An Bhruiséil,18.12.2025

COM(2025) 761 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

lena ndéantar meastóireacht ar phríomhthorthaí na dtreoirstaidéar arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2016/792 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe


1.Cúlra

Le Rialachán (AE) 2016/792 1 leagtar síos creat comhchoiteann maidir leis an innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT), an t‑innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí ag rátaí cánach seasmhacha (ICPT-CS), an t‑innéacs praghsanna tithíochta úinéir-áitithe (IPTÚÁ) agus an t‑innéacs praghsanna tithe (IPT) a fhorbairt, a thairgeadh agus a scaipeadh. Tagraítear do na ceithre innéacs sin le chéile mar ‘na hinnéacsanna comhchuibhithe’.

Le hAirteagal 8 den Rialachán, ceadaítear don Choimisiún treoirstaidéir a sheoladh, ar treoirstaidéir iad a dhéanann na Ballstáit ar bhonn deonach. Is féidir leis é sin a dhéanamh aon uair a theastaíonn faisnéis bhunúsach fheabhsaithe chun na hinnéacsanna comhchuibhithe a thiomsú nó nuair is gá na hinnéacsanna comhchuibhithe a dhéanamh níos inchomparáide.

Le buiséad ginearálta an Aontais, rannchuidítear leis na treoirstaidéir sin a mhaoiniú, i gcás inarb iomchuí.

Ní mór measúnú a dhéanamh leis na staidéir sin ar a indéanta agus a bheadh sé faisnéis bhunúsach fheabhsaithe a fháil nó cineálacha nua cur chuige modheolaíochta a ghlacadh.

Ní mór don Choimisiún (Eurostat) meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na dtreoirstaidéar i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le príomhúsáideoirí na n‑innéacsanna comhchuibhithe. Agus é sin á dhéanamh aige, cuirtear san áireamh na tairbhí a bhaineann le faisnéis bhunúsach fheabhsaithe nó le cineálacha nua cur chuige modheolaíochta i gcoibhneas leis na costais bhreise a bhaineann le hinnéacsanna comhchuibhithe a tháirgeadh.

Gach 5 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2016/792 ní mór don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar meastóireacht, más infheidhme, ar phríomhthorthaí na dtreoirstaidéar. Cuireadh an chéad tuarascáil isteach i mí na Nollag 2020. Is í seo an dara tuarascáil, atá le cur isteach faoin 31 Nollaig 2025.

Rinneadh meastóireacht sa chéad tuarascáil  2 ar phríomhthorthaí na dtreoirstaidéar do thréimhse cur chun feidhme 2016-2017. Cumhdaítear sa tuarascáil seo treoirstaidéir a dtacaítear leo le deontais ó bhuiséad ginearálta an Aontais do 2018-2022. Seoladh babhtaí eile le blianta beaga anuas, ach tá na staidéir ábhartha ar siúl faoi láthair agus ní féidir meastóireacht a dhéanamh orthu go fóill.

Ba é EUR 5 548 290 an buiséad iomlán a gealladh do dheontais le haghaidh ICPT le linn 2018-2022. Tiomnaíodh thart ar 65 % den mhéid sin do threoirstaidéir. Ba é EUR 2 640 861 an buiséad a gealladh do dheontais le haghaidh IPT/IPTÚÁ. Tiomnaíodh thart ar 20 % den mhéid sin do threoirstaidéir.

2.Treoirstaidéir ar innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí

2.1.Forbhreathnú

Bhí dhá thosaíocht leathana ann do na treoirstaidéir ar ICPT: modheolaíochtaí feabhsaithe agus foinsí nua sonraí le haghaidh ICPT.

Léiríonn na tosaíochtaí sin an gá leanúnach atá ann ICPT a bheith ábhartha agus fónta ó thaobh na modheolaíochta de. Ní mór bailiú sonraí a nuachóiriú freisin mar fhreagairt ar athruithe ar phatrúin tomhaltais, ar infhaighteacht sonraí agus ar an ngeilleagar digiteach atá ag athrú, agus comhlíonadh Rialachán (AE) 2016/792 á áirithiú an tráth céanna.

