European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2227

31.10.2025

CINNEADH (AE) 2025/2227 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Deireadh Fómhair 2025

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht, chun leas an Aontais Eorpaigh, maidir le hathbhreithniú ar an gComhaontú Idirnáisiúnta agus Reachtanna Orgánacha, na Rialacha Orgánacha, na Rialacha Airgeadais agus na Rialacha Ginearálta agus téacsanna eile de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 168(4), pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is eagraíocht idir-rialtasach í an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) a bunaíodh in 1924 mar Office International des Epizooties. Áirítear ina téacsanna dlíthiúla an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le Office International des Epizooties a chruthú agus Reachtanna Orgánacha Office International des Epizooties (1924), Rialacha Orgánacha Office International des Epizooties (1973), Rialacha Airgeadais (1987) agus Rialacha Ginearálta na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) agus téacsanna eile (2011) (‘Buntéacsanna WOAH’). Aithnítear caighdeáin WOAH maidir le sláinte ainmhithe agus zónóisí mar chaighdeán idirnáisiúnta sa réimse sin faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta. Ó 2025 ar aghaidh, tá 183 Fheisire ag WOAH, lena n-áirítear Ballstáit uile an Aontais. Tá stádas breathnóra ag an gCoimisiún Eorpach.

(2)

In 2023, ag tús chomóradh céad bliain WOAH, choimisiúnaigh sé athbhreithniú seachtrach neamhspleách ar a rialachas chun a áirithiú go bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm agus go bhfuil sé in ann tacú le heagraíocht éifeachtúil, éifeachtach agus inbhuanaithe amach anseo. Cuireadh an tuarascáil a tháinig as an athbhreithniú sin i láthair agus pléadh í ag Comhthionól Domhanda Thoscairí WOAH i mí na Bealtaine 2024.

(3)

An 30 Bealtaine 2024, ghlac Comhthionól Domhanda Thoscairí WOAH Rún Uimh. 12 lena sainordaítear an tArd-Stiúrthóir grúpa tiomnaithe um rialachas a bhunú, lena n-áirítear Comhaltas WOAH le hionadaithe ó gach réigiún chun tuilleadh oibre a dhéanamh ar athbhreithniú ar bhuntéacsanna WOAH.

(4)

Bunaíodh Coiste Athbhreithnithe Rialachais WOAH i mí na Nollag 2024 agus, i gcomhréirlena Théarmaí Tagartha, tá 16 Chomhalta ann ó Réigiúin uile WOAH. Is Ballstáit iad trí cinn de Chomhaltaí reatha an Choiste Athbhreithnithe Rialachais: tá an Ostair agus Éire i measc na gComhaltaí sin a dhéanann ionadaíocht ar Réigiún WOAH na hEorpa, agus tá an Chipir i measc na gComhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar Réigiún WOAH an Mheánoirthir. I measc Chomhairleoirí na gComhaltaí sin tá saineolaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún. Tionóladh an chéad chruinniú den Choiste Athbhreithnithe Rialachais i mí Eanáir 2025.

(5)

D’ullmhaigh an Coiste Athbhreithnithe Rialachais clár oibre iomlánaíoch maidir le gníomhaíochtaí ilbhliantúla agus moltaí tosaigh chun tacú le hathbhreithnithe ar Bhuntéacsanna WOAH, athbhreithnithe a cuireadh faoi bhráid Chomhthionól Domhanda na dToscairí tar éis do Chomhairle WOAH iad a bhailíochtú, agus an 29 Bealtaine 2025, le tacaíocht ón Aontas, ghlac Comhthionól Domhanda na dToscairí Rún Uimh. 5, dar teideal ‘Work Programme of the WOAH Governance Review Committee and Initial Adjustments to Support Revisions to the WOAH Basic Texts’ [Clár Oibre Choiste Athbhreithnithe Rialachais WOAH agus Coigeartuithe Tosaigh chun Tacú le hAthbhreithnithe ar Bhuntéacsanna WOAH]. Ag deireadh mhí na Bealtaine 2025. I gcomhréir lena chlár oibre, thug an Coiste Athbhreithnithe Rialachais faoin gcéad chéim shubstainteach dá chuid oibre, céim an mheasúnaithe.

