30.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 97/1


RIALACHÁN (AE) 2020/455ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Márta 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1838 maidir le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2020 i Muir Bhailt agus in uiscí eile, agus lena Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2020 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle (1), socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt. Bunaítear leis tréimhsí coiscthe don dá stoc troisc, ar tréimhsí sceite iad. Tá sé fíorthábhachtach amshraith neamhbhriste de shonraí inchomparáide ann maidir le stoic éisc a áirithiú ionas go bhféadfar measúnú eolaíoch a dhéanamh orthu. Is iomchuí, dá bhrí sin, oibríochtaí iascaireachta a cheadú le linn na dtréimhsí coiscthe lena mbaineann ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, agus iad go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1838 a leasú dá réir.

(2)

Le Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle (3), socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na srianta a leagtar amach in Airteagal 10(6) den Rialachán sin maidir le hiascaigh áineasa lena n-áirítear iascaigh ó chladach.

(3)

Ag an gcruinniú bliantúil a bhí acu i mí Iúil 2019, chinn na Páirtithe i gComhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA)ar bhearta maidir le hiascaireacht ghrinnill agus teorannú iarrachta i limistéar SIOFA. Cuireadh chun feidhme na bearta sin i ndlí an Aontais le Rialachán (AE) 2020/123.. Ag an gcruinniú bliantúil a bhí acu i mí Iúil 2019, ghlac na Páirtithe i SIOFA cúig cheantar chaomhnaithe eatramhacha ina bhfuil feidhm ag rialacha sonracha maidir le soithí iascaireachta chun éiceachórais bheantacha a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart tuilleadh athruithe a dhéanamh lena áirithiú go léirítear i gceart leis na rialacha cur chun feidhme na cinntí arna nglacadh ag na Páirtithe in SIOFA.

(4)

Ba cheart teorainneacha na gabhála iomláine maidir leis na corra gainimh ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) i ranna 2a agus 3a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES a leasú, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is déanaí ó ICES, arna heisiúint an 27 Feabhra 2019 agus 27 Feabhra 2020.

(5)

Chinn an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige i mí na Samhna 2019, ar oibleagáidí tuairiscithe nua maidir le tuinníní trópaiceacha. Tá sé de cheangal ar Bhallstáit sonrai maidir le gabhálacha míosúla a tharchur maidir le báid spiléireachta mhóra (dar fad iomlán 20 méadar agus os a chionn sin) agus soithí peas‐saighne, a bhíonn ag iascach tuinníní mórshúileacha (Thunnus obesus) agus tuinníní buí (Thunnus albacares) san Aigéan Atlantach. Nuair a shroicheann gabhálacha tuinníní mórshúileacha 80 % den chuóta, bíonn sé de cheangal ar Bhallstáit na sonraí maidir le gabhálacha do na soithí sin a tharchur ar bhonn seachtainiúil.

(6)

Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí leasú a dhéanamh dá réir ar na táblaí maidir leis an ngabháil iomlán incheadaithe (TAC) le haghaidh an tuinnín mhórshúiligh agus an tuinnín bhuí san Aigéan Atlantach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/123.

(7)

Tá teorainneacha iarrachta iascaireachta do shoithí iascaireachta an Aontais atá i Limistéar Choinbhinsiún ICCAT bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar sna pleananna maidir le hacmhainneacht iascaireachta agus feirmeoireachta do thuinnín ghorm (Thunnus thynnus) arna gcur in iúl ag na Ballstáit don Choimisiún. Tuairiscítear na teorainneacha iarrachta sin trí phlean an Aontais a d’fhormhuinigh ICCAT le linn chruinniú idirsheisiúnach Phainéal 2 a tionóladh an 5 agus an 6 Márta 2020. Ba cheart iad a bhunú mar chuid de dheiseanna iascaireachta.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/123 a leasú agus a leasú dá réir.

(9)

Tá feidhm ag na teorainneacha gabhála dá bhforáiltear i Rialacháin (AE) 2019/183 agus 82020/123 ón 1 Eanáir 2020 i leith. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag na forálacha a thugtar isteach leis an Rialachán leasaitheach seo ón dáta sin i leith freisin. Ní dochar an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint, mar nach bhfuil na deiseanna iascaireachta atá i gceist ídithe go fóill.

(10)

Chuathas i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 130(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1838

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1838 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) 2020/123

Leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 mar a leanas:

(a)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"6.   In iascaigh áineasa, lena n-áirítear ón gcladach, i ranna 8a agus 8b ICES, féadfar uasmhéid de dhá eiseamal den doingean mara Eorpach a ghabháil agus a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae. Is é 42 cm an t-íosmhéid do dhoingean mara Eorpach a choinneofar. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le líonta seasmhacha nach féidir doingean mara Eorpach a ghabháil nó a choinneáil.";

(b)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 28a

Roic de chineál Mobulidae

1.   Toirmiscfear ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais aon pháirt de chonablach nó conablach iomlán roic de chineál Mobulidae (an fhine Mobulidae, lena n-áirítear na géinis Manta agus Mobula) a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a chur ar díol, nó a dhíol, cé is moite de shoithí iascaireachta atá i mbun iascach leorchothaitheach (i gcás inarb iad teaghlaigh na n-iascairí a chaithfidh na héisc go díreach).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní fhéadfaí roic de chineál Mobulidae a ghabhfar go neamhintinneach le linn iascaireacht ar mionscála (iascaigh nach iascaigh spiléireachta nó dhromchla iad, i.e. iascaigh le peaslíon saighne, cuaille agus líne, líonta gheolbhaigh, líne láimhe agus soithí trálála, arna gclárú i gclár na soithí údaraithe de chuid IOTC) ach amháin lena gcaitheamh go háitiúil.

2.   Déanfaidh gach soitheach iascaireachta, seachas iad siúd atá i mbun iascaireacht leorchothaitheach, roic de chineál Mobula, a scaoileadh go pras, ina mbeatha, agus gan ghortú, a mhéid is féidir, a luaithe a fheicfear sa líon, ar an duán, nó ar an deic iad agus déanfar amhlaidh ar bhealach ina ndéanfar a laghad díobháil is féidir do na roic a ghabhfar.”

(c)

Scriostar Airteagal 30;

(d)

Leasaítear Iarscríbhinní, IA, ID, IK agus VI i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis.an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Márta 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2019, lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/124 maidir le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 281, 31.10.2019, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascach a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).

(3)  Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 25, 30.1.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1838 mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in áit fhonóta 2 den tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh troisc i bhforanna 25-32 ICES:

"(2)

“I bhforanna 25 agus 26, beidh toirmeasc ar iascaireacht an chuóta seo ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar tabhairt faoi oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe céanna go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad mhír, ní bheidh feidhm ag an tréimhse choiscthe sin maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a mbíonn siad ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir (seachas sruthdhoruithe), doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta éighníomhacha eile i gceantair inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta sin go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.”;

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 2 den tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh troisc i bhforanna 22-24 ICES:

“(2)

Beidh toirmeasc ar iascaireacht an chuóta seo i bhforanna 22 agus 23 ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta, agus i bhforoinn 24 ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Iúil.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar tabhairt faoi oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha, agus chun na críche sin amháin, a dheantar iad, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe céanna go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad mhír, ní bheidh feidhm ag an tréimhse choiscthe sin maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a mbíonn siad ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir (seachas sruthdhoruithe), doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta éighníomhacha eile i gceantair inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta sin go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.”.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinní IA, ID, IK agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/123 mar a leanas:

1.

In Iarscríbhinn IA, cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla le haghaidh corra gainimh agus foghabhálacha gaolmhara in uiscí de chuid an Aontais i ranna 2a agus 3a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES:

"Speiceas:

Corr ghainimh agus foghabhálacha gaolmhara

Ammodytes spp.

Limistéar:

Uiscí an Aontais in 2a, 3a agus 4Union waters of 2a, 3a and 4 (1)

An Danmhairg

215 863

 (2)

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Ríocht Aontaithe

4 719

 (2)

An Ghearmáin

329

 (2)

An tSualainn

7 926

 (2) )

An tAontas

228 837

 

 

 

 

TAC

228 837

 

Coinníoll speisialta: laistigh de theorainneacha na gcuótaí thuasluaite, ní fhéadfar níos mó ná na cainníochtaí a luaitear thíos a thógáil sna limistéir bhainistíochta seo a leanas le haghaidh corra gainimh, mar a shainítear in Iarscríbhinn III:

Limistéar: Uiscí an Aontais ina bhfuil limistéir bhainistíochta le haghaidh corra gainimh

 

1r

2r

3r

4

5r

6

7r

(SAN/234_1R)

(SAN/234_2R)

(SAN/234_3R)

(SAN/234_4)

(SAN/234_5R)

(SAN/234_6)

(SAN/234_7R)

An Danmhairg

107 525

59 106

11 702

37 365

0

165

0

An Ríocht Aontaithe

2 350

1 292

256

817

0

4

0

An Ghearmáin

164

90

18

57

0

0

0

An tSualainn

3 948

2 170

430

1 372

0

6

0

An tAontas

113 987

62 658

12 406

39 611

0

175

0

Iomlán

113 987

62 658

12 406

39 611

0

175

0";

2.

Leasaítear Iarscríbhinn ID mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla maidir le tuinnín mórshúileach san Aigéan Atlantach:

"Speiceas:

an tuinnín mórshúileach

Thunnus obesus

Limistéar:

an tAigéan Atlantach

(BET/ATLANT)

An Spáinn

8 055,73

 (3)  (4)

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Fhrainc

4 428,60

 (3)  (4)

An Phortaingéil

3 058,33

 (3)  (4)

An tAontas

15 542,66

 (3)  (4)

 

 

 

TAC

62 500

 (3)  (4)

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla a bhaineann le tuinnín buí san Aigéan Atlantach:

"Speicea:

An tuinnín buí

Thunnus albacares

Limistéar:

an tAigéan Atlantach

(YFT/ATLANT)

TAC

110 000

 (5)

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

3.

In Iarscríbhinn IK, cuirtear isteach an chuid seo a leanas:

“Limistéir atá faoi chosaint eatramhach

Atlantis Bank

Pointe

Domhanleithead (D)

Domhanfhad (O)

1

32° 00'

57° 00'

2

32° 50'

57° 00'

3

32° 50'

58° 00'

4

32° 00'

58° 00'

Coral

Pointe

Domhanleithead (D)

Domhanfhad (O)

1

41° 00'

42° 00'

2

41° 40'

42° 00'

3

41° 40'

44° 00'

4

41° 00'

44° 00'

Fools Flat

Pointe

Domhanleithead (D)

Domhanfhad (O)

1

31°30'

94° 40'

2

31°40'

94° 40'

3

31°40

95° 00'

4

31°30'

95° 00'

Middle of What

Pointe

Domhanleithead (D)

Domhanfhad (O)

1

37° 54'

50° 23'

2

37° 56.5'

50° 23'

3

37° 56.5'

50° 27'

4

37° 54'

50° 27'

Walter’s Shoal

Pointe

Domhanleithead (D)

Domhanfhad (O)

1

33° 00'

43° 10'

2

33° 20'

43° 10'

3

33° 20'

44° 10'

4

33° 00'

44° 10'”

4.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VI:

"IARSCRÍBHINN VI

LIMISTÉAR CHOINBHINSIÚN ICCAT 1

1.

An líon uasta bád baoite agus bád trálála de chuid an Aontais atá údaraithe chun tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm a iascach go gníomhach san Atlantach thoir

An Spáinn

60

An Fhrainc

55

An tAontas

115

1

D’fhéadfadh laghdú teacht ar na huimhreacha i ranna 1, 2 agus 3 chun oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a chomhlíonadh.

2.

An líon uasta soitheach iascaireachta mionscála cósta de chuid an Aontais atá údaraithe chun tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm a iascach go gníomhach sa Mheánmhuir

An Spáinn

364

An Fhrainc

140  (7)

An Iodáil

30

An Chipir

20 (6)

Málta

54 (6)

An Phortaingéil

76 (7)

An tAontas

684

3.

An líon uasta soitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe chun tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm a iascach go gníomhach i Muir Aidriad chun críoch feirmeoireachta

An Chróit

18

An Iodáil

12

An tAontas

28

4.

An líon uasta soitheach iascaireachta de chuid gach Ballstáit a fhéadfar a údarú chun tuinníní gorma a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, nó a thabhairt i dtír san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

Tábla A

 

An líon soithí iascaireachta (8)

 

An Chipir (9)

An Ghréig (10)

An Chróit

An Iodáil

An Fhrainc

An Spáinn

Málta (11)

An Phortaingéil

Soithí peas‐saighne

1

0

18

21

22

6

2

0

Soithí spiléireachta

27 (12)

0

0

40

23

48

62

0

Bád baoite

0

0

0

0

8

68

0

76 (13)

Dorú láimhe

0

0

12

0

47 (14)

1

0

0

Trálaer

0

0

0

0

57

0

0

0

Mionscála

0

32

0

0

140

620

52

0

Soithí iascaireachta mionscála eile (15)

0

61

0

0

0

0

0

0

5.

An líon uasta gaiste a úsáidtear le haghaidh iascach tuinníní gorma an Atlantaigh Thoir agus na Meánmhara atá údaraithe ag gach Ballstát

An Ballstát

An líon gaistí (16)

An Spáinn

5

An Iodáil

6

An Phortaingéil

2

6.

Uas-acmhainneacht i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú tuinníní gorma le haghaidh gach Ballstáit agus uas-ionchur tuinníní gorma a ghabhtar go fiáin a fhéadfaidh gach Ballstát a chionroinnt ar a fheirmeacha san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

Tábla A

Uas-acmhainneacht i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú tuinníní gorma

 

An líon feirmeacha

Acmhainneacht (i dtonaí)

An Spáinn

10

11852

An Iodáil

13

12600

An Ghréig

2

2100

An Chipir

3

3000

An Chróit

7

7880

Málta

6

12300

Tábla B (17)

Uas-ionchur tuinníní gorma a ghabhtar go fiáin (i dtonaí)

An Spáinn

6300

An Iodáil

3764

An Ghréig

785

An Chipir

2195

An Chróit

2947

Málta

8786

An Phortaingéil

350

7.

Is mar a leanas a bheidh an dáileadh, idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe, maidir leis an líon uasta soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit nó bratach na Ríochta Aontaithe ar foluain acu atá údaraithe chun tuinníní colgacha an Tuaiscirt a iascach mar spriocspeiceas i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 520/2007:

Na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe

An líon uasta soitheach

Éire

50

An Spáinn

730

An Fhrainc

151

An Ríocht Aontaithe

12

An Phortaingéil

310

8.

Is mar a leanas a bheidh an líon uasta soitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá 20 méadar ar a laghad ar a bhfad agus a iascann tuinníní mórshúileacha i Limistéar Choinbhinsiún ICCAT:

An Ballstát

An líon uasta soitheach peas‐saighne

An líon uasta soitheach spiléireachta

An Spáinn

23

190

An Fhrainc

11

--

An Phortaingéil

--

79

An tAontas

34

269

"

(1)  Cé is moite d’uiscí laistigh de shé mhuirmhíle ó bhonnlínte na Ríochta Aontaithe ag Sealtainn, Oileán na gCaorach agus Foula.

(2)  Féadfaidh suas le 2 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní agus ronnach (OT1/*2A3A4). Foghabhálacha faoitíní agus ronnach arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(3)  Déanfar gabhálacha tuinníní mórshúileacha ag soithí peas-saighne (BET/*ATLPS) agus gabhálacha ag báid spiléireachta dar fad iomlán 20 méadar (BET/*ATLLL) nó níos mó a thuairisciú ar leithligh.

(4)  Ó mhí an Mheithimh 2020 i leith, nuair a shroichfidh gabhálacha 80 % den chuóta, beidh sé de cheangal ar Bhallstáit gabhálacha na soithí seo a tharchur ar bhonn seachtainiúil."

(5)  Déanfar gabhálacha tuinníní buí ag soithí peas-saighne (YFT/*ATLPS) agus gabhálacha ag báid spiléireachta dar fad iomlán 20 méadar nó níos mó (YFT/*ATLLL) a thuairisciú ar leithligh."

(6)  Féadfaidh méadú teacht ar an líon sin má chuirtear 10 soitheach spiléireachta in ionad soitheach peas-saighne i gcomhréir le fonóta 2 nó 4 de Thábla A i roinn 4 den Iarscríbhinn seo.

(7)  Arna chur in iúl sa phlean acmhainneachta náisiúnta mar chuid den chuóta earnála.

(8)  Féadfar na huimhreacha sa Tábla seo a mhéadú a thuilleadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

(9)  Ní fhéadfar níos mó ná deich soitheach spiléireachta a chur in ionad soitheach peas-saighne meánmhéide amháin nó féadfar soitheach peas-saighne beag amháin agus ní mó ná trí shoitheach spiléireachta a chur ina ionad.

(10)  Ní fhéadfar níos mó ná deich soitheach spiléireachta a chur in ionad soitheach peas-saighne meánmhéide amháin nó féadfar soitheach peas-saighne beag amháin agus trí shoitheach mionscála eile a chur ina ionad.

(11)  Ní fhéadfar níos mó ná deich soitheach spiléireachta a chur in ionad soitheach peas-saighne amháin.

(12)  Soithí ilchuspóireacha, a bhaineann úsáid as iltrealamh.

(13)  Báid bhaoite de chuid réigiúin is forimeallaí na nAsór agus Mhaidéara

(14)  Soithí líne a oibríonn san Atlantach.

(15)  Soithí ilchuspóireacha, a bhaineann úsáid as iltrealamh (spiléar, dorú láimhe, dorú trálála).

(16)  Féadfar an líon sin a mhéadú a thuilleadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

(17)  Cuimsítear acmhainneacht feirmeoireachta na Portaingéile, arb í 500 tona í, le hacmhainneacht neamhúsáidte an Aontais a leagtar amach i dTábla A.