Is é an chéad tosaíocht do mhodheolaíochtaí nua le haghaidh ICPT feabhas a chur ar na huirlisí staidrimh a úsáidtear chun an t‑innéacs sin a thiomsú. Is é an aidhm atá ann go bhfanfaidh ICPT fónta ó thaobh na teoirice de, láidir i bhfianaise patrúin tomhaltais atá ag athrú agus comhsheasmhach leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta maidir le tomhas praghsanna. Bhí obair ar mhodhanna chun digitiú, coigeartú i ngeall ar cháilíocht agus modhanna innéacs iltaobhacha a ghabháil i gceist le staidéir a mhaoinítear faoin ngníomhaíocht sin. Tugann na téamaí sin aghaidh ar cheisteanna modheolaíochta seanbhunaithe agus ar dhúshláin nua a eascraíonn as dinimic tomhaltais níos casta. Is é an aidhm atá ann a áirithiú go ndéanfaidh ICPT an boilsciú a thomhas ar bhealach níos cruinne agus níos inchomparáide ar fud na mBallstát, agus é ag ullmhú do chaighdeáin staidrimh a bheidh ann amach anseo an tráth céanna.

Is é an dara tosaíocht sonraí ó fhoinsí sonraí malartacha a ionchorprú in ICPT. Is é an sprioc atá ann bailiú sonraí a nuachóiriú i gcomhréir le digitiú na margaí miondíola chun cumhdach, éifeachtúlacht agus tráthúlacht a fheabhsú. Cumhdaíodh sna staidéir a cistíodh sonraí ó scanóirí, sonraí a cnuaschóipeáladh ón ngréasán agus foinsí éagsúla a chur san áireamh. Léiríonn sé sin gur gá staidreamh ar phraghsanna do thomhaltóirí a oiriúnú do thimpeallacht ina ngabhtar go leor faisnéise go leictreonach. Chuige sin, ní hamháin go bhfuil gá le bonneagar nua TF ach tá gá freisin le modhanna staidrimh athbhreithnithe chun foinsí éagsúla a ionchorprú go hiontaofa.

Tá forluí coincheapúil áirithe idir an dá thosaíocht cé go gcuirtear i láthair ar leithligh iad. Bhí an dá thosaíocht i gceist le roinnt tionscadal náisiúnta, amhail modhanna innéacs iltaobhacha a chur i bhfeidhm maidir le sonraí idirbhirt nó sonraí a cnuaschóipeáladh ón ngréasán. Tugtar tuairisc sa tuarascáil ar an obair sin faoin topaic mhodheolaíoch ábhartha agus soláthraítear crostagairtí inti i gcás inar gá.

2.2.Obair a cuireadh i gcrích

Treoirstaidéir ar mhodhanna chun digitiú a ghabháil

Rinneadh scrúdú sna treoirstaidéir sin ar an gcaoi ar féidir ICPT a oiriúnú do chineálacha nua tomhaltais sa gheilleagar digiteach. Ba é an sprioc a bhí ann modhanna agus foinsí sonraí a shainaithint chun praghsanna seirbhísí ardánbhunaithe agus ceannacháin trasteorann idirlín a thomhas, agus dearadh samplaí a fheabhsú. Rinneadh obair chun tástáil a dhéanamh ar a indéanta atá sé seirbhísí geilleagair chomhroinnte a ghabháil agus táirgeadh innéacsanna turgnamhacha ó shonraí riaracháin. Áiríodh i staidéir eile ceannacháin trasteorann idirlín agus forbraíodh leo modhanna chun scaireanna caiteachais ar líne a chainníochtú agus iad a ionchorprú in innéacsanna do chatagóirí amhail éadaí agus coisbheart. Léirigh rití chomhuaineacha éifeachtaí intomhaiste ar rátaí bliantúla. Le hobair mhodheolaíoch, tugadh aghaidh freisin ar dhearadh samplach le haghaidh digitiú agus rinneadh tástáil ar mhodhanna leithdháilte barrfheabhsaithe bunaithe ar chaiteachas agus ar phraghasathraitheas.

