|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/640 |
10.2.2025 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Eanáir 2025
lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Slóivéine
(C/2025/640)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 17 de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
|
(1) |
Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Is príomhghnéithe de chreat athchóirithe rialachais eacnamaíoch an Aontais iad Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach (1), mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme (2), agus Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát (3). Is é is aidhm leis an gcreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht, a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Lena chois sin, cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma agus tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí na rialacha i gceist leis. |
|
(2) |
Tá na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Ba cheart dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: (i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú, inter alia, go mbeidh fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus (ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Chuige sin, ní mór gealltanas meántéarmach i leith conair ghlanchaiteachais a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar an ngnáth-théarma reachtach i mBallstát). (4) Ina theannta sin, ní mór míniú a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263. |
|
(3) |
Tar éis thíolacadh an phlean, déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263. |
|
(4) |
Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh ansin ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sí formhuiniú ar an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá ina mbonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin fhioscaigh. |
BREITHNITHE A BHAINEANN LE PLEAN FIOSCACH-STRUCHTÚRACH MEÁNTÉARMACH NA SLÓIVÉINE
|
(5) |
An 15 Deireadh Fómhair 2024, chuir an tSlóivéin a plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. Rinneadh an tíolacadh tar éis síneadh a bheith curtha leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna a sholáthair an tSlóivéin. |
An próiseas sular tíolacadh an plean
|
(6) |
Chun an t-idirphlé a dhíriú as a dtiocfaidh tíolacadh pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta, an 21 Meitheamh 2024, sheol an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1263, an chonair thagartha (5) chuig an tSlóivéin. D’fhoilsigh an Coimisiún an chonair thagartha an 15 Deireadh Fómhair 2024 (6). Tá an chonair thagartha rioscabhunaithe agus áirithítear léi, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe fhioscaigh agus in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama sa mheántéarma, agus go dtabharfar an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin agus go gcoinneofar é faoi bhun an luacha tagartha sin sa mheántéarma. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. I gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, tá an chonair thagartha comhsheasmhach freisin leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais agus leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh. I gconair thagartha na Slóivéine, leagtar amach nár cheart fás níos mó ná na luachanna arna soláthar i dTábla 1 a theacht ar ghlanchaiteachas, agus sin bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin atá ina mbonn leis an treoir a tugadh roimh ré i mí an Mheithimh 2024 agus ar thréimhse choigeartúcháin 4 bliana a chur san áireamh. Comhfhreagraíonn sin do mheánfhás glanchaiteachais 4,4 % le linn na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028). Tábla 1: Conair thagartha arna soláthar ag an gCoimisiún don tSlóivéin an 21 Meitheamh 2024
|
||||||||||||||||||
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an tSlóivéin agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil i mí Iúil agus Meán Fómhair 2024. Bhí an t-idirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an tSlóivéin agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi, chomh maith leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a thabhairt i gcrích lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta. |
|
(8) |
I mí Dheireadh Fómhair 2024, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus Airteagal 36(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263, de réir faisnéis a sholáthair an tSlóivéin ina plean, chuaigh an tSlóivéin i mbun próiseas comhairliúcháin le comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile. De réir na faisnéise a chuir an tSlóivéin ar fáil ina plean, rinne an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile trácht ar an dréachtphlean lena n-áirítear trácht maidir le hathchóirithe agus maidir le measúnú a dhéanamh ar riachtanais a bhaineann leis an aistriú glas. |
