3.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 157/82


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Ionstraim Éigeandála an Mhargaidh Aonair

(2023/C 157/11)

Rapóirtéir:

Muhterem ARAS (DE/Na Glasaigh, Uachtarán Pharlaimint Stáit Baden-Württemberg, an Ghearmáin

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na nEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle

COM(2022) 459 final

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426, (AE) 2019/1009 agus (AE) Uimh. 305/2011 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh an mheasúnaithe comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa Mhargaidh Aonair

COM(2022) 461 final

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh measúnú comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair

COM(2022) 462 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle

COM(2022) 459 final

Leasú 1

Aithris 33 a leasú

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ina theannta sin, lena áirithiú go mbeidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndáilfidh na Ballstáit cúltacaí straitéiseacha, ag féachaint go cuí do phrionsabail na dlúthpháirtíochta, an riachtanais agus na comhréireachta.

Ina theannta sin, lena áirithiú go mbeidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndáilfidh na Ballstáit cúltacaí straitéiseacha, ag féachaint go cuí do phrionsabail na dlúthpháirtíochta, an riachtanais agus na comhréireachta. Ní mór a chur san áireamh sin na riachtanais éagsúla áitiúla agus réigiúnacha atá ann, riachtanais na réigiún is forimeallaí, cuir i gcás, mar aon le riachtanais na gcathracha is dlúth daonra, na limistéar tuaithe agus na réigiún teorann.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 2

Airteagal 1(3) a leasú

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh na Ballstáit faisnéis ar gach ábhar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mhalartú go rialta eatarthu féin agus leis an gCoimisiún.

Déanfaidh na Ballstáit faisnéis faoi gach ábhar dá dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mhalartú eatarthu féin agus leis an gCoimisiún , le Parlaimint na hEorpa, le Coiste Eorpach na Réigiún agus le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa .

Cúis

Is ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bhítear ag iarraidh cuid mhaith de na bearta a ghníomhachtaítear faoi FBMI a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ar a laghad ar bith, ba cheart a gcoinneáil ar an eolas trí Choiste na Réigiún.

Leasú 3

Airteagal 2(8) a leasú

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tá an Rialachán seo gan dochar do fhreagracht na mBallstát as an tslándáil náisiúnta a chosaint nó dá gcumhacht feidhmeanna bunúsacha stáit a chosaint, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an t-ord poiblí a chaomhnú.

Tá an Rialachán seo gan dochar do fhreagracht ghinearálta na mBallstát as an tslándáil náisiúnta a chosaint nó dá gcumhacht feidhmeanna bunúsacha stáit a chosaint, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an t-ord poiblí a chaomhnú.

Cúis

Ba cheart an focal “ginearálta” a chur isteach ar mhaithe le soiléiriú chun na rialacha saorghluaiseachta in Airteagal 16 et seq a chaomhnú.

Leasú 4

Airteagal 4(3) a leasú agus a chur le hAirteagal 4(3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an ngrúpa comhairleach agus áiritheoidh sé an rúnaíocht a bheidh le déanamh air. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ionadaí ar Pharlaimint na hEorpa, ar ionadaithe ar Stáit CSTE ar páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 49 iad, ar ionadaithe ar oibreoirí eacnamaíocha iad, ar eagraíochtaí páirtithe leasmhara iad, ar pháirtithe sóisialta agus ar shaineolaithe iad, freastal ar chruinnithe an ghrúpa chomhairligh mar bhreathnóirí. Tabharfaidh sé cuireadh d’ionadaithe comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais mar bhreathnóirí chuig cruinnithe ábhartha an ghrúpa chomhairligh.

Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an ngrúpa comhairleach agus áiritheoidh sé an rúnaíocht a bheidh le déanamh air. Tá ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Choiste Eorpach na Réigiún i measc chomhaltaí buana an ghrúpa chomhairligh freisin. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ionadaithe ar Stáit CSTE is páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 49, ar ionadaithe is oibreoirí eacnamaíocha, ar eagraíochtaí is páirtithe leasmhara, ar pháirtithe sóisialta agus ar shaineolaithe, freastal ar chruinnithe an ghrúpa chomhairligh mar bhreathnóirí. Tabharfaidh sé cuireadh d’ionadaithe comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais mar bhreathnóirí chuig cruinnithe ábhartha an ghrúpa chomhairligh.

