4.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 69/105


CINNEADH (AE) 2022/366 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Márta 2022

maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go páirteach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (1) (“an Comhaontú”), an 28 Bealtaine 2015 agus tugadh i gcrích é an 12 Feabhra 2016 trí bhíthin Chinneadh (AE) 2016/272 ón gComhairle (2). Leis an gComhaontú, éascaítear taisteal chuig an Aontas do shaoránaigh Vanuatú agus taisteal chuig Vanuatú do shaoránaigh an Aontais.

(2)

Tá an Comhaontú bunaithe ar chomhmhian na bPáirtithe Conarthacha teagmhálacha duine le duine a spreagadh, borradh a chur faoin turasóireacht agus borradh a chur faoi ghnó idir an tAontas agus Vanuatú.

(3)

Faoi Airteagal 8(4) den Chomhaontú, tá gach Páirtí Conarthach in ann cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann leis an mbeartas poiblí agus ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta a chosaint. Tabharfar fógra don Pháirtí Conarthach eile faoin gcinneadh maidir le fionraí tráth nach déanaí ná 2 mhí roimh an dáta a mbeidh sé beartaithe go dtiocfaidh an cinneadh maidir le fionraí i bhfeidhm. I gcás ina mbeidh deireadh leis na cúiseanna leis an bhfionraí, cuirfidh an Páirtí Conarthach a chuir cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar fionraí an Páirtí Conarthach eile ar an eolas láithreach agus cuirfidh sé deireadh leis an bhfionraí.

(4)

Tá scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí i bhfeidhm ag Vanuatú trína bhfuil náisiúntacht Vanuatú bronnta ag Vanuatú ar náisiúnaigh tíortha eile nach raibh aon bhaint ag náisiúnaigh na dtíortha sin le Vanuatú roimhe sin, agus cinntí dearfacha á n-eisiúint aige maidir le formhór na n-iarratas. Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag Oifig na bPasanna in Vanuatú an 14 Meitheamh 2021, faoi mhí an Mhárta 2021 bhí Vanuatú tar éis breis agus 10 500 pas a eisiúint faoi scéimeanna den sórt sin, le ráta diúltaithe an-íseal. Tá amhras ann, dá bharr, maidir le hiontaofacht an scagtha slándála agus an díchill chuí arna ndéanamh ag údaráis Vanuatú.

(5)

Le linn malartuithe a rinneadh i mí Dheireadh Fómhair 2017, mí na Samhna 2019, mí an Mheithimh 2020 agus mí an Mhárta 2021, chuir an Coimisiún in iúl go raibh imní mhór air agus thug sé rabhadh do rialtas Vanuatú go bhféadfaí an ceanglas víosa a thabhairt isteach arís. Níor leor na mínithe a thug Vanuatú chun na húdair imní sin a mhaolú.

(6)

Maidir le saoránacht a dheonú d’iarratasóirí atá liostaithe i mbunachair sonraí Interpol, tá sin ag teacht salach ar na dearbhuithe a thug údaráis Vanuatú roimhe seo maidir le scagadh slándála agus tá tuilleadh imní ann maidir le hiontaofacht nósanna imeachta na scéimeanna um scagadh slándála.

(7)

I measc na n-iarratasóirí ar éirigh leo náisiúntacht Vanuatú a fháil, tá náisiúnaigh roinnt tíortha nach mór víosa a bheith ina seilbh ag náisiúnaigh na dtíortha sin agus teorainneacha seachtracha an Aontais á dtrasnú acu. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl gur cúis imní dó easpa láithreachta fisicí nó ceanglais chónaithe, tréimhsí próiseála gearra na scéimeanna agus easpa malartú faisnéise córasach le tíortha tionscnaimh na n-iarratasóirí nó tíortha ina raibh príomháit chónaithe na n-iarratasóirí roimhe seo. Is é conclúid an Choimisiúin nach ráthaítear leibhéal ard slándála leis an scagadh a dhéantar ar iarratais ar scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí in Vanuatú.

(8)

Ba cheart fionraí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a bheith teoranta do ghnáthphasanna arna n-eisiúint ón 25 Bealtaine 2015 i leith, nuair a thosaigh méadú suntasach ag teacht ar líon na n-iarratasóirí ar éirigh leo faoi scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a mhéid a bhaineann le saoránaigh de chuid Vanuatú a bhfuil gnáthphas acu arna eisiúint ag Vanuatú ón 25 Bealtaine 2015 i leith, a chur ar fionraí.

(10)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (3); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta, déantar an Comhaontú sin a chur ar fionraí amhail ón 4 Bealtaine 2022 a mhéid a bhaineann le saoránaigh Vanuatú a bhfuil gnáthphas acu arna eisiúint ag Vanuatú ón 25 Bealtaine 2015 i leith.

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 8(4) den Chomhaontú.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

G. DARMANIN

An tUachtarán


(1)   IO L 173, 3.7.2015, lch. 48.

(2)  Cinneadh (AE) 2016/272 ón gComhairle an 12 Feabhra 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 52, 27.2.2016, lch. 11).

(3)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).