomaithe Coffea arabica L. ná Coffea canephora Pierre ex A.Froehner ná an t-insileadh dhéantar as, nó maidir le stair na húsáide atá beartaithe dóibh. |
|
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún údarú a thabhairt laíon caor triomaithe Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A.Froehner agus an t-insileadh a dhéantar as a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar bhia traidisiúnta ó thríú tír, agus liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a nuashonrú dá réir sin. |
|
(15) |
Thug an tÚdarás dá aire ina thuairim go moltar gan deochanna ina bhfuil caiféin a chaitheamh má tá an chion caiféin níos airde ná 150 mg/l i gcás leanaí nó ban atá torrach nó ag cothú leis an gcíoch, de réir mar a shonraítear le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Dá bhrí sin, má tá níos mó ná 150 mg/l caiféin sa bhia núíosach, ba cheart lipéadú a sholáthar leis na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin gcion caiféin agus le cur in iúl dóibh nach moltar an táirge do leanaí ná do mhná atá torrach ná ag cothú leis an gcíoch. |
|
(16) |
Maidir leis an laíon caor caife a chuirfear ar an margadh sa riocht sin chun insiltí a ullmhú, ba cheart lipéadú a sholáthar leis na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi ullmhúchán an táirge. |
|
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Laíon caor triomaithe Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A.Froehner agus an t-insileadh a dhéantar as, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, áireofar iad mar bhia traidisiúnta ó thríú tír i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
An iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1, áireofar inti na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2468 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena leagtar síos ceanglais riaracháin agus eolaíoch maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 55).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
(4) EFSA Supporting publications, https://doi.org/10.2903/sp.efsa.2021.EN-6657.
(5) EFSA Supporting publications, https://doi/10.2903/sp.efsa.2021.EN-6808.
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe):
|
||||||||||||||||
|
(2) |
Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 2 (Sonraíochtaí):
|