Cúis

Ní mór ionadaíocht a dhéanamh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar Choiste Eorpach na Réigiún le suíocháin bhuana ar an ngrúpa comhairleach chun grinnscrúdú parlaiminteach a áirithiú agus chun ról a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chuireann reachtaíocht AE chun feidhme ar láthair na háite. Rud eile, tá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha gan chosaint ar na fadhbanna is sliocht ar ghéarchéimeanna agus ar an tionchar a imríonn na géarchéimeanna sin orthu, agus is dá gcumas tuairisciú a dhéanamh orthu as a stuaim féin. Is féidir ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa ghrúpa comhairleach trí Choiste Eorpach na Réigiún.

Leasú 5

Airteagal 5(1) a leasú

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ainmneoidh na Ballstáit oifigí idirchaidrimh lárnacha a bheidh freagrach as teagmhálacha, as comhordú agus as malartú faisnéise le hoifigí idirchaidrimh lárnacha Ballstát eile agus le hoifigí idirchaidrimh lárnacha ar leibhéal an Aontais faoin Rialachán seo. Déanfaidh na hoifigí idirchaidrimh sin na hionchuir ó údaráis inniúla náisiúnta ábhartha a chomhordú agus a thiomsú.

Ainmneoidh na Ballstáit oifigí idirchaidrimh lárnacha i bpáirt leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, oifigí a bheidh freagrach as teagmhálacha, as comhordú agus as malartú faisnéise le hoifigí idirchaidrimh lárnacha Ballstát eile agus le hoifigí idirchaidrimh lárnacha ar leibhéal an Aontais faoin Rialachán seo. Is éard a dhéanfaidh na hoifigí idirchaidrimh sin na hionchuir ó údaráis inniúla náisiúnta , réigiúnach agus áitiúla ábhartha a chomhordú agus a thiomsú.

Cúis

Ba thábhachtach ról a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha nuair nach féidir le hoifigí idirchaidrimh náisiúnta malartú faisnéise a áirithiú ina n-aonar. Ról réamhtheachtach a thabhairt d’oifigí réigiúnacha agus áitiúla, sin rud a mbeadh ciall leis, ag brath ar struchtúr polaitiúil agus bunreachtúil na mBallstát.

Leasú 6

Leasú ar Airteagal 6(1)(a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(a)

comhar idir údaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais maidir le modhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair agus modhanna éigeandála ar fud earnálacha an Mhargaidh Aonair a bhainistiú;

(a)

comhar idir údaráis inniúla ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, sin agus ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais maidir le modhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair agus modhanna éigeandála ar fud earnálacha an Mhargaidh Aonair a bhainistiú;

Cúis

Ba thábhachtach lámh a bheith ag an leibhéal áitiúil agus réigiúnach san obair.

Leasú 7

Leasú ar Airteagal 6(2)(a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

fardal údarás inniúil náisiúnta ábhartha, na hoifigí idirchaidrimh lárnacha arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 5 agus pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 21, a sonraí teagmhála, a róil agus a bhfreagrachtaí sannta le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Rialacháin seo faoin dlí náisiúnta;

fardal na n-údarás inniúil náisiúnta ábhartha, mar aon leis na húdaráis inniúla ábhartha go háitiúil agus go réigiúnach, na n-oifigí idirchaidrimh lárnacha arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 5 agus pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 21, a gcuid sonraí teagmhála, an ról atá acu agus na freagrachtaí a shanntar dóibh le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Rialacháin seo faoin dlí náisiúnta;

Cúis

Ba thábhachtach lámh san obair a bheith ag an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, ag brath ar struchtúr na mBallstát.