|
(9) |
Thug Comhairle Fhioscach na Slóivéine tuairim uaithi maidir leis an bplean an 21 Deireadh Fómhair. Chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí atá ann do na gealltanais ón bplean, d’ullmhaigh an Chomhairle Fhioscach a réamh-mheastacháin airgeadais phoiblí féin. Tháinig sí ar an gconclúid go bhféadfadh dialltaí ón gcomhardú rialtais ghinearálta réamh-mheasta agus ón gconair fiachais réamh-mheasta teacht chun cinn go háirithe sa dara cuid den tréimhse choigeartúcháin, mar gheall ar chaiteachas méadaithe a bhaineann le cúiteamh d’fhostaithe poiblí agus caiteachas méadaithe i réimse an chúraim sláinte. Chuir an Chomhairle Fhioscach in iúl go bhfuil gá le bearta cúiteacha breise chun na gealltanais ón bplean a chomhlíonadh. |
|
(10) |
Pléadh an dréachtphlean sa pharlaimint náisiúnta an 4 Deireadh Fómhair 2024. Dá bhrí sin, ghlac an rialtas é an 10 Deireadh Fómhair 2024. |
Próisis ghaolmhara eile
|
(11) |
An 15 Deireadh Fómhair 2024, thíolaic an tSlóivéin a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an 26 Samhain 2024 (7). |
|
(12) |
An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Slóivéine i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (8). |
ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS AN MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN AIR SIN
|
(13) |
I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas: |
Comhthéacs: staid agus ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach
|
(14) |
Tháinig fás 2,1 % ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch sa tSlóivéin in 2023, fás arb é an t-éileamh intíre agus glan-allmhairí ba chúis leis go príomha. Mar sin féin, tháinig laghdú 1,5 pointe céatadáin ar fhás OTI mar gheall ar dhícharnadh fardail. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh fás 1,4 % ar an ngeilleagar in 2024, fás arb é an tomhaltas príobháideach agus poiblí mar aon le dícharnadh fardail is cúis leis, d’ainneoin rannchuidiú diúltach ó ghlan-onnmhairí. In 2025, meastar go dtiocfaidh méadú 2,5 % ar an bhfíor-OTI, ós rud é go réamh-mheastar go leanfaidh an tomhaltas príobháideach de bheith ag fás, agus go meastar go gcuirfear dlús leis an bhfás infheistíochta. In 2026, meastar go dtiocfaidh méadú 2,6 % ar an bhfíor-OTI, ós rud é go dtuartar go leanfaidh tomhaltas príobháideach agus poiblí agus infheistíocht phríobháideach agus phoiblí de bheith ag fás. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2024-2026), meastar go dtiocfaidh laghdú beag ar fhás OTI ionchasaigh sa tSlóivéin ó 2,6 % in 2023 go 2,5 % in 2026, laghdú arb é rannchuidiú níos ísle ó shaothar is cúis leis. Ba é 3,7 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh-mheasann an Coimisiún gurb é 3,5 % a bheidh ann in 2024 agus 3,6 % in 2025 agus 3,6 % in 2026. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 7,2 % in 2023 go 2,1 % in 2024 agus go sroichfidh sé 3,2 % in 2025 agus 2,1 % in 2026. |
|
(15) |
Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí in easnamh rialtais ghinearálta na Slóivéine 2,6 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, sroichfidh sé 2,4 % de OTI in 2024 agus laghdóidh sé a thuilleadh go 2,1 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, cobhsóidh sé ag 2,1 % in 2026. Áirítear i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na Slóivéine le haghaidh 2025 a mhol an rialtas don pharlaimint náisiúnta i mí Mheán Fómhair. Ba é 68,4 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas fiachais go 67,1 % de OTI ag deireadh 2024. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú breise air go 64,4 % de OTI ag deireadh 2025 agus go 63,1 % ag deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha go dtí go mbeidh bearta beartais nithiúla a fhógrófar go hinchreidte agus a shonrófar go leormhaith ina mbonn taca leo. |
An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean
|
(16) |
Cumhdaítear le plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Slóivéine an tréimhse 2025-2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair i gcaitheamh 4 bliana. |
|
(17) |
Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean. |
|
(18) |
Tugtar gealltanas sa phlean i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 4,5 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2028. An meánfhás glanchaiteachais arna thuairisciú sa phlean le haghaidh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028), is airde é ná an chonair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024. Glactar leis sa phlean go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ó 2,9 % in 2024 go 2,1 % in 2028 ar fhás OTI ionchasaigh. Ina theannta sin, meastar sa phlean go laghdóidh ráta fáis an díbhoilsceora OTI ó 3,0 % in 2024 go 3,7 % in 2025, sula laghdóidh sé go 2,9 % in 2026 agus go 2,8 % in 2028. Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na Slóivéine