(6)

Ghlac an tAontas bearta comhchuibhithe agus bhunaigh sé comheagraíocht na margaí talmhaíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta áirithe de bhunadh ainmhíoch i gcomhréir le hAirteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is éard atá i gceist leis sin coimeád ainmhithe i dtáirgeadh talmhaíochta.

(7)

Is gné intreach de dhlí an Aontais í sláinte ainmhithe. Le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), déantar foráil i ndáil le ceanglais sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseacht ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch laistigh de agus idir na Ballstáit chomh maith lena dteacht isteach san Aontas. Rud nach beag a thábhacht, de bhun Airteagal 168(4) CFAE, tá an tAontas le rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal sin trí bhearta a ghlacadh, inter alia, i réimse na tréidliachta a bhfuil sé mar chuspóir díreach acu sláinte phoiblí a chosaint chun déileáil le gnáthcheisteanna sábháilteachta san Aontas. Le dlí an Aontais lena rialaítear sláinte ainmhithe agus zónóisí, cumhdaítear inter alia bearta i leith galair in-tarchurtha ainmhithe a dhéanann difear d’ainmhithe agus do dhaoine, lena n-áirítear gnéithe de chosaint na sláinte poiblí.

(8)

Trí bhíthin Rialachán (AE) 2016/429 agus Threoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá rialacha comhchuibhithe curtha i bhfeidhm ag an Aontas lena rialaítear sláinte ainmhithe agus zónóisí. Áirítear sa reachtaíocht sin rialacha maidir le galair ainmhithe a liostú le haghaidh idirghabháil ón Aontas, bearta maidir le galair a chosc, galair a rialú agus a dhíothú, gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch laistigh de agus idir na Ballstáit chomh maith lena dteacht isteach san Aontas, agus rialacha maidir le faireachán ar zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha.

(9)

Dá bhrí sin, is cuid d’inniúlacht an Aontais iad na hábhair a bhaineann le sláinte agus leas ainmhithe mar chuid den Chomhbheartas Talmhaíochta agus i réimse na tréidliachta.

(10)

Is chun leas an Aontais é ról éifeachtach a bheith aige in obair WOAH. Cuirfidh sé sin comhsheasmhacht chun cinn i gcur chuige an Aontais maidir le beartais a thagann faoi shainchúram WOAH, agus treiseoidh sé a thiomantas d’fhorbairt fhadtéarmach dhomhanda i réimsí sláinte ainmhithe agus rialú zónóisí, leas ainmhithe, táirgeadh ainmhithe, sábháilteacht bia, trádáil idirnáisiúnta shábháilte ainmhithe agus táirgí ainmhithe, agus slándáil bia.

(11)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún oibriú i ndlúthchomhar le linn an phróisis caibidlíochta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear Ballstáit an Aontais ar comhaltaí iad de Choiste Athbhreithnithe Rialachais na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) a dhéanann ionadaíocht ar Réigiún WOAH na hEorpa dul i mbun caibidlíochta, chun leas an Aontais, maidir le hathbhreithniú ar an gComhaontú Idirnáisiúnta agus Reachtanna Orgánacha, na Rialacha Orgánacha, na Rialacha Airgeadais agus na Rialacha Ginearálta agus téacsanna eile de chuid WOAH, i gCoiste Athbhreithnithe Rialachais WOAH.

Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhar leis an Meitheal um Ainmhithe agus Ceisteanna Tréidliachta (Príomhoifigigh Thréidliachta), a ainmnítear leis seo mar choiste speisialta de réir bhrí Airteagal 218(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal3

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. JENSEN


(1)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj).

(2)  Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 92/117/CEE ón gComhairle (IO L 325, 12.12.2003, lgh. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/99/oj).


