9.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 329/4


CINNEADH (AE) 2020/1422 ÓN GCOMHAIRLE

an 5 Deireadh Fómhair 2020

maidir le leithdháileadh cistí arna saoradh ó thionscadail faoin 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun athshlánú a dhéanamh ar an tSaoráid um Shíocháin san Afraic

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais le haghaidh na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (1), agus go háirithe Airteagal 1(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An iarracht leanúnach sa tsíocháin agus sa tslándáil atá á déanamh ag an Aontas ar ilchríoch na hAfraice faoin tSaoráid um Shíocháin san Afraic (APF), ba cheart leanúint di go deireadh Meitheamh 2021 nó go dtí dáta éaga chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (2) faoi mar a leasaíodh é an uair dheireanach (“Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE”), cibé dáta acu is luaithe.

(2)

Is é suas go EUR 113 000 000 an meastachán arna dhéanamh ar riachtanais airgeadais APF le haghaidh na tréimhse ó Eanáir 2021 go Meitheamh 2021.

(3)

Is iomchuí cistí arna saoradh ó thionscadail faoin 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta (an “10ú CEF”) a úsáid chun a áirithiú go maoineofar APF go deireadh Meitheamh 2021 nó go dtí dáta éaga Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, cibé dáta acu is luaithe. Ba cheart na cistí breise sin tacaíocht d’Oibríochtaí Tacaíochta Síochána atá faoi stiúir Afracach a mhaoiniú.

(4)

Ba cheart na cistí a úsáid i gcomhréir leis an gclár gníomhaíochta ilbhliantúil ábhartha de chuid APF agus i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (an 11ú CEF), mar a leagtar amach i Rialacháin (AE) Uimh. 2015/322 (3) agus (AE) 2018/1877 ón gComhairle (4).

(5)

Cistí ón 10ú CEF a athúsáideadh, nár gealladh roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 1(3) den 11ú Comhaontú Inmheánach CEF, nó a saoradh i gcomhréir le hAirteagal 1(4) den Chomhaontú sin, leanfaidh siad de bheith ina n‐acmhainn de chuid an 10ú CEF faoi phointe (a) d’Airteagal 1(2) den 10ú Comhaontú Inmheánach CEF (5),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar méid suas go huasmhéid EUR 113 000 000 ó na cistí arna saoradh ó thionscadail faoin 10ú CEF a leithdháileadh chun athshlánú a dhéanamh ar APF don tréimhse 1 Eanáir go 30 Meitheamh 2021 nó go dtí dáta éaga Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, cibé dáta acu is luaithe.

Úsáidfear na cistí sin i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an 11ú CEF.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)   IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.

(2)   IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir le cur i bhfeidhm an 11ú Ciste Eorpaigh Forbraíochta (IO L 58, 3.3.2015 lgh. 1-16, ).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 205/323 (IO L 307, 3.12.2018, lch. 1).

(5)  Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón gComhphobal faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2008 go 2013, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-CE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais le haghaidh na dTíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair de Chonradh CE maidir leo (IO L 247, 9.9.2006, lch. 32).