|
11.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 8/2 |
CINNEADH (CBES) 2023/96 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Eanáir 2023
lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Aibreán 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (1). |
|
(2) |
An 7 Eanáir 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/14 (2), lenar cuireadh síneadh le EUCAP Sahel Mali go dtí an 31 Eanáir 2023 agus lenar leasaíodh a shainordú. |
|
(3) |
I gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh Chuimsithigh ar EUTM Mali agus EUCAP Sahel Mali, an 1 Meitheamh 2022, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcuirfí síneadh le EUCAP Sahel Mali go dtí an 31 Eanáir 2025 agus, an 30 Meitheamh 2022, go ndéanfaí a shainordú a chur in oiriúint don staid pholaitiúil agus slándála i Mailí. |
|
(4) |
Ba cheart Cinneadh 2014/219/CBES a leasú dá réir. |
|
(5) |
Cuirfear EUCAP Sahel Mali i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul i ndonas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 14(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach: “Is é EUR 73 196 375,74 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EUCAP Sahel Mali a chumhdach idir an 1 Feabhra 2023 agus an 31 Eanáir 2025.”; |
|
(3) |
in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a: “1a. Údarófar don Ardionadaí faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais, lena n-áirítear doiciméid, arna giniúint chun críocha EUCAP Sahel Mali, a scaoileadh chuig Gníomhaireachtaí an Aontais um Cheartas agus Gnóthaí Baile, go háirithe chuig FRONTEX agus EUROPOL, go dtí an leibhéal ábhartha aicmiúcháin i ndáil le gach ceann acu sin faoi seach, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE. Tarraingeofar suas socruithe teicniúla chun na críche sin.” |
|
(4) |
in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: “Beidh feidhm aige go dtí an 31 Eanáir 2025.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Eanáir 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh 2014/219 CBES ón gComhairle an 15 Aibreán 2014 maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (IO L 113, 16.4.2014, lch. 21).
(2) Cinneadh (CBES) 2021/14 ón gComhairle an 7 Eanáir 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (IO L 5, 8.1.2021, lch. 16).