AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.12.2025
COM(2025) 860 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
An chéad tuarascáil bhliantúil ar an idir-inoibritheacht san Aontas
{SWD(2025) 975 final}
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.12.2025
COM(2025) 860 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
An chéad tuarascáil bhliantúil ar an idir-inoibritheacht san Aontas
{SWD(2025) 975 final}
Clár
COMHTHÉACS AGUS CÚLRA
STRUCHTÚR
STAID CUR CHUN FEIDHME NA hIMEARTHA
Rialachas
Cumasóirí
Bearta tacaíochta
Measúnuithe idir-inoibritheachta
COMHAR IDIR AN COIMISIÚN AGUS PÁIRTITHE LEASMHARA EILE
CONCLÚID AGUS BREATHNÚ CHUN CINN
COMHTHÉACS AGUS CÚLRA
LEIS AN nGNÍOMH UM EORAIP IDIR-INOIBRITHEACH, LEAGTAR SÍOS AN DÚSHRAITH D’EORAIP DHIGITEACH ATÁ NASCTHA GO RIANÚIL
Tuarascáil Bhliantúil ar an
Idir-inoibritheacht san Aontas
De réir mar a chuireann an tAontas a chlaochlú digiteach chun cinn, leis an n Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach 1 , atá i bhfeidhm ón 11 Aibreán 2024, déantar foráil maidir le creat fíor-riachtanach chun borradh a chur faoin idir-inoibritheacht agus nuálaíocht trasteorann san earnáil phoiblí. Leis an nGníomh, tá sprioc na Deacáide Digití 2 á spreagadh 100 % de phríomhsheirbhísí poiblí a bheith ar líne faoi 2030. Freagraíonn sé don mhéadú ar an ngá atá le seirbhísí rianúla trasteorann: agus 150 milliún saoránach den Aontas Eorpach ina gcónaí i réigiúin teorann agus 2 mhilliún ag comaitéireacht gach lá idir na Ballstáit, tá riaracháin phoiblí idirnasctha fíor-riachtanach. Ní hamháin go gcuirfidh riaracháin dhigiteacha níos láidre seirbhísí rianúla ar fáil ach sábhálfaidh siad méid measta suas le EUR 5 bhilliún in aghaidh na bliana freisin trí éifeachtúlacht níos fearr 3 .
Sa chéad Tuarascáil Bhliantúil seo, a chuir an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi Airteagal 20(4) den Ghníomh um Eoraip Idir-inoibritheach, déantar athbhreithniú ar an dul chun cinn foriomlán maidir leis an nGníomh a chur chun feidhme agus cuirtear i dtábhacht an méid atá bainte amach, na dúshláin agus na treonna a bheidh ann amach anseo. Leantar cur chuige struchtúrtha ann, ag tosú le comhthéacs níos leithne an Ghnímh sula mbogtar i dtreo mionscrúdú a dhéanamh ar a chur chun feidhme agus ar a thionchar. Cé go ndírítear sa tuarascáil seo ar dhul chun cinn tosaigh agus ar thionscnaimh nua a sheoladh, bainfidh tuarascálacha amach anseo tairbhe as torthaí sásra faireacháin lánfheidhme a bhainfidh tairbhe as tacar sonraí atá ag dul i méid chun anailís a dhéanamh ar threochtaí, ar bhacainní agus ar spreagthaí. Tabharfaidh sé sin forbhreathnú cuimsitheach ar staid na hidir-inoibritheachta san Aontas.
STRUCHTÚR
Le forálacha an Ghnímh um Eoraip Idir-inoibritheach, bunaíodh creat láidir maidir le comhar san earnáil phoiblí, lena n‑áirithítear gur féidir le seirbhísí oibriú go rianúil thar theorainneacha críochacha, earnálacha agus eagraíochtúla. Tá príomhairteagail an Ghnímh rangaithe i gceithre phríomhchatagóir: rialachas, cumasóirí idir-inoibritheachta, bearta tacaíochta don chur chun feidhme, agus measúnuithe idir-inoibritheachta. Áirítear sa chatagóir deiridh ceapadh beartas atá réidh don digitiú.
Fíor 1 – An Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach – Foranna
Dírítear sa chéad tuarascáil seo ar chur chun feidhme an Ghnímh ó tháinig sé i bhfeidhm go dtí mí Iúil 2025 agus ionchorpraítear inti roinnt gnéithe ó na gníomhaíochtaí faireacháin faoi Airteagal 20. Mar gheall ar chur chun feidhme leanúnach an Ghnímh, ní raibh sonraí cuimsitheacha ar fáil go fóill chun léargas a fháil ón Sásra Faireacháin um Eoraip Idir-inoibritheach. Tá tuilleadh faisnéise faoi sin mionsonraithe sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo 4 .
STAID CUR CHUN FEIDHME NA hIMEARTHA
Rialachas
An bunús dlí
Bunaíodh an creat rialachais a leagtar amach sa Ghníomh go hiomlán le bliain anuas, mar a shonraítear thíos.
Gníomhaíochtaí cur chun feidhme
Le bliain anuas, tá dul chun cinn mór déanta maidir le struchtúr láidir rialachais a chur i bhfeidhm.