Treoirstaidéir ar mhodhanna le haghaidh coigeartú i ngeall ar cháilíocht

Rinneadh scrúdú sna treoirstaidéir sin ar an gcaoi ar féidir athruithe ar cháilíocht táirgí a ghabháil níos fearr in ICPT chun claontacht ó láimhdeachas ná ó hathsheoladh a laghdú. Ba é is aidhm dó modhanna a thástáil agus a bheachtú agus uirlisí a fhorbairt i gcás nach leor na modhanna forluiteacha traidisiúnta. Fuarthas sna staidéir gur léirigh samhlacha amshraitheanna héadónacha dinimic praghsanna arna gcoigeartú i ngeal ar cháilíocht níos fearr ná na meáin bhunúsacha, go háirithe i gcás earraí a mbíonn athruithe á ndéanamh ar a samhail go minic. Thug obair eile aghaidh ar athsheoladh ollmhargaí trí innéacsanna iltaobhacha a chomhcheangal le cineálacha cur chuige héadónacha chun leanúnachas a chaomhnú. Chruthaigh tionscadail bhreise áiseanna do bhailitheoirí praghsanna, lena n‑áirítear crainn cinntí le haghaidh modhanna coigeartaithe agus saintréithe táirgí leathnaithe le haghaidh sonraí ar líne agus ó scanóirí.

Treoirstaidéir ar mhodhanna iltaobhacha

Rinneadh iniúchadh sna treoirstaidéir sin ar an gcaoi a bhféadfaí modhanna innéacs iltaobhacha a chur i bhfeidhm chun sraith ICPT a thógáil ó mhórthacair sonraí ardláimhdeachas, amhail sonraí ó scanóirí agus sonraí a cnuaschóipeáladh ón ngréasán. Rinneadh tástáil sna staidéir ar chuir chuige éagsúla agus rinneadh measúnú ar a bhfeidhmíocht faoi straitéisí spladhsála agus slabhraithe malartacha. Dhíríodh le roinnt staidéar ar ghrúpaí táirgí amhail bia, éadaí, fearais agus leictreonaic; agus léiríodh leo an chaoi a bhfeidhmíonn na modhanna i margaí cobhsaí agus luaineacha araon. Tugadh aghaidh sa taighde freisin ar dhúshláin amhail (i) innéacsanna a leathnú le himeacht ama, (ii) srathuithe a dhíorthú nuair atá faisnéis faoi tháirgí teoranta agus (iii) uirlisí bailíochtaithe a leabú i gcórais táirgthe. Ar an iomlán, leis an obair sin, cuireadh fianaise dhaingean ar fáil maidir le hindéantacht agus dearadh modhanna iltaobhacha le haghaidh staidreamh ar phraghsanna do thomhaltóirí.

Treoirstaidéir ar shonraí ó scanóirí

Le roinnt tionscadal, rinneadh imscrúdú ar úsáid a bhaint as sonraí ó scanóirí ó mhiondíoltóirí le haghaidh ICPT. Díríodh ar phróisis ó cheann go ceann ó fháil sonraí agus glanadh sonraí go haicmiú agus tiomsú innéacsanna. Rinneadh obair ar chórais a thógáil chun mórthacair sonraí a bhainistiú trí scagairí a chur ar asluitigh agus trí shreafaí oibre a dhearadh a oireann d’earraí ardmhinicíochta ard-láimhdeachas (amhail bia, deochanna, fearais teaghlaigh agus earraí cúraim phearsanta). Rinneadh tástáil le roinnt treoirstaidéar freisin ar mheaisínfhoghlaim le haghaidh aicmiú táirgí chun códú de láimh a laghdú. Rinne roinnt Ballstát iniúchadh freisin ar fhoirmlí innéacsanna oiriúnacha agus rinne siad triail ar innéacsanna déthaobhacha agus ar straitéisí slabhraithe le haghaidh tiomsú míosúil.

Treoirstaidéir ar shonraí a cnuaschóipeáladh ón ngréasán

Rinneadh tástáil sna treoirstaidéir sin ar a indéanta a bheadh sé cnuaschóipeáil ón ngréasán a dhéanamh le haghaidh ICPT i réimsí amhail éadaí, leictreonaic, seirbhísí iompair agus táirgí turasóireachta (e.g. táillí eitilte agus saoirí láneagraithe). Leis na tionscadail, forbraíodh uirlisí uathoibrithe cnuaschóipeála, in éineacht le meaisínfhoghlaim uaireanta chun táirgí a aicmiú. Rinneadh iniúchadh freisin leo ar shamhlacha staidrimh chun feabhas a chur ar thiomsú innéacsanna. I gcásanna áirithe, bhí sonraí a cnuaschóipeáladh ón ngréasán nasctha le sonraí traidisiúnta nó le sonraí ó scanóirí chun innéacsanna turgnamhacha a tháirgeadh (e.g. le haghaidh ríomhairí glúine, praghsanna óstáin agus leictreonaic tomhaltóra). Tá an úsáid oibríochtúil fós teoranta, ach tá cnuaschóipeáil ón ngréasán curtha in ionad bailiú de láimh nó curtha leis le haghaidh grúpaí táirgí áirithe agus tá sé léirithe go soiléir go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm ar bhonn níos leithne.