Aguisín

Treoracha maidir le caibidlíocht a dhéanamh ar athbhreithniú ar Bhuntéacsanna na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH)

1.   

Faoi chuimsiú an Choiste Athbhreithnithe Rialachais a bunaíodh de bhun Rún Uimh. 12 a ghlac Comhthionól Domhanda Thoscairí na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) an 30 Bealtaine 2024, lena gcuirtear fóram caibidlíochta ar fáil a chuimsíonn Comhaltaí WOAH, agus ionadaithe ó gach réigiún san áireamh, na Ballstáit sin a dhéanann ionadaíocht ar Réigiún na hEorpa in WOAH agus iad ina gComhaltaí den Choiste Athbhreithnithe Rialachais, beidh siad ina n-idirbheartaithe thar ceann an Aontais agus díreoidh siad ar leasuithe ar Bhuntéacsanna WOAH lena n-áirithítear solúbthacht agus inoiriúnaitheacht na socruithe rialachais is gá chun dul i ngleic go héifeachtach le cásanna athraitheacha.

2.   

Féachfaidh na hidirbheartaithe le toradh caibidlithe cuimsitheach a bhaint amach ina gcuimseofar na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach thíos, i bhfianaise Bhuntéacsanna athbhreithnithe WOAH atá oiriúnach dá bhfeidhm agus a d’fhéadfadh a bheith ina dtaca le héifeachtúlacht, éifeachtacht agus inbhuanaitheacht WOAH amach anseo. Le linn an phróisis sin, rachaidh na hidirbheartaithe i gcomhairle leis an Meitheal um Ainmhithe agus Ceisteanna Tréidliachta (Príomhoifigigh Thréidliachta) agus déanfaidh siad comhordú leis an gCoimisiún.

3.   

I ndáil leis an méid sin, ba cheart do na hidirbheartaithe féachaint leis an méid a leanas a dhéanamh:

a.

sainordú WOAH a chomhdhlúthú agus a ról in ábhair a thagann faoina shainordú a neartú ar an leibhéal domhanda agus réigiúnach, agus socruithe sonracha a leagan amach le haghaidh comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus páirtí leasmhara neamhrialtasacha, lena n-áirítear trí chur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ an Aontais a chur san áireamh;

b.

soiléiriú a dhéanamh ar róil agus freagrachtaí Rúnaíocht WOAH, lena n-áirítear na hIonadaithe Réigiúnacha agus Foréigiúnacha, agus ar róil agus freagrachtaí Thoscairí na gComhaltaí, chomh maith le comhlachtaí rialachais WOAH, mar atá Comhthionól Domhanda na dToscairí, Comhairle WOAH agus Coimisiúin Réigiúnacha WOAH;

c.

córas eolaíochta WOAH a neartú trí chomhlachtaí saineolaithe atá ann cheana a athchóiriú, agus a áirithiú ar an gcaoi sin go méadófar trédhearcacht agus éifeachtacht na cinnteoireachta, lena n-áirítear i ndáil le caighdeáin idirnáisiúnta a leagan síos;

d.

rannpháirtíocht ghníomhach na gComhaltaí in obair WOAH a bhaint amach agus féachaint chuige go gcuirfidh na Comhaltaí caighdeáin idirnáisiúnta WOAH chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí fós;

e.

sásraí fónta airgeadais a bhunú atá bunaithe ar thrédhearcacht, cothroime agus dlúthpháirtíocht, agus é mar aidhm leo go n-úsáidfear na hacmhainní atá ar fáil go héifeachtach;

f.

an próiseas a éascú maidir le Buntéacsanna WOAH a leasú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais a bhíonn ag athrú.

4.   

Ba cheart do na hidirbheartaithe féachaint lena áirithiú go bhfuil Buntéacsanna WOAH comhsheasmhach le reachtaíocht agus beartais ábhartha an Aontais, agus le gealltanais an Aontais faoi chomhaontuithe iltaobhacha ábhartha eile freisin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2227/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)