AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.9.2021
COM(2021) 574 final
2021/0293(COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an Clár Beartais 2030 ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2021) 247 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Forais agus cuspóirí an togra
An 9 Márta 2021, ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht dar teideal ‘The 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade’ [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha] (‘An Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach’). Sa Teachtaireacht cuireadh i láthair fís, spriocanna agus bealaí chun claochlú digiteach rathúil a dhéanamh ar an Aontas Eorpach faoi 2030. Tá an claochlú sin ríthábhachtach freisin chun an t‑aistriú i dtreo geilleagar aeráidneodrach ciorclach athléimneach a bhaint amach. Is é uaillmhian an Aontais a bheith ceannasach go digiteach i ndomhan oscailte idirnasctha, agus beartais dhigiteacha a shaothrú lena dtugtar an chumhacht do dhaoine agus do ghnólachtaí todhchaí dhigiteach inbhuanaithe rathúil a bheidh dírithe ar an duine a thapú. Áirítear leis sin aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí agus ar spleáchais chomh maith le dlús a chur leis an infheistíocht. D’fhreagair an Teachtaireacht sin
don ghlao ón gComhairle Eorpach
ar ‘Compás Digiteach’, agus chuir sí leis an straitéis
dhigiteach ón gCoimisiúin
ó mhí Feabhra 2020. Beartaíodh sa Teachtaireacht sraith prionsabal digiteach a chomhaontú, tionscadail ilnáisiúnta thábhachtacha a sheoladh go gasta, agus togra reachtach a ullmhú ina leagfar amach rialachas láidir trí shásra faireacháin agus comhair leis na Ballstáit, chun dul chun cinn a áirithiú – an Clár Beartais ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití (‘an Clár Beartais’)’.
Ina conclúidí an 25 Márta 2021, leag an Chomhairle Eorpach béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gclaochlú digiteach ar mhaithe le téarnamh, rathúnas, slándáil agus iomaíochas an Aontais agus ar mhaithe le leas ár sochaithe. Leag an Chomhairle béim ar an ngá atá le ceannasacht dhigiteach an Aontais a fheabhsú ar bhealach féinchinntithe oscailte, trí thógáil ar a láidreachtaí agus trína laigí a laghdú agus trí ghníomhaíocht chliste roghnaíoch a dhéanamh, trí mhargaí oscailte agus comhar domhanda a chaomhnú. Aithníodh sa tuarascáil an ‘Digital Compass Communication: the European way for the Digital Decade’ [Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach] mar chéim chun cinn chun forbairt dhigiteach an Aontais a leagan amach do na deich mbliana atá romhainn. D’iarr an Chomhairle go ndéanfaí athbhreithniú mear d’fhonn an Clár Beartais ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ atá beartaithe a ullmhú. Ina theannta sin, d’iarr sí ar an gCoimisiún raon uirlisí beartais an Aontais Eorpaigh maidir le claochlú digiteach a leathnú, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus úsáid a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil ó bheartas tionsclaíoch, trádála agus iomaíochta, scileanna agus oideachas, beartas taighde agus nuálaíochta agus ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha chun an claochlú digiteach a éascú.
Fógraíodh sa Teachtaireacht maidir leis an gCompás Digiteach freisin go gcuirfeadh an Coimisiún sraith prionsabal agus ceart digiteach i láthair i ndearbhú sollúnta idirinstitiúideach idirinstitiúideach idir an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún Eorpach. Cuirfidh an togra leis an taithí a fuarthas ó Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus leis na tionscnaimh a rinne na Ballstáit le déanaí sa réimse, go háirithe ‘Dearbhú Liospóin – Daonlathas Digiteach lena mbaineann Cuspóir’ a thionscain Uachtaránacht na Portaingéile ar an gComhairle.
Is é is aidhm don ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ a áirithiú go mbainfidh an tAontas Eorpach a chuspóirí agus a spriocanna amach i dtreo claochlú digiteach a dhéanamh ar ár sochaí agus ar ár ngeilleagar i gcomhréir le luachanna an Aontais, lenár gceannaireacht dhigiteach a threisiú agus beartais dhigiteacha chuimsitheacha inbhuanaithe a chur chun cinn lena gcumhachtófar saoránaigh agus gnólachtaí. Is é an cuspóir atá ann claochlú digiteach an Aontais a bhaint amach i gcomhréir leis an bhfís sin trí phróiseas soiléir, struchtúrtha agus comhoibríoch a bhunú chun an toradh sin a bhaint amach.
Chun na críche sin, leagtar amach sa ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ na spriocanna nithiúla digiteacha a meastar go ndéanfaidh an tAontas ina iomláine iad a bhaint amach faoi dheireadh na deacáide, mar a leagadh amach den chéad uair sa Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach. Ansin leagtar amach foirm nua rialachais leis na Ballstáit, trí shásra comhair bhliantúil idir institiúidí an Aontais agus na Ballstáit chun a áirithiú go mbainfidh an tAontas a uaillmhian amach. Tá na spriocanna digiteacha le haghaidh 2030 bunaithe ar cheithre shainphointe: scileanna digiteacha, bonneagair dhigiteacha, digitiú gnólachtaí agus seirbhísí poiblí.
Sa todhchaí, beidh scileanna digiteacha, scileanna bunúsacha agus ardscileanna ríthábhachtach chun ár n‑athléimneacht chomhchoiteann mar shochaí a threisiú: ní féidir ach saoránaigh atá cumhachtaithe agus cumasach go digiteach agus lucht saothair digiteach ardoilte, agus iad sin amháin, a bheith ina máistrí ar a gcinniúint féin, iad muiníneach agus treallúsach ó thaobh a n‑acmhainní, a luacha agus a roghanna de. Cé go bhfuil sé d’aidhm aige, dar ndóigh, bunscileanna digiteacha a chur ar fáil do dhaonra iomlán an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um Cholún an Aontais maidir le Cearta Sóisialta agus an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, is é an sprioc a ghabhann leis an ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ go mbeidh bunscileanna digiteacha ag 80 % díobh sin san aoisghrúpa 16-74 bliana d’aois in 2030. Ina theannta sin, ba cheart go dtacódh an oiliúint dhigiteach agus an t‑oideachas digiteach le lucht saothair ina bhféadfaidh daoine scileanna digiteacha speisialaithe a ghnóthú chun poist ardcháilíochta thairbhiúla a fháil. Ina theannta sin, beidh sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an nganntanas mór scileanna cibearshlándála i bhfórsa saothair an Aontais, mar ghné thábhachtach de chosaint an Aontais ar chibearbhagairtí. Dá bhrí sin, chomh maith leis an sprioc maidir le bunscileanna digiteacha a bhunaítear leis an bPlean Gníomhaíochta um Cholún an Aontais maidir le Cearta Sóisialta, is sprioc é de chuid an Aontais go mbeidh 20 milliún speisialtóirí i dTeicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide fostaithe san Aontas Eorpach, agus cóineasú ann idir mná agus fir.
Más réamhriachtanas iad scileanna, is cumasóirí riachtanacha iad bonneagar digiteach inbhuanaithe le haghaidh nascachta, micrileictreonaic agus an cumas chun ollsonraí a phróiseáil, cumasóirí a bhfuil gá leo chun leas a bhaint as tairbhí an digitithe, chun forbairtí teicneolaíocha breise a dhéanamh agus chun ceannaireacht dhigiteach na hEorpa a bhaint amach. Le nascacht den scoth agus slán do chách gach áit san Eoraip, lena n‑áirítear i gceantair thuaithe agus iargúlta, beidh saoránaigh Eorpacha agus gnólachtaí in ann lántairbhe a bhaint as na deiseanna a ghabhann leis an Deacáid Dhigiteach. Tá na riachtanais shochaíocha maidir le bandaleithead íoslódála agus uaslódála ag fás i gcónaí. Faoi 2030, ba cheart líonraí a bhfuil luas gigighiotáin acu a bheith ar fáil ar choinníollacha inrochtana dóibh siúd go léir a bhfuil acmhainn den sórt sin de dhíth orthu nó ag teastáil uathu, agus gach limistéar ina bhfuil daonra clúdaithe ag 5G. Ar an mbealach céanna, tá micreaphróiseálaithe ag tús thromlach na bpríomhshlabhraí luacha straitéiseacha ar nós gluaisteáin nasctha, fóin, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, ríomhairí ardfheidhmíochta, imeall-ríomhairí agus an intleacht shaorga. Dá bhrí sin, faoi 2030 ba cheart go mb’fhiú táirgeadh leathsheoltóirí ceannródaíocha inbhuanaithe san Eoraip, próiseálaithe san áireamh, 20 % den táirgeacht dhomhanda ó thaobh luacha de (rud a chiallaíonn cumas monaraíochta faoi bhun nóid 5nm, agus nóid 2nm mar sprioc, agus an cumas sin 10 n‑oiread níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de ná mar atá inniu). Ina theannta sin, ba cheart 10,000 imeall-nód,aeráidneodracha a imlonnú san Aontas faoi 2030, ar bhealach a ráthaíonn rochtain ar sheirbhísí sonraí aga folaigh íseal pé áit a bhfuil gnólachtaí lonnaithe.
Seachas cumasóirí, beidh an teicneolaíocht go léir atá luaite i gcroílár na dtáirgí nua, na bpróiseas monaraíochta nua agus na samhlacha gnó nua atá bunaithe ar chomhroinnt chothrom sonraí sa gheilleagar sonraí. Sa chomhthéacs sin, ní féidir aon ghnólacht a fhágáil ar chúl. Beidh claochlú gnólachtaí ag brath ar a gcumas teicneolaíochtaí digiteacha nua a ghlacadh go tapa tríd is tríd, lena n‑áirítear iad a ghlacadh in éiceachórais thionsclaíocha agus in éiceachórais seirbhísí atá chun deiridh faoi láthair. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin do na gnólachtaí beaga arb iad cnámh droma an gheilleagair Eorpaigh iad. Sin an fáth gur cheart do 75 % ar a laghad d’fhiontair Eorpacha seirbhísí néalríomhaireachta, mórshonraí agus intleachta saorga a ghlacadh faoi 2030; agus ba cheart go mbeadh leibhéal bunúsach déine digití bainte amach ag níos mó ná 90 % de FBManna Eorpacha. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar nuálaíocht cheannródaíoch shuaiteach lena mbaineann an aidhm líon na n‑aonbheannach san Eoraip a dhúbailt faoi 2030, trí líon na n‑arduithe nuálacha san Aontas a mhéadú agus trí fheabhas a chur ar an rochtain atá acu ar mhaoiniú.
Agus ar deireadh, ní mór an saol daonlathach agus seirbhísí poiblí ar líne a bheith go hiomlán inrochtana do chách, agus ní mór do gach duine tairbhe a bhaint as timpeallacht dhigiteach den scoth ina soláthraítear seirbhísí agus uirlisí pearsantaithe atá éasca le húsáid agus a bhfuil ardchaighdeáin slándála agus phríobháideachta ag baint leo. Rialtas mar Ardán is ea an bealach nua chun seirbhísí poiblí digiteacha a thógáil. Is é an uaillmhian go mbeidh gach soláthar príomhsheirbhísí poiblí ar líne ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí Eorpacha faoi 2030, go mbeidh rochtain ag gach saoránach Eorpach ar a dtaifid leighis (ríomhthaifid) agus go mbainfidh 80 % de shaoránaigh leas as réiteach aitheantais dhigitigh.
Chun na spriocanna sin a bhaint amach, tá gá le hiarracht chomhpháirteach ó na Ballstáit uile agus ar leibhéal an Aontais, le hinfheistíochtaí uamtha, nuair is gá. Ní tharlóidh sé ach ar bhealach comhchuí, cuimsitheach agus inbhuanaithe, trí chóineasú a bheidh comhordaithe ar leibhéal an Aontais. Is é sin cuspóir an chórais rialachais núíosaigh a bunaíodh leis an ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’.
Is é atá i gceist leis sin faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn digiteach a chuirfear i láthair i dtuarascáil bhliantúil ar ‘Staid na Deacáide Digití’, a chuirfear faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle. Ar an ócáid sin, roinnfeadh an Coimisiún a mheasúnú straitéiseach ar chlaochlú digiteach an Aontais leis an gComhairle agus leis an bParlaimint, agus chuirfeadh sé gníomhaíochtaí agus bearta molta ar fáil do na Ballstáit nó phléifeadh sé gealltanais chomhpháirteacha arna nglacadh idir an Coimisiún agus na Ballstáit.
Chun an fhís Eorpach don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach, tá gá le hacmhainní digiteacha sna ceithre réimse den Chompás Digiteach, nach féidir a chur i gcrích mura gcomhthiomsaíonn na Ballstáit agus an tAontas acmhainní. Tá infheistíocht i dtionscadail ilnáisiúnta a bhfuil an scála agus an mhais chriticiúil is gá acu ríthábhachtach chun cur ar chumas an tionscail a bheith ceannródaíoch ó thaobh nuálaíochta de agus chun dul san iomaíocht ar bhonn domhanda, agus ionas gur féidir leis an Aontas feabhas ar a cheannasacht dhigiteach. Is é an dúshlán atá ann, áfach, comhordú a éascú agus próisis éifeachtúla agus ghasta a chur ar fáil, lena n‑áirítear ‘trí mheáin iomchuí a thacóidh le tionscadail ilnáisiúnta’ mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach, chun dreasachtaí a chruthú do na Ballstáit a láidreachtaí a chomhthiomsú le chéile. Cé gurb ann do roinnt ionstraimí, tá bearna i mbosca uirlisí an Aontais maidir le cistiú ó na Ballstáit, ó bhuiséad an Aontais agus ó infheistíocht phríobháideach a chomhcheangal ar mhaithe le bonneagair agus seirbhísí leasa choitinn a chur in úsáid agus a oibriú lasmuigh den réimse taighde.
Chun na críche sin, is aidhm é ag an ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ cur in úsáid agus oibriú tionscadal ilnáisiúnta a thacú agus a chomhordú. Déantar foráil ann maidir le struchtúr dlíthiúil ionas gur féidir tionscadail arna gcómhaoiniú ag roinnt Ballstát, ag an gCoimisiún, ag Grúpa BEI, ag infheisteoirí poiblí agus príobháideacha, agus ag páirtithe príobháideacha eile, ionas gur féidir na tionscadail sin a chur ar bun agus a chur chun feidhme go pras agus go solúbtha, go háirithe chun bonneagair dhigiteacha agus/nó seirbhísí digiteacha ar mórscála a chur in úsáid ar fud tíortha éagsúla, agus áirithítear ag an am céanna go mbeidh siad ar fáil do na Ballstáit agus do na páirtithe leasmhara uile.
Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an gClár Beartais reatha ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’, comhlánaítear, comhlíontar agus cuirtear chun feidhme an fhís, na spriocanna agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe sa Teachtaireacht dar teideal ‘Compás Digiteach’ agus is é is aidhm dó comhdhlúthú a dhéanamh agus a áirithiú go ndéanfar na gníomhaíochtaí a shainítear i Straitéis 2019 chun todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú, go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme go héifeachtach. Tá an togra seo comhsheasmhach freisin leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún lena nuashonraítear straitéis thionsclaíoch nua 2020, ina sainaithnítear réimsí spleáchas straitéiseach a bhféadfadh laigí amhail ganntanas soláthair nó rioscaí cibearshlándála a bheith mar thoradh orthu. Tá an togra seo comhsheasmhach freisin le cuspóirí na Faireachlainne um Theicneolaíochtaí Criticiúla, a bhfuil sé mar aidhm aici spleáchais straitéiseacha dhigiteacha atá ag an Aontas faoi láthair nó a d’fhéadfadh a bheith ag an Aontas amach anseo a shainaithint agus rannchuidiú le neartú a cheannasachta digití.
Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Leis an gCinneadh seo, cuirtear freisin leis na tograí beartais atá ann cheana (e.g. an Gníomh um Rialachas Sonraí, an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an Gníomh um Margaí Digiteacha agus na cinn faoin Straitéis Chibearshlándála), agus ionstraimí buiséid an Aontais (e.g. Cláir um Chomhtháthú, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil , an Clár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach agus InvestEU) agus leis an 20 % ar a laghad arna chur in áirithe don aistriú digiteach sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá an togra seo comhsheasmhach freisin le Straitéis Slándála an Aontais Eorpaigh, le Clár Oibre Scileanna an Aontais Eorpaigh, leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, agus cuireann sé le Tuarascáil Réamhbhreathnaitheach Straitéiseach 2021, atá mar bhonn agus mar thaca ag ceannaireacht dhomhanda an Aontais i dtreo 2050.
Tá an togra seo comhsheasmhach freisin leis na tionscnaimh arna gcur i láthair ag an gCoimisiún faoin bpacáiste maidir leis an gComhaontú Glas..
Cé nach mbaineann an Clár Beartais ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ ach le Ballstáit an Aontais, leanfar leis an gcomhar le tríú tíortha ag an am céanna, mar atá leagtha amach sa Teachtaireacht maidir leis an gCompás Digiteach. Go háirithe, tabharfaidh an comhar le comhpháirtithe comharsanachta an Aontais agus leis na comhpháirtithe um méadú aghaidh freisin ar ghnéithe ábhartha an Chláir Beartais ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ agus é faoina thionchar, rud a réiteoidh an bealach le haghaidh lánpháirtiú iomlán, i gcás inarb ábhartha.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
Bunús dlí
Is é Airteagal 173(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo.
Foráiltear le hAirteagal 173(3) CFAE go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, bearta sonracha a chinneadh chun tacú le gníomhaíocht arna déanamh sna Ballstáit chun a áirithiú go bhfuil na dálaí is gá ar bun le haghaidh iomaíochas earnáil tionsclaíochta an Aontais. Is iomchuí an bunús dlí sin ós rud é go bhfuil sé mar aidhm leis an gcinneadh seo dlús a chur le claochlú digiteach earnáil tionsclaíochta an Aontais, ceannasacht dhigiteach a atreisiú, acmhainní tionsclaíocha a threisiú, forbairt gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a éascú, agus infheistíochtaí nua sa nuálaíocht, sa taighde agus san fhorbairt theicneolaíoch a spreagadh.
Sa chomhthéacs sin, baineann sé le hábhar go háirithe go ndéantar foráil sa Rialachán maidir leis an Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí digiteacha, sa bhonneagar, i scileanna agus i bpróisis dhigiteacha chun iomaíochas domhanda an Aontais a fheabhsú agus chun cabhair a thabhairt le go mbeadh sé níos athléimní, níos nuálaí agus níos neamhspleáiche trí phríomhshlabhraí soláthair a éagsúlú. Leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí, ba cheart go gcuirfí chun cinn go háirithe digitiú seirbhísí, an fhorbairt ar bhonneagar digiteach agus sonraí, ar bhraislí agus mol nuálaíochta digití agus réitigh dhigiteacha oscailte. Ba cheart go ndéanfadh an t‑aistriú digiteach digitiú FBManna a spreagadh freisin. Ba cheart do na hinfheistíochtaí sna teicneolaíochtaí digiteacha prionsabail na hidir-inoibritheachta, na héifeachtúlachta fuinnimh agus na cosanta sonraí pearsanta a urramú, lamháil do rannpháirtíocht FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta agus an úsáid a bhainfear as réitigh foinse oscailte a chur chun cinn.
Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Baineann an tionscnamh le réimse d’inniúlacht chomhroinnte inar cheart aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna ábhartha trasteorann agus trasnáisiúnta.
Baineann an claochlú digiteach le gach réimse beartais agus éilítear leis gníomhaíocht chomhpháirteach ó gheallsealbhóirí éagsúla, mar aon le rannpháirtíocht na mBallstát, rannpháirtíocht thar theorainneacha san áireamh. Beidh gá le freagairt thapa chomhordaithe ar leibhéal an Aontais chun na cuspóirí agus na spriocanna a bhaint amach. Trí ghlacadh le prionsabail agus spriocanna coiteanna, trí acmhainní a chomhthiomsú, acmhainneacht a fhorbairt agus iad a úsáid go forleathan ar fud an Aontais, is féidir geilleagar iomlán an Aontais a neartú, agus cur ar chumas an Aontais dul san iomaíocht ar an leibhéal domhanda agus claochlú digiteach domhanda a mhúnlú atá bunaithe ar luachanna bunúsacha agus ar chearta bunúsacha Eorpacha. Má theiptear infheistíocht a dhéanamh, teicneolaíochtaí a chur in úsáid agus scileanna digiteacha na saoránach a fhorbairt chun iad a chumhachtú chun tairbhe iomlán a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha, d’fhéadfaí teorainn a chur le cumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar dhúshláin phráinneacha i dtaobh na haeráide agus dúshláin eile a bhaineann leis an inbhuanaitheacht.
Is léir gurb í an ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais an bealach is fearr chun gníomhaithe Eorpacha a thiomáint chun físeanna, cuspóirí agus spriocanna coiteanna a bhaint amach, agus chun treochláir theicneolaíocha choiteanna a ghlacadh trína bhforáilfear bonn le haghaidh caighdeáin agus noirm dhomhanda. Tá sé sin ríthábhachtach chun barainneachtaí scála agus raon feidhme a ghiniúint, agus chun an mhais chriticiúil is gá le haghaidh acmhainneachtaí ceannródaíocha a chruthú, rud a dhéanfadh ilroinnt iarrachtaí san Aontas agus réitigh náisiúnta fho-optamacha a theorannú (i gcás nach ndéanfaí iad a sheachaint).
Táthar ag súil go mbeidh tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil níos leithne ann do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí mar thoradh ar an gcineál nua rialachais sin, tríd an gcreat tuairiscithe agus trí shásra faireacháin agus comhair fheidhmiúil idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Beidh an sásra stóinsithe faireacháin agus comhair ina chabhair lena áirithiú go mbainfidh an tAontas gona Bhallstáit cuspóirí na Deacáide Digití amach le chéile agus go n‑aimseoidh siad réitigh chomhordaithe éifeachtacha ar dhúshláin choiteanna ar bhealach inacmhainne. Déanfaidh gníomhaíocht tuairiscithe leathan trédhearcacht a áirithiú do na geallsealbhóirí go léir. Tá sé sin ríthábhachtach i bhfianaise riachtanais shuntasacha infheistíochta an chlaochlaithe dhigitigh sna deich mbliana amach romhainn.
Comhréireacht
Tógann an togra seo ar thionscnaimh bheartais agus ar chreataí dlíthiúla atá ann cheana agus tá sé comhréireach chun a chuspóirí agus a spriocanna a bhaint amach. Ar an gcéad dul síos, comhlánaíonn an Clár Beartais seo an Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach, a bhfuil a hullmhú fógartha agus atá formhuinithe go hiomlán ag an gComhairle Eorpach.
Ina theannta sin, ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí agus a spriocanna a bhaint amach ós rud é go mbunaíonn sé sásra nua le haghaidh comhar struchtúrtha agus trédhearcach idir na Ballstáit agus an Coimisiún, agus ba cheart beartais, bearta agus gníomhaíochtaí comhaontaithe a bheith mar thoradh air sin ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, foráiltear leis an togra seo go bhféadfaidh an Coimisiún a mholadh do na Ballstáit go ndéanfaí beartais, bearta agus gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe do na Ballstáit sin nach leor an dul chun cinn atá déanta iontu i dtreo na gcuspóirí agus na spriocanna atá leagtha síos nó inar sainaithneofaí bearnaí bunaithe ar an tuarascáil ar staid na Deacáide Digití agus ar an bpróiseas comhair ina dhiaidh sin. I gcás nach nglacann Ballstát coigeartuithe ar a threochlár straitéiseach náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach, agus beartais, bearta agus gníomhaíochtaí arna moladh ag an gCoimisiún á gcur san áireamh nó i gcás ina meastar nach leor na cúiseanna dá bhforáiltear i gcás nár leor é sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún moladh a ghlacadh, lena n‑áirítear anailís shonrach ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag an teip sin ar ghnóthú na gcuspóirí agus na spriocanna digiteacha ar leibhéal an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit lánaird a thabhairt ar na moltaí sin agus, i gcás ina gcinnfidh siad gan aghaidh a thabhairt ar mholadh nó ar chuid shubstaintiúil de, ba cheart dóibh na cúiseanna atá leo a thabhairt agus iad a phoibliú.
An rogha ionstraime
Tá tagairt sa Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach i bhfoirm clár beartais dhigitigh atá le glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle tríd an ‘gnáthnós imeachta reachtach’.
Cinneadh atá sna ionstraim dlí is iomchuí ós rud é gur ar na Ballstáit den chuid is mó atá an Clár Beartais ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ dírithe agus go mbunaítear leis sásra comhair idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Fágfaidh Cinneadh go mbeidh sásra faireacháin agus comhair lena mbainfidh an Coimisiún agus na Ballstáit ina cheangal d‘fhonn tacú le spriocanna táscacha an Aontais a leagtar amach sa Chinneadh agus d’fhonn iad a bhaint amach. Bíonn éifeachtaí díreacha láithreacha ag Cinneadh orthusan a mbíonn sé dírithe orthu.
Dá bhrí sin, tá sé beartaithe an Clár Beartais ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ a ghlacadh i bhfoirm Cinnidh atá bunaithe ar Airteagal 288(4) CFAE. Beidh an cinneadh sin ina cheangal go huile agus go hiomlán agus sonrófar ann iadsan a mbeidh sé dírithe orthu agus is orthusan amháin a bheidh sé ina cheangal.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA GEALLSEALBHÓIRÍ AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí
Spreag an Coimisiún geallsealbhóirí agus saoránaigh chun ionchur a sholáthar maidir le cuspóir agus raon feidhme an Chláir Beartais; na bearta nithiúla faoin gClár agus tugadh an t‑aiseolas a fuarthas san áireamh. D’fhoilsigh an Coimisiún treochlár le haghaidh tréimhse aiseolais ceithre seachtaine (idir an 24 Meitheamh agus an 22 Iúil 2021). Ina theannta sin, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí spriocdhírithe sé seachtaine (ón 22 Meitheamh go dtí an 3 Lúnasa 2021) chun deis a thabhairt do na geallsealbhóirí go léir ionchur a chur ar fáil agus tacaíocht il-gheallsealbhóirí a thomhas agus a ghiniúint chun an clár beartais a fhorbairt. Cruthaíodh spás ar an ardán Futurium freisin chun idirghníomhú le geallsealbhóirí maidir le saincheisteanna ar leith. D’fhonn a áirithiú go mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach, lena n‑áirítear ionadaithe ón tionsclaíocht, ón tsochaí, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó na Ballstáit, d’eagraigh an Coimisiún imeacht ardleibhéil freisin (Tionól Digiteach an 1 Meitheamh), bhí plé idirinstitiúideach ar siúl aige leis na comhreachtóirí (Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle), agus rinne sé comhairliúchán le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste Eorpach na Réigiún.
Thacaigh na geallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo, tríd is tríd, le tionscnamh an Choimisiúin agus lena rún uaillmhian dhigiteach an Aontais a oibríochtú i sásra nithiúil faireacháin agus tuairiscithe. Tacaíonn siad leis an gCoimisiún an chéad chéim eile seo a ghlacadh d’fhonn sásra tiomnaithe faireacháin agus comhair a leagan amach chun an comhar a eagrú idir institiúidí an Aontais agus na Ballstáit. Ba cheart na struchtúir atá ann cheana, faireachán agus tuairisciú mar shampla, a ailíniú agus a threisiú ar leibhéal an Aontais, agus dá bhrí sin chuirfeadh faireachán agus tuairisciú maidir le comhar struchtúrtha agus dul chun cinn ar leibhéal an Aontais breisluach suntasach le fís chomhchoiteann le haghaidh Eoraip a bheadh oiriúnach don ré dhigiteach.
Chuir go leor freagróirí in iúl go bhfuil dlúthnasc idir rath an chlaochlaithe dhigitigh agus na teicneolaíochtaí arna sainaithint sa chompás digiteach. Tá na príomhphointí a roghnaíodh ábhartha, cothrom go maith agus nithiúil go leor. Measann siad go dtabharfar isteach leis an gClár Beartais atá le teacht sásra nua faireacháin agus comhair le haghaidh dlúthchomhar agus comhordú éifeachtach idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Tá an cur chuige straitéiseach sin ríthábhachtach chun naisc iomchuí a chruthú idir na Ballstáit ar leibhéal polaitiúil agus saineolaíoch chun tionscadail ilnáisiúnta a chur chun feidhme go rathúil. Chomh maith le spriocanna, measann na freagróirí gur cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún níos mó a dhéanamh maidir le hinfheistíochtaí a spreagadh agus a chomhordú ar leibhéal an Aontais thart ar roinnt tosaíochtaí a eascraíonn as clár oibre digiteach níos leithne an Aontais. Tá gá le creat rialála cuimsitheach agus oiriúnaithe chun claochlú digiteach iomlán agus rathúil a áirithiú ar fud an Aontais agus chun leas shaoránaigh, ghnólachtaí agus údaráis phoiblí Eorpacha. Tabharfaidh sé an infheictheacht agus an tslándáil is gá do ghníomhaithe príobháideacha agus poiblí chun na bearta a chur chun feidhme chun spriocanna digiteacha coiteanna an Aontais le haghaidh 2030 a bhaint amach. Measann go leor freagróirí go bhfuil tacaíocht agus cur chun cinn an mhalartaithe comhair agus roinnt na ndea-chleachtas ar fud na mBallstát ina ghníomhaíocht tosaíochta chun dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo spriocanna na Deacáide Digití.
Chuir roinnt freagróirí i bhfios go láidir freisin gur cheart tosaíocht a thabhairt don rannchuidiú chun tosaíocht a thabhairt do chuspóirí sochaíocha níos airde agus deimhin a dhéanamh de gur cheart measúnú a dhéanamh ar thionchar an chlaochlaithe dhigitigh go rialta ós rud é go bhfuil cáilíocht agus treo an fháis dhigitigh tábhachtach freisin, agus gur gá iad a áirithiú trí thosaíochtaí agus prionsabail straitéiseacha a úsáidfear in éineacht le táscairí cainníochtúla. Chuir mórán i dtábhacht go bhfuil sé tábhachtach aird a thabhairt ar thionchair an digitithe ar an gcomhshaol sa chlaochlú digiteach agus measúnú níos fearr a dhéanamh orthu, d’fhonn iad a laghdú agus ag an am céanna teicneolaíochtaí digiteacha a chur in oiriúint le bheith tacúil don aistriú glas.
Bailiú agus úsáid saineolais
Bhraith an Coimisiún ar thacar nithiúil leathan fianaise chun tacú leis an gcur chuige atá beartaithe sa Teachtaireacht maidir leis an gCompás Digiteach agus a réitíodh tríd an gClár Beartais seo ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’.
Maidir le spriocanna agus táscairí, braitheann an Clár Beartais go háirithe ar
an Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI)
, arb innéacs ilchodach é lena ndéantar faireachán ar fheidhmíocht dhigiteach an Aontais agus lena rianaítear forás Bhallstáit an Aontais maidir le hiomaíochas digiteach, lena n‑áirítear anailís ar bheartais náisiúnta dhigiteacha. Le príomhstaidéir ina mbailítear sonraí le haghaidh DESI maidir le cumhdach agus praghsanna leathanbhanda, tagarmharcáil ríomhrialtais agus suirbhé gnó, cuirtear le próiseas bailithe na sonraí ábhartha. Leis na Deaiseanna um Athléimneacht Dhigiteach cuirtear dearcadh iomlánaíoch ar fáil maidir le leochaileachtaí digiteacha agus cumais dhigiteacha an Aontais, ar gnéithe iad a bhaineann freisin le gnéithe eile den athléimneacht (glas, sóisialta, eacnamaíoch agus geopholaitiúil).