Leasú 8

Airteagal 8(3)(c) a chur isteach agus a leasú

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

an limistéar geografach; an cion den Mhargadh Aonair a raibh tionchar ag an gcur isteach nó an gcur isteach féideartha orthu; an tionchar ar limistéir gheografacha shonracha go háirithe limistéir leochaileacha nó neamhchosanta i leith suaití sa slabhra soláthair, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí san Aontas ;

an limistéar geografach; an cion den Mhargadh Aonair a raibh tionchar ag an gcur isteach nó an gcur isteach féideartha orthu; an tionchar ar limistéir gheografacha shonracha go háirithe limistéir leochaileacha nó neamhchosanta i leith suaití sa slabhra soláthair, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí san Aontas mar aon le réigiúin na teorann san Aontas ;

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 9

Leasú ar Airteagal 9(1)(a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, go bhfuil an bhagairt dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ann, déanfaidh sé an modh faireachais a ghníomhachtú ar feadh uastréimhse sé mhí trí ghníomh cur chun feidhme. Beidh an méid seo a leanas san áireamh i ngníomh cur chun feidhme den sórt sin:

(a)

measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim;

I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, go bhfuil an bhagairt dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ann, déanfaidh sé an modh faireachais a ghníomhachtú ar feadh uastréimhse sé mhí trí ghníomh cur chun feidhme. Beidh an méid seo a leanas san áireamh i ngníomh cur chun feidhme den sórt sin:

(a)

measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim , lena n-áirítear cás sonrach na réigiún teorann ;

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 10

Airteagal 11(5) a leasú

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla an aird chuí ar an ualach riaracháin atá ar oibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe ar FBManna a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hiarratais ar fhaisnéis agus áiritheoidh siad go gcoinneofar chomh híseal é agus is féidir.

Tabharfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta an aird chuí ar an ualach riaracháin atá ar oibreoirí eacnamaíocha agus go háirithe ar FBManna, a d’fhéadfadh a bheith bainteach le hiarrataí ar fhaisnéis agus áiritheoidh siad go bhfuil inneachar na n-iarrataí comhréireach agus teoranta go docht don mhéid is gá chun Airteagal 9 a chomhlíonadh .

Cúis

Gan aon rómhaorlathas míriachtanach a bhrú ar ghnólachtaí.

Leasú 11

Leasú ar Airteagal 12(2)(a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Féadfaidh an Coimisiún a cheangal, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar faoi na hearraí a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(1), a mhéid a bhaineann le gach ceann díobh seo a leanas:

a)

an stoc reatha ar a gcríoch;

Féadfaidh an Coimisiún a cheangal, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar faoi na hearraí a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(1), a mhéid a bhaineann le gach ceann díobh seo a leanas:

a)

an stoc reatha agus na láithreáin ar a gcríoch;

Cúis

Is tábhachtach a sheiceáil cá háit a stórálann na Ballstáit earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ionas gur féidir iad a dháileadh gan aon mhoill ar na ceantair iargúlta i gcás éigeandála.

Leasú 12

Airteagal 12(3) a leasú

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Agus an aird chuí á tabhairt ar stoic atá i seilbh oibreoirí eacnamaíocha nó á gcarnadh acu ar a gcríoch, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall cúltacaí straitéiseacha a fhorbairt de na hearraí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a shainaithnítear i gcomhréir le mír 1. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit lena gcuid iarrachtaí a chomhordú agus a chuíchóiriú.

Agus an aird chuí á tabhairt ar stoic atá i seilbh oibreoirí eacnamaíocha nó á gcarnadh acu ar a gcríoch, mar aon le haird ar an gcothromaíocht chríochach, agus maille le haird ar leith ar limistéir na n-oileán, na limisteir sléibhtiúla , sin agus limistéir iargúlta eile, déanfaidh na Ballstáit croí a ndíchill chun cúlchistí straitéiseacha na n-earraí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo a fhorbairt, rud a shainaithnítear i gcomhréir le mír 1. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit lena n-iarrachtaí a chomhordú agus a chuíchóiriú.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 13

Airteagal 15(1) a leasú

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim ón ngrúpa comhairleach san áireamh aige, gur gá síneadh a chur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair, molfaidh sé don Chomhairle síneadh a chur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair. Faoi réir athruithe práinneacha agus eisceachtúla ar imthosca, féachfaidh an Coimisiún le déanamh amhlaidh tráth nach déanaí ná 30 lá roimh dhul in éag na tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhachtaithe ina leith. Féadfaidh an Chomhairle cur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí ag an am trí ghníomh cur chun feidhme.

