AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.4.2023
COM(2023) 214 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, a thugtar don Choimisiún le Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh
1.RÉAMHRÁ
Le Rialachán (AE) 2019/516 leagtar síos na nósanna imeachta ionas gurb éasca meastacháin na mBallstát ar ollioncam náisiúnta (OIN) a fhíorú agus chun a n‑iontaofacht, a n‑uileghabhálacht agus a n‑inchomparáideacht a fheabhsú i gcás inar gá.
Ionas go mbeidh sonraí OIN iontaofa, uileghabhálach agus inchomparáide, tugtar de chumhacht don Choimisiún le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2019/516 gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun liosta na saincheisteanna a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu i ngach timthriall fíorúcháin a leagan amach chun iontaofacht, uileghabhálacht agus an méid is mó inchomparáideachta is féidir a áirithiú i dtaca le sonraí OIN, i gcomhréir le CCE 2010.
2.BUNÚS DLÍ
Éilítear an tuarascáil seo faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/516, lena dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse 5 bliana ón 18 Aibreán 2019. Déantar tarmligean na cumhachta sin a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. Ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le feidhmiú na cumhachta tarmligthe tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana.
3.AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ
In 2020 agus i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2019/516, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2147 ón gCoimisiún. Sa ghníomh dlí sin, shainaithin an Coimisiún na saincheisteanna seo a leanas ar gá aghaidh a thabhairt orthu i ngach timthriall fíorúcháin chun iontaofacht, uileghabhálacht agus inchomparáideacht i dtaca le sonraí OIN a áirithiú:
— sainmhíniú ar chríoch gheografach;
— prionsabail chun meastachán a dhéanamh ar sheirbhísí teaghaise;
— an chaoi a ndéileáiltear le haisíocaíochtaí cánach breisluacha (CBL);
— bearta maidir le huileghabhálacht; agus
—an chaoi a ndéileáiltear le CBL neamhbhailithe.
Tá an liosta saincheisteanna sin bunaithe ar an bpróiseas chun sonraí OIN a fhíorú, ceachtanna a foghlaimíodh ó thimthriallta fíorúcháin roimhe seo, agus aiseolas ó shaineolaithe cuntas náisiúnta ó na Ballstáit.
Mar chuid den obair ullmhúcháin don ghníomh tarmligthe, reáchtáil an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí, lena n‑áirítear ar an leibhéal saineolaithe. Chuathas i gcomhairle le grúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le OIN i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (e), de Chinneadh C/2019/3651 ón gCoimisiún. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle freisin le Stiúrthóirí an tsainghrúpa um staidreamh maicreacnamaíoch agus le hOifigí Staidrimh Náisiúnta an ghrúpa saineolaithe um an gCóras Staidrimh Eorpach. Ar deireadh, coimeádadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon ar an eolas go cuí maidir leis na comhairliúcháin.
An 8 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2147 agus thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gur glacadh é. Níor chuir Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle aon agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe in iúl laistigh den tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2019/516. Tar éis dhul in éag na tréimhse sin, go sonrach an 18 Nollaig 2020, foilsíodh Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2147 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tháinig sé i bhfeidhm an 7 Eanáir 2021.
4.CONCLÚID
D’fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtaí tarmligthe i gceart agus iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aird.
Measann an Coimisiún gur cheart na cumhachtaí tarmligthe faoi Rialachán (AE) 2019/516 leanúint de bheith aige, toisc go bhféadfadh sé gur ghá dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh amach anseo chun dul chun cinn i modheolaíochtaí staidrimh a léiriú agus chun a áirithiú go bhfuil sonraí OIN iontaofa, uileghabhálach agus inchomparáide.