As measc an iliomaid staidéar eile dá dtagraítear sa Teachtaireacht, le staidéar a d’eisigh McKinsey i Meán Fómhair 2020, léirítear anailís dhomhain atá cothrom le dáta ar na dúshláin atá roimh an Aontas Eorpach maidir lena chlaochlú digiteach agus ar na gníomhaíochtaí is gá chun an leas is fearr is féidir a bhaint as.
Measúnú tionchair
Mar thoradh ar na treoirlínte sa Bhosca Uirlisí maidir le Rialáil Níos Fearr, níor mheas an Coimisiún go raibh gá le Measúnú Tionchair agus ina ionad sin chuir sé doiciméad inmheánach oibre (SWD) ar fáil le gabháil in éineacht le togra an Chinnidh. Compás Digiteach 2030: sa bhealach Eorpach don Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach, a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach, leagadh amach cheana sásra mionsonraithe faireacháin agus comhair ar leanadh go dlúth é i dtogra an Chinnidh. Ós rud é go raibh roinnt gnéithe leagtha síos go daingean sa Teachtaireacht (e.g. spriocanna, sásra faireacháin agus comhair, creat chun tionscadail ilnáisiúnta a chur chun feidhme), ní raibh ach spás an-teoranta ann ó thaobh roghanna beartais de, a mbíonn an anailís orthu i gcroí Measúnaithe Tionchair.
I gcomhréir leis an Teachtaireacht, liostaítear sa Chinneadh atá beartaithe spriocanna digiteacha coiteanna ar feadh ceithre phríomhphointe chun uaillmhian an Aontais maidir le hAontas a dhigitiú go rathúil a bhaint amach faoi 2030 ina gcomhchuspóirí nithiúla. Ní shonraítear sa Chinneadh atá beartaithe ach an chaoi a dtomhaisfear na spriocanna. Ina theannta sin, braitheann an cineál nua rialachais, tríd an sásra faireacháin agus comhair, go háirithe ar an DESI atá ann cheana, innéacs ilchodach lena ndéantar faireachán ar fheidhmíocht dhigiteach an Aontais a fheabhsófar chun na spriocanna nua a léiriú. Cé go ndéantar leis an gCinneadh atá beartaithe maidir le sásra faireacháin agus comhair a bhfuil sé mar aidhm aige faireachán ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na spriocanna a chumasú, ní bheidh gníomhaíochtaí nithiúla féideartha a bhféadfaí iad a mholadh ina dtoradh ar an bhfaireachán ach mar thoradh ar phróiseas atriallach agus comhoibritheach idir an Coimisiún agus na Ballstáit a dhéanfar ina dhiaidh sin, i bhfoirm gníomhaíochtaí molta. Ós rud é nach féidir na gníomhaíochtaí nithiúla a aithint ach amháin tar éis bhunú an tsásra faireacháin agus comhair, agus go háirithe mar thoradh ar an bpróiseas faireacháin, ní féidir tionchar beacht an Chláir ó thaobh na gné áirithe seo a shainaithint ar bhonn ex ante.
Ós rud é go bhfuil speictream fíor-riachtanach chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo spriocanna na Deacáide Digití, go háirithe bonneagar digiteach atá slán, feidhmiúil agus inbhuanaithe, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar na beartais agus na bearta atá glactha acu agus a ghlacfaidh siad sa todhchaí maidir le hinfhaighteacht agus féidearthacht speictream raidió a úsáid le haghaidh úsáideoirí reatha agus le haghaidh infheisteoirí agus oibreoirí ionchasacha. D’fhéadfadh an Coimisiún treoir a chur ar fáil faoin mbealach is fearr chun beartais agus bearta den sórt sin a eagrú d’fhonn cuspóirí ginearálta agus spriocanna digiteacha an chinnidh sin a chomhlíonadh. Tá an méid sin gan dochar don deis atá ag an gCoimisiún treoshuímh nó sásraí beartais straitéiseacha nua don speictream a mholadh faoi Airteagal 4(4) de Threoir (AE) 2018/1972 an 11 Nollaig 2018.
Foráiltear freisin sa Chlár Beartais ‘Path to the Digital Decade’ [An Chonair i dtreo na Deacáide Digití] do shásra le haghaidh struchtúr dlíthiúil lena gcumasófar bunú agus cur chun feidhme tapa agus solúbtha tionscadal ilnáisiúnta, go háirithe le haghaidh bonneagair agus/nó seirbhísí digiteacha a imlonnú ar mhórscála ar fud tíortha éagsúla. Ba cheart go bhféadfaí na cistí ó chlár an Aontais arna mbainistiú go lárnach agus acmhainní arna ngealladh ag na Ballstáit a chomhcheangal, lena n‑áirítear, faoi choinníollacha áirithe, ranníocaíochtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, mar a mhínítear i gCuid 3 den treoir ón gCoimisiún do na Ballstáit maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta. Leis an struchtúr dlíthiúil, déanfar foráil maidir le socruithe caighdeánacha lena rialaítear saincheisteanna coiteanna amhail rialachas an tionscadail, dliteanas, úinéireacht, agus bainistiú sonraí chomh maith le hilfhoinsí cistiúcháin a chomhthiomsú, lena n‑áirítear, i.a., cláir de chuid an Aontais a bhainistítear go díreach agus go hindíreach, ranníocaíochtaí na mBallstát agus cistiú príobháideach. Rogha a bheidh sa mhéid sin chun Tionscadail Ilnáisiúnta a chur chun feidhme, agus beidh an sásra deonach i gcónaí do na Ballstáit. Ní leagfar amach sa Chlár Beartais seo na sonraí beachta maidir le cistiú, cur chun feidhme agus rannpháirtíocht i dtionscadail áirithe, ná leis na réimsí sonracha. Ní bheidh siad sin ar fáil ach sna blianta amach romhainn agus beidh siad ag brath ar an tacaíocht ó na Ballstáit.
Mar is léir ón méid thuas, ní dhéantar foráil sa togra maidir le roghanna nithiúla substainteacha beartais, ach do chreat modheolaíoch agus rialachais, creat atá neodrach i dtaobh bhearta nithiúla a bheidh bunaithe air amach anseo. Tá sonraí maidir le tionchair an chreata atá molta ag brath ar a chur chun feidhme a thuilleadh (agus, dá bhrí sin, ar oibríochtú) ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Bunaithe ar an méid thuas, chomhdhlúthaigh an Coimisiún an fhianaise atá ann cheana i ndoiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an togra. Maidir le tionscadail ilnáisiúnta go háirithe, léirítear sa doiciméad inmheánach oibre, ar an gcéad dul síos, go bhfuil gá le creat nós imeachta chun dlús a chur le cur chun feidhme tionscadail ilnáisiúnta agus, ar an dara dul síos, go bhfuil sé riachtanach rogha a thabhairt do na Ballstáit tionscadail ilnáisiúnta a chur chun feidhme trí ionstraim nua is féidir a úsáid i gcás nach bhfuil aon ionstraimí atá ann cheana oiriúnach do thionscadal ilnáisiúnta ar leith. Leis an ionstraim nua seo, an Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC), ní bhaineann sé le comhlacht nua de chuid an Aontais a bhunú agus níl sí dírithe ar thionscadal ilnáisiúnta sonrach amháin, ach tugtar aghaidh ar bhearna i mbosca uirlisí an Aontais chun cistiú ó na Ballstáit, buiséad an Aontais agus ó infheistíocht phríobháideach a chomhcheangal ar mhaithe le bonneagair agus seirbhísí leasa choitinn a imscaradh agus a oibriú, lasmuigh den réimse taighde.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí ag an togra maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, déanfar cúraimí nua an Choimisiúin maidir lena ról mar Luasaire Tionscadal Ilnáisiúnta a chur i gcrích trí úsáid a bhaint as acmhainní a chaithfí ar shlí eile chun tacaíocht ad hoc a chur ar fáil do thionscadail na mBallstát sna réimsí atá clúdaithe ag Tionscadail Ilnáisiúnta. Trí na hacmhainní scaipthe sin a chomhthiomsú, bainfear amach gnóthachain éifeachtúlachta gan costais bhreise a chur le buiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Tá an faireachán ar an gcur chun feidhme, ar an meastóireacht agus ar an tuairisciú leagtha amach ar bhealach níos mionsonraithe sa tuairisc ar an bhforáil shonrach thíos. Go bunúsach, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar an ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ trí ‘Tuarascáil maidir le staid na Deacáide Digití’. Spreagann an tuarascáil sin sásra faireacháin agus comhair idir an Coimisiún agus na Ballstáit a bhfuil cur síos níos mionsonraithe air sa tuairisc ar na forálacha sonracha thíos.
Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leagtar amach ábhar agus raon feidhme an Chinnidh in Airteagal 1, lena mbunaítear Clár Beartais ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ lena n‑áirítear sásra gaolmhar faireacháin agus comhair gaolmhar. In Airteagal 2 déantar cur síos ar chuspóirí ginearálta an Chinnidh arb éard atá iontu timpeallacht dhigiteach atá dírithe ar an duine, slán agus oscailte a chur chun cinn; athléimneacht chomhchoiteann na mBallstát a threisiú; bonneagar digiteach atá slán agus inrochtana a áirithiú; acmhainní digiteacha a chur chun cinn agus a úsáid; rochtain ar an saol daonlathach agus ar sheirbhísí poiblí ar líne a áirithiú; a áirithiú go n‑éireoidh bonneagair dhigiteacha agus teicneolaíochtaí digiteacha níos inbhuanaithe agus níos tíosaí ar fhuinneamh agus ar acmhainní agus a áirithiú go gcuirfear san áireamh na beartais uile atá ann cheana agus atá ábhartha maidir leis na spriocanna digiteacha a bhaint amach chun rannchuidiú go hiomlán leis an aistriú digiteach.
Tá sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear sa Chinneadh in Airteagal 3.
Leagtar amach in Airteagal 4 na spriocanna ar cheart d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit comhoibriú lena chéile ina leith, spriocanna a leagtar amach i gceithre ‘príomhphointe’, i.e. daonra a bhfuil scileanna digiteacha acu agus gairmithe digiteacha ardoilte; Bonneagair dhigiteacha atá slán inbhuanaithe Aistriú digiteach gnó Digitiú na seirbhísí poiblí Cuimsítear leis na ceithre phríomhphointe éagsúlacht gnéithe agus fo-ghnéithe. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna faoi mhí an Mheithimh 2026 chun forbairtí teicneolaíochta, eacnamaíocha agus sochaíocha a chur san áireamh.
Déanfar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna ar leibhéal an Aontais (Airteagal 5) tríd an Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI). Chuige sin, déanfar cuid de ghnéithe agus de tháscairí DESI a ailíniú leis na spriocanna a leagtar amach sa Chinneadh. Tá an faireachán chun spriocanna 2030 a bhaint amach bunaithe ar phríomhtháscairí feidhmíochta, arna sainiú ag an gCoimisiún in DESI ar bhonn bliantúil, i gcomhairle leis na Ballstáit, agus ar na conairí réamh-mheasta ar leibhéal an Aontais, arna sainaithint ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Tugtar de chumhacht don Choimisiún liosta de na heochairtháscairí feidhmíochta a bhunú is gá chun faireachán a dhéanamh ar gach ceann de na spriocanna digiteacha trí ghníomh cur chun feidhme, nuair is gá sin chun faireachán éifeachtach a dhéanamh nó chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh. D’fhéadfaí a áireamh ar an bhfaireachán freisin ‘scór soilse tráchta’: córas tuairiscithe ina léirítear le dathanna na soilse tráchta (i.e. uaine, buí agus dearg) cé acu atá nó nach bhfuil na treochtaí iarbhír a ndéantar faireachán orthu ar leibhéal an Aontais ar an mbóthar ceart chun an sprioc a ghabhann le heochairtháscaire feidhmíochta ar leith a bhaint amach i gcomparáid leis an treocht réamh-mheasta.
Mar a thuairiscítear in Airteagal 6, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn i ndáil le claochlú digiteach an Aontais trí Thuarascáil maidir le ‘Staid na Deacáide Digití’. Cuirfear DESI san áireamh sa tuarascáil sin. Cumhdófar sa tuarascáil an t‑aistriú digiteach, go háirithe an dul chun cinn i dtreo fhís 2030 agus spriocanna comhfhreagracha digiteacha, chomh maith leis an staid níos ginearálta maidir le comhlíonadh na gcuspóirí ginearálta agus na bprionsabal digiteach a chumhdaítear sa [cuir isteach teideal an Dearbhaithe shollúnta]. Áireofar sa tuarascáil freisin beartais, bearta agus gníomhaíochtaí arna moladh atá dírithe ar na Ballstáit, chomh maith leis na gealltanais chomhpháirteacha a mhol agus a rinne an Coimisiún agus na Ballstáit. Sa tuarascáil, féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí molta a shainaithint i dtéarmaí beartas, beart agus gníomhaíochtaí atá le déanamh ag na Ballstáit i ndáil leis na réimsí ina meastar nach leor an dul chun cinn i dtreo na spriocanna digiteacha, agus ba cheart na gníomhaíochtaí sin a áireamh i dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach. Le haon ghníomhaíocht mholta den sórt sin, cuirfear san áireamh toradh an idirphlé chomhoibrithigh, lena n‑áirítear na barúlacha a thug na Ballstáit, tar éis na tuarascála roimhe seo. Go háirithe, féadfaidh an Coimisiún moladh a dhéanamh bearta rialála sonracha nó idirghabhálacha poiblí a chur chun feidhme chun infheistíochtaí breise a chothú i dteicneolaíochtaí digiteacha agus in acmhainní digiteacha, lena n‑áirítear cothú trí Thionscadail Ilnáisiúnta a fhorbairt.
Foráiltear in Airteagal 7 gur cheart do na Ballstáit, cúig mhí ar a dhéanaí roimh eisiúint na tuarascála ar staid na Deacáide Digití, treochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach (ar a dtabharfar ina dhiaidh seo ‘treochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach’) a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Leagfaidh na Ballstáit amach ina bpleananna oibre na príomhbheartais, na príomhbhearta agus na príomhghníomhaíochtaí atá ann cheana agus atá beartaithe chun cuspóirí agus spriocanna na Deacáide Digití a bhaint amach; conairí náisiúnta réamh-mheasta bunaithe ar threoir ón gCoimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit; amlíne maidir le cur chun feidhme na mbeartas, na mbeart agus na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, lena n‑áirítear measúnú maidir le cá huair a mheastar go mbeidh éifeachtaí ag na beartais agus na bearta sin ó thaobh bhaint amach na spriocanna de; forléargas ginearálta ar an infheistíocht is gá chun na cuspóirí, na spriocanna agus na ranníocaíochtaí a leagtar amach sna treochláir náisiúnta a bhaint amach, chomh maith le measúnú ginearálta ar fhoinsí na hinfheistíochta sin. D’fhéadfadh sé go mbeadh togra le haghaidh tionscadal nó tionscadail ilnáisiúnta san áireamh i dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach. Más gá, chun torthaí na tuarascála bliantúla ar staid na Deacáide Digití a chur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit coigeartú a chur isteach ar a dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach ina mbeidh beartais, bearta agus gníomhaíochtaí a bhfuil sé ar intinn acu tabhairt fúthu chun dul chun cinn a chothú sna réimsí lena mbaineann na spriocanna digiteacha. Cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil chun cabhrú leis na Ballstáit a dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach a ullmhú, lena n‑áirítear an nasc idir conairí réamh-mheasta an Aontais agus conairí réamh-mheasta náisiúnta agus an chaoi ar cheart do na Ballstáit conairí réamh-mheasta an Aontais a aistriú i gconairí náisiúnta ina gcuirtear san áireamh pointí tosaigh náisiúnta éagsúla, acmhainní, buntáistí comparáideacha agus tosca ábhartha eile.