I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim ón ngrúpa comhairleach á cur san áireamh aige, gur gá síneadh a chur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair, molfaidh sé don Chomhairle síneadh a chur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair. Faoi réir athruithe práinneacha agus eisceachtúla ar imthosca, féachfaidh an Coimisiún le déanamh amhlaidh tráth nach déanaí ná 30 lá roimh dhul in éag na tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhachtaithe ina leith. Féadfaidh an Chomhairle cur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí ag an am trí ghníomh cur chun feidhme. Mura gcuirtear síneadh le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair, is amhlaidh a rachaidh sé in éag go huathoibríoch.

Cúis

Maidir le bearta éigeandála, is bearta iad ar cheart teorainn ama a bheith leo i dtólamh, agus ní mór deireadh a chur leo go huathoibríoch chun a mí-úsáid a chosc. Sin rud a luaitear in Airteagal 14(3) maidir le gníomhachtú, ach ní luaitear é san airteagal maidir le díghníomhachtú. Dá bhrí sin, tá soiléiriú ann.

Leasú 14

Airteagal 16(1) a leasú

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Agus bearta náisiúnta á nglacadh agus á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit mar fhreagairt ar éigeandáil sa mhargadh aonair agus ar an ngéarchéim is bun leo, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh a gcuid gníomhaíochtaí na Conarthaí agus dlí an Aontais ina n-iomláine agus, go háirithe, na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo.

Agus bearta náisiúnta á nglacadh agus á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit mar fhreagairt ar éigeandáil sa mhargadh aonair agus ar an ngéarchéim is bun leo, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh a gcuid gníomhaíochtaí na Conarthaí agus dlí an Aontais ina n-iomláine agus, go háirithe, na ceanglais tosaíochta a leagtar síos san Airteagal seo, go mór mór maidir le bearta atá ann faoi Chód Teorainneacha Schengen .

Cúis

Ionas go mbeidh éifeacht le rialacha i leith saorghluaiseacht SMEI, ní mór dóibh tús áite a thabhairt go páirteach dóibh ar Chód Teorainneacha Schengen. I gcás eile, d’fhéadfadh na Ballstáit rialuithe teorann aontaobhacha agus rialuithe neamhchomhordaithe a thabhairt isteach, rialuithe ar baol gurbh é dúnadh na dteorainneacha ba shliocht orthu de bharr an bhunúis atá leo.

Leasú 15

Airteagal 16(2) a leasú

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Beidh teorainn ama le gach srian agus cuirfear deireadh leis a luaithe is féidir. Ina theannta sin, ba cheart staid na réigiún teorann a chur san áireamh le gach srian.

Beidh teorainn ama le gach srian, cuirfear deireadh leis a luaithe is féidir, agus déanfar a athbhreithniú go rialta. Ina theannta sin, ba cheart staid na réigiún teorann a chur san áireamh le haon srian.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 16

Airteagal 16(5) a leasú agus a chur le hAirteagal 16(5)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na páirtithe uile lena mbaineann ar an eolas faoi bhearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe agus soláthraithe seirbhísí, sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Áiritheoidh na Ballstáit idirphlé leanúnach leis na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear cumarsáid le comhpháirtithe sóisialta agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit mar aon leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, go gcuirfear na páirtithe uile lena mbaineann ar an eolas faoi bhearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe agus soláthraithe seirbhísí, sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh idirphlé leanúnach ann leis na geallsealbhóirí, lena n-áirítear cumarsáid le Coiste Eorpach na Réigiún, leis na comhpháirtithe sóisialta agus na comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Cúis

Rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a áirithiú.