·Mar a shainordaítear le hAirteagal 15, thosaigh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach agus a mheitheal bhuan ag oibriú go foirmiúil sa cheathrú ráithe de 2024 lenar soláthraíodh an creat institiúideach is gá chun cur chun feidhme an Ghnímh a chomhordú ar fud an Aontais. Ina theannta sin, ghlac an Bord clár oibre an Bhoird i mí na Bealtaine 2025 agus tabharfar cothrom le dáta é go tráthrialta chun dréachtú chláir oibre chruinnithe an Bhoird amach anseo a threorú.
·Mar a shainordaítear le hAirteagal 16, seoladh an Comhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach go hoifigiúil tríd an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach i mí na Bealtaine 2025. Cuireann sé spás comhoibríoch ar fáil do na Ballstáit, d’institiúidí agus do pháirtithe leasmhara chun taithí a mhalartú, dea-chleachtais a chomhroinnt agus réitigh a chruthú le chéile.
·Mar a shainordaítear le hAirteagail 17 agus 18, bhí a n‑údaráis inniúla náisiúnta ceaptha ag 26 de na 27 mBallstát faoi sprioc-am ceangailteach ó thaobh dlí de, an 12 Eanáir 2025, mar a cheanglaítear le hAirteagal 17, agus bhí a gcomhordaitheoirí idir-inoibritheachta ceaptha ag eintitis de chuid an Aontais faoi Airteagal 18. Leis sin, bhíothas in ann cur chuige comhleanúnach a ghlacadh maidir le cur chun feidhme agus comhordú ar fud an Aontais.
·Chun an chéad Chlár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach a sainordaíodh le hAirteagal 19 a fhorbairt, bunaíodh tascfhórsa, lena n‑áirítear comhaltaí buana den mheitheal, sa chéad ráithe de 2025. D’ullmhaigh an tascfhórsa comhairliúchán poiblí agus seoladh é ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach i mí an Mheithimh 2025, agus é mar chuspóir aige a áirithiú go léireofar leis na tosaíochtaí a bheidh ann amach anseo rannchuidithe agus ionchais raon leathan páirtithe leasmhara 5 .
Breithnithe don todhchaí
Ag féachaint chun cinn, díreofar ar ghlacadh foirmiúil an Chláir Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach ag an mBord. Leis an gClár Oibre sin, déantar foráil maidir le creat cuimsitheach chun iarrachtaí idir-inoibritheachta ar fud an Aontais a threorú, agus tionscnaimh leanúnacha a ailíniú le cuspóirí fadtéarmacha agus le riachtanais athraitheacha na mBallstát agus institiúidí de chuid an Aontais. Cuirfear feabhas ar an gcreat faireacháin a thuilleadh. Ar deireadh, beidh an chéad tionól bliantúil den Chomhphobal, a thionólfar i mí Dheireadh Fómhair 2025, ina phríomhócáid chun comhar, malartú dea-chleachtas agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a chur chun cinn a thuilleadh.
Cumasóirí
An bunús dlí
Leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach, bunaítear creat cuimsitheach chun aghaidh a thabhairt ar cheanglais dhlíthiúla, eagraíochtúla, shéimeantacha agus theicniúla chun réitigh inscálaithe agus inoiriúnaithe san earnáil phoiblí a áirithiú. Chun comhroinnt agus athúsáid éifeachtach réiteach a áirithiú, cuirtear le hAirteagal 4 oibleagáid ar institiúidí agus comhlachtaí earnála poiblí de chuid an Aontais réitigh idir-inoibritheachta a chomhroinnt le haghaidh seirbhísí digiteacha tras-Eorpacha. Molann an Bord réitigh idir-inoibritheachta atá incháilithe don lipéad ‘réiteach um Eoraip Idir-inoibritheach’. Leis an nGníomh, treisítear an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta (CEI) mar phointe tagartha coiteann agus tugtar isteach an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach mar phointe iontrála aonair le haghaidh réiteach, sonraíochtaí teicniúla agus dea-chleachtas.
Gníomhaíochtaí cur chun feidhme
·Léiríodh le torthaí 2025 ón Sásra Faireacháin um Eoraip Idir-inoibritheach go bhfuil an leagan reatha den Chreat Eorpach Idir-inoibritheachta glactha go foirmiúil ag gach Ballstát 6 . Chun forálacha Airteagal 6 den Ghníomh a chur chun feidhme, bunaíodh grúpa neamhfhoirmiúil saineolaithe maidir leis an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta don Chéad Ghlúin Eile i mí na Bealtaine 2025 chun treoraíocht theicniúil agus straitéiseach a thabhairt chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat.
·Mar a shainordaítear le hAirteagal 7, d’fhormheas an Bord an sainmhíniú ar an bpróiseas agus ar na critéir chun réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach a lipéadú i mí na Bealtaine 2025. Áiritheofar leis sin gur féidir réitigh a chomhlíonann cáilíocht agus caighdeáin idir-inoibritheachta shainmhínithe a aithint agus a chur chun cinn laistigh den Tairseach agus ar fud an Chomhphobail i gcoitinne. Bunaíodh tascfhórsa tiomnaithe ina bhfuil comhaltaí ón meitheal bhuan chun na chéad réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach a roghnú. Ina theannta sin, osclaíodh comhairliúchán poiblí ar an Tairseach ó mhí an Mheithimh go dtí mí Lúnasa 2025 chun aighneachtaí maidir le réitigh idir-inoibritheachta a bhailiú lena meas le haghaidh lipéadú.