Déantar foráil in Airteagal 8 maidir le comhar bliantúil idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí agus spriocanna na Deacáide Digití trí mheascán de thionscnaimh de chuid an Aontais agus de bheartais náisiúnta ábhartha, agus gnéithe trasteorann na mbeartas digiteach agus na spriocanna uile-Aontais á gcur san áireamh, go háirithe forbairt an mhargaidh inmheánaigh. Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún i ndlúthchomhar le chéile chun bealaí a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh i réimsí nach leor an dul chun cinn iontu chun sprioc dhigiteach amháin nó níos mó a bhaint amach nó ina léirítear bearnaí agus easnaimh shuntasacha sa tuarascáil is déanaí ar dhul chun cinn agus sna sonraí atá ar fáil. Sa chomhthéacs sin, beidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit na beartais agus na bearta a bheidh pleanáilte, glactha nó curtha chun feidhme acu a thíolacadh.
Mar chuid den idirphlé comhoibritheach, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit scrúdú freisin ar an gcaoi ar chuir siad beartais, bearta agus gníomhaíochtaí arna moladh i dtuarascáil na bliana roimhe sin chun feidhme go comhpháirteach agus go leithleach. Cumhdófar leis an measúnú tionchair ghníomhaíochtaí agus bhearta na mBallstát agus/nó meastachán maidir le cá huair gur dócha go dtiocfaidh na héifeachtaí sin chun cinn. Cumhdófar leis freisin an gá atá le bearta nó gníomhaíochtaí a ghlacadh, lena gcoigeartófar nó lena gcomhlánófar na cinn atá i bhfeidhm cheana.
Ag tráth ar bith le linn an chomhair bhliantúil, beidh an Coimisiún agus Ballstát amháin nó níos mó in ann gealltanais chomhpháirteacha a ghabháil de láimh, lena n‑áirítear tionscadail ilnáisiúnta a bhunú agus comhaontú maidir le bearta agus gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus cur chun feidhme beartas agus tionscnamh digiteach eile inter alia á gcur san áireamh. Déanfar na gealltanais chomhpháirteacha sin agus bearta eile d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo spriocanna na Deacáide Digití a bhaint amach, i gcomhréir leis na conairí réamh-mheasta dá dtagraítear sa Tuarascáil ar Staid na Deacáide Digití. Beidh an Coimisiún agus na Ballstáit aonair in ann cruinniú a iarraidh idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Tionólfar cruinniú den sórt sin go háirithe i gcás ina mbeartaíonn Ballstát tabhairt faoi thionscadal ilnáisiúnta nua nó faoi ghníomhaíocht chomhpháirteach a éilíonn rannpháirtíocht Ballstát eile. Beidh na Ballstáit lena mbaineann nó an Coimisiún in ann a iarraidh go seolfar próiseas athbhreithnithe piaraí freisin.
Le hAirteagal 9, cuirtear ar chumas an Choimisiúin moltaí ar leith a ghlacadh i gcás nach ndéanann Ballstát a threochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an deacáid dhigiteach a leasú i gcomhréir le beartais, bearta agus gníomhaíochtaí arna moladh, ná míniú leordhóthanach a thabhairt ar an gcúis nach bhfuil sé ar intinn aige aghaidh a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a mholtar. Beidh sé de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann lánaird a thabhairt ar an moladh sin, agus míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn aige é a chur chun feidhme. Déanfar na moltaí a eiseoidh an Coimisiún a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Na beartais, na bearta agus na gníomhaíochtaí arna moladh ag an gCoimisiún sa tuarascáil agus na moltaí ar leith ón gCoimisiún, ba cheart go mbeidís comhlántach leis na moltaí tírshonracha is déanaí arna n‑eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.
Beidh an comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit oscailte, éifeachtach agus trédhearcach trí struchtúr iomchuí arna bhunú ag an gCoimisiún (Airteagal 10). Fónfaidh struchtúr den sórt sin mar fhóram freisin le haghaidh athbhreithniú piaraí idir na Ballstáit. Ina theannta sin, chun trédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí a áirithiú, rachaidh an Coimisiún agus na Ballstáit i dteagmháil freisin leis na geallsealbhóirí leasmhara uile (lena n‑áirítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, go háirithe comhlachtaí um chlaochlú digiteach in earnáil phoiblí na mBallstát, agus leis na comhpháirtithe sóisialta, na saoránaigh agus an tsochaí shibhialta) (Airteagal 11).
Agus bloc forálacha á oscailt maidir le tionscadail Ilnáisiúnta, leagtar amach in Article 12 na haidhmeanna ar tréithe iad de thionscadal Ilnáisiúnta. Ar an leibhéal is airde, áirítear ar na haidhmeanna sin rannchuidiú an tionscadail leis na spriocanna maidir le claochlú digiteach an Aontais faoi 2030. Aistrítear é ansin go ceanglais níos oibríochtúla. Le hAirteagal 12 tugtar de chumhacht don Choimisiún moladh a eisiúint maidir le tionscadal ilnáisiúnta a bhunú nó iarraidh ar Bhallstát páirt a ghlacadh i dtionscadal ilnáisiúnta, chomh maith leis an bhféidearthacht tionscadal ilnáisiúnta a bhunú nó páirt a ghlacadh ann mar ghealltanas comhpháirteach. Tá liosta táscach de na réimsí gníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann agus a bhféadfaí tionscadail ilnáisiúnta a bhunú iontu curtha ar fáil san Iarscríbhinn.
Foráiltear in Article 13 do rialacha maidir le tionscadail ilnáisiúnta a roghnú agus a chur chun feidhme. Ar an gcéad dul síos, déantar foráil san airteagal seo go gcuirfidh an Coimisiún iarscríbhinn leis an tuarascáil ar staid na Deacáide Digití ina soláthrófar na prionsabail agus na tosaíochtaí straitéiseacha maidir le tionscadail ilnáisiúnta a chur chun feidhme mar aon le liosta cothrom le dáta de na tionscadail sin arna roghnú lena gcur chun feidhme. Ar an dara dul síos, cuirtear liosta oscailte ar fáil de na hionstraimí cur chun feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann. Má roghnaítear ionstraimí cur chun feidhme atá ann cheana, ní dhéantar na rialacha is infheidhme maidir le hionstraimí den sórt sin a mhodhnú leis an gCinneadh seo agus ní mór iad a urramú ina n‑iomláine.
Déantar foráil in Airteagal 14 maidir leis an gcreat nós imeachta chun dlús a chur le cur chun feidhme tionscadal ilnáisiúnta. Beartaítear sásra comhordaithe dhá chéim a bheith ann, sásra a chuirfear chun feidhme i ndlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Mar chéad chéim, iarrtar ar na Ballstáit uile a spéis a léiriú maidir le tionscadail ilnáisiúnta shonracha a chur chun feidhme. Mar dhara céim, ar choinníoll go bhfuil leas leordhóthanach ag na Ballstáit, tabharfaidh an Coimisiún treoir maidir leis an sásra cur chun feidhme is oiriúnaí dar leis le haghaidh tionscadal ar leith a chur chun feidhme chomh maith le gnéithe straitéiseacha eile a bhaineann lena chur chun feidhme. Féadfar cúnamh teicniúil agus tacaíocht eile a sholáthar freisin ar feadh chur chun feidhme an tionscadail.
Foráiltear in Airteagal 15 maidir le sásra cur chun feidhme; is é sin an Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC). Táthar ag súil go n‑úsáidfear EDIC go príomha i gcás na dtionscadal ilnáisiúnta nach féidir iad a chur chun feidhme faoi shásraí cur chun feidhme atá ann cheana. Mar a fhoráiltear a thuilleadh san Airteagal seo, beidh pearsantacht dhlítheanach ag EDIC. Ciallaíonn sé sin gurb é EDIC féin an t‑iarratasóir nuair a dhéanann sé iarratas ar dheontas ón Aontas agus, sa deireadh, ní mór dó féin iarratas a dhéanamh trína thograí a chur isteach le glao nó le cuireadh ón gcomhlacht deonúcháin. Cé is moite de chomhaontú deontais iltairbhí, ní féidir le tríú páirtí an t‑iarratas a chur isteach, e.g. ní féidir le Ballstát é a chur isteach thar ceann EDIC.
Foráiltear in Airteagal 16 maidir le EDIC a bhunú arna iarraidh sin do Bhallstáit trí chinneadh ón gCoimisiún arna ghlacadh faoin nós imeachta coiste.
Foráiltear sna hairteagail ina dhiaidh sin maidir leis na rialacha is gá chun EDIC a oibriú go réidh agus go haclaí. Pléann Airteagal 17 le rialacha ballraíochta, trína bhfuil Ballstáit a sholáthraíonn ranníocaíocht airgeadais nó neamhairgeadais ina gcomhaltaí vótála agus féadfaidh Ballstáit eile a bheith ina mbreathnadóirí. Déantar foráil in Airteagal 18 maidir le sásra rialachais a bheidh faoi réir cearta crosta an Choimisiúin in imthosca cúnga a dtugtar tuairisc orthu. Foráiltear in Airteagal 19 maidir le ceanglais íosta nach mór a chomhlíonadh le Reachtanna.
Ar deireadh, déantar foráil in Airteagal 20 maidir leis rialacha dliteanais is infheidhme maidir le hEDIC, in Airteagal 21 maidir leis an dlí agus an dlínse is infheidhme, in Airteagal 22 maidir leis na rialacha maidir le foirceannadh agus in Airteagal 23 maidir le tuairisciú agus rialú.
2021/0293 (COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an Clár Beartais 2030 ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Ina Theachtaireacht ‘2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade[Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha]’ an 9 Márta 2021 (‘An Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach’) leag an Coimisiún amach an fhís atá aige do 2030 saoránaigh agus gnólachtaí a chumhachtú leis an gclaochlú digiteach. Maidir le modh an Aontais le haghaidh chlaochlú digiteach an gheilleagair agus na sochaithe, ba cheart go gcuimseodh sé ceannasacht dhigiteach, cuimsiú, comhionannas, inbhuanaitheacht, athléimneacht, slándáil, caighdeán na beatha a fheabhsú, urraim do chearta agus do mhianta na saoránach agus ba cheart dó rannchuidiú le geilleagar agus sochaí dhinimiciúil, éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus chothrom san Aontas.
(2)Ina ráiteas an 25 Márta 2021, mheas an Chomhairle Eorpach gur céim í an Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach i dtreo fhorbairt dhigiteach na hEorpa a leagan amach do na deich mbliana atá romhainn agus dheimhnigh sí an fhís a leagtar amach inti, lena n‑áirítear an coincheap maidir le Clár Beartais ag a mbeadh struchtúr láidir rialachais agus creat chun cur chun feidhme tionscadail ilnáisiúnta, a bhfuil gá leo le haghaidh chlaochlú digiteach na hEorpa i réimsí criticiúla, a éascú. D’iarr sí ar an gCoimisiún freisin bosca uirlisí beartais an Aontais Eorpaigh maidir le claochlú digiteach a leathnú, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta araon, leas a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil ó bheartas tionsclaíoch, trádála agus iomaíochta, scileanna agus oideachas, beartas taighde agus nuálaíochta agus ionstraimí cistithe fadtéarmacha chun an claochlú digiteach a éascú.
(3)Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún lena ndéantar an straitéis tionsclaíochta nua 2020 a thabhairt cothrom le dáta, is gá don Aontas Eorpach córais theicneolaíochtaí criticiúla agus earnálacha straitéiseacha a shainaithint, aghaidh a thabhairt ar laigí straitéiseacha agus ar spleáchais ardriosca a bhféadfadh ganntanais soláthair nó rioscaí cibearshlándála a bheith mar thoradh orthu, agus claochlú digiteach a chothú. Cuireann an méid sin i bhfios a thábhachtaí atá sé go rachaidh Ballstáit i gcomhar lena chéile agus go dtacóidh siad le hiarrachtaí an tionscail aghaidh a thabhairt ar na spleáchais sin agus riachtanais acmhainne straitéiseacha a fhorbairt. Is freagra sé seo freisin ar an anailís atá sa Tuarascáil 2021 um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach. Faoi chuimsiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus ullmhúchán na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, ghríosaigh an Coimisiún na Ballstáit chun a gcuid díchill i bhfabhar Tionscadail Ilnáisiúnta sa réimse digiteach a chomhordú. Léirigh an t‑eispéireas sin, gur gá don Choimisiún tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí comhordaithe na mBallstát, agus don Aontas sásraí cur chun feidhme a chur chun cinn lena n‑éascófar infheistíochtaí comhpháirteacha chun Tionscadail Ilnáisiúnta a bhunú. I gcomhar le tionscnaimh eile an Choimisiúin amhail an Fhaireachlann um Theicneolaíochtaí Criticiúla, ba cheart struchtúr rialachais a bhunú chun an Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach a chur chun feidhme agus ba cheart go gcabhródh an struchtúr sin le spleáchais straitéiseacha dhigiteacha an Aontais atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shainaithint agus go rannchuideodh sé le ceannasacht dhigiteach an Aontais a neartú.
(4)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, cuireadh i dtábhacht gur cheart don Eoraip leas a bhaint as acmhainn an chlaochlaithe dhigitigh, rud atá ina phríomhchumasóir chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach. Ba cheart don Aontas an claochlú digiteach is gá a chur chun cinn agus infheistíocht a dhéanamh de bhrí gur cumasóir criticiúil iad teicneolaíochtaí digiteacha chun spriocanna inbhuanaitheachta an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach i roinnt earnálacha éagsúla. Is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha amhail an intleacht shaorga, 5G, an néalríomhaireacht agus an imeall-ríomhaireacht agus idirlíon na rudaí nithiúla dlús a chur le beartais chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus an comhshaol a chosaint agus tionchar na mbeartas sin a uasmhéadú. Ina theannta sin, leis an digitiú, cuirtear deiseanna nua ar fáil chun cianfhaireachán a dhéanamh ar thruailliú aeir agus uisce, nó chun faireachán a dhéanamh ar úsáid fuinnimh agus acmhainní nádúrtha agus an úsáid sin a optamú. Teastaíonn ón Eoraip earnáil dhigiteach ag a bhfuil an inbhuaine ina croílár, earnáil lena n‑áiritheofar ar bhonn infhíoraithe go mbeidh an bonneagar agus na teicneolaíochtaí digiteacha níos inbhuanaithe agus níos tíosaí ar fhuinneamh agus ar acmhainní agus lena rannchuideofar le geilleagar agus sochaí inbhuanaithe chiorclach aeráidneodrach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip.
(5)Ba cheart na beartais a bheartaítear sa Teachtaireachta maidir le Compás Digiteach a chur chun feidhme chun na gníomhartha a shainmhínítear sa straitéis maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú a neartú, agus chun tógáil ar ionstraimí an Aontais atá ann cheana (amhail cláir um Chomhtháthú, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus chun tógáil ar na cistí arna leithdháileadh le haghaidh claochlú digiteach faoi Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá bhrí sin, leis an gCinneadh seo ba cheart Clár Beartais dar teideal ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ a bhunú chun claochlú digiteach rathúil ar gheilleagar agus ar shochaí an Aontais a ghnóthú, a bhrostú agus a mhúnlú.