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta
|
(19) |
Dá dtiocfadh an chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean mar aon leis na toimhdí bunúsacha i gcrích, thiocfadh laghdú de réir a chéile ar fhiachas rialtais ghinearálta, de réir an phlean, ó 67,5 % in 2024 go 61,2 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028), de réir an tábla seo a leanas. Tar éis an choigeartúcháin, sa mheántéarma (i.e. go dtí 2038), beidh laghdú leanúnach ag teacht ar an gcóimheas fiachais go dtí 2035, de réir an phlean, agus sroichfidh sé 54,5 % de OTI. Ina dhiaidh sin, mhéadódh sé go mall go 55,6 % de OTI faoi 2038. Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Slóivéine
Dá bhrí sin, de réir an phlean, thabharfaí an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma. Tá sé sin inchreidte bunaithe ar thoimhdí an phlean, ós rud é go réamh-mheasfaí go bhfanfadh an fiachas faoi bhun 60 % de OTI faoi 2038 de réir gach tástála struis cinnteachaíche in Anailís an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir le fiachas mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (a), agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263. |
||||||||||||||||||||||||||||||||
Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an gcomhardú rialtais ghinearálta
|
(20) |
Ar bhonn chonair ghlanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, laghdódh an t-easnamh rialtais ghinearálta de réir a chéile ó 2,9 % de OTI in 2024 go 1,2 % de OTI in 2028. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin 2028. Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an t-easnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (b), agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263. |
Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh
|
(21) |
Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh, arna tomhas mar an t-athrú ar an bpríomhchomhardú struchtúrach, mar a thuairiscítear sa phlean, is próifíl líneach í, mar a cheanglaítear le hAirteagal 6, pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gclásal i dtaca leis an gcoimirce maidir le siarchoinneáil a chosc a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (c), agus san fhoráil idirthréimhseach in Airteagal 36(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2024/1263. Tábla 4: Forbairtí maidir le príomhchomhardú struchtúrach i bplean na Slóivéine
|
||||||||||||||||||||||||||||
Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh
|
(22) |
I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, níor cheart an coigeartú bliantúil ar an bpríomhchomhardú struchtúrach a bheith níos lú ná 0,4 pointe céatadáin de OTI más rud é gur fhan an t-easnamh struchtúrach os cionn 1,5 % de OTI sa bhliain roimhe sin, chun corrlach coiteann athléimneachta 1,5 % de OTI a bhaint amach i dtéarmaí struchtúracha. Maidir leis an gcoigeartú fioscach bliantúil a eascraíonn as gealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, 0,4 % de OTI a bheidh ann le linn na tréimhse coigeartúcháin ina hiomláine. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh. |
Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais
|
(23) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1263, ós rud é go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta idir 60 % agus 90 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin de réir an phlean, ní mór an cóimheas fiachais a laghdú 0,5 pointe céatadáin ar a laghad ar an meán in aghaidh na bliana go dtí go dtitfidh sé faoi bhun 60 %. Ríomhtar an meánlaghdú sin thar an tréimhse 2024-2028 agus is éard atá ann 1,6 pointe céatadáin (féach Tábla 3). Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, tá an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean comhsheasmhach leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais. |
Toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha an phlean
|
(24) |
Tá an plean bunaithe ar thacar toimhdí atá éagsúil le toimhdí an Choimisiúin a tarchuireadh chuig an tSlóivéin an 21 Meitheamh 2024. Go sonrach, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean maidir le hocht n-athróg, is iad sin na sonraí stairiúla nuashonraithe, staid tosaigh 2024 (lena n-áirítear an t-easnamh príomha agus an sciar den chaiteachas príomhúil in 2024), fás OTI ionchasaigh, fás díbhoilsceora OTI, fás fíor-OTI, rátaí úis, coigeartuithe sreabhaidh i leith stoic agus bearta aonuaire. Is gá measúnú cúramach a dhéanamh ar na difríochtaí sin idir toimhdí chun a áirithiú go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta bunaithe ar shonraí mar bhonn taca leo, go háirithe ós rud é go bhfuil an meánfhás glanchaiteachais sa phlean níos airde ná an meánfhás glanchaiteachais sa chonair thagartha. Liostaítear thíos na difríochtaí idir na toimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach difríocht idir toimhdí a bhreithnítear ina haonar.
