|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2374 |
1.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2374 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Samhain 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus i ndáil le teachtaireachtaí ACCC/C/2015/128 a bhaineann le rochtain ar an gceartas i ndáil le cinntí maidir leis an Státchabhair, ACCC/C/2013/96 a bhaineann le Tionscadail Leasa Choitinn, ACCC/C/2014/121 a bhaineann le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ACCC/C/2010/54 a bhaineann le Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Fhuinneamh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 17 Feabhra 2005, rinneadh Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (1) (‘Coinbhinsiún Aarhus’) a fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 15 de Choinbhinsiún Aarhus, bunaíodh an Coiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus (‘an Coiste um Chomhlíonadh’). Tá an Coiste um Chomhlíonadh inniúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún sin ag na Páirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus. |
|
(3) |
Tá Cruinniú na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus (‘Cruinniú na bPáirtithe’), le linn an ochtú seisiún dá chuid, agus an Deighleog Ardleibhéil Chomhpháirteach faoi Chruinniú na bPáirtithe, a bheidh ar siúl ón 17-20 Samhain 2025, le cinneadh VIII/8e a ghlacadh maidir leis an Aontas a bheith ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí faoi Choinbhinsiún Aarhus, lena n-áirítear torthaí an Choiste um Chomhlíonadh i dtaobh theachtaireacht ACCC/C/2015/128 i ndáil le rochtain ar an gceartas i gcúrsaí comhshaoil a mhéid a bhaineann le cinntí críochnaitheacha maidir le státchabhair agus moltaí i gcinneadh VII/8f a bhaineann le Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, Tionscadail Leasa Choitinn agus Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). I gcás ina nglacfaidh Cruinniú na bPáirtithe torthaí an Choiste um Chomhlíonadh mar chinntí, beidh siad ceangailteach ar na Páirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus. |
|
(4) |
A luaithe a ghlacfar é, beidh éifeacht dhlíthiúil ag cinneadh VIII/8e.Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe a bhunú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus (‘Cruinniú na bPáirtithe’) maidir leis an Aontas a bheith ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’) i ndáil le rochtain ar an gceartas i gcúrsaí comhshaoil a mhéid a bhaineann le cinntí críochnaitheacha maidir le Státchabhair, mar a thugtar aghaidh air i dteachtaireacht ACCC/C/2015/128, dréachtchinneadh VIII/8e a fhormheas chomh maith lena chur in iúl gur díol sásaimh dó an tuarascáil a chuir Coiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus (‘an Coiste um Chomhlíonadh’) isteach maidir le hiarraidh ACCC/M/2021/4 de Chruinniú na bPáirtithe a mhéid a bhaineann le comhlíonadh an Aontais.
Airteagal 2
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe maidir leis an Aontas a bheith ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí faoi Choinbhinsiún Aarhus i ndáil le Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFAnna), Tionscadail Leasa Choitinn agus Treoir 2010/75/AE, mar a thugtar aghaidh orthu i dteachtaireachtaí ACCC/C/2010/54, ACCC/C/2013/96 agus ACCC/C/2014/121, faoi seach, agus i gcinneadh VII/8f, dréachtchinneadh VIII/8f a fhormheas, má léirítear na pointí seo a leanas sa dréachtchinneadh sin:
|
(a) |
i ndáil le PNFAnna, aithnítear i gcinneadh VIII/8e agus sonraítear gur díol sásaimh é go bhfuil dul chun cinn nach beag déanta ag an Aontas chun a áirithiú go gcomhlíonfar torthaí agus moltaí an Choiste um Chomhlíonadh maidir le teachtaireacht ACCC/C/2010/54 i ndáil le hAirteagal 6(4) agus Airteagal 7 den Choinbhinsiún Aarhus, agus gur chomhlíon an tAontas cuid de na torthaí sin a mhéid a bhaineann le treoracha a ghlacadh chun críocha phointe (a), mír 2 de chinneadh VII/8f; agus |
|
(b) |
i ndáil le tionscadail leasa choitinn, aithnítear i gcinneadh VIII/8e na feabhsuithe a rinne an tAontas, trí bhíthin socruithe praiticiúla, chun ceanglais phointí (a) agus (b), mír 8 de chinneadh VII/8f a chomhlíonadh agus chun Airteagail 3(9) agus 6(8) agus Airteagal 7 de Choinbhinsiún Aarhus a chomhlíonadh. |
Airteagal 3
Féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, mionathruithe ar na seasaimh dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a chomhaontú le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Samhain 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. LOSE
(1) IO L 124, 17.5.2005, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/2005/370/oj.
(2) Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (IO L 124, 17.5.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2005/370/oj).
(3) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus tógála beostoic (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/75/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2374/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)