(6)Chun conair an Aontais a leanúint maidir le luas an chlaochlaithe dhigitigh, ba cheart spriocanna digiteacha a shuí. Ba cheart na spriocanna sin a nascadh le réimsí nithiúla ar cheart dul chun cinn comhchoiteann a dhéanamh ina dtaobh laistigh den Aontas. Tá na spriocanna bunaithe ar na ceithre phríomhphointe a sainaithníodh sa Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach gur réimsí ríthábhachtacha iad le haghaidh claochlú digiteach an Aontais: scileanna digiteacha, bonneagair dhigiteacha, digitiú gnólachta agus seirbhísí poiblí.
(7)Tá scileanna digiteacha bunúsacha agus ardscileanna digiteacha fíor-riachtanach chun athléimneacht chomhchoiteann shochaí an Aontais a threisiú. Beidh saoránaigh a bhfuil cumas agus ábaltacht dhigiteach acu in ann leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann leis an Deacáid Dhigiteach. Thairis sin, le hoiliúint dhigiteach agus le hoideachas digiteach, ba cheart iadsan a bheith ina dtacaíocht le go mbeadh lucht saothair ann ina bhféadfadh daoine scileanna digiteacha speisialaithe a fháil le go mbainfeadh líon níos mó acu post ardcháilíochta agus gairm bheatha fhiúntach amach ná an líon daoine a dhéanann amhlaidh faoi láthair, agus ina dtiocfadh coinbhéirseacht idir líon na mban agus líon na bhfear a dhéanann amhlaidh. Ina theannta sin, tá bonneagar digiteach inbhuanaithe le haghaidh nascachta, micrileictreonaice agus an cumas tacair shonraí ollmhóra a phróiseáil ina gcumasóirí riachtanacha chun leas a bhaint as tairbhí an digitithe, le haghaidh forbairtí eile teicneolaíochta agus le haghaidh cheannaireacht dhigiteach na hEorpa. Tá gá le nascacht shlán den scoth le haghaidh gach duine agus gach áit san Eoraip, ceantair thuaithe agus ceantair iargúlta san áireamh. Tá síorfhás ar riachtanais na sochaí ar bhandaleithead uaslódála agus íoslódála. Faoi 2030, ba cheart líonraí ar luas gigighiotáin a bheith ar fáil ar choinníollacha inrochtana dóibh siúd uile a bhfuil a leithéid de thoilleadh ag teastáil uathu nó a bhfuil gá acu air. Thairis sin, tá micreaphróiseálaithe lárnach cheana féin i bhformhór na bpríomh-luachshlabhraí straitéiseacha, ach meastar go mbeidh éileamh níos mó fós orthu amach anseo go háirithe ar na cinn is nuálaí. Imeall-nóid aerdáidneodracha ar ardchaighdeán slándála lena rathófar do ghnólachtaí, beag beann ar a suíomh, rochtain ar sheirbhísí sonraí ag a mbeidh aga folaigh íseal agus toilleadh candamach, meastar go mbeidh siad ina gcumasóirí criticiúla freisin.
(8)Diomaite de bheith ina gcumasóirí, beidh gach ceann de na teicneolaíochtaí thuasluaite i gcroílár táirgí nua, próisis mhonaraithe nua agus samhlacha nua gnó a bheidh bunaithe ar chomhroinnt chóir sonraí sa gheilleagar sonraí. Braithfidh claochlú gnólachtaí ar a gcumas teicneolaíochtaí digiteacha nua a ghlacadh go pras i ngach earnáil, lena n‑áirítear éiceachórais thionsclaíocha agus éiceachórais seirbhísí atá ag titim ar gcúl faoi láthair.
(9)Braithfidh an saol daonlathach agus seirbhísí poiblí go mór freisin ar theicneolaíochtaí digiteacha agus dá bhrí sin ba cheart rochtain iomlán a bheith ag cách orthu, trí thimpeallacht dhigiteach den chéad scoth lena soláthrófar seirbhísí agus uirlisí atá éasca le húsáid, éifeachtúil agus pearsantaithe ag a bhfuil ardchaighdeáin slándála agus phríobháideachais.
(10)Ba cheart don Choimisiún na spriocanna digiteacha a athbhreithniú faoi Mheitheamh 2026 chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá siad fós ag teacht le leibhéal ard uaillmhéine an claochlaithe dhigitigh agus iad a thabhairt cothrom le dáta nó tuilleadh spriocanna digiteacha a chur leo, más gá.
(11)Maidir le dul chun cinn comhchuí cuimsitheach agus seasmhach i dtreo claochlú digiteach agus i dtreo spriocanna digiteacha an Aontais a bhaint amach, teastaíonn cineál rialachais cuimsitheach, láidir, iontaofa, solúbtha agus trédhearcach atá bunaithe ar dhlúthchomhar agus comhordú idir institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais na Ballstáit chun é sin a dhéanamh. Le sásra iomchuí, ba cheart comhordú a áirithiú ar chóineasú, ar chomhsheasmhacht agus ar éifeachtacht beartas agus beart ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, is gá forálacha a leagan síos maidir le sásra faireacháin agus comhair chun an Teachtaireacht maidir leis an gCompás Digiteach a chur chun feidhme.
(12)Ba cheart go n‑áireofaí sa sásra sin córas feabhsaithe faireacháin chun bearnaí in inniúlachtaí straitéiseacha digiteacha an Aontais a shainaithint. Ba cheart go n‑áireofaí ann freisin sásra tuairiscithe lena ndéanfar tuairisciú, i measc nithe eile, ar an dul chun cinn i dtreo na físe 2030 agus ar na spriocanna digiteacha comhfhreagracha agus ar staid ghinearálta a gcomhlíonta leis na cuspóirí a leagtar amach sa Chinneadh seo chomh maith. Ba cheart go suífear leis creat comhoibritheach idir an Coimisiún agus na Ballstáit ar mhaithe le réitigh a shainaithint, le dul i ngleic le laigí agus le gníomhartha spriocdhírithe le haghaidh leighis éifeachtacha a mholadh.
(13)Ba cheart don Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (‘DESI’) a bheith mar chuid den tuarascáil ar staid na Deacáide Digití agus ba cheart é a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna digiteacha. Ba cheart go n‑áireofaí leis an bhfaireachán sin anailís ar na táscairí lena ndéanfar an dul chun cinn ar leibhéal na mBallstát a thomhas, anailís ar na beartais agus tionscnaimh náisiúnta arb é is aidhm dóibh cuspóirí agus spriocanna an Chinnidh seo a bhaint amach, mar aon le hanailísí cothrománacha agus téamacha lena rianófar claochlú digiteach gheilleagair na hEorpa agus rangú dhul chun cinn na mBallstát ina thaobh. Go háirithe, ba cheart gnéithe agus táscairí DESI a ailíniú leis na spriocanna digiteacha a leagtar amach sa Chinneadh seo. Maidir le gach sprioc digiteach, ba cheart eochairtháscairí feidhmíochta a leagan amach sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfaidh an Coimisiún. Ba cheart na heochairtháscairí feidhmíochta a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá ar mhaithe le faireachán éifeachtach leanúnach agus le forbairtí teicneolaíochtaí a chur san áireamh. Ba cheart an sásra bailithe sonraí laistigh de na Ballstáit a threisiú chun staid reatha cuimsitheach a chur ar fáil maidir leis an dul chun cinn i dtreo na spriocanna digiteacha agus maidir leis na beartais, cláir agus tionscnaimh ábhartha ag an leibhéal náisiúnta chomh maith. Bunaithe ar na hathbhreithnithe, agus i gcás inar gá, ba cheart don Choimisiún treochlár a ullmhú i gcomhairle leis na Ballstáit lena leagfar amach riachtanais bailithe sonraí na todhchaí. . Agus an DESI á shainaithint aige, ba cheart go mbraithfeadh an Coimisiún den chuid is mó ar staitisticí oifigiúla a bhailítear i suirbhéanna éagsúla an Aontais i ndáil leis an tsochaí faisnéise. Ba cheart don Choimisiún staidéir shonracha a úsáid chun sonraí a bhailiú i dtaobh táscairí ábhartha nach ndéantar tomhas orthu i suirbhéanna an Aontais.
(14)Chun na comhreachtóirí a choinneáil ar an eolas i dtaobh dul chun cinn an chlaochlaithe dhigitigh san Aontas, ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil faoi ‘Staid na Deacáide Digití’ a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena dtabharfar forléargas agus anailís maidir le claochlú digiteach an Aontais agus meastóireacht ar an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le cuspóirí na Deacáide Digití agus maidir leis na spriocanna digiteacha don tréimhse i dtreo 2030. Ba cheart an tuarascáil faoi ‘Staid na Deacáide Digití’, go háirithe DESI, a bheith ina hionchur sa Seimeastar Eorpach, lena n‑áirítear gnéithe a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
(15)Go háirithe, ba cheart don Choimisiún tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna digiteacha, lena sonrófar méid dhul chun cinn an Aontais i ndáil le treochtaí réamh-mheasta le haghaidh gach sprioc, le measúnú ar na hiarrachtaí is gá chun gach sprioc a bhaint amach, lena n‑áireofar bearnaí infheistíochta in inniúlachtaí digiteacha agus feasacht a mhúscailt i dtaobh na ngníomhartha is gá chun ceannasacht dhigiteach a mhéadú. Sa tuarascáil ba cheart go n‑áireofaí measúnú ar chur chun feidhme tograí rialála ábhartha chomh maith le measúnú ar na gníomhartha arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.
(16)Ar bhonn na hanailíse sin, mholfaí beartais shonracha, bearta agus gníomhartha sa tuarascáil. Agus beartais, bearta agus gníomhartha á moladh aige sa tuarascáil, ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a chur san áireamh: na sonraí is déanaí atá ar fáil, na gealltanais chomhpháirteacha arna nglacadh, na beartais agus na bearta arna sainmhíniú ag na Ballstáit chomh maith leis an dul chun cinn maidir le gníomhartha molta a sainaithníodh i dtuarascáil roimhe sin agus ar tugadh aghaidh orthu le linn an chomhair bhliantúil. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a chur san áireamh: na difríochtaí acmhainneachta atá ag na Ballstáit aonair rannchuidiú leis na spriocanna digiteacha a bhaint amach, chomh maith leis na beartais agus bearta atá ann cheana féin a meastar iad a bheith iomchuí chun na spriocanna a bhaint amach, fiú murab ann dá n‑éifeachtaí go fóill.
(17)Sa tuarascáil bhliantúil maidir le ‘Staid na Deacáide Digití’, ba cheart go gcuirfí cur chun feidhme na bprionsabal digiteach i láthair mar a formhuiníodh iad sa [cuir isteach teideal an Dearbhaithe shollúnta].
(18)D’fhonn a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí agus spriocanna digiteacha na Deacáide Digití, mar a leagtar síos iad sa Chinneadh seo, agus ionas go rannchuideoidh gach Ballstát go héifeachtach leis an sprioc sin, ba cheart le dearadh agus cur chun feidhme an tsásra faireacháin agus chomhair go n‑áireofaí malartuithe faisnéise agus dea-chleachtas trí idirphlé cuiditheach agus cuimsitheach idir na Ballstáit agus an Coimisiún.
(19)Chun go mbainfidh an tAontas amach na spriocanna digiteacha a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart don Choimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, treochtaí réamh-mheasta a fhorbairt ina dtaobh. Ba cheart do na Ballstáit na treochtaí réamh-mheasta sin a aistriú ina dtreochtaí réamh-mheasta náisiúnta, i gcás inar féidir. Ba cheart acmhainneacht dhifriúil na mBallstát rannchuidiú leis na spriocanna digiteacha a chur san áireamh agus a léiriú sna treochtaí réamh-mheasta náisiúnta. Leis na treochtaí réamh-mheasta sin, ba cheart go gcuideofaí le cur chun cinn thar thréimhse ama a mheasúnú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta faoi seach.
(20)Chun comhair éifeachtúil agus éifeachtach idir an Coimisiún agus na Ballstáit a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit treochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach lena gclúdófar an tréimhse go 2030 (‘treochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach’) a chur faoi bhráid an Choimisiúin, treochláir lena molfar, i gcás inar féidir agus inar intomhaiste ar an leibhéal náisiúnta, treochtaí réamh-mheasta náisiúnta lena ndéanfar cur síos ar gach ionstraim a glacadh, gach ionstraim atá beartaithe agus gach ionstraim a cuireadh chun feidhme d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Chinnidh seo agus na spriocanna digiteacha a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na treochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach a bheith ina n‑uirlis ríthábhachtach chun beartais na mBallstát a chomhordú agus chun intuarthacht a áirithiú don mhargadh. Ba cheart do na Ballstáit tionscnaimh earnálacha, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, a chur san áireamh agus comhsheasmhacht leo a áirithiú. Le linn an timthrialla bhliantúil comhair, d’fhéadfadh Ballstáit coigeartuithe ar a dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach a mholadh chun forás an aistrithe dhigitigh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chur san áireamh agus chun freagairt, go háirithe, do bheartais, bearta agus gníomhartha arna moladh ag an gCoimisiún.
(21)Tá infhaighteacht thráthúil agus rochtain ar speictream raidió ríthábhachtach chun na spriocanna nascachta atá i ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, tá intuarthacht agus deimhneacht chomh maith le solúbthacht (bunaithe ar na riachtanais athraitheacha) ag teastáil ó na Ballstáit agus ó na húsáideoirí speictrim chun garspriocanna maidir le hinfhaighteacht speictrim a phleanáil. Go háirithe faoin bpróiseas claochlaithe dhigitigh agus ghlais atá ag athrú go tapa, le luathfhaisnéis maidir le hinfhaighteacht speictrim sa todhchaí agus le hionchur ó príomhgheallsealbhóirí (amhail údaráis phoiblí, lucht tionscail agus úsáideoirí) mhéadófaí deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht infheistíochta.
(22)Ós rud é go bhfuil speictream fíor-riachtanach chun na spriocanna digiteacha a bhaint amach, go háirithe bonneagar digiteach atá slán, feidhmiúil agus inbhuanaithe, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar na beartais agus na bearta atá glactha acu agus a ghlacfaidh siad sa todhchaí maidir le hinfhaighteacht agus féidearthacht speictream raidió a úsáid le haghaidh úsáideoirí reatha agus le haghaidh infheisteoirí agus oibreoirí ionchasacha. Gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gCoimisiún treoshuímh agus sásraí straitéiseacha nua maidir le beartas speictrim a mholadh faoi Airteagal 4 (4) de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle d’fhéadfadh an Coimisiún treoraíocht iomchuí a sholáthar ina leith sin chun na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha a leagtar síos sa Chinneadh seo a bhaint amach.
(23)Ba cheart don idirphlé comhoibritheach idir an Coimisiún agus na Ballstáit tosú le measúnú ar a dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach agus ba cheart an t‑idirphlé a bhunú ar na sonraí a soláthraíodh agus ar an measúnú sa tuarascáil maidir le staid na Deacáide Digití, agus ar an aiseolas a fuarthas ó na geallsealbhóirí ábhartha chomh maith.
(24)Ba cheart an comhar a struchtúrú laistigh de timthriall bliantúil ina dhiaidh sin. Maidir le tráth an chomhair bhliantúil ba cheart an gá atá le torthaí an chomhair go dtí seo a léiriú a chur san áireamh, chomh maith le bearta, gníomhartha agus coigeartuithe ar na treochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach arna moladh sa tuarascáil don bhliain dár gcionn.