·I gcomhréir le hAirteagal 8, seoladh an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach sa cheathrú ráithe de 2024. Tá sí ina mol lárnach le haghaidh faisnéise, acmhainní agus uirlisí arb é is aidhm di tionscnaimh idir-inoibritheachta trasteorann a éascú. Tá thart ar 10 000 úsáideoir cláraithe ar an Tairseach agus breathnaítear ar bheagnach 100 000 leathanach gach mí. I measc gnéithe eile, óstálann an Tairseach réitigh idir-inoibritheachta agus tuarascálacha measúnaithe, spás le haghaidh chinntí agus dhoiciméid an Bhoird; cuireann sé spás comhair ar fáil do na boscaí gainimh rialála; agus foilsíonn sé deiseanna nua cistiúcháin dhigitigh gach mí. Ó mhí Iúil 2025, taifeadadh 670 réiteach gníomhach ar an Tairseach 7 . Is ar leibhéal an Aontais a tháinig an chuid is mó díobh sin (58,5 %). Tá úinéireacht ag eintitis de chuid an Aontais go príomha (57,7 %), agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí ina dhiaidh sin (34,5 %). Is é an Coimisiún Eorpach – go háirithe AS DIGIT – an príomhúinéir institiúideach.
Dea-chleachtais
CUR CHUN FEIDHME an Chreata Eorpaigh Idir-inoibritheachta ag an Eastóin
In 2023, sheol an Eastóin creat idir-inoibritheachta náisiúnta nua 8 chun teacht in ionad an chreata a bhí ann roimhe sin ar feadh níos faide ná 10 mbliana. Cé nach bhfuil sé sainordaitheach, tugann sé treoraíocht phraiticiúil maidir le prionsabail idir-inoibritheachta don riarachán poiblí ina iomláine. Áirithítear leis na prionsabail sin cumarsáid agus comhroinnt sonraí rianúil idir córais TFC. Tá an creat ailínithe leis an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta agus is ‘creat beo’ é, a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta chun go mbeidh sé fós inoiriúnaithe agus soláimhsithe, le hathbhreithnithe gach 2 bhliain ar a laghad.
Mar chomhlánú leis sin, tá roinnt tionscnamh maidir le hidir-inoibritheacht agus athléimneacht dhigiteach curtha chun cinn ag an Eastóin, go háirithe an chéad ‘ambasáid sonraí’ ar domhan i Lucsamburg 9 . Leis an gcúltaca slán sin le haghaidh sonraí rialtais, áirithítear leanúnachas oibríochtaí agus léirítear dea-chleachtas maidir le bainistiú sonraí trasteorann agus idir-inoibritheacht. Tá an tionscnamh seo ina chuid de straitéis níos leithne na hEastóine chun borradh a chur faoina hathléimneacht dhigiteach agus chun oibríochtaí rialtais gan bhriseadh a choinneáil ar bun ar bhonn idir-inoibritheacht láidir lena dtacaítear le malartú slán rianúil sonraí idir córais. Trí shonraí criticiúla rialtais a stóráil i suíomh slán lasmuigh den Eastóin, is éard atá i gceist le hambasáid sonraí an cleachtas den aicme is fearr maidir le leanúnachas gnó agus bainistiú athshlánaithe ó thubaiste. Tá siad sin fíor-riachtanach chun go mbeidh córais idir-inoibritheach.
CATALÓG AN AONTAIS UM RÉITIGH FOINSE OSCAILTE
Léirítear i gCatalóg an Aontais um Réitigh Foinse Oscailte 10 conas is féidir le sócmhainní digiteacha comhroinnte éifeachtúlacht, comhar trasteorann agus ceannasacht dhigiteach na hEorpa a spreagadh. Tá riaracháin phoiblí ag glacadh foinse oscailte níos mo agus níos mó, agus spreagtar le hAirteagal 4 den Ghníomh comhroinnt réiteach idir-inoibritheachta – lena n‑áirítear cód, doiciméadacht agus tagairtí do chaighdeáin oscailte – chun tacú le seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha.
Sa Chatalóg, a d’fhorbair an Coimisiún Eorpach faoi threoirthionscadail na Réiteach Bogearraí Saora agus Foinse Oscailte le haghaidh Seirbhísí Poiblí Eorpacha (FOSSEPS), tiomsaítear réitigh ó Bhallstáit éagsúla, rud a chumasaíonn athúsáid, comhar agus idir-inoibritheacht níos fearr. Tá an chatalóg ina margadh le haghaidh réitigh foinse oscailte, lena gcumhachtaítear comhar, cruthaitheacht agus éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht á neartú. Seoladh ar dtús é mar tháirge inmharthana íosta in 2024 le rannchuidithe ón Iodáil, ón nGearmáin agus ó code.europa.eu an Choimisiúin 11 , agus áirítear an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ísiltír agus an tSualainn anois. Tá tionscnaimh amhail Catalóg an Aontais um Réitigh Foinse Oscailte agus publiccode.yml ag cuidiú le hearnáil phoiblí dhigiteach de chuid an Aontais atá níos nuálaí, níos idir-inoibrithí agus níos éifeachtúla a fhorbairt.