Treoirstaidéir ar phraghsanna ó fhoinsí sonraí éagsúla a ionchorprú

Rinneadh imscrúdú sna treoirstaidéir sin ar an gcaoi a bhféadfaí sruthanna sonraí éagsúla a chomhcheangal chun cumhdach, tráthúlacht agus cruinneas ICPT a fheabhsú. Díríodh go príomha ar chíosanna agus ar réimsí eile ina bhfuil sonraí suirbhéanna traidisiúnta costasacha nó neamhiomlána. Rinneadh obair chun sonraí riaracháin maidir le cíosanna príobháideacha ó chónaidhmeanna tionscail a chur san áireamh. Mhéadaigh sé sin go mór an líon barúlacha agus sonraí geografacha atá ar fáil. Rinneadh iniúchadh i staidéir eile ar úsáid sonraí fógraíochta ar líne agus tacair sonraí tiarnaí talún gairmiúla le haghaidh innéacsanna cíosa. Rinneadh tástáil iontu ar mhodhanna na samhla comhoiriúnaithe agus ar mhodhanna héadónacha chun na sonraí sin a chur san áireamh. I dtreoirstaidéir níos leithne, forbraíodh sreafaí oibre chun sonraí ó scanóirí, sonraí a cnuaschóipeáladh ón ngréasán agus sonraí ó shuirbhéanna allamuigh a chomhcheangal i sreafaí oibre comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le haicmiú, le hiontráil bharúlach agus le comhsheasmhacht ar fud na bhfoinsí.

3.Treoirstaidéir ar tháscairí praghsanna tithe

3.1.Forbhreathnú

Dírítear sna treoirstaidéir ar tháscairí praghsanna tithe ar thrí phríomhthosaíocht: (i) feabhas a chur ar mhinicíocht agus ar thráthúlacht IPT agus IPTÚÁ, (ii) ualaí IPTÚÁ a dhéanamh níos inchomparáide agus (iii) aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna modheolaíochta sonracha i dtiomsú IPTÚÁ.

Bhí sé d’aidhm ag an gcéad sraith tionscadal féachaint an bhféadfaí táscairí míosúla nó splanctháscairí a tháirgeadh thar an minicíocht ráithiúil agus an sprioc-am 85 lá a cheanglaítear faoi láthair le Rialachán (AE) 2016/792. Déantar é sin chun ábharthacht na dtáscairí sin d’úsáideoirí a mhéadú agus chun cuidiú le IPTÚÁ a ionchorprú in ICPT. Ceapadh an dara grúpa tionscadal chun ualaí IPTÚÁ a ailíniú le Rialachán (AE) 2023/1470 3 chun amshraith comhchuibhithe agus nuashonraithe a tháirgeadh. Ar deireadh, rinneadh obair ar shaincheisteanna tomhais chun iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar chóireáil comhpháirteanna talún agus struchtúir agus chun fo-innéacsanna a bheachtú (amhail teaghaisí féintógála, athchóirithe agus deisiúcháin mhóra).

Bhí sé d’aidhm ag na gníomhaíochtaí sin le chéile bonn modheolaíochta IPT agus IPTÚÁ a neartú, feabhas a chur ar inchomparáideacht ar fud na mBallstát agus ullmhú do chomhtháthú amach anseo le staidreamh ar phraghsanna do thomhaltóirí.

3.2.Obair a cuireadh i gcrích

Treoirstaidéir maidir le IPT agus/nó IPTÚÁ a fhorbairt ar bhonn míosúil agus laistigh de sprioc-am níos giorra

Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2016/792 go gcuirfear IPT agus IPTÚÁ ar fáil ar bhonn ráithiúil agus 85 lá féilire tar éis dheireadh na ráithe tagartha. Leis na tionscadail sin rinneadh anailís ar cé acu is féidir na hinnéacsanna a tháirgeadh ag eatraimh mhíosúla agus laistigh de sprioc-am níos giorra nó nach féidir. Déantar é sin chun a n‑ábharthacht d’úsáideoirí a mhéadú agus ar deireadh chun gur féidir IPTÚÁ a ionchorprú in ICPT. Cumhdaíodh leis na tionscadail sin taighde ar fhoinsí sonraí (e.g. cnuaschóipeáil ón ngréasán) agus teicnící meastacháin nó eachtarshuímh. I gcás ina raibh foinsí sonraí míosúla éagsúil leis na foinsí sonraí a úsáidtear faoi láthair le haghaidh na n‑innéacsanna ráithiúla, ba ghá imscrúdú a dhéanamh ar mhodhanna chun na foinsí sin a chomhcheangal.

Rinneadh iniúchadh i dtreoirstaidéir i dtrí Bhallstát ar a indéanta atá sé táscairí praghsanna tithe níos tráthúla agus níos minice a tháirgeadh. Ba phríomhchuspóir é an próiseas bailithe sonraí a athrú nó foinsí sonraí éagsúla a fhiosrú. Baineadh cuspóir tánaisteach amach trí mhodhanna meastacháin a aimsiú lenar féidir innéacs iontaofa a ríomh gan mórán sonraí (nó níos lú sonraí) a bheith ar fáil. Aimsíodh tacair sonraí níos beaichte freisin, rud a d’fhág go raibh innéacsanna iontaofa lenar bhain minicíocht níos airde. Bhain na staidéir leas as foinsí nua sonraí amhail praghsanna tógála, faisnéis a cnuaschóipeáladh ón ngréasán agus tacair sonraí riaracháin fheabhsaithe. Agus an méid sin á dhéanamh acu, léiríodh leo an acmhainneacht chun minicíocht agus tráthúlacht na n‑innéacsanna praghsanna a mhéadú agus na teorainneacha araon.

Treoirstaidéir maidir le hualaí IPTÚÁ a fheabhsú

Ní mór do na Ballstáit ualaí IPTÚÁ a sholáthar do Eurostat de réir an mhiondealaithe a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2020/1148 4 . Níor sonraíodh sa reachtaíocht sin foinsí sonraí ná modhanna chun inchomparáideacht a áirithiú, mar sin thosaigh Eurostat ag obair ar ghníomh cur chun feidhme chun comhchaighdeáin cháilíochta a leagan amach. Mar thoradh ar an bpróiseas sin, glacadh Rialachán (AE) 2023/1470, lena leagtar síos sonraíochtaí mionsonraithe maidir leis na hualaí sin.

I bhfianaise an mhéid sin, rinne dhá Bhallstát a ghlac páirt sna treoirthionscadail athbhreithniú agus nuashonrú ar a n‑ualaí agus ar a n‑innéacsanna. Tugadh an deis dóibh freisin tionscadail a chur i gcrích sa réimse sin. Bhíothas ag súil go dtiocfadh ualaí as na tionscadail sin a bheadh comhsheasmhach leis an Rialachán. D'fhéadfaí amshraitheanna nuashonraithe ualaí ó 2010 ar aghaidh a thiomsú ansin agus na sonraí a eascraíonn astu a sheoladh chuig Eurostat.

Rinneadh measúnú i dtreoirstaidéir in dhá Bhallstát ar fhoinsí na n‑ualaí agus ar a n‑ailíniú leis an dréachtghníomh cur chun feidhme le haghaidh IPTÚÁ agus IPT. Áiríodh ar na saincheisteanna a scrúdaíodh ualaí a thabhairt cothrom le dáta go dtí an ráithe dheireanach den bhliain roimhe sin, mar a cheanglaítear leis an Rialachán. Breithníodh freisin a ábhartha agus a indéanta atá sé ualú a ríomh le haghaidh ‘Teaghaisí atá ann cheana agus atá nua do theaghlaigh’ (ar fo-innéacs de IPTÚÁ é freisin).