(25)Chun dul i dtreo na spriocanna a bhaint amach i gcomhréir leis na treochtaí réamh-mheasta ba cheart do Bhallstáit, a mheastar sa tuarascáil nach bhfuil a dóthain dul chun cinn déanta acu i réimse faoi leith, na bearta coigeartaithe agus gníomhartha a bhfuil sé ar intinn acu iad a dhéanamh chun dul chun cinn a chothú sa réimse criticiúil áirithe sin a mholadh. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi inar thug na Ballstáit, go comhchoiteann agus ina n‑aonar, aghaidh ar na beartais, bearta agus gníomhartha a mholadh sa tuarascáil don bhliain roimhe sin. Féadfaidh Ballstát a iarradh go seolfar próiseas athbhreithnithe piaraí chun deis a thabhairt do Bhallstáit eile a dtuairimí a thabhairt i dtaobh moltaí a bhfuil sé ar intinn aige a chur i láthair ina threochlár straitéiseach náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach, go háirithe a mhéid a bhaineann lena n‑oiriúnacht chun sprioc shonrach a bhaint amach. Féadfaidh an Coimisiún freisin a mholadh go seolfar próiseas athbhreithnithe piaraí i leith treochlár straitéiseach maidir leis an Deacáid Digiteach de chuid Ballstáit.
(26)Féadfaidh an Coimisiún agus Ballstát amháin nó níos mó Ballstát gealltanais chomhpháirteacha a ghlacadh orthu féin maidir le gníomhartha comhordaithe ar mhaith leo iad a dhéanamh chun na spriocanna a bhaint amach, Tionscadail Ilnáisiúnta a bhunú, agus comhaontú a dhéanamh ar aon bheartais agus gníomhartha eile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a bhfuil sé de chuspóir acu dul i dtreo na spriocanna a bhaint amach i gcomhréir leis na treochtaí réamh-mheasta.
(27)Tá sé ríthábhachtach na beartais, bearta agus gníomhartha molta, na treochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach agus a gcoigeartuithe a chur chun feidhme go héifeachtach chun na cuspóirí agus spriocanna digiteacha a bhaint amach. Má theipeann ar Bhallstát na bearta sin a chur chun feidhme go héifeachtach, agus má mheastar nach leormhaith na cúiseanna a thugtar i dtaobh na teipe sin, féadfaidh an Coimisiún moladh ar leith a ghlacadh, gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoin gConradh. I dtaobh moltaí den sórt sin, ba cheart go gcuirfí san áireamh na moltaí is déanaí a bhaineann go sonrach le tíortha arna n‑eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus go mbeadh siad ina gcomhlánú ar na moltaí sin.
(28)Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann lánaird a thabhairt ar an moladh agus i gcás inarb iomchuí a threochlár straitéiseach náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach a choigeartú. I gcás nach bhfuil sé ar intinn ag Ballstát an moladh a chur chun feidhme, ba cheart dó cúiseanna a thabhairt faoin gcinneadh gan é sin a dhéanamh agus na cúiseanna sin a fhógairt go poiblí.
(29)Chun trédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí a áirithiú, ba cheart don Choimisiún dul i dteagmháil leis na geallsealbhóirí leasmhara uile. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún comhoibriú go dlúth le geallsealbhóirí lena n‑áirítear gníomhaithe príobháideacha agus poiblí, amhail comhlachtaí arna rialú le dlíthe poiblí na n‑earnálacha oideachais nó sláinte, agus dul i gcomhairle leo faoi bhearta chun dlús a chur leis an gclaochlú digiteach ar leibhéal an Aontais. Bheadh rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí tábhachtach ar leibhéal na mBallstát freisin, go háirithe agus a dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach agus a gcoigeartuithe á nglacadh.
(30)Le Tionscadail Ilnáisiúnta a bhfuil roinnt Ballstát páirteach iontu, ba cheart go mbeifí in ann idirghníomhuithe mórscála a dhéanamh i réimsí tábhachtacha atá riachtanach chun na spriocanna digiteacha a bhaint amach, go háirithe trí acmhainní ón Aontas, ó na Ballstáit, agus i gcás inarb iomchuí ó fhoinsí príobháideacha, a chomhthiomsú. Ba cheart iad a chur i bhfeidhm ar bhealach comhordaithe agus dlúthchomhar ann idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Ar an gcúis sin, ba cheart ról lárnach a bheith ag an gCoimisiún dlús a chur le himscaradh Tionscadail Ilnáisiúnta trí thionscadail Ilnáisiúnta atá réidh lena gcur chun feidhme a shainaithint as measc na gcatagóirí tionscadail a áirítear go táscach san Iarscríbhinn, agus comhairle á cur aige ar na Ballstáit maidir le roghnú an tsásra cur chun feidhme, maidir le roghnú na bhfoinsí cistithe agus meascán na bhfoinsí sin, maidir le nithe straitéiseacha eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na dtionscadal sin, agus maidir le roghnú Cuibhreannais do Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) mar shásra cur chun feidhme, i gcás inarb iomchuí.
(31)Ba cheart tacaíocht phoiblí do Thionscadail Ilnáisiúnta a úsáid, i gcomhréir le dlí is infheidhme de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta atá comhsheasmhach le dlí an Aontais, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha ar mhodh comhréireach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú, ag glacadh leis gur ann don bhreisluach Eorpach i gcónaí.
(32)Le Tionscadail Ilnáisiúnta ba cheart a bheith in ann foinsí éagsúla cistithe an Aontais agus na mBallstát a mhealladh agus a mheascadh le chéile ar bhealach éifeachtúil. Go háirithe, ba cheart gur féidir cistí ó chlár Aontais atá faoi bhainistíocht lárnach a mheascadh le hacmhainní arna ngeallúint ag na Ballstáit, lena n‑áirítear, faoi choinníollacha áirithe, ranníocaíochtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, mar a mhínítear i gCuid 3 de threoraíocht an Choimisiúin do na Ballstáit maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, chomh maith le ranníocaíochtaí ó chistí Forbraíochta Réigiúnaí agus ó chistí Comhtháthaithe na hEorpa. Nuair atá cúis maith leis, mar gheall ar chineál Tionscadail Ilnáisiúnta áirithe, ba cheart ranníocaíochtaí ó eintitis seachas an tAontas agus na Ballstáit, lena n‑áirítear ranníocaíochtaí príobháideacha, a cheadú.
(33)Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus é ag gníomhú mar chomhordaitheoir Tionscadal Ilnáisiúnta, cúnamh a thabhairt do Bhallstáit a leas i dTionscadail Ilnáisiúnta a shainaithint, treoraíocht a thabhairt maidir le roghnú sásraí barrmhaithe cur chun feidhme agus cúnamh a chur ar fáil dóibh sa chur chun feidhme, nithe a rannchuideofar leis an rannpháirtíocht is leithne agus is féidir a bhaint amach.
(34)Ar iarratas ó na Ballstáit agus i gcás ina measann sé gurb iomchuí sin, go háirithe sna cásanna nach bhfuil sásra malartach oiriúnach cur chun feidhme ann, ba cheart don Choimisiún Cuibhreannas do Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) a shuí chun an Tionscal Ilnáisiúnta sin a chur chun feidhme.
(35)Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na heochairtháscairí feidhmíochta agus maidir le EDIC a shuí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Caibidil 1
Ábhar, cuspóirí agus sainmhínithe
Airteagal 1
Ábhar
(1)Leis an gCinneadh seo bunaítear Clár Beartais dar teideal ‘Conair i dtreo na Deacáide Digití’ agus leagtar amach sásra faireacháin agus comhair le haghaidh an chláir sin ina bhfuil bearta chun:
(a)treo soiléir do chlaochlú digiteach an Aontais agus do bhaint amach na spriocanna digiteacha a shocrú;
(b)comhar idir institiúidí an Aontais agus na Ballstáit a leagan amach agus a spreagadh;
(c)comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine fhaireachán agus thuairisciú an Aontais a áirithiú.
(2)Leis an gCinneadh seo bunaítear creat le haghaidh Tionscadail Ilnáisiúnta freisin.
Airteagal 2
Cuspóirí ginearálta
Oibreoidh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit i gcomhar chun tacú leis na cuspóirí ginearálta seo a leanas agus chun iad a bhaint amach:
(a)timpeallacht dhigiteach a chur chun cinn atá dírithe ar an duine, atá cuimsitheach, slán agus oscailte agus ina bhfuil teicneolaíochtaí agus seirbhísí digiteacha lena n‑urramaítear do phrionsabail agus luachanna an Aontais agus lena dtreisítear na prionsabail agus na luachanna sin;
(b)athléimneacht chomhchoiteann na mBallstát a threisiú agus an bhearna dhigiteach a dhúnadh go háirithe trí scileanna digiteacha bunúsacha agus speisialaithe do chách a chur chun cinn agus forbairt córas oideachais agus oiliúna ardfheidhmíochta a chothú;
(c)ceannasacht dhigiteach a áirithiú go háirithe trí bhíthin bonneagar digiteach slán agus inrochtana lenar féidir méideanna ollmhóra sonraí a phróiseáil agus trína gcumasaítear forbairtí teicneolaíochta eile, lena dtacófar le hiomaíochas thionscail an Aontais;
(d)imlonnú agus úsáid cumas digiteach a chur chun cinn lena dtabharfar rochtain do theicneolaíochtaí digiteacha agus sonraí ar bhonn éasca agus cothrom chun ardleibhéal déine digití agus nuálaíochta i bhfiontair an Aontais, go háirithe na cinn bheaga agus meánmhéide, a bhaint amach;
(e)rochtain ar líne do chách ar an saol daonlathach, ar sheirbhísí poiblí agus ar sheirbhísí sláinte agus cúraim a áirithiú, go háirithe do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumas, lena gcuirfear seirbhísí agus uirlisí cuimsitheacha, éifeachtúla agus pearsantaithe ar fáil a bhfuil ardchaighdeáin slándála agus phríobháideachta ag baint leo;
(f)a áirithiú go mbeidh bonneagair agus teicneolaíochtaí digiteacha níos inbhuanaithe agus níos tíosaí ar fhuinneamh agus ar acmhainní agus go mbeidh siad ina rannchuidiú do gheilleagar agus sochaí inbhuanaithe, ciorclach agus aeráidneodrach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip;
(g)éascú a dhéanamh ar dhálaí coinbhéirseacha le haghaidh infheistíochtaí i gclaochlú digiteach ar fud an Aontais, lena n‑áirítear trí na sineirgí idir úsáid chistí an Aontais agus úsáid cistí náisiúnta a neartú, agus trí chur chuige intuartha rialála a fhorbairt;
(h)a áirithiú ar bhealach comhordaithe agus comhleanúnach go cuirtear gach beartas agus clár atá ábhartha do bhaint amach na spriocanna digiteacha san áireamh le go mbeidh siad ina rannchuidiú iomlán don aistriú digiteach.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘an tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (‘DESI’)’ tacar bliantúil táscairí anailíse agus tomhais ar ar a bonn a dhéanann an Coimisiún faireachán ar fheidhmíocht fhoriomlán dhigiteach an Aontais agus na mBallstát thar roinnt gnéithe beartais, lena n‑áirítear an dul chun cinn atá déanta acu i dtreo na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4;
(2)ciallaíonn ‘Tionscail Ilnáisiúnta’ tionscadail mhórscála lena n‑éascaítear baint amach na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4, lena n‑áirítear an maoiniú dóibh arna tabhairt ag an Aontas agus ag na Ballstáit agus comhlíontacht na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 12;
(3)ciallaíonn ‘staidreamh’ staidreamh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(4)ciallaíonn ‘piarmheasúnú’ sásra athbhreithniúcháin lenar féidir le Ballstáit barúil a thabhairt ar ghnéithe sonracha na mbeartas, na mbeart agus na ngníomhartha arna moladh ag Ballstát ar leith agus go háirithe ar a oiriúnaí is atá siad chun rannchuidiú le sprioc sonrach i measc na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach, i gcomhthéacs an chomhair bhliantúil arna bhunú faoi Airteagal 8 agus lenar féidir dea-chleachtais a mhalartú;
(5)ciallaíonn ‘treocht réamh-mheasta’ an chonair a mheastar a bheidh le gach sprioc digiteach go dtí 2030 chun na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach agus an chonair sin bunaithe ar shonraí stairiúla, i gcás inarb ann dóibh.
Caibidil 2
Spriocanna digiteacha
Airteagal 4
Spriocanna digiteacha
(1)Oibreoidh institiúidí an Aontais agus Ballstáit i gcomhar chun na spriocanna digiteacha seo a leanas a bhaint amach san Aontas faoi 2030:
(1)daonra ag a mbeidh scileanna digiteacha agus gairmithe digiteacha ardoilte:
(a)bunscileanna digiteacha ar a laghad a bheith ag 80 % díobh siúd idir 16-74 bliana d’aois;
(b)20 milliún speisialtóirí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) ar a laghad a bheith fostaithe, agus cothromaíocht a bheith ann idir mná agus fir;
(2)bonneagair dhigiteacha slána, fheidhmiúla agus inbhuanaithe:
(a)clúdach líonra Gigighiotáin a bheith ag gach teaghlach Eorpach, lena mbeidh clúdach 5G ag gach limistéar a bhfuil daonra ann;
(b)táirgeadh leathsheoltóirí ceannródaíocha inbhuanaithe san Aontas a bheith ar a laghad 20 % den táirgeacht domhanda ó thaobh luacha de;
(c)ar a laghad 10 000 ‘imeall-nód’ aeráidneodracha slána a bheith imlonnaithe san Aontas, arna scaipeadh ar bhealach a ráthaíonn rochtain ar sheirbhísí sonraí aga folaigh íseal (laistigh de roinnt milleasoicind) pé áit a bhfuil gnólachtaí lonnaithe;
(d)faoi 2025, a chéad ríomhaire le luasghéarú candamach a bheith ag an Aontas, rud a réiteoidh an bealach don Aontas a bheith ceannródaíoch ó thaobh cumais chandamacha de faoi 2030.
(3)Claochlú digiteach gnólachtaí:
(a)na teicneolaíochtaí seo a leanas a bheith in úsáid ag 75 % d’fhiontair an Aontais ar a laghad:
(1)seirbhísí néalríomhaireachta;
(2) mórshonraí;
(3) an intleacht shaorga;
(b)leibhéal bunúsach déine digití a bheith bainte amach ag níos mó ná 90 % d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (‘FBManna’) an Aontais;
(c)go gcuirfidh an tAontas dlús le píblíne a gcuideachtaí nuálaíocha atá i mbun fáis agus go gcuirfidh sé feabhas ar a rochtain ar mhaoiniú, as a dtiocfaidh dúbailt ar a laghad ar líon na n‑aonbheannach dá thoradh sin;
(4)digitiú na seirbhísí poiblí:
(a)príomhsheirbhísí poiblí a bheith 100 % inrochtana ar líne ag saoránaigh an Aontais agus ag gnólachtaí;
(b)rochtain a bheith ag 100 % de shaoránaigh an Aontais ar a dtaifid leighis (ríomhthaifid leighis (RTS));
(c)80 % ar a laghad de shaoránaigh an Aontais ag baint leas as réiteach aitheantais dhigitigh (ID).
(2)Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú faoi 2026 ar na spriocanna digiteacha a leagtar amach i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le toradh an athbhreithnithe agus déanfaidh sé togra reachtach a chur faoina mbráid chun na spriocanna digiteacha i mír 1 a athbhreithniú i gcás ina measann sé gur gá sin chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí teicniúla, eacnamaíocha agus sochaíocha le go mbeidh rath ar chlaochlú digiteach an Aontais.
Caibidil 3
Rialachas: Sásra Faireacháin agus Comhair
Airteagal 5
Faireachán ar an dul chun cinn
(1)Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn an Aontais i leith na gcuspóirí agus na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagail 2 agus 4. Chuige sin, braithfidh an Coimisiún ar an Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI), agus chun críocha an chinnidh seo, i gcomhréir le hAirteagal 25 (2), leagfaidh sé amach na heochairtháscairí feidhmíochta (‘KPIanna’) i leith gach sprioc digiteach i ngníomh cur chun feidhme. .