Níl tionchar mór ag na difríochtaí atá fágtha ar mheánfhás an ghlanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin. Ar an iomlán, is é an toradh atá ar na difríochtaí uile idir toimhdí a ghlactar le chéile meánfhás glanchaiteachais sa phlean is airde ná an chonair thagartha. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, comhlíonann an plean an ceanglas faoi Airteagal 13(b) de Rialachán (AE) 2024/1263. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe a dhéanfaidh sé amach anseo ar chomhlíonadh an mholta seo. |
Straitéis fhioscach an phlean
|
(25) |
De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, déanfar na gealltanais maidir le glanchaiteachas a thabhairt i gcrích trí bhíthin smacht ar chaiteachas agus méaduithe lánroghnacha ar ioncam. Le haghaidh 2025, fógraítear sa phlean ranníocaíocht nua éigeantach le cúram fadtéarmach a bheidh le tobhach ón 1 Iúil 2025, cáin níos airde ar astaíochtaí CO2, cánachas níos airde ar dheochanna alcólacha agus ar dheochanna arna mbreisiú le siúcra, agus tarraingt siar na mbeart atá fágtha chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú. Déanfar na gnóthachain ioncaim a fhritháireamh go páirteach le méaduithe caiteachais a d’fhéadfadh teacht as athchóiriú pá na hearnála poiblí a thabharfar isteach de réir a chéile i gcaitheamh na tréimhse 2025-2028. Luaitear sa phlean go dtosóidh Seirbhís Airgeadais Phoiblí um Iniúchóireacht Inmheánach san Aireacht Airgeadais ag tabhairt aghaidh ar easnaimh san iniúchadh inmheánach reatha ar airgeadas poiblí in 2025. Ina theannta sin, in 2026 agus ina dhiaidh sin, tá sé beartaithe sa phlean go ndéanfar tuilleadh beart cánach, athchóiriú ar phinsin agus ar chúram fadtéarmach, agus an t-athchóiriú sláinte. Na hathchóirithe ar phinsin, sláinte agus cúram fadtéarmach, agus athchóiriú pá na hearnála poiblí, cuimsítear iad leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta. Chomhaontaigh an rialtas leasuithe ar an reachtaíocht pinsean a dhréachtú agus tá sé i mbun comhairliúcháin leis na comhpháirtithe sóisialta faoi láthair. Glacadh an t-athchóiriú ar chúram fadtéarmach, táthar á chur chun feidhme de réir a chéile, agus tiocfaidh ranníocaíocht éigeantach nua i bhfeidhm in 2025. Tá sonraíocht na mbeart beartais atá le glacadh le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. An tráth céanna, tá rioscaí ann maidir le cur chun feidhme na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, a eascraíonn as róchaiteachas a bhaineann le hathchóirithe leanúnacha ar chóras pá na hearnála poiblí, leis na hathchóirithe ar chúram fadtéarmach agus ar shláinte, mar aon le tionscadail mhóra infheistíochta. Ina theannta sin, sonraítear sa Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025 na bearta beartais trína mbainfear amach an gealltanas glanchaiteachais le haghaidh 2025 (9). |
Athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais
|
(26) |
Déantar cur síos sa phlean ar rúin bheartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun freagairt ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Tá seacht n-athchóiriú chuimsitheacha sa phlean (athchóiriú pinsean, athchóiriú sláinte, athchóiriú ar chúram fadtéarmach, athchóiriú ar chóras pá na hearnála poiblí, beartas tithíochta, athruithe san oideachas agus athruithe cánach). Áirítear sa phlean freisin bearta i réimsí eile, mar shampla, borradh a chur faoin táirgiúlacht, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Cuimsítear breis agus 40 athchóiriú agus infheistíocht sa phlean. |
|
(27) |
Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le haistriú cóir glas agus digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuimsítear leis an bplean roinnt gníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha. I measc nithe eile, tá Acht maidir leis an Aeráid á ullmhú chun dul i ngleic le hathruithe aeráide agus aeráidneodracht a bhaint amach sa tSlóivéin faoi 2045. Sa chomhthéacs sin, tá sé beartaithe ag an tSlóivéin bearta a neartú in aghaidh an athraithe aeráide agus tubaistí aeráide, agus béim á leagan ar thuilte. Tá roinnt infheistíochtaí dírithe ar bhorradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach, trí úsáid éifeachtúil acmhainní a mhéadú, éiceanuálaíochtaí a chur chun cinn agus bainistiú dramhaíola a fheabhsú. Tá Straitéis Forbartha Iompair 2030 dírithe ar phleanáil chuimsitheach iompair agus soghluaisteachta inbhuanaithe. Tá spriocanna á gcur chun feidhme ag an tSlóivéin a shainítear i Straitéis um Chlaochlú Digiteach 2030, ar spriocanna iad a