AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.7.2021
COM(2021) 406 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a bunaíodh faoin gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Liobáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na Liobáine go dtí go nglacfaidh an tAontas Eorpach agus an Liobáin doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Uimh. xx/2021 Ó CHOMHAIRLE COMHLACHAIS AN AONTAIS EORPAIGH AGUS NA LIOBÁINE
an [ll/mm/bbb]
lena dtagtar ar chomhaontú maidir le síneadh a chur le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na Liobáine
COMHAIRLE COMHLACHAIS AN AONTAIS EORPAIGH AGUS NA LIOBÁINE,
Ag féachaint don Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Liobáin, den pháirt eile (‘an Comhaontú Eora-Mheánmhara’),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Liobáine, den pháirt eile, síníodh é an 17 Meitheamh 2002 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2006.
(2)De bhun Airteagal 76 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara, féadfaidh an Chomhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach.
(3)Cuirtear in iúl in Airteagal 86 den Chomhaontú go bhfuil na Páirtithe leis na bearta ginearálta nó sonracha is gá a dhéanamh chun a n-oibleagáidí faoin gComhaontú a chomhlíonadh agus go bhfuil siad le féachaint chuige go mbaintear amach na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú.
(4)Le Cinneadh Uimh. 1/2016 ón gComhairle Comhlachais an 11 Samhain 2016, tháinig an tAontas Eorpach agus an Liobáin ar chomhaontú maidir le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta chun an chomhpháirtíocht a threorú le haghaidh na tréimhse 2016-2020, agus é d’aidhm acu tacú le hathléimneacht agus cobhsaíocht na Liobáine agus iad a neartú agus ag féachaint le dul i ngleic le tionchar na coinbhleachta fada sa tSiria an tráth céanna.
(5)Trí mhalartú litreacha, tháinig an dá pháirtí ar chomhaontú maidir le bailíocht leanúnach Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na Liobáine mar dhoiciméad treorach chun a gcomhpháirtíocht a chomhdhlúthú go dtí go nglacfar doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta.
(6)Le hAirteagal 10 de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Comhlachais, foráiltear maidir leis an bhféidearthacht cinntí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn idir na seisiúin, má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh;
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Cinneann an Chomhairle Comhlachais, ag gníomhú di trí nós imeachta i scríbhinn, go gcuirtear síneadh le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na Liobáine atá i gceangal le Cinneadh Uimh. 1/2016 dá cuid an 11 Samhain 2016, go dtí go nglacfaidh an tAontas Eorpach agus an Liobáin doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa xx, [lá mí bliain].
Thar ceann na Comhairle Comhlachais