|
7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 285/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2126 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Deireadh Fómhair 2022
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint — (“Castagna di Roccamonfina” (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50, mír 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an iarraidh ar an ainm “Castagna di Roccamonfina”, a thíolaic an Iodáil, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) uimh. 1151/2012, ós amhlaidh nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas agóide don Choimisiún, ba cheart an t-ainm “Castagna di Roccamonfina” a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm “Castagna di Roccamonfina” (TGFC) cláraithe leis seo.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 252, 1.7.2022, lch. 26.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).