léirítear freisin i dTreochlár Straitéiseach Náisiúnta um an Deacáid Dhigiteach 2030. Áirítear leis sin bearta i réimse na nascachta ó Phlean Forbartha Bonneagair Ghigighiotáin 2030, i réimse na n-ardteicneolaíochtaí digiteacha agus an bhonneagair dhigitigh, agus i réimse an chlaochlaithe dhigitigh gnólachtaí agus scileanna digiteacha (e.g. Cur Chun Cinn an Ghnímh um Chuimsiú Digiteach). Tá roinnt doiciméad straitéiseach á gcur chun feidhme, mar shampla an Plean um Bonneagar Gigighiotáin 2030, an Straitéis um Chlaochlú Digiteach an Gheilleagair 2030 agus an Straitéis um Sheirbhísí Poiblí Digiteacha 2030. Cuirtear roinnt de na bearta dá dtugtar tacaíocht tríd an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus ó chistí an bheartais chomhtháthaithe chun cinn freisin mar bhearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le haistriú cothrom glas agus digiteach, mar shampla claochlú digiteach an gheilleagair (gnó agus tionscal), glasú an bhonneagair oideachais sa tSlóivéin, claochlú cuimsitheach an oideachais ghlais agus dhigitigh agus acmhainneacht an bhonneagair iarnróid a mhéadú. Na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa phlean, tá siad beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2020 chun beartas eacnamaíoch a bhaineann le hinfheistíocht a dhíriú ar thaighde agus nuálaíocht, aistriú ísealcharbóin, iompar inbhuanaithe, mar shampla iarnróid agus bonneagar comhshaoil, agus éagothromaíochtaí réigiúnacha á gcur san áireamh; Moladh tírshonrach 2020 chun cumais dhigiteacha gnólachtaí a chur chun cinn agus scileanna digiteacha, ríomhthráchtáil agus ríomhsheirbhísí sláinte a neartú; agus moladh tírshonrach 2022 chun infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. |
|
(28) |
Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuimsítear leis an bplean roinnt gníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha. I measc na bpríomhbheart a chuirtear chun cinn, tá an t-athchóiriú pinsean, an t-athchóiriú sláinte agus an t-athchóiriú ar chúram fadtéarmach. Luaitear sa phlean go n-áiritheofar leis an athchóiriú pinsean inbhuanaitheacht chóras na bpinsean, leibhéal leordhóthanach pinsean, agus go gcomhlánófar é le bearta breise a bhaineann leis an margadh saothair, chun rannpháirtíocht oibrithe scothaosta go háirithe a threisiú. Tugtar tuairisc sa phlean ar roinnt beart beartais agus infheistíochtaí agus infheistíochtaí a glacadh agus atá beartaithe i réimse an oideachais, scileanna agus na foghlama ar feadh an tsaoil, agus déantar tagairt ann d’ullmhú Plean Gníomhaíochta chun táirgiúlacht agus iomaíochas a mhéadú. I measc na mbeart eile tá Straitéis chun an Margadh Caipitil a Fhorbairt sa tSlóivéin i gcaitheamh na tréimhse 2023-2030. Áirítear sa phlean freisin glacadh straitéis na Slóivéine um ghnólachtaí nuathionscanta. Is é is aidhm d’athruithe ar mhaoiniú gníomhaíochtaí taighde eolaíoch agus nuálaíochta borradh a chur faoin infheistíocht in T&F go 3,5 % de OTI faoi 2030. Áirítear sa phlean bearta beartais atá beartaithe maidir le hinacmhainneacht tithíochta. Tá sé beartaithe freisin le roinnt de na bearta dá dtugtar tacaíocht tríd an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus trí bheartas comhtháthaithe an Aontais, lena n-áirítear na bearta sin i gColún III den Chiste um Aistriú Cóir, aghaidh a thabhairt ar an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, mar shampla, stoc na tithíochta poiblí ar cíos a neartú, cóireáil éifeachtach a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha, teacht isteach níos tapa daoine óga sa mhargadh saothair, lucht saothair oilte a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair. Glacadh nó beartaíodh roinnt beart chun lánpháirtiú oibrithe eachtracha sa mhargadh saothair agus sa tsochaí a éascú agus chun dlús a chur leis sin. Leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa phlean, tá sé beartaithe aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2024 chun inbhuanaitheacht agus leordhóthanacht fhadtéarmach chóras na bpinsean a áirithiú; Moladh tírshonrach 2019 chun infhostaitheacht oibrithe ar bheagán oiliúna agus oibrithe scothaosta a mhéadú; Moladh tírshonrach 2019 chun feabhas a chur ar iomaíocht, gairmiúlú agus maoirseacht neamhspleách sa soláthar poiblí (a dtugtar aghaidh air tríd an bplean téarnaimh agus athléimneachta); Moladh tírshonrach 2020 chun feabhas a chur ar scéimeanna oibre gearr-ama agus ar shocruithe solúbtha oibre agus chun a áirithiú go gcuirfear cosaint leordhóthanach ar fáil d’oibrithe neamhchaighdeánacha