4.Meastóireacht ar na treoirstaidéir

Déanann an Coimisiún na tuarascálacha deiridh ar na treoirstaidéir a mheas agus a fhormheas. Roinntear na torthaí le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta, le tíortha CSTE agus leis an mBanc Ceannais Eorpach. Cuireadh tionscadail i láthair ag ceardlanna bliantúla agus tuarascálacha deiridh a scaipeadh trí ardán ar líne, ionas go bhféadfaí torthaí a roinnt le staitisteoirí agus go bhféadfadh siad iad a phlé. Cuidíonn an malartú sin le dea-chleachtais a aithint agus cuireann sé le comhthuiscint ar roghanna modheolaíochta, agus cuidíonn sé sin le hinchomparáideacht ICPT a fheabhsú.

Cuireadh uirlisí agus cuir chuige nua le haghaidh ICPT le chéile sna treoirstaidéir ar obair mhodheolaíoch. Rinneadh tástáil fhairsing ar mhodhanna innéacs iltaobhacha agus léiríodh go raibh siad láidir ar fud go leor grúpaí táirgí. Cuireann sé sin fianaise láidir ar fáil gur féidir leo feabhas a chur ar leanúnachas agus ar inchomparáideacht. Deimhníodh freisin leis an obair ar choigeartú i ngeall ar cháilíocht go gcuireann teicnící héadónacha feabhas ar chóireáil athsheoladh táirgí agus ar athrú tapa cáilíochta.

Thug tionscadail maidir le digitiú aghaidh ar chainéil tomhaltais atá ag teacht chun cinn agus ar athdhearadh samplaí ICPT, agus infhaighteacht sonraí ar líne á cur san áireamh. Ríomhadh innéacsanna turgnamhacha le haghaidh seirbhísí cóiríochta agus iompair ó shonraí riaracháin ar ardáin chomhroinnte. Baineadh úsáid as suirbhéanna freisin chun caiteachas trasteorann ar an idirlíon a ghabháil. Léiríodh i staidéir ar dhearadh samplaí gur féidir éifeachtúlacht a mhéadú trí acmhainní a ath-leithdháileadh de réir ualaí caiteachais agus praghasathraithis. Léiríodh leis na cuir chuige sin modhanna inmharthana chun aghaidh a thabhairt ar an digitiú laistigh de ICPT.

Leis na treoirstaidéir rinneadh úsáid foinsí nua sonraí a thástáil agus a leathnú freisin. Le tionscadail maidir le sonraí ó scanóirí agus sonraí a cnuaschóipeáladh ón ngréasán, leathnaíodh raon na bhfoinsí malartacha. Rinneadh dul chun cinn san obair ar shonraí ó scanóirí ó anailís indéantachta go córais táirgthe a fhorbairt. Tá roinnt Ballstát ag úsáid na gcóras táirgthe cheana féin le haghaidh grúpaí roghnaithe táirgí agus tá Ballstáit eile ag ullmhú lena n‑úsáid. Leis na tionscadail, cruthaíodh gnáthaimh chun sonraí a phróiseáil, forbraíodh uirlisí meaisínfhoghlama le haghaidh aicmithe agus modhanna tástáilte chun tréithe atá in easnamh a láimhseáil. Léiríodh go bhfuil sonraí ó scanóirí éifeachtach maidir le cumhdach a leathnú agus minicíocht breathnóireachta a mhéadú, agus costais bhailiúcháin á n‑ísliú an tráth céanna.

Léiríodh leis na tionscadail maidir le cnuaschóipeáil ón ngréasán an acmhainneacht a bhaineann le bailiú uathoibríoch sonraí ar fud réimsí tomhaltóirí. Fuarthas taithí ar theicnící cnuaschóipeála, ar aicmiú agus ar nascadh le struchtúir ICPT atá ann cheana. Rinne tástáil le roinnt treoirstaidéar freisin ar chuimsiú foinsí iomadúla. Léirigh sé sin go bhfuil sé indéanta sonraí ó scanóirí, sonraí gréasáin agus sonraí riaracháin a chomhcheangal agus go gcuireann sé feabhas ar chumhdach.

Deimhníodh sna staidéir go bhfuil dlúthnasc idir nuálaíocht mhodheolaíoch agus foinsí nua sonraí. Cuimsíodh in go leor staidéar an dá thosaíocht trí mhodhanna iltaobhacha a chur i bhfeidhm maidir le sonraí nó sonraí gréasáin a scanadh. Soiléiríodh leo freisin na coinníollacha faoinar féidir teicnící nua a ionchorprú go rathúil. Níor baineadh úsáid láithreach as roinnt staidéar ach, mar sin féin, chuir siad cineálacha cur chuige tástáilte ar fáil a chuidíonn le ICPT agus IPT a nuachóiriú de réir a chéile agus a leagann síos an bonn do staidreamh níos cruinne agus níos tráthúla amach anseo.