Leasú 17

Airteagal 19(2) a leasú

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Soláthróidh na Ballstáit ráiteas don Choimisiún maidir leis na cúiseanna a fhágann go bhfuil údar le hachtú birt dá leithéid agus go bhfuil sé comhréireach, i gcás nár soiléiríodh na cúiseanna sin sa bheart dá dtugtar fógra cheana féin. Cuirfidh na Ballstáit téacs iomlán na bhforálacha reachtacha nó rialála náisiúnta in iúl don Choimisiún, ar forálacha iad ina bhfuil an beart, nó a mionathraíodh leis an mbeart.

Soláthróidh na Ballstáit ráiteas don Choimisiún maidir leis na cúiseanna a fhágann go bhfuil údar le hachtú birt dá leithéid agus go bhfuil sé agus comhréireach, i gcás nár soiléiríodh na cúiseanna sin sa bheart dá dtugtar fógra cheana féin. Cuirfidh na Ballstáit téacs iomlán na reachtaíochta ábhartha is infheidhme ina mBallstát in iúl don Choimisiún, ar forálacha iad ina bhfuil an beart, nó a mionathraíodh leis an mbeart.

Cúis

I gcuid de na Ballstáit, féadfaidh na réigiúin a gcuid rialacha féin nó rialacha breise a ghlacadh, rud a chiallaíonn ní hamháin gur cheart an reachtaíocht náisiúnta a lua, ach an reachtaíocht uile is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann.

Leasú 18

Airteagal 21(2) a leasú

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le saoránaigh, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus oibrithe agus a n-ionadaithe, arna iarraidh sin dóibh agus trí na pointí teagmhála aonair faoi seach, faisnéis a fháil ó na húdaráis inniúla maidir leis an dóigh a ndéantar na bearta náisiúnta um fhreagairt ar ghéarchéimeanna faoi seach a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcoitinne. I gcás inarb iomchuí, beidh treoir céim ar chéim san fhaisnéis sin. Soláthrófar an fhaisnéis i dteanga shoiléir, shotuigthe agus intuigthe. Beidh sé inrochtana go héasca ó chian agus trí mheán leictreonach agus coimeádfar cothrom le dáta é.

Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le saoránaigh, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus oibrithe agus a n-ionadaithe, arna iarraidh sin dóibh agus trí na pointí teagmhála aonair faoi seach, faisnéis a fháil ó na húdaráis inniúla maidir leis an dóigh a ndéantar na bearta náisiúnta um fhreagairt ar ghéarchéimeanna faoi seach a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcoitinne. I gcás inarb iomchuí, beidh treoir céim ar chéim san fhaisnéis sin. Soláthrófar an fhaisnéis i dteanga shoiléir, shotuigthe agus intuigthe. Beidh sé inrochtana go héasca ó chian agus trí mheán leictreonach agus coimeádfar cothrom le dáta é.

Cúis

Ba cheart rochtain a bheith ag gach duine ar phointí teagmhála aonair na mBallstát. Sin rud is féidir a éascú ar an leibhéal réigiúnach. Tá tábhacht ar leith leis sin i réigiúin na teorann agus sna limistéir forimeallacha.

Leasú 19

Airteagal 22(2) a leasú

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Cuirfidh an pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais an cúnamh seo a leanas ar fáil do shaoránaigh, do thomhaltóirí, d’oibreoirí eacnamaíocha, d’oibrithe agus dá gcuid ionadaithe […]

Cuirfidh an pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais an cúnamh seo a leanas ar fáil do shaoránaigh, do thomhaltóirí, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha d’oibreoirí eacnamaíocha, d’oibrithe agus dá gcuid ionadaithe […]

Cúis

Rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a áirithiú.