leis na bearta sin; Moltaí tírshonracha 2019, 2020, 2022, 2023 agus 2024 chun athléimneacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach an chórais sláinte agus an chórais cúraim fhadtéarmaigh; Moltaí tírshonracha 2022, 2023 agus 2024 chun ioncam cánach a athchothromú i dtreo foinsí a bheidh níos fabhraí don fhás agus foinsí níos inbhuanaithe; Moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2024 chun cuideachtaí ardfháis a chruthú trí fheabhas a chur ar na dálaí d’infheistíocht caipitil fiontair agus d’infheisteoirí institiúideacha, leachtacht agus maoiniú a sholáthar do ghnólachtaí agus tacú le forbairt margaí cothromais agus feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó; agus moladh tírshonrach 2024 chun an t-iomaíochas a neartú trí bhorradh a chur faoi scileanna. |
|
(29) |
Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le slándáil fuinnimh, áirítear sa phlean roinnt gníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha. I measc gníomhartha eile, déantar tagairt ann don Acht Fuinnimh a glacadh, agus i measc na ngníomhartha sin atá fós á n-ullmhú, déantar tagairt ann don Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (NECP) agus don Acht maidir le hAthstruchtúrú Mhianach Velenje. Maidir le roinnt de na bearta dá dtugtar tacaíocht tríd an bplean téarnaimh, go háirithe comhchuid REPowerEU, agus an Ciste um Aistriú Cóir faoi bheartas comhtháthaithe an Aontais, tá siad ina rannchuidiú leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann leis an tslándáil fuinnimh, mar shampla, tríd an líonra dáileacháin leictreachais a neartú agus trí athchóiriú fuinnimh foirgneamh san earnáil phoiblí a phleanáil agus a mhaoiniú, agus trí bhonneagar breoslaí malartacha a chur chun úsáide. Leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa phlean, tá sé beartaithe aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2022 agus 2023 chun an spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí dhlús a chur le cur chun úsáide foinsí fuinnimh in-athnuaite agus trí chur chun feidhme beart éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú; agus moltaí tírshonracha 2022 agus 2023 chun leictriú earnáil an iompair a chur chun cinn. |
|
(30) |
Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le cumais chosanta, cuimsítear leis an bplean an tAcht maidir le Cistí Infheistíochta a Sholáthar d’Arm na Slóivéine a glacadh sa tréimhse 2021 go 2026, lena gcuirtear EUR 780 milliún ar fáil don arm. |
|
(31) |
Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, comhlántacht, le cistí de chuid bheartas comhtháthaithe an Aontais agus le plean téarnaimh agus athléimneachta na Slóivéine. Déantar tagairt sa phlean do roinnt beartas a dtacaítear leo tríd an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus trí chistí comhtháthaithe an Aontais. Thairis sin, áirítear sa phlean táblaí comhghaoil maidir le cé hiad na réimsí beartais, arna maoiniú le Clár an Bheartais Comhtháthaithe Eorpaigh 2021-2027, agus cé hiad na moltaí tírshonracha a dtugtar aghaidh orthu leo. |
|
(32) |
Tugtar forléargas sa phlean ar phríomhriachtanais infheistíochta poiblí na Slóivéine a bhaineann le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le haistriú cóir, glas agus digiteach, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide, sainaithnítear sa phlean riachtanais infheistíochta maidir le húsáid éifeachtúil fuinnimh, bonneagar iompair (iarnróid) agus soghluaisteacht inbhuanaithe. Áirítear leis sin bonneagar rothaíochta, moil ilmhódacha chomh maith le bonneagar feabhsaithe iompair phoiblí agus bonneagar feabhsaithe do choisithe. Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, sainaithnítear sa phlean riachtanais infheistíochta i réimsí an chúraim sláinte, an chúraim fhadtéarmaigh agus an bheartais tithíochta. Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann leis an tslándáil fuinnimh, sainaithnítear sa phlean riachtanais infheistíochta maidir le nascacht na gcóras agus na líonraí fuinnimh, ar mhaithe le hacmhainneachtaí táirgthe (gléasraí grianchumhachta) agus ar mhaithe le haistriú cóir na réigiún guail. Is é is aidhm don phlean rannchuidiú chun freastal ar riachtanais infheistíochta poiblí na Slóivéine a bhaineann le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Maidir leis an tosaíocht chomhchoiteann a bhaineann le cumais chosanta, sainaithnítear sa phlean riachtanais infheistíochta maidir le cumais chomhraic agus le haghaidh a dtacaíochta, lóistíocht, bonneagar míleata agus maidir le hacmhainