|
20.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 141/13 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/790 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Bealtaine 2022
lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 31 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tar éis ghlacadh Rialachán (AE) 2016/1199 ón gCoimisiún (2), aimsíodh earráid sna leaganacha Seicise agus Sualainnise de phointe 1(b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. Ghabh an pointe sin, inar leagadh amach sainmhíniú an téarma ‘oibríocht amach ón gcósta’, ionad phointe 86 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (3). Déanann an earráid difear do shubstaint na forála sin. |
|
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, na leaganacha Seicise agus Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
|
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2016/1199 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann le formheas oibríochtúil na loingseoireachta feidhmíochtbhunaithe, le deimhniúchán agus formhaoirseacht na soláthraithe seirbhísí sonraí agus le hoibríochtaí héileacaptar amach ón gcósta, agus lena gceartaítear an Rialachán sin (IO L 198, 23.7.2016, lch. 13).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).