European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3113

10.12.2024

CINNEADH (CBES) 2024/3113 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Nollaig 2024

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/450/CBES ón gComhairle an 10 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/423/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 6 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/450/CBES.

(2)

An 8 Samhain 2024, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) arna bhunú de bhun Rún 1591 (2005) ó CSNA beirt le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart, Cinneadh 2014/450/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/450/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Nollaig 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

NAGY I.


(1)   IO L 203, 11.7.2014, lch. 106, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/450/oj.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/450/CBES:

‘5.

JUMA BARKALLA, Abdel Rahman

Ainmniúchán: Maor-Ghinearál na bhFórsaí Mear-Thacaíochta agus Ceannasaí Darfur Thiar.

Dáta breithe: 1 Eanáir 1969.

Áit bhreithe: Bahr Elarab, Darfur Thoir, an tSúdáin.

Náisiúntacht: An tSúdáin.

Pas: An tSúdáin P07834700.

Uimh. aitheantais náisiúnta: An tSúdáin 21052659309.

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 8 Samhain 2024.

An chúis lena liostú:

Liostaíodh Abdel Rahman Juma Barkalla an 8 Samhain 2024 de bhun mhír 3(c) de Rún 1591(2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Faisnéis ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Tá Abdel Rahman Juma Barkalla, Maor-Ghinearál na bhFórsaí Mear-Thacaíochta agus Ceannasaí Darfur Thiar á ainmniú toisc é a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí nó beartais lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Darfur i mbaol, lena n-áirítear gníomhartha foréigin agus sáruithe ar chearta an duine. Tá ionsaithe na bhFórsaí Mear-Thacaíochta in Darfur tar éis na céadta míle sibhialtach a chur i mbaol mar gheall ar an trodaíocht ghéar, easpa rochtana daonnúla, agus foréigean spriocdhírithe ar shibhialtaigh agus ar ghníomhaithe ar son chearta an duine.

I mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh 2023, chuir na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus mílístí comhghuaillithe ionadaithe ón tsochaí shibhialta in El Geneina, Darfur Thiar i mbaol bagairtí agus maruithe spriocdhírithe. An 4 Lúnasa 2023, d’fhuadaigh agus mharaigh gunnadóirí in éide na bhFórsaí Mear-Thacaíochta Ahmed Mohammed Abdullah, gníomhaí ar son chearta an duine agus dlíodóir, agus a chomhghleacaí Adam Omer in Nyala, Darfur Theas.

Maraíodh Gobharnóir Darfur Thiar, Khamis Abakar, an 14 Meitheamh 2023, agus chonacthas go deireanach é le Barkalla (féach S/2024/65, mír 71). Taispeánadh Abakar ar fhíseáin ar na meáin shóisialta agus é á bhrú isteach i bhfoirgneamh ag saighdiúirí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta. Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, ar fhíseán eile, taispeánadh corp marbh Abakar agus trúpaí in éide na bhFórsaí Mear-Thacaíochta ag ceiliúradh timpeall air.

Idir mí na Bealtaine agus mí na Samhna 2023, rinne na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus a mílíste comhghuaillithe 10 n-ionsaí ar a laghad ar shibhialtaigh i mbailte El-Geneina agus Ardamata in Darfur Thiar, inar mharaigh siad na mílte daoine agus chuir siad iad i níos mó ná 13 olluaigh. De réir na dtuairiscí éigníodh mná agus cailíní agus baineadh mí-úsáid ghnéasach astu le linn na n-ionsuithe sin.

6.

HAMID MOHAMED, Osman Mohamed

Ainmniúchán: Maor-Ghinearál na bhFórsaí Mear-Thacaíochta agus Ceannasaí na Roinne Oibríochtaí.

Dáta breithe: 1 Eanáir 1966.

Áit bhreithe: Kadiqali, Darfur Theas, an tSúdáin.

Náisiúntacht: An tSúdáin.

Uimh. aitheantais náisiúnta: An tSúdáin 11540384888.

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 8 Samhain 2024.

An chúis lena liostú

Liostaíodh Osman Mohamed Hamid Mohamed an 8 Samhain 2024 de bhun mhír 3(c) de Rún 1591(2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Faisnéis ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Tá Osman Mohamed Hamid Mohamed, Maor-Ghinearál na bhFórsaí Mear-Thacaíochta agus Ceannasaí na Roinne Oibríochtaí, á ainmniú toisc é a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí nó beartais lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Darfur i mbaol, lena n-áirítear gníomhartha foréigin agus sáruithe ar chearta an duine. Tá ráitis tugtha aige thar ceann na bhFórsaí Mear-Thacaíochta tar éis buanna móra agus is duine tábhachtach i bpleanáil oibríochta na bhFórsaí Mear-Thacaíochta é. Tá ionsaithe na bhFórsaí Mear-Thacaíochta in Darfur tar éis na céadta míle sibhialtach a chur i mbaol mar gheall ar an trodaíocht ghéar, easpa rochtana daonnúla, agus foréigean spriocdhírithe ar shibhialtaigh agus ar ghníomhaithe ar son chearta an duine.

I mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh 2023, chuir na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus a mílíste comhghuaillithe ionadaithe ón tsochaí shibhialta in El Geneina, Darfur Thiar i mbaol bagairtí agus maruithe spriocdhírithe. An 4 Lúnasa 2023, d’fhuadaigh agus mharaigh gunnadóirí in éide na bhFórsaí Mear-Thacaíochta Ahmed Mohammed Abdullah, gníomhaí ar son chearta an duine agus dlíodóir, agus a chomhghleacaí Adam Omer in Nyala, Darfur Theas.

An 14 Meitheamh 2023, maraíodh Gobharnóir Darfur Thiar, Khamis Abakar, tar éis do na Fórsaí Mear-Thacaíochta é a fhuadach níos luaithe sa lá. Taispeánadh Abakar ar fhíseáin ar na meáin shóisialta agus é á bhrú isteach i bhfoirgneamh ag saighdiúirí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta. Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, ar fhíseán eile, taispeánadh corp marbh Abakar agus trúpaí in éide na bhFórsaí Mear-Thacaíochta ag ceiliúradh timpeall air.

Idir mí na Bealtaine agus mí na Samhna 2023, rinne na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus a mílíste comhghuaillithe 10 n-ionsaí ar a laghad ar shibhialtaigh i mbailte El-Geneina agus Ardamata in Darfur Thiar, inar mharaigh siad na mílte daoine agus chuir siad iad i níos mó ná 13 olluaigh. De réir na dtuairiscí éigníodh mná agus cailíní agus baineadh mí-úsáid ghnéasach astu le linn na n-ionsuithe sin.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3113/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)