Leasú 20

Leasú ar Airteagal 24(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

I gcás ina bhfuil géarghanntanas atá ábhartha i gcás géarchéime nó ina bhfuil bagairt ganntanais láithreach, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar eagraíochtaí ionadaíocha nó ar oibreoirí eacnamaíocha i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime faisnéis shonrach a tharchur chuig an gCoimisiún ar bhonn deonach, laistigh de theorainn ama shocraithe, maidir le hacmhainneacht táirgeachta agus maidir le stoic earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a d’fhéadfadh a bheith ann agus maidir le comhpháirteanna díobh sin i saoráidí táirgthe an Aontais agus i saoráidí tríú tír ina n-oibríonn sé soláthar, ina bhfuil soláthar ar conradh aige nó ina gceannaíonn sé soláthar, chomh maith le faisnéis faoi aon suaitheadh ábhartha sa slabhra soláthair laistigh de spriocdháta ar leith.

I gcás ina bhfuil géarghanntanas atá ábhartha i gcás géarchéime nó ina bhfuil bagairt láithreach ganntanais, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar eagraíochtaí ionadaíocha nó ar oibreoirí eacnamaíocha i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime faisnéis shonrach a tharchur chuig an gCoimisiún ar bhonn deonach, laistigh de theorainn ama shocraithe, maidir le hacmhainneacht táirgeachta agus maidir le stoic earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a d’fhéadfadh a bheith ann agus maidir le comhpháirteanna díobh sin i saoráidí táirgthe an Aontais agus i saoráidí tríú tír ina n-oibríonn sé soláthar, ina bhfuil soláthar ar conradh aige nó ina gceannaíonn sé soláthar, chomh maith le faisnéis faoi aon suaitheadh ábhartha sa slabhra soláthair laistigh de spriocdháta ar leith. An t-ualach riaracháin agus tráchtála ar oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe FBManna, áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar chomh híseal é agus is féidir, áiritheoidh sé i leith na spriocdhátaí chun freagra a thabhairt gur spriocanna réalaíocha iad, sin agus go mbeidh ábhar na gceanglas comhréireach agus teoranta don mhéid a bhfuil géarghá leis.

Cúis

Gan aon rómhaorlathas míriachtanach a bhrú ar ghnólachtaí.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gurb ann don togra ón gCoimisiún le haghaidh Ionstraim Éigeandála don Mhargadh Aonair chun feidhmiú an mhargaidh aonair a áirithiú, mar aon le saorghluaiseacht na ndaoine, le linn géarchéimeanna a bheidh ann arís;

2.

á chur i bhfios gur fhág gníomhaíocht chomhordaithe de chuid an Aontais gur féidir saoirse an mhargaidh aonair a athbhunú le linn phaindéim COVID-19, sin agus gur léirigh cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine — de shárú ar an dlí idirnáisiúnta — a thapa a bhriseann géarchéimeanna nua orainn;

3.

á thabhairt chun suntais go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag géarchéimeanna don mhargadh aonair; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta atá bunaithe ar riachtanais chun aghaidh a thabhairt ar na héagsúlachtaí a bhíonn ann i gcás géarchéime ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, agus ar bheartas comhtháthaithe atá bunaithe ar riachtanais, beartas ar féidir leis feabhas a chur ar an gcumas géarchéimeanna a sheasamh trí na cuspóirí céanna a leanúint;

4.

ag athdhearbhú na tuairime nach mór saorghluaiseacht na n-earraí, na ndaoine agus na seirbhísí thar aon ní eile a chosaint ar ghéarchéimeanna; á chur i bhfáth go bhfuil ról sonrach ag réigiúin na teorann i bhfeidhmiú an mhargaidh aonair;

5.

á chur i bhfáth go ndéanann tionchar na ngéarchéimeanna difear ar leith do na réimsí a chumhdaítear le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ós rud é go bhfuil dúshláin rompu cheana féin, dúshláin a eascraíonn as a staid féin;

6.

á mheas, dá bhrí sin, go bhfuil gá le creat géarchéime foriomlán láidir AE i gcomhair an mhargadh aonair, creat a chomhlánóidh na rialacha earnáilsonracha atá ann cheana mar aon leis na rialacha atá á mbeartú;

Bainistiú na dteorainneacha san Ionstraim Éigeandála don Mhargadh Aonair

7.