Breithnithe don todhchaí
Sa tréimhse atá le teacht, beidh an fócas oibríochtúil ar an gcéad bhaisc de réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach a chuirfear isteach lena bhformheas ag an mBord. Bronnfar lipéad ‘réiteach um Eoraip Idir-inoibritheach’ ar na réitigh a fhaigheann formhuiniú an Bhoird agus cuirfear ar fáil iad ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach. Thairis sin, ag cur le hobair Ghrúpa Saineolaithe Neamhfhoirmiúil an Chreata Eorpaigh Idir-inoibritheachta, cuirfear an treoirphlean maidir leis an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta don Chéad Ghlúin Eile faoi bhráid an Bhoird i mí na Nollag 2025 chun tús a chur leis an athbhreithniú foirmiúil ar an gcreat. Ina theannta sin, bunófar tascfhórsa nua, chun comhaltaí na meithle buaine a chur san áireamh, chun na Treoirlínte maidir le Comhroinnt agus Athúsáid réiteach idir-inoibritheachta a dhréachtú. Aistreofar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach go teangacha oifigiúla uile an Aontais trí mheaisínaistriúchán chun inrochtaineacht leathan a áirithiú.
Bearta tacaíochta
An bunús dlí
Leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach, leagtar amach bearta chun idir-inoibritheacht a neartú ar fud na mBallstát agus na n‑eintiteas trí thacaíocht shaincheaptha, nuálaíocht, scileanna agus comhar. Le hAirteagal 10, tugtar isteach bearta nuálaíochta chun réitigh idir-inoibritheachta nua nó fheabhsaithe a fhorbairt, go minic i gcomhar le gníomhaithe GovTech amhail FBManna, institiúidí taighde agus gnólachtaí nuathionscanta. Le hAirteagail 11 agus 12, bunaítear boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta chun réitigh a thástáil agus a bhailíochtú i dtimpeallacht rialaithe. Áirítear le tacaíocht bhreise tuilleadh ábhar oiliúna maidir leis an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta agus réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach, lena n‑áirítear foinse oscailte, agus sásra deonach le haghaidh athbhreithniú piaraí chun feabhas a chur ar an gcomhar i measc comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí.
Gníomhaíochtaí cur chun feidhme
Cuireadh bearta tacaíochta iomadúla i bhfeidhm chun tacú leis an nuálaíocht san idir-inoibritheacht.
·I ndáil le hAirteagail 11 agus 12, déanann an Coiste um Boscaí Gainimh Rialála Idir-inoibritheachta maoirseacht ar fheidhmiú boscaí gainimh, éascaíonn sé malartú taithí agus tugann sé treoraíocht maidir le dea-chleachtais. Glacadh an gníomh cur chun feidhme le haghaidh na mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta 12 i mí Iúil 2025, lena ndéantar foráil maidir le bunús dlí struchtúrtha chun réitigh dhigiteacha nuálacha a thástáil agus triail a bhaint astu i dtimpeallacht rialaithe. Leis an gcreat sin, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit agus do na páirtithe leasmhara cineálacha cur chuige nua a phíolótú agus comhlíonadh phrionsabail agus chuspóirí an Ghnímh á áirithiú.
·Tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach agus i gcomhréir le hAirteagal 10, cistíonn an Coimisiún príomhthionscnaimh chun borradh a chur faoin gcomhar digiteach trasteorann, faoi bhearta nuálaíochta agus faoi GovTech (e.g. Gorlann GovTech agus Gníomhaíocht Chomhordúcháin agus Tacaíochta maidir le riaracháin phoiblí nuálacha agus nasctha). Tá an bealach á réiteach ag GovTech le haghaidh tionscadal ilnáisiúnta amach anseo chun comhinfheistíocht a dhéanamh i bhforbairt na hintleachta saorga (IS) agus na bpríomhréiteach idir-inoibritheachta do sheirbhísí poiblí.
·Neartaíodh scileanna idir-inoibritheachta na hearnála poiblí trí fhorbairt an Acadaimh um Eoraip Idir-inoibritheach, mar a shainordaítear le hAirteagal 13. Tá forbairt cláir deimhniúcháin maidir le cúrsaí idir-inoibritheachta curtha chun cinn ag an gCoimisiún. Idir mí Mheán Fómhair 2024 agus mí an Mheithimh 2025, foilsíodh 9 gcúrsa nua, bhí 12 426 rollú ann agus seachadadh 2 716 dheimhniú. Is é 34 % ráta na ndeimhnithe a seachadadh 13 . Mheall imeacht fíorúil, an Scoil Shéasúrach, a eagraíodh ón 13 go dtí an 15 Bealtaine, níos mó ná 500 rannpháirtí, arb é is aidhm di idir-inoibritheacht Eorpach a chur chun cinn agus comhroinnt eolais sa réimse a threisiú a thuilleadh. Beidh an t‑imeacht ina imeacht bliantúil.
Dea-chleachtais
MALARTÚ SONRAÍ MAC LÉINN
Is bonneagar trasteorann é Emrex 14 lena gcumasaítear malartú leictreonach slán sonraí mac léinn, amhail tras-scríbhinní agus dioplómaí, i measc mac léinn, institiúidí ardoideachais agus tríú páirtithe údaraithe. Tacaíonn sé le gnóthachtálacha acadúla a aithint i bhformáidí meaisín-inléite agus PDF, lena gcuirtear idir-inoibritheacht agus ath-inúsáidteacht chun cinn i gcomhréir leis an nGníomh agus leis an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta 15 , agus ar an gcaoi sin soghluaisteacht mac léinn a éascú.
Is trí Erasmus+ (2015-2017) a cistíodh EMREX ar dtús agus is tionscnamh féinchothabhálach foinse oscailte é anois atá á rialú ag grúpa úsáideoirí EMREX (EUG), ar líonra neamhspleách, idirnáisiúnta, ilpháirtithe leasmhara é a bhfuil baint ag comhlachtaí rialtais, lucht acadúil agus gníomhaithe GovTech leis. Tá an tionscnamh gníomhach i roinnt tíortha anois, lena n‑áirítear an Fhionlainn, an Ísiltír, an Iorua, an tSualainn agus an tSile, agus tá méadú ag teacht ar ghlacadh an tionscnaimh sa Ghearmáin.
Ina ailtireacht theicniúil, tá comhpháirteanna foinse oscailte atá ar fáil ar GitHub faoi cheadúnas foinse oscailte EUPL-1.2 16 . Amhail an breiseán ‘Student Mobility Plugin’, lena n‑éascaítear aistriú taifead oideachais, mar shampla, idir ollscoil agus tairseach iarratais, cuireann Pointe Rochtana Sonraí EMREX rochtain iontaofa chaighdeánaithe ar shonraí mac léinn ar fáil. Déantar sonraí a mhalartú trí úsáid a bhaint as samhail foghlama oibiachtaí EMREX, formáid choiteann lena n‑áirithítear go ndéantar taifid acadúla a struchtúrú ar bhealach idir-inoibritheach agus meaisín-inléite. Is nasc teicniúil aonuaire é Tairseach le DC4EU 17 lena gcomhtháthaítear EMREX leis an tionscadal Dintiúir Dhigiteacha don Aontas (DC4EU), rud a threisíonn a ról in éiceachóras oideachais dhigitigh na hEorpa i gcoitinne. Tacaíonn sé le malartú sonraí iontaofa agus slán atá ailínithe le prionsabail an Aontais amhail eIDAS agus prionsabal na haonuaire. Tá méadú ag teacht ar Emrex fós, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh sé ailínithe leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach agus leis an Tairseach Aonair Dhigiteach atá le teacht. Fágfaidh sé sin go mbeidh sé ina phríomhchumasóir do mhalartú iontaofa sonraí atá dírithe ar an úsáideoir san ardoideachas agus lasmuigh den ardoideachas.
OIDEACHAS IDIR-INOIBRITHEACHTA I RIARACHÁN POIBLÍ NA POLAINNE
Tá riarachán poiblí digiteach agus idir-inoibritheacht curtha chun cinn ag an bPolainn trí dhá phríomhthionscnamh: d’athúsáid an Pholainn ‘Idir-inoibritheacht: Cúrsa Tosaigh’ an Acadaimh um Eoraip Idir-inoibritheach agus sheol sí Staidéar an Rialtais ar Ailtireacht Fiontair. Maidir leis an ‘Idir-inoibritheacht: Cúrsa Tosaigh’ 18 , atá comhtháite in ardán náisiúnta ríomhfhoghlama na Polainne 19 faoi cheadúnas EUPL 20 agus a aistrítear i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, cuireann sé le hacmhainneacht na hearnála poiblí maidir le prionsabail idir-inoibritheachta atá ailínithe leis an Aontas. Moladh an t‑ábhar oiliúna go forleathan as bheith soiléir agus éasca le húsáid, rud a spreag an Pholainn dul i dteagmháil go réamhghníomhach leis an gCoimisiún Eorpach chun logánú a dhéanamh ar chúrsaí breise, amhail cúrsaí maidir le measúnuithe idir-inoibritheachta agus eGovERA© 21 .
Le Staidéar an Rialtais ar an Ailtireacht Fiontair 22 , a seoladh go déanach in 2023, tugtar le chéile seimineáir ghréasáin tosaigh, ceardlanna ar an láthair agus tacaíocht ardaibíochta chun borradh a chur faoi acmhainneacht eagraíochtaí san earnáil phoiblí san idir-inoibritheacht agus san ailtireacht fiontair. Cuireann sé le Stór Rialtais maidir le hAiltireacht Fiontair chun cur i bhfeidhm praiticiúil a threisiú. Agus breis agus 400 státseirbhíseach ar fud 26 eagraíocht a bheith rannpháirteach, léiríonn na tionscnaimh sin conas a neartaíonn oiliúint straitéiseach agus fothú acmhainneachta an rialachas, conas a spreagann siad an claochlú digiteach agus conas a bhaineann siad tairbhí nithiúla amach do riaracháin, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh araon.