Leis na treoirstaidéir ar tháscairí praghsanna tithe, rannchuidíodh le dul chun cinn a dhéanamh i roinnt réimsí atá lárnach d’fhorbairt IPT agus IPTÚÁ amach anseo. Léiríodh leis an obair maidir le tráthúlacht agus minicíocht a fheabhsú go bhfuil tiomsú míosúil indéanta go teicniúil. Is amhlaidh atá go háirithe nuair a úsáidtear taifid riaracháin, sonraí tógála nó foinsí a cnuaschóipeáladh ón ngréasán. Cuireadh i dtábhacht sna staidéir sin freisin na deacrachtaí praiticiúla a bhaineann le cumhdach leordhóthanach, cobhsaíocht na rochtana ar shonraí agus comhsheasmhacht idir innéacsanna míosúla agus ráithiúla a áirithiú. Mar sin féin, cuireann na torthaí bonn ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaí splanctháscairí nó táscairí míosúla a chur leis an gcreat ráithiúil atá ann cheana agus chun an staidreamh a dhéanamh níos ábhartha d’úsáid beartas.

Le tionscadail bhreise, tugadh aghaidh ar cháilíocht agus ar inchomparáideacht ualaí IPTÚÁ agus ar an gcaoi a gcaitear le saincheisteanna coincheapúla. Leis an obair ar ualaí, bhí na Ballstáit in ann tástáil a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí foinsí náisiúnta a oiriúnú do Rialachán (AE) 2023/1470 chun feabhas a chur ar chomhsheasmhacht sraitheanna stairiúla agus chun nuashonruithe níos tráthrialta a chumasú. Bhí na treoirstaidéir sin de chineál turgnamhach agus níl na torthaí uile réidh le húsáid go hoibríochtúil. Mar sin féin, cuireadh fianaise luachmhar ar fáil leo, soiléiríodh dúshláin mhodheolaíocha agus rannchuidíodh leis an gcomhbhonn eolais is gá chun feabhas a chur ar tháscairí praghsanna tithíochta ar fud na mBallstát.

5.Conclúidí

Leis na treoirstaidéir a cistíodh le linn 2018-2022, cuireadh go mór le feabhas a chur ar staidreamh praghsanna an Aontais. Neartaíodh leo bunchlocha modheolaíochta agus sonraí ICPT agus rannchuidíodh leis an dul chun cinn maidir le táscairí praghsanna tithíochta. Cuidíonn sé sin leis na Ballstáit oiriúnú don digitiú, d’fhoinsí nua sonraí agus do chaighdeáin staidrimh atá ag teacht chun cinn. Anuas ar a n‑aschuir láithreacha, leis na tionscadail (i) cuireadh leis an tobar eolais chomhroinnte, (ii) feabhsaíodh inchomparáideacht ar fud na mBallstát agus (iii) léiríodh conas is féidir nuálaíocht a chur i bhfeidhm sa chleachtas. Measann an Coimisiún gur uirlis riachtanach iad na treoirstaidéir chun nuachóiriú leanúnach a dhéanamh ar staidreamh praghsanna agus leanfaidh sé de thacaíocht a thabhairt dóibh. Spreagtar leo na Ballstáit freisin leas gníomhach a bhaint as na deiseanna maoiniúcháin a chuireann sé ar fáil le haghaidh treoirstaidéar.

(1)

Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle IO L 135, 24.5.2016, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/792/oj .

(2)

 Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, lena ndéantar meastóireacht ar phríomhthorthaí na dtreoirstaidéar arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2016/792 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe, COM(2020) 810 final an 14 Nollaig 2020, eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52020DC0810&qid=1763626037139 .

(3)

 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1470 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2023 lena leagtar síos na sonraíochtaí modheolaíochta agus teicniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an innéacs praghsanna tithe agus leis an innéacs praghsanna tithíochta úinéir-áitithe, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1148 ón gCoimisiún, IO L 181, 18.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1470/oj .

(4)

 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1148 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2020 lena leagtar síos na sonraíochtaí modheolaíochta agus teicniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe (IO L 252, 4.8.2020, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1148/oj .