á chur i bhfios gur troime an buille a bhuaileann géarchéimeanna ar réigiúin na teorann ná ar réigiúin eile, go mór mór de dheasca dhúnadh aontaobhach agus de dheasca dhúnadh gearrthéarmach na dteorainneacha; sin rud a dhéanann difear do gach comhar trasteorann i réimsí mar an t-oideachas, an tsláinte agus an fuinneamh, chomh maith le hiompar earraí, comaitéirí trasteorann, soláthraithe seirbhíse, ach freisin teaghlaigh agus caidreamh idirphearsanta eile;

8.

á chur i bhfios, go háirithe, gur rud iad na rialuithe teorann iontu féin atá cosúil leis an dúnadh teorann arae bíonn an trácht le cúl a chéile ag na pointí trasnuithe teorann siar an bealach i bhfad na gciliméadar;

9.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, dá bhrí sin, tús áite a thabhairt go páirteach do rialacha saorghluaiseachta na hIonstraime Éigeandála don Mhargadh Aonair thar Chód Teorainneacha Schengen chun saorghluaiseacht na ndaoine, na seirbhísí agus na n-earraí a áirithiú le linn géarchéime;

10.

ag iarraidh ar an gComhairle, tar éis teacht i bhfeidhm don rialachán, tús a chur le caibidlíocht le tríú tíortha ag teorainneacha seachtracha an Aontais chun na rialacha saorghluaiseachta sin a fhorfheidhmiú;

11.

á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, an tuairim maidir le Rialachas Athbhreithnithe Limistéar Schengen (1), tuairim dá chuid ina n-iarrtar go mbeadh rialuithe ag teorainneacha inmheánacha teoranta go docht do 24 mhí ar a fhad, agus míniú cén fáth nárbh iomchuí bearta malartacha a bheith ann;

12.

ag tathant ar an gComhairle deireadh a chur leis an bhfreasúra le Sásra Trasteorann Eorpach (ECBM) a chruthú ionas gur féidir réitigh idir-rialtasacha shimplí a chur i bhfeidhm ar feadh na dteorainneacha;

Ionstraim Éigeandála an Mhargaidh Aonair ó thaobh na réigiún de

13.

á chur in iúl díol sásaimh dó go ginearálta an cur chuige atá sa togra, cur chuige atá bunaithe ar an áit féin, sin agus an fócas ar ghníomhaíochtaí taistil agus ar ghnó; ag iarraidh san am céanna go mbeadh fócas críochach níos láidre san ionstraim éigeandála lena áirithiú go mbeidh sí éifeachtach ar láthair na háite;

14.

Anuas air sin, ag iarraidh ar ionadaithe Choiste Eorpach na Réigiún suí buan a bheith acu sa ghrúpa comhairleach;

15.

thairis sin, ag iarraidh go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach i ndearadh na lároifigí idirchaidrimh agus go mbeadh rochtain chothrom acu ar phointí teagmhála náisiúnta aonair agus ar an bpointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais;

16.

á chur i bhfios go ndéantar earraí atá ábhartha (nó a d’fhéadfadh a bheith) ábhartha i ngéarchéimeanna a dháileadh go héagothrom sa mhargadh aonair; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le dlúthpháirtíocht Eorpach i ngníomhaíocht lena áirithiú gur féidir earraí den sórt sin a dháileadh ar limistéir atá buailte go dona; á chur in iúl gur díol sásaimh di an toirmeasc atá ann ar shrianta ar onnmhairiú i ndáil leis an méid sin;

17.

á mholadh go ndéanfaí na sainmhínithe agus na critéir ábhartha níos comhsheasmhaí sa togra ina iomláine, agus i ndáil leis sin, go dtabharfaí tuilleadh airde ar údair imní go réigiúnach;

Rialachas na hIonstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair

18.