(2)Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún go tráthúil na staitisticí agus na sonraí is gá don fhaireachán éifeachtach ar an aistriú digiteach agus ar a oiread is a baineadh amach na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4. Áireofar leis sin faisnéis ábhartha ar infhaighteacht agus inrochtaineacht speictrim. I gcás nach bhfuil na staitisticí ábhartha ó na Ballstáit ar fáil fós, féadfaidh an Coimisiún modheolaíocht mhalartach bailithe sonraí a úsáid, amhail staidéir nó sonraí a bhailiú go díreach ó na Ballstáit, i gcomhairle leis na Ballstáit. Ní dhéanfaidh úsáid na modheolaíochta malartaí bailithe sonraí difear do chúraimí Eurostat mar a leagtar síos iad i gCinneadh 2012/504/AE ón gCoimisiún.
(3)Saineoidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, treochtaí réamh-mheasta ar leibhéal an Aontais maidir le baint amach gach ceann de na spriocanna digiteacha, a bheidh ina mbunús don fhaireachán agus do na treochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach. I gcás inar gá, i bhfianaise forbairtí teicniúla, eacnamaíocha nó sochaíocha, tabharfaidh an Coimisiún ceann amháin nó níos mó de na treochtaí réamh-mheasta sin cothrom le dáta.
(4)Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún go tráthúil an fhaisnéis is gá don fhaireachán éifeachtach ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na bprionsabal atá cumhdaithe sa [cuir isteach teideal an dearbhaithe shollúnta].
Airteagal 6
Tuarascáil ar ‘Staid na Deacáide Digití’
(1)Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le ‘Staid na Deacáide Digití’. Is é a bheidh sa tuarascáil sin tuarascáil chuimsitheach an Choimisiúin maidir leis an dul chun cinn i dtaobh chlaochlú digiteach an Aontais, agus áireofar inti an tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI).
(2)Sa tuarascáil maidir le ‘Staid na Deacáide Digití’, soláthróidh an Coimisiún measúnú ar dhul chun cinn aistriú digiteach an Aontais i leith na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4 agus ar an méid a bhfuil na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 2 agus na prionsabail a gcumhdaítear sa [cuir isteach teideal an dearbhaithe shollúnta] á gcomhlíonadh chomh maith. Bunófar an measúnú ar an dul chun cinn arna dhéanamh, go háirithe, ar an anailís agus ar na heochairtháscairí feidhmíochta in DESI i gcomparáid le treochtaí réamh-mheasta ar leibhéal an Aontais, agus i gcás inarb infheidhme, i gcomparáid le treochtaí réamh-mheasta náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, ar bhunú Tionscadal Ilnáisiúnta agus ar an dul chun cinn ina dtaobh.
(3)Sa tuarascáil ar ‘Staid na Deacáide Digití’, féadfaidh an Coimisiún a mholadh do na Ballstáit tabhairt faoi bheartais, bearta nó gníomhartha i réimsí nach ndearnadh go leor dul chun cinn chun na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach, nó féadfaidh sé déanamh amhlaidh i gcás inar sainaithníodh bearnaí suntasacha nó easpaí bunaithe ar thorthaí na tuarascála ar ‘Staid na Deacáide Digití’. Leis na beartais, bearta agus gníomhartha sin, féadfar aghaidh a thabhairt ar na nithe seo a leanas:
(a)a uaillmhianaí is atá na rannchuidithe agus na tionscnaimh arna moladh ag na Ballstáit d’fhonn na cuspóir agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagail 2 agus 4 a bhaint amach go comhchoiteann;
(b)beartais, bearta agus gníomhartha ar leibhéal an Bhallstáit agus beartais agus bearta eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha ó thaobh cúrsaí trasteorann;
(c)agus beartais, bearta nó gníomhartha breise ar bith a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun coigeartú a dhéanamh ar threochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach;
(d) idirghníomhaíochtaí idir na beartais, bearta agus gníomhartha atá ann cheana agus atá beartaithe agus a gcomhsheasmhacht lena chéile.
(4)Cuirfear san áireamh sa tuarascáil gealltanais chomhpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 8 (4) maille lena gcur chun feidhme.
(5)Cuirfear san áireamh sa tuarascáil freisin faisnéis faoin dul chun cinn maidir le beartais, bearta nó gníomhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a moladh cheana féin agus maidir le moltaí arna nglacadh de bhun Airteagal 9 agus maidir lena gcur chun feidhme.
(6)Féadfar measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le beartais, beart nó gníomhartha breise ar bith a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ar leibhéal an Aontais.
(7)
Airteagal 7
Treochláir Straitéiseacha Náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach
(1)Faoi [sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo- dáta sonrach le cur isteach ag Oifig na bhFoilseachán], cuirfidh Ballstáit a dtreochláir straitéiseacha Náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach faoi bhráid an Choimisiúin, treochláir a bheidh comhsheasmhach leis na cuspóirí agus spriocanna digiteacha a leagtar amach sa Chinneadh seo a bhaint amach ar leibhéal an Aontais agus a bheidh ina rannchuidiú dá mbaint amach. Cuirfidh Ballstáit agus an Coimisiún tionscnaimh ábhartha earnálacha san áireamh agus áiritheoidh siad comhsheasmhacht leo.
(2)Ina dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach, leagfaidh na Ballstáit amach na nithe seo a leanas:
(a)na príomhbheartais a cuireadh chun feidhme, a glacadh agus atá beartaithe, bearta agus gníomhartha ar rannchuidithe iad do na cuspóirí agus na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagail 2 agus 4;
(b)treochtaí réamh-mheasta náisiúnta ar rannchuidithe iad do spriocanna ábhartha digiteacha ar féidir iad a thomhas ar an leibhéal náisiúnta;
(c)an tionchar a mheastar a bheidh ar gach sprioc digiteach de thoradh na mbeartas, na mbeart agus na ngníomhartha a cuireadh chun feidhme, a glacadh agus atá beartaithe;
(d)uainiú chur chun feidhme na mbeartas, na mbeart agus na ngníomhartha a glacadh agus atá beartaithe maille le meastachán ar cathain a bheidh tionchar ag na beartais, bearta agus gníomhartha sin ar bhaint amach na spriocanna digiteacha.
(3)Bainfidh na beartais, bearta agus gníomhartha dá dtagraítear i bpointe (a) le baint amach chuspóirí agus spriocanna digiteacha an Chinnidh seo, ar cuspóirí agus spriocanna digiteacha iad lena bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas ar an dáta a chuirtear isteach na treochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach nó an coigeartú ar na treochláir sin:
(a)dlíthe Aontais nó dlíthe náisiúnta is infheidhme go díreach a bheith i bhfeidhm;
(b)tugadh gealltanas amháin nó níos mó chun beartais, bearta nó gníomhartha a ghlacadh;
(c)leithdháileadh acmhainní airgeadais;
(d)slógadh acmhainní daonna;
(e)leithdháileadh acmhainní speictrim raidió nó thug na húdaráis náisiúnta ábhartha gealltanas go leithdháilfí iad nó go sannfaí iad;
(f)is cumasóirí tábhachtacha eile iad a bhaineann le cuspóirí agus spriocanna digiteacha.
(4)Soláthróidh Ballstáit forbhreathnú ginearálta ar an infheistíocht is gá le go rannchuideofar leis na cuspóirí agus na spriocanna digiteacha a leagtar amach ina dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach, maille le tuairisc ghinearálta ar fhoinsí na hinfheistíochta sin, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, úsáid bheartaithe chláir agus ionstraimí Aontais. Féadfar moltaí le haghaidh Tionscadail Ilnáisiúnta a áireamh sna treochláir straitéiseacha Náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach.
(5)Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na moltaí is déanaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh curtha san áireamh ina dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach. I gcoigeartuithe ar threochláir straitéiseacha Náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach, cuirfear san áireamh na beartais, bearta agus gníomhartha arna moladh faoi Airteagal 6(3) agus na moltaí arna nglacadh faoi Airteagal 9.
(6)Soláthróidh an Coimisiún treoraíocht agus tacaíocht do Bhallstáit a dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach a ullmhú, lena n‑áirítear an bealach ina bhunófar ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inar féidir, treochtaí réamh-mheasta iomchuí lenar féidir rannchuidiú le baint amach treochtaí réamh-mheasta ar leibhéal an Aontais.
Airteagal 8
An comhar bliantúil idir an Coimisiún agus na Ballstáit
(1) Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún i ndlúthchomhar lena chéile chun bealaí a shainaithint le haghaidh a thabhairt ar easnaimh i réimsí nár leor an dul chun cinn iontu chun ceann amháin nó níos mó de na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach nó i gcás inar sainaithníodh bearnaí suntasacha nó easpaí bunaithe ar thorthaí na tuarascála ar ‘Staid na Deacáide Digití’. Cuirfear san áireamh san anailís sin, go háirithe, acmhainneachtaí éagsúla na mBallstát rannchuidiú le roinnt de na spriocanna digiteacha agus an riosca gur féidir go mbeidh éifeacht díobhálaí ag moilleanna i dtaobh roinnt de na spriocanna sin ar bhaint amach spriocanna digiteacha eile.
(2)Laistigh de dhá mhí ó fhoilsiú na tuarascála ar ‘Staid na Deacáide Digití’, féachfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le réamhbharúlacha na mBallstát a phlé, go háirithe a mhéid a bhaineann le beartais, bearta agus gníomhartha a mhol an Coimisiún sa tuarascáil ar ‘Staid na Deacáide Digití’.
(3)Laistigh de cúig mhí ó fhoilsiú na tuarascála ar ‘Staid na Deacáide Digití’, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann coigeartuithe ar a dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach faoi bhráid an Choimisiúin, ar coigeartuithe iad lena gcuimseofar beartais, bearta agus gníomhartha a bhfuil sé ar intinn ag na Ballstáit tabhairt fúthu, lena n‑áireofar, i gcás inarb ábhartha, moltaí le haghaidh Tionscadail Ilnáisiúnta chun dul chun cinn a chothú sna réimsí lena mbaineann na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4 agus chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh. Má mheasann Ballstát nach gá aon ghníomh agus nach gá a threochlár straitéiseach Náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach a thabhairt cothrom le dáta, tabharfaidh sé a chúiseanna i scríbhinn.
(4)Ag aon phointe sa chomhar bliantúil, féadfaidh an Coimisiún nó ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit gealltanais chomhpháirteacha a ghlacadh, dul i gcomhairle le Ballstáit eile maidir le beartais, bearta nó gníomhartha nó Tionscadail Ilnáisiúnta a bhunú mar a fhoráiltear in Airteagal 12. Féadfaidh an Coimisiún nó Ballstát a bhfuil beartas, beart nó gníomh molta aige a iarradh freisin go seolfar próiseas athbhreithnithe piaraí maidir le gnéithe sonracha an bheartais, an bhirt nó an ghnímh, agus go háirithe maidir lena oiriúnacht le haghaidh sprioc digiteach sonrach a bhaint amach. Féadfar toradh an phróisis athbhreithnithe piaraí a áireamh sa chéad tuarascáil eile ina dhiaidh sin ar ‘Staid na Deacáide Digití’.
(5)Féachfaidh an Coimisiún leis na Ballstáit a chur ar an eolas maidir leis na beartais, bearta agus gníomhartha a bhfuil sé ar intinn aige a mholadh sa tuarascáil ar ‘Staid na Deacáide Digití’ sula bhfoilseofar an tuarascáil.
Airteagal 9
Moltaí
(1)Tar éis don Choimisiún beartais, bearta nó gníomhartha a mholadh faoi Airteagal 6 (3), má theipeann ar Bhallstát na coigeartuithe iomchuí ar a threochlár straitéiseach náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach a chur chun feidhme gan cúiseanna leormhaithe a thabhairt, féadfaidh an Coimisiún moladh a ghlacadh, lena n‑áirítear anailís shonrach ar an mbealach arbh fhéidir leis an teip seo tionchar a imirt ar bhaint amach chuspóirí agus spriocanna digiteacha an Chinnidh seo.
(2)Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar mholadh an Choimisiúin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé a threochlár straitéiseach Náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach a choigeartú dá réir sin laistigh de trí mhí. Má mheasann an Ballstát lena mbaineann nár cheart dó coigeartú a dhéanamh ar an treochlár straitéiseach náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach i gcomhréir leis na moltaí nó cuid shuntasach díobh tabharfaidh sé a chúiseanna don Choimisiún i scríbhinn agus cuirfidh sé an tuairim sin ar fáil don phobal.
(3)Beidh na moltaí ina gcomhlánú ar na moltaí tírshonracha is déanaí arna n‑eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.
(4)Ina theannta sin, i gcás ina dtiocfaidh an Coimisiún ar an gconclúid nach leor bearta náisiúnta agus go gcuirfidh siad baint amach tráthúil na gcuspóirí agus na spriocanna digiteacha a leagtar amach sa Chinneadh seo i mbaol, féadfaidh sé bearta a mholadh de réir mar is iomchuí agus na cumhachtaí atá aige faoi na Conarthaí a fheidhmiú chun baint amach comhchoiteann na gcuspóirí agus na spriocanna sin a áirithiú.
(5)I gcás ina n‑imíonn Ballstát ar bhonn leanúnach ón treocht réamh-mheasta ar feadh roinnt blianta, nó mura bhfuil sé ar intinn aige gníomh ceartaitheach bunaithe ar mholadh ón gCoimisiún roimhe sin, féadfaidh an Coimisiún idirphlé spriocdhírithe a thionscnamh leis an mBallstát i gceist agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas mar gheall air sin.
(6)Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le haon mholadh arna glacadh de bhun an Airteagail seo.
Airteagal 10
Comhar
(1)Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i ndlúthchomhar lena chéile chun críocha cur chun feidhme na n‑oibleagáidí agus na gcúraimí a bhunaítear leis an gCinneadh seo. Chuige sin féadfaidh Ballstáit idirphlé a thionscnamh leis an gCoimisiún nó leis an gCoimisiún agus na Ballstáit ar aon ábhar atá ábhartha do bhaint amach na spriocanna digiteacha agus na gcuspóirí. Soláthróidh an Coimisiún gach seirbhís cúnaimh theicniúil agus saineolas iomchuí agus eagróidh sé malartú faisnéise agus dea-chleachtais ar bhonn struchtúrtha agus eagróidh sé an comhordú.
Airteagal 11
Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
(1)Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí, lena n‑áirítear comhpháirtithe sóisialta, le haghaidh faisnéis a bhailiú agus beartais, bearta agus gníomhartha molta a fhorbairt chun críoch cur chun feidhme an Chinnidh seo.
(2)Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le páirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí, lena n‑áirítear comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, agus a dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach agus coigeartuithe ar na treochláir sin á nglacadh acu.
Caibidil 4
creat le haghaidh tionscadail ilnáisiúnta
Airteagal 12
Tionscadail Ilnáisiúnta
(1)Is é an cuspóir ginearálta a bheidh leis na Tionscadail Ilnáisiúnta baint amach na spriocanna digiteacha a éascú.
(2)Beidh sé d’aidhm ag Tionscadail Ilnáisiúnta ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha seo a leanas a bhaint amach:
(a)feabhas a chur ar an gcomhar idir an tAontas agus na Ballstáit cuspóirí na Deacáide Digití a bhaint amach;
(b)barr feabhais teicneolaíochta agus iomaíochas tionsclaíoch an Aontais a threisiú sna teicneolaíochtaí, táirgí digiteacha, seirbhísí digiteacha agus bonneagair dhigiteacha chriticiúla atá riachtanach le haghaidh téarnamh eacnamaíoch agus rathúnais agus le haghaidh shlándáil agus shábháilteacht an tsaoránaigh;
(c)aghaidh a thabhairt ar laigí agus spleáchais straitéiseacha an Aontais ar fud shlabhraí an tsoláthair dhigitigh;
(d)leathnú a dhéanamh ar scaipeadh réitigh dhigiteacha agus ar an leas is fearr a bhaint astu i réimsí a bhaineann le leas an phobail agus san earnáil phríobháideach;
(e)rannchuidiú le claochlú digiteach inbhuanaithe an tsochaí agus an gheilleagair a rachaidh chun tairbhe gach gnólachta agus saoránaigh ar fud an Aontais;
(f)
(3)Leagtar amach san Iarscríbhinn liosta táscach de réimsí gníomhaíochta a bhféadfaí Tionscadail Ilnáisiúnta a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí sonracha sin.