Breithnithe don todhchaí
Déanfar na próisis agus na coinníollacha chun tionscadail tacaíochta a chur i bhfeidhm le haghaidh cur chun feidhme beartas, mar a tugadh isteach le hAirteagal 9, a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid na meithle buaine in 2026. D’fhéadfadh cruthú an chéad bhosca gainimh idir-inoibritheachta a bheith mar thoradh air sin, rud a bheadh ina chéim mhór i dtreo nuálaíocht a chothú san earnáil phoiblí. Thacódh sé freisin le tástáil rialaithe a dhéanamh ar réitigh trasteorann. Cuirfidh na boscaí gainimh ar a gcumas do na Ballstáit agus do na páirtithe leasmhara triail a bhaint as cineálacha cur chuige digiteach nua agus comhlíonadh phrionsabail an Chláir Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach á áirithiú. Le himeacht ama, cuideoidh na ceachtanna a foghlaimíodh ó oibríochtaí bosca gainimh freisin le beartais idir-inoibritheachta a bheachtú agus le réitigh nua a fhorbairt. Foilseoidh an tAcadamh 12 chúrsa oiliúna nua roimh dheireadh 2025 agus beidh trí cinn díobh sin ar fáil i 24 theanga oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh. Ar deireadh, cuirfear an mhodheolaíocht maidir leis an sásra deonach le haghaidh athbhreithniú piaraí faoi bhráid an Bhoird lena formheas. Nuair a bhailíochtófar iad, forbrófar na gnéithe tacaíochta ar an Tairseach agus cuirfear chun cinn iad tríd an gComhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach.
Measúnuithe idir-inoibritheachta
An bunús dlí
Leis an nGníomh, sainordaítear measúnuithe idir-inoibritheachta d’eintitis de chuid an Aontais agus do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí chun a áirithiú go measfar saincheisteanna idir-inoibritheachta trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha sula gcuirfear chun feidhme iad (Airteagal 3). Tá na measúnuithe ceaptha chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na gceanglas ceangailteach ar sheirbhísí poiblí digiteacha, chun páirtithe leasmhara a shainaithint agus chun infheidhmeacht agus rannchuidiú luacha na réiteach idir-inoibritheachta atá ann cheana a fháil amach sula ndéanfar cinntí maidir le ceanglais cheangailteacha nua nó atá modhnaithe go substaintiúil. Chun an próiseas a éascú, cuireann an Coimisiún Eorpach uirlisí teicniúla ar fáil, lena n‑áirítear uirlis ar líne chun tuarascálacha measúnaithe a chur i gcrích agus iad a fhoilsiú ar an Tairseach. I gcás na mBallstát, tá sé níos éasca gnéithe digiteacha de thograí a shainaithint go luath mar gheall ar na hionstraimí sin agus na saineolaithe agus na páirtithe leasmhara cearta a mhealladh ón tús. Cuireann siad ar a gcumas dóibh freisin measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil impleachtaí móra digiteacha ag athruithe nó comhréitigh le linn caibidlíocht idirinstitiúideach. Ina theannta sin, cuireann siad bealach struchtúrtha ar fáil le haghaidh aiseolais agus malartaithe, rud a neartaíonn acmhainneacht an Choimisiúin dúshláin cur chun feidhme a réamh-mheas agus a chleachtais ceaptha beartas a bheachtú.
Gníomhaíochtaí cur chun feidhme
·I gcás na mBallstát, cuidíonn glacadh treoirlínte maidir le measúnú idir-inoibritheachta 23 le cur chuige struchtúrtha comhsheasmhach a áirithiú maidir le meastóireacht a dhéanamh ar idir-inoibritheacht ar fud réimsí éagsúla. Leis na treoirlínte sin, déantar foráil maidir le creat soiléir chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na gceanglas ceangailteach ar idir-inoibritheacht trasteorann, ar na páirtithe leasmhara agus ar na réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach a thacaíonn leo. Sa dara ráithe de 2025, aistríodh na treoirlínte go teangacha uile an Aontais agus thacaigh siad leis an dá thuarascáil measúnaithe idir-inoibritheachta a thíolaic na Ballstáit (an Chipir agus an Ghearmáin) ó tháinig na measúnuithe idir-inoibritheachta sainordaitheacha i bhfeidhm an 12 Eanáir 2025.
·Sa Choimisiún, cuireadh Airteagal 3 den Ghníomh um Eoraip Idir-inoibritheach chun feidhme tríd an gcreat ceaptha beartas atá réidh don digitiú 24 , a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2025. Agus an cur chuige struchtúrtha sin á úsáid ag an gCoimisiún, tá 32 mheasúnú idir-inoibritheachta 25 curtha i gcrích aige cheana féin le héifeachtúlacht agus fócas soiléir ar cháilíocht 26 . Tá an cur chuige bunaithe ar thrí phríomhghné.
oDéantar an measúnú digiteach le linn chéim na pleanála beartais agus tá ceithre cheist ghearra ann a chuidíonn le foirne beartais cinneadh cé acu atá nó nach bhfuil impleachtaí digiteacha ag tionscnamh.
oTacaíonn an treoraíocht maidir le ceapadh beartas atá réidh don digitiú le comhtháthú córasach breithnithe digiteacha le linn an phróisis ceaptha beartas.
oAn Ráiteas Reachtach Airgeadais agus Digiteach nó, i gcás inarb iomchuí, an Ráiteas Digiteach. Feidhmíonn an dá ráiteas mar mheasúnú idir-inoibritheachta an Choimisiúin nuair is gá. Leis an Ráiteas Reachtach Airgeadais agus Digiteach, cuirtear caibidil dhigiteach thiomnaithe leis an iar-Ráiteas Reachtach Airgeadais. Is leagan simplithe é an Ráiteas Digiteach le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe.
Dea-chleachtais
MEASÚNUITHE IDIR-INOIBRITHEACHTA TRÍD AN gCREAT CEAPTHA BEARTAS ATÁ RÉIDH DON DIGITIÚ
Cuireadh i dtábhacht sa mheasúnú córais ar leibhéal an Aontais amhail eIDAS 27 le haghaidh ríomh-shainaitheantais agus Creat Cibearshlándála an Aontais 28 mar phríomhchumasóirí chun seirbhísí slána idir-inoibritheacha a sholáthar, gan aon bhacainn trasteorann a bheith fós ann.
Agus an Creat Ceaptha Beartas atá Réidh don Digitiú á úsáid ag an gCoimisiún, tá 32 mheasúnú idir-inoibritheachta ar thograí beartais curtha i gcrích aige in 2025, agus tá samplaí amhail na rialacháin maidir leis an Ionstraim um Fhorbairt agus Fás na Réigiún Teorann 29 agus maidir le maidir le Loingsithe Digiteacha Dramhaíola 30 ar fáil ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.
SEIRBHÍSÍ POIBLÍ DIGITEACHA TRASTEORANN: DEARBHÚ MAIDIR LE COMHAR IDIR AN tSUALAINN AGUS AN FHIONLAINN
Is garsprioc thábhachtach sa chomhar digiteach trasteorann é an Dearbhú maidir le Comhar idir an tSualainn agus an Fhionlainn 31 , a síníodh an 16 Meán Fómhair 2024. Díríonn sé ar sheirbhísí poiblí digiteacha idir-inoibritheacha, lena n‑áirítear malartú sonraí daonra agus rialacháin ghnó chomhchuibhithe, chun feabhas a chur ar rochtain, éifeachtúlacht agus iontaofacht do shaoránaigh agus do ghnólachtaí thar theorainneacha.
Tá an idir-inoibritheacht mar bhonn taca leis an dearbhú, rud a chumasaíonn seirbhísí rianúla, cibearshlándáil níos láidre agus comhordú níos fearr, agus comhtháthú eacnamaíoch agus nuálaíocht á gcothú. Léiríonn an tionscnaimh go bhfuil spriocanna comhroinnte, infheistíocht chomhpháirteach agus caighdeáin chomhchuibhithe fíor-riachtanach le haghaidh comhar digiteach trasteorann rathúil, lena gcuirtear samhail dea-chleachtais ar fáil a bhfuil ábharthacht thras-Eorpach ag baint léi do Bhallstáit eile den Aontas Eorpach.
Breithnithe don todhchaí
Tá sé cruthaithe go bhfuil measúnuithe idir-inoibritheachta luachmhar chun idir-inoibritheacht trasteorann a leabú i reachtaíocht nua agus i seirbhísí poiblí digiteacha ón tús. Beidh éifeachtacht leanúnach ag brath ar phróisis agus treoraíocht a chuíchóiriú, ar thosaíochtaí atá ag teacht chun cinn a chomhtháthú amhail IS, rialachas sonraí agus cibearshlándáil, agus ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú ar fud na mBallstát agus institiúidí de chuid an Aontais.
Ar leibhéal an Choimisiúin, tá treoraíocht inmheánach ar fáil maidir le measúnuithe idir-inoibritheachta le haghaidh soláthair. Tá fiosrú á dhéanamh ar uirlis atá bunaithe ar IS, AI4DRPM, chun Ráitis Dhigiteacha agus Ráitis Reachtacha Airgeadais agus Dhigiteacha a uathoibriú go páirteach, lena laghdófaí an t‑ualach oibre agus an ról atá acu maidir le himpleachtaí digiteacha a mheasúnú á choinneáil. Is é is aidhm do na bearta sin measúnuithe idir-inoibritheachta a bheith ina mbunchloch maidir le rialáil níos fearr agus cur chun feidhme beartas.
COMHAR IDIR AN COIMISIÚN AGUS PÁIRTITHE LEASMHARA EILE
Le bliain anuas, neartaigh an Coimisiún comhar na bpáirtithe leasmhara chun an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach a chur chun cinn. Tá na Ballstáit rannpháirteach tríd an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach agus a fhoghrúpaí, a imríonn tionchar ar thosaíochtaí agus ar an gclár oibre, agus áirithíonn comhordaitheoirí idir-inoibritheachta, saineolaithe agus pobail chleachtais taithí phraiticiúil atá mar bhonn eolais do bheartais agus uirlisí. Baineann an comhar le tíortha is iarrthóirí, le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus le comhlachtaí um chaighdeánú, rud a léiríonn cineál idirnasctha na seirbhísí poiblí digiteacha. Leis an gcomhar faoin nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach agus a Bhord, tugtar deis luachmhar do thíortha aontachais ailíniú go luath le caighdeáin ríomhrialachais an Aontais — rud a chuireann dlús leis an gcomhtháthú de réir a chéile i Margadh Aonair Digiteach an Aontais. Chuir comhpháirtíochtaí leis an tionscal, leis an lucht acadúil, leis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta réitigh foinse oscailte, margaí GovTech agus boscaí gainimh rialála chun cinn, rud a chuidíonn le hiarrachtaí a ailíniú, dúbláil a sheachaint agus sineirgí trasteorann agus trasearnála a chruthú.
CONCLÚID AGUS BREATHNÚ CHUN CINN
Le linn na chéad bhliana de chur chun feidhme an Ghnímh um Eoraip Idir-inoibritheach, leagadh síos an réamhobair d’earnáil phoiblí dhigiteach atá níos láidre agus níos comhtháite ar fud an Aontais. Léiríonn an méid atá bainte amach nach saincheist theicniúil amháin í an idir-inoibritheacht a thuilleadh ach gur cumasóir straitéiseach í do cheannasacht dhigiteach agus iomaíochas na hEorpa. Le garspriocanna amhail na struchtúir rialachais a chur i bhfeidhm, measúnuithe idir-inoibritheachta a sheoladh agus critéir a ghlacadh le haghaidh réitigh lipéadaithe, léiríodh acmhainneacht an Aontais gníomhú i dteannta a chéile. Sa bhliain atá le teacht, is féidir coinne a bheith leis an méid seo a leanas:
·glacadh an chéad Chláir Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach ag an mBord, ina leagtar amach na tosaíochtaí do 2026 agus ina dhiaidh sin;
·an chéad bhaisc de réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach arna bhformheas ag an mBord agus na treoirlínte maidir le comhroinnt agus athúsáid réiteach;
·bearta tacaíochta breise do na Ballstáit agus d’eintitis de chuid an Aontais, lena n‑áirítear cúrsaí oiliúna, boscaí gainimh rialála, tionscadail tacaíochta agus sásraí le haghaidh athbhreithniú piaraí;
·treoraíocht agus uirlisí breise atá cothrom le dáta le haghaidh measúnuithe idir-inoibritheachta chun simpliú a chothú.
Beidh gá le gealltanas polaitiúil agus infheistíocht chun na chéad chéimeanna eile a bhaint amach: glacadh réiteach lipéadaithe a mhéadú, idir-inoibritheacht a leabú i mórthionscnaimh bheartais de chuid an Aontais amhail an Gníomh um Shonraí 32 , an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach 33 agus an Gníomh um an Intleacht Shaorga 34 , agus ceannaireacht dhomhanda na hEorpa a threisiú trí ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta. Leanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe, den chlár oibre sin a chur chun cinn, lena n‑áiritheofar go mbeidh an idir-inoibritheacht ina bunchloch d’Aontas Eorpach a bheidh níos digití, níos cuimsithí agus níos athléimní.
Deacáid dhigiteach na hEorpa: Spriocanna 2030 | An Coimisiún Eorpach .
SWD(2025)975.
Comhairliúchán faoin gclár oibre ar an Tairseach: Cloisimis uait | An Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach .
Sonraí ó thorthaí 2025 an tSásra Faireacháin um Eoraip Idir-inoibritheach. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in SWD(2025)975.
Idir-inoibritheacht Chóras Faisnéise an Stáit 2011 | An Aireacht um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus um Chumarsáid .
CATALÓG AN AONTAIS UM RÉITIGH FOINSE OSCAILTE| An Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach .
Rialachán cur chun feidhme - AE - 2025/1420 - GA - EUR-Lex .
Sonraí ó thorthaí 2025 an tSásra Faireacháin um Eoraip Idir-inoibritheach. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in SWD(2025)975.
Emrex, réiteach foinse oscailte a thacaíonn le soghluaisteacht mac léinn | An Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach .
Kurs wprowadzający do interoperacyjności | Portal Interoperacyjności i Architektury .
Buntreoir maidir le ceadúnas EUPL | An Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach .
Treoirlínte maidir le measúnú | An Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach .
Ceapadh beartas atá réidh don digitiú | An Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach .
Stór tuarascála measúnaithe | An Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach .
Sonraí ó thorthaí 2025 an tSásra Faireacháin um Eoraip Idir-inoibritheach. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in SWD(2025)975.
Ríomh-shainaitheantas, Fíordheimhniú agus Seirbhísí Iontaoibhe – faigh tuilleadh eolais faoi Rialachán eIDAS | An Coimisiún Eorpach .
Tuarascáil measúnaithe ar an Ionstraim um Fhorbairt agus Fás na Réigiún Teorann | An Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach .
Tuarascáil measúnaithe ar Rialachán maidir le Loingsithe Digiteacha Dramhaíola | An Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach .
Dearbhú maidir le Comhar idir an tSualainn agus an Fhionlainn .