á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, gur gá sainmhínithe aonair a shoiléiriú chun deimhneacht dhlíthiúil a chur ann, sin agus chun na dálaí agus na himthosca faoina n-úsáidfear an ionstraim éigeandála a shoiléiriú;

19.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an córas soilse tráchta atá beartaithe maille le trí chéim den phleanáil theagmhasach, den fhaireachas ar an margadh aonair agus d’éigeandáil an mhargaidh aonair chun géarchéimeanna a chosc, a ullmhú agus a bhainistiú ar bhealach ní b’fhearr;

20.

á chur in iúl gur mór an díol sásaimh dó an bhéim ar mhalartú na faisnéise, ar chumarsáid agus ar chomhordú idir na Ballstáit agus á mholadh go mbunófaí comhéadan coiteann faisnéise ar líne i gcoinne géarchéimeanna a bheidh ann sa todhchaí, rud a bheadh ar aon dul le “Re-open EU” a cruthaíodh le linn phaindéim COVID-19;

21.

á chur i bhfios gur gá comhlántacht agus comhsheasmhacht a áirithiú le rialacha earnáilsonracha agus le rialacha ginearálta eile, go háirithe Cód Teorainneacha Schengen, ionas nach gcruthófar breis éiginnteachta dlíthiúla;

22.

ag cur béim nach beag ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus ag tabhairt dá haire go bhfuil an-scóip sa togra ón gCoimisiún; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé grinnscrúdú agus trédhearcacht leordhóthanach a áirithiú sa chaoi a gcuirtear an ionstraim chun feidhme, go háirithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar leathnú na gcumhachtaí a thabharfaí don Choimisiún agus chun na nithe sin a chúiteamh; á chur i bhfios nach féidir é sin a chur ann ach amháin trí chritéir shoiléire gan débhrí, agus trí thairseacha inchainníochtaithe in éineacht le próiseas cuí lena ráthaítear ní hamháin rannpháirtíocht na mBallstát agus Pharlaimint na hEorpa, ach rannpháirtíocht na bparlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha freisin;

23.

á chur i bhfáth nach mór d’aon bheart éigeandála dlíthe saothair agus cearta bunúsacha a fhorfheidhmiú agus a urramú go hiomlán, lena n-áirítear cearta sóisialta, cearta oibrithe agus cearta ceardchumainn;

24.

ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar riachtanas agus ar chomhréireacht an fhaireacháin ar shlabhraí soláthair d’fhonn faisnéis a bhailiú ó ghnólachtaí agus d’fhonn an oibleagáid orduithe tosaíochta a chomhlíonadh; Is le linn géarchéime thar aon am eile ba cheart ualaí breise ar ghnólachtaí a choinneáil chomh híseal agus is féidir, go háirithe i gcás na bhfiontar beag agus meánmhéide; ar a laghad ar bith ba cheart síneadh ama a chur le spriocdhátaí atá an-teann.

25.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil dlús curtha le measúnuithe comhréireachta ar tháirgí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo; ag moladh go gcuirfí grúpaí táirgí eile san áireamh ansin freisin;

26.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an soláthar comhpháirteach a chur sa riocht gur rud trédhearcach a bheidh ann, agus ceachtanna a fhoghlaim ó theip i síniú na gconarthaí le monaróirí vacsaíní COVID-19;

27.

ar an ásc deiridh, is díol sásaimh dó na díospóireachtaí a bhí ann le déanaí maidir le neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a neartú gan beann ar na géarchéimeanna, agus tá sé ag tnúth leis an dréacht-reachtaíocht ón gCoimisiún Eorpach maidir le hamhábhair chriticiúla; i ndáil leis sin, ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na tograí a moladh sa tuairim ón gCoiste maidir leis an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Amhábhair Chriticiúla (2) a áireamh ina chuid dréacht-reachtaíochta.

An Bhruiséil, an 8 Feabhra 2023.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Athbhreithniú ar rialachas limistéar Schengen (COR-2022-01129-00-01) (IO C 498, 30.12.2022, lch. 114).

(2)  Opinion of the European Committee of the Regions – Action Plan for Critical Raw Materials (Níl leagan Gaeilge ann) (COR-2020-04292-00-01) (IO C 175, 7.5.2021, lch. 10).