(a)
(4)Beidh trí Bhallstáit ar a laghad rannpháirteach i dTionscadal Ilnáisiúnta.
(5)Maidir le tionscadail Ilnáisiúnta, leanfaidh d’fheidhm a bheith ag dlí an Aontais agus ag an dlí náisiúnta is infheidhme, comhsheasmhach le dlí an Aontais.
(6)Féadfaidh an Coimisiún moladh a ghlacadh chun Tionscadal Ilnáisiúnta a bhunú nó a iarraidh ar Bhallstát a bheith rannpháirteach i dTionscadal Ilnáisiúnta, lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i míreanna (1) agus (3), agus an dul chun cinn i dtaobh chur chun feidhme na dtreochlár straitéiseach náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach agus comhlíonadh ghníomhartha molta an Choimisiúin á gcur san áireamh aige. Is féidir go nglacfaidh an Coimisiún agus Ballstáit orthu féin Tionscadail Ilnáisiúnta mar ghealltanas comhpháirteach a bhunú nó a bheith rannpháirteach iontu.
Airteagal 13
Roghnú agus cur chun feidhme Tionscadal Ilnáisiúnta
(1)Agus moltaí le haghaidh Tionscadail Ilnáisiúnta sna treochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach agus gealltanais chomhpháirteacha á gcur san áireamh aige, ullmhóidh agus foilseoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, mar iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil ar ‘Staid na Deacáide Digití’, na prionsabail agus tosaíochtaí straitéiseacha atá le cur chun feidhme na dTionscadal Ilnáisiúnta agus tuarascáil ar dhul chun cinn na dTionscadal Ilnáisiúnta a roghnaíodh lena gcur chun feidhme tráth foilsithe na tuarascála.
(2)Is féidir le gach clár agus scéim infheistíochta de chuid an Aontais, má tá sé ceadaithe faoi na rialacha a shonraítear i mbunús dlí an chláir áirithe sin, a bheith ina rannchuidiú do Thionscadal Ilnáisiúnta, ag brath ar na cineálacha gníomhartha is gá chun an sprioc riachtanach a bhaint amach.
(3)Is féidir le heintitis eile, cibé acu poiblí nó príobháideach, rannchuidiú le Tionscadail Ilnáisiúnta i gcás inarb iomchuí.
(4)Is féidir Tionscadail Ilnáisiúnta a chur chun feidhme leis na sásraí cur chun feidhme seo a leanas:
(a)Comhghnóthais;
(b)Cuibhreannais Bhonneagair Taighde Eorpaigh;
(c)gníomhaireachtaí an Aontais;
(d)go neamhspleách ag na Ballstáit lena mbaineann;
(e)chun Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne faoi Airteagal 107(3), pointe (b) den Chonradh a chur chun cinn;
(f)Cuibhreannais Bhonneagair Dhigitigh Eorpaigh i gcomhréir le Caibidil 5 den Chinneadh seo;
(g)aon sásra cur chun feidhme iomchuí eile.
Airteagal 14
Luasaire le haghaidh Tionscadail Ilnáisiúnta
(1)Tar éis moladh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 12 (5), i gcás gealltanais chomhpháirteacha nó ar iarraidh na mBallstát rannpháirteach, comhordóidh an Coimisiún cur chun feidhme Tionscadal Ilnáisiúnta, agus é ag gníomhú ina Luasaire Tionscadal Ilnáisiúnta.
(2)Sa chéad chéim den chomhordú, foilsíonn an Coimisiún glao ar léiriú spéise dírithe chuig gach Ballstáit. Is é an aidhm a bheidh leis an nglao a fháil amach an bhfuil sé ar intinn ag Ballstát a bheith rannpháirteach sa Tionscadail Ilnáisiúnta agus an rannchuidiú airgeadais nó neamhairgeadais a bheartaíonn sé a sholáthar.
(3)Sa dara céim den chomhordú, má léiríonn ar a laghad trí Bhallstáit spéis i dTionscadal Ilnáisiúnta agus má bheartaíonn sé ag an am céanna gealltanais airgeadais nó neamhairgeadais a chur ar fáil don Tionscadal, tabharfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le gach Ballstáit, treoraíocht maidir le roghnú an tsásra cur chun feidhme iomchuí, foinsí cistithe agus comhcheangal na bhfoinsí sin laistigh den tionscadal chomh maith le gnéithe straitéiseacha eile a bhaineann le cur chun feidhme an tionscadail sin. Féadfaidh an Coimisiún freisin a mholadh ar a thionscnamh féin do na Ballstáit rannpháirteacha go ndéanfadh sé Tionscadail Ilnáisiúnta a chomhordú i gcomhréir leis na céimeanna a dtugtar tuairisc orthu i míreanna 2 agus 3.
(4)Féadfaidh an Coimisiún treoraíocht a thabhairt maidir le Cuibhreannas Bonneagair Dhigitigh Eorpaigh nua a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 15.
(5)Tacóidh an Coimisiún le cur chun feidhme Tionscadal Ilnáisiúnta trí sheirbhísí agus acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 10 a sholáthar, de réir mar is iomchuí.
Caibidil 5
Cuibhreannas Bonneagair Dhigitigh Eorpaigh
Airteagal 15
Cuspóir agus staid an Chuibhreannais Bonneagair Dhigitigh Eorpaigh (EDIC)
(1)Féadfaidh Ballstáit Tionscadal Ilnáisiúnta a chur chun feidhme trí bhíthin Cuibhreannas Bonneagair Dhigitigh Eorpaigh (‘EDIC’).
(2)Beidh pearsantacht dhlítheanach ag EDIC ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 16 (3), pointe (a).
(3)I ngach Ballstát, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil d’eintitis dhlítheanacha faoi dhlí an Bhallstáit sin ag EDIC. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin inchorraithe, réadmhaoin agus maoin intleachtúil a fháil, a bheith faoina úinéireacht agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé conartha a thabhairt i gcrích agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.
(4)Beidh oifig chláraithe ag EDIC agus beidh an oifig sin lonnaithe ar chríoch Bhallstáit.
Airteagal 16
EDIC a bhunú
(1)Ballstáit a dhéanann iarratas ar EDIC a bhunú (‘iarratasóirí’), cuirfidh siad iarratas faoi bhráid an Choimisiúin. Is i scríbhinn, a chuirfear isteach an t‑iarratas agus beidh na nithe seo a leanas ann:
(a)iarraidh chuig an gCoimisiún chun EDIC a bhunú;
(b)reachtanna molta de chuid EDIC;
(c)tuairisc theicniúil ar an tionscadal Ilnáisiúnta a atá le cur chun feidhme ag EDIC;
(d)dearbhú ón mBallstát óstach lena n‑aithnítear gur comhlacht idirnáisiúnta é EDIC de réir bhrí Airteagail 143, pointe (g) agus 151(1) pointe (b) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle agus gur eagraíocht idirnáisiúnta é de réir bhrí Airteagal 12(1), pointe (b), de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle, ón uair a bunaíodh é. Leagfar síos teorainneacha agus coinníollacha na ndíolúintí dá bhforáiltear sna forálacha sin i gcomhaontú idir bhaill EDIC.
(2)Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarratas agus cuspóirí an Chinnidh seo agus cúinsí praiticiúla a bhaineann le cur chun feidhme an Tionscadail Ilnáisiúnta atá le cur chun feidhme ag EDIC á gcur san áireamh.
(3)I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2) agus torthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 á gcur san áireamh aige, glacfaidh an Coimisiún ceann de na cinntí seo a leanas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:
(a)EDIC a bhunú tar éis dó a shocrú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Chaibidil seo;
(b)an t‑iarratas a dhiúltú má shocraíonn sé nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Chaibidil seo, éagmais an dearbhaithe dá dtagraítear in Airteagal 16(1), pointe (d) san áireamh. Sa chás sin, féadfaidh na Ballstáit cuibhreannas a bhunú fós trí bhíthin comhaontaithe ach ní luafar an t‑ainm EDIC leis, ná ní bhainfidh sé tairbhe den struchtúr cur chun feidhme a leagtar síos sa Chaibidil seo.
(4)Cuirfear an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 in iúl do na hiarratasóirí. I gcás ina ndiúltaítear don iarratas, míneofar an cinneadh do na hiarratasóirí ar bhealach soiléir agus beacht.
(5)Foilseofar an cinneadh EDIC a bhunú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(6)Cuirfear gnéithe fíor-riachtanacha Reachtanna EDIC, mar a leagtar amach iad in Airteagal 19(1), pointí (a) agus (c), agus, más infheidhme, gnéithe fíor-riachtanacha Reachtanna EDIC atá san iarratas, i gceangal leis an gcinneadh EDIC a bhunú.
Airteagal 17
Ballraíocht
(1)Beidh trí Bhallstát ar a laghad san áireamh le ballraíocht EDIC. Ballstáit a sholáthraíonn rannchuidiú airgeadais nó neamhairgeadais agus iadsan amháin a bheidh ina gcomhaltaí de EDIC le cearta vótála.
(2)Tar éis cinneadh a ghlacadh EDIC a bhunú, féadfaidh Ballstáit eile ballraíocht a ghlacadh ann tráth ar bith ar bhonn téarmaí córa agus sonracha arna sonrú sna Reachtanna.
(3)Féadfaidh Ballstáit nach soláthraíonn rannchuidiú airgeadais nó neamhairgeadais ballraíocht a ghlacadh i EDIC mar bhreathnóirí gan cearta vótála.
(4)D’fhéadfadh EDIC a bheith oscailte do rannpháirtíocht eintiteas nach Ballstáit iad, a bhféadfadh inter alia eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis phríobháideacha a bheith san áireamh iontu, mar a shonraítear sna Reachtanna. Más amhlaidh an cás, beidh tromlach na gceart vótála i dtionól na gcomhaltaí ag Ballstáit go comhpháirteach beag beann ar mhéid na rannchuidithe ó eintitis nach Ballstáit iad.
Airteagal 18
Rialachas
(1)Beidh ar a laghad an dá chomhlacht seo a leanas ag EDIC:
(a)tionól na gcomhaltaí comhdhéanta de Bhallstáit, eintitis eile dá dtagraítear in Airteagal 17(4) agus an Coimisiún mar an comhlacht a bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta iomlána aige, lena n‑áirítear an buiséad a ghlacadh;
(b)stiúrthóir arna cheapadh ag tionól na gcomhaltaí, mar chomhlacht feidhmiúcháin agus ionadaí dlíthiúil EDIC.
(2)Beidh an Coimisiún rannpháirteach i bplé thionól na gcomhaltaí cé nach mbeidh cearta vótála aige. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil clár Aontais arna mbainistiú go lárnach ina rannchuidiú airgeadais le Tionscadail Ilnáisiúnta, beidh crosta ag an gCoimisiún i dtaca le cinntí an tionóil.
(3)Le Reachtanna EDIC bunófar forálacha sonracha i dtaobh an rialachais, laistigh de cheanglais mhíreanna 1 agus 2.
Airteagal 19
Reachtanna EDIC
(1)Beidh an méid seo a leanas ar a laghad i Reachtanna EDIC:
(a)liosta comhaltaí agus breathnóirí agus an nós imeachta maidir le hathruithe ballraíochta agus ionadaíochta, a urramóidh ceart na mBallstát neamh-rannpháirteach ballraíocht a ghlacadh in EDIC;
(b)an tuairisc mhionsonraithe ar an dTionscadal Ilnáisiúnta, cúraimí na gcomhaltaí, más infheidhme, agus amlíne tháscach;
(c)oifig chláraithe agus ainm;
(d)cearta agus oibleagáidí na gcomhaltaí, lena n‑áirítear an oibleagáid ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an mbuiséad;
(e)cearta vótála;
(f)rialacha maidir le húinéireacht an bhonneagair, le maoin intleachtúil agus le sócmhainní eile, de réir mar is infheidhme.
(2)Beidh leasú na Reachtanna faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16.
Airteagal 20
Dliteanas
(1)Beidh EDIC faoi dhliteanas maidir lena chuid fiach.
(2)Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí as fiacha EDIC teoranta do ranníocaíochtaí airgeadais a rinne siad cheana le EDIC. Féadfaidh na comhaltaí a shonrú sna Reachtanna go ngabhfaidh siad dliteanas teoranta níos airde ná a ranníocaíochtaí faoi seach nó dliteanas neamhtheoranta orthu féin.
(3)Ní bheidh an tAontas faoi dhliteanas i leith fhiacha EDIC.
Airteagal 21
An dlí agus an dlínse is infheidhme
(1)Rialófar bunú agus feidhmiú inmheánach EDIC:
(a)faoi dhlí an Aontais, go háirithe an Cinneadh seo;
(b)faoi dhlí an Stáit ina bhfuil oifig chláraithe EDIC i gcás nithe nach rialaítear le gníomhartha dá dtagraítear i bpointe (a) nó nach rialaítear ach go páirteach leo;
(c)leis na Reachtanna agus lena rialacha cur chun feidhme.
(2)Gan dochar do na cásanna ar a bhfuil dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi na Conarthaí, is faoi dhlí an Stáit ina bhfuil oifig chláraithe ag EDIC a chinnfear an dlínse is inniúil chun díospóidí idir na Comhaltaí i ndáil le EDIC, idir na comhaltaí agus EDIC, agus idir EDIC agus tríú páirtithe a réiteach.
Airteagal 22
Foirceannadh
(1)Is leis na Reachtanna a chinnfear an nós imeachta a bheidh le leanúint le haghaidh EDIC a fhoirceannadh tar éis do tionól na gcomhaltaí cinneadh a dhéanamh chuige sin. Féadfar aistriú gníomhaíochtaí go heintiteas dlítheanach eile a áireamh le foirceannadh.
(2)Beidh feidhm ag rialacha dócmhainneachta an Stáit ina bhfuil oifig chláraithe ag EDIC i gcás nach mbeidh EDIC in ann a fhiacha a íoc.
Airteagal 23
Tuairisciú agus Rialú
(1)Cuirfidh EDIC tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ar fáil, ina mbeidh tuairisc theicniúil ar a ghníomhaíochtaí mar aon le tuarascáil airgeadais. Déanfaidh tionól na gcomhaltaí í a fhormheas agus tarchurfar í chuig an gCoimisiún. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.
(2)Féadfaidh an Coimisiún moltaí a sholáthar maidir le hábhair a chumhdaítear sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí.
Caibidil 6
Forálacha Deiridh
Airteagal 24
Faisnéis a sholáthar
(1)Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun a chúraimí a dhéanamh faoin gCinneadh seo, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis is gá chun Airteagail 7, 8 agus 9 a chur chun feidhme. Beidh an fhaisnéis arna hiarraidh ag an gCoimisiún i gcomhréir le cur i gcrích na gcúraimí sin. I gcás ina dtagróidh an fhaisnéis d’fhaisnéis arna soláthar ag gnóthais cheana féin, ar iarraidh ó Bhallstát, cuirfear na gnóthais sin ar an eolas ina thaobh sin.
Airteagal 25
An Coiste
(1)Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ó Choiste (‘an Coiste Cumarsáide’). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
(2)I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ag féachaint d’Airteagal 8 de.
Airteagal 26
Teacht i bhfeidhm
(1)Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán