|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2563 |
18.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2563 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Samhain 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ag an 34ú seisiún dá Tionól maidir le le leasuithe a ghlacadh ar an gCód maidir le Foláirimh agus Táscairí agus ar na Treoirlínte Suirbhéireachta faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe (HSSC)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag gníomhaíocht an Aontais san earnáil muiriompair an tsábháilteacht mhuirí a fheabhsú agus an comhshaol muirí agus sláinte an duine a chosaint. |
|
(2) |
Meastar go nglacfaidh Tionól na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), ag an 34ú seisiún a bheidh ar siúl aige ón 24 Samhain go dtí an 3 Nollaig 2025 (A 34), leasuithe ar an gCód maidir le Foláirimh agus Táscairí (‘an Cód’) agus ar na Treoirlínte Suirbhéireachta faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe (‘Treoirlínte Suirbhéireachta HSSC’). |
|
(3) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag A 34 a bhunú, ós rud é go bhféadfadh cuid de na leasuithe atá beartaithe ar an gCód agus ar Threoirlínte Suirbhéireachta HSSC (dá ngairtear ‘Cód’, 2025’ agus ‘Treoirlínte Suirbhéireachta HSSC, 2025’ anseo feasta) tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is iad sin Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(4) |
Ba cheart don Aontas tacú le glacadh Chóid, 2025, toisc go n-áiritheofar leis go gcomhlíonfar ceanglais ionstraimí IMO arna nglacadh nó arna leasaíodh ó glacadh an Cód agus, ar an gcaoi sin, go gcuirfear deireadh le neamhréireanna, débhríochtaí agus iomarcaíochtaí nach bhfuil gá leo. |
|
(5) |
Ba cheart don Aontas tacú le glacadh Threoirlínte Suirbhéireachta HSSC, 2025, toisc go gcuirfear san áireamh leo na leasuithe ar ionstraimí IMO a tháinig i bhfeidhm nó a bhfuil éifeacht leo ó 2023 i leith. |
|
(6) |
Ní comhalta de IMO é an tAontas ná ní páirtí conarthach sna coinbhinsiúin agus sna cóid iomchuí é. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle na Ballstáit a údarú seasamh an Aontais a chur in iúl ag A 34. |
|
(7) |
Ba cheart raon feidhme an Chinnidh seo a theorannú don mhéid atá sna leasuithe beartaithe, a mhéid atá ar cumas na leasuithe sin difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais agus a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Níor cheart don Chinneadh seo difear a dhéanamh do roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Eagraíocht Muirí Idirnáisiúnta (IMO) ag an 34ú seisiún dá Tionól, aontú le glacadh an mhéid seo a leanas:
|
(a) |
an Cód maidir le Foláirimh agus Táscairí, 2025, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 14 a ghabhann le doiciméad MSC 110/21/Add.2 de chuid IMO, agus Rún A.1021(26) ó Thionól IMO a chúlghairm ina dhiaidh sin; agus |
|
(b) |
na Treoirlínte Suirbhéireachta faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe (HSSC), 2025, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 a ghabhann le doiciméad III 11/16/Add.1 de chuid IMO, agus Rún A.1186(33) ó Thionól IMO a chúlghairm ina dhiaidh sin. |
Airteagal 2
Leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, mar a leagtar amach in Airteagal 1 é, cuimsítear na leasuithe atá beartaithe a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus a mhéid a d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do rialacha coiteanna an Aontais. Is iad na Ballstáit, ar baill iad uile den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta agus ag gníomhú dóibh go comhpháirteach ar mhaithe le leas an Aontais, a chuirfidh an seasamh in iúl.
Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar an seasamh mar a leagtar amach in Airteagal 1 é gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 3
Leis seo, údaraítear na Ballstáit a dtoiliú a thabhairt le bheith faoi cheangal, chun leas an Aontais, ag na leasuithe atá beartaithe, a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. LØKKE RASMUSSEN
(1) Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/45/oj).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/391/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2563/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)