|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2023/1229 |
21.12.2023 |
P9_TA(2023)0207
Iarraidh ar dhíolúine Alexis Georgoulis a tharscaoileadh
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2023 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Alexis Georgoulis a tharscaoileadh (2023/2056(IMM))
(C/2023/1229)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Alexis Georgoulis ón Ionchúisitheoir Ginearálta ag Cúirt Achomhairc na Bruiséile i ndáil le himeachtaí coiriúla dar dáta an 7 Iúil 2022 agus arna tarchur ag Seirbhís Phoiblí na Cónaidhme um Ghnóthaí Eachtracha, Trádáil Eachtrach agus Comhar um Fhorbairt i litir dar dáta an 30 Márta 2023 agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 17 Aibreán 2023, |
|
— |
ag féachaint don fhíoras gur tharscaoil Alexis Georgoulis a cheart chun éisteacht a fháil faoi Airteagal 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) den Ionstraim maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach an 20 Meán Fómhair 1976, |
|
— |
ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019 (1), |
|
— |
ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0202/2023), |
|
A. |
de bhrí gur iarr an tIonchúisitheoir Ginearálta ag Cúirt Achomhairc na Bruiséile go ndéanfaí díolúine Alexis Georgoulis, Feisire de Pharlaimint na hEorpa arna thoghadh don Ghréig, a tharscaoileadh i ndáil le cionta coiriúla; |
|
B. |
de bhrí gur cionta coiriúla arb ionann iad agus éigniú na gníomhartha a líomhnaítear a rinne Alexis Georgoulis, agus iad aicmithe faoi láthair mar shárú ar iomláine ghnéis dá dtagraítear in Airteagal 417/11 de Chód Coiriúil na Beilge, agus mar ionsaí agus slacairt de réir bhrí Airteagal 398 de Chód Coiriúil na Beilge; |
|
C. |
de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir (2); |
|
D. |
de bhrí nach pribhléid phearsanta de chuid an Fheisire í díolúine pharlaiminteach, ach ráthaíocht ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí, agus de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach an Pharlaimint agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin; |
|
E. |
de bhrí nach ionann na cionta líomhnaithe agus tuairimí a tugadh nó vótaí a caitheadh i gcomhlíonadh a dhualgas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh; |
|
F. |
de bhrí, de bhun Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a dtíre, agus i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó aon imeachtaí dlíthiúla; de bhrí nach féidir díolúine a agairt nuair a gheofar Feisire i mbun cion a dhéanamh ná cosc a chur ar cheart Pharlaimint na hEorpa díolúine duine dá Feisirí a tharscaoileadh. |
|
G. |
de bhrí gur faoi Pharlaimint na hEorpa amháin atá sé a chinneadh cibé acu a tharscaoilfidh sí nó nach dtarscaoilfidh sí díolúine i gcás ar leith; de bhrí gur féidir le Parlaimint na hEorpa seasamh an Fheisire a chur san áireamh go réasúnach chun a chinneadh cibé acu a dhéanfaidh sí nó nach ndéanfaidh sí a dhíolúine a tharscaoileadh (3); de bhrí gur luaigh Alexis Georgoulis nach bhfuil aon agóid aige i gcoinne tharscaoileadh a dhíolúine parlaimintí; |
|
H. |
de bhrí, sa chás sin, nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise ar fumus persecutionis, is é sin le rá gnéithe fíorasacha a léiríonn gur tionscnaíodh an t-imscrúdú breithiúnach i dtrácht le hintinn damáiste a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; |
|
1. |
á chinneadh díolúine Alexis Georgoulis a tharscaoileadh; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Ríocht na Beilge agus chuig Alexis Georgoulis. |
(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C 163/10, ECLI: AE:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(2) breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v an Pharlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.
(3) breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Deireadh Fómhair 2008, Mote v Parlaimint, T-345/05, ECLI:EU:T:2008:440, pointe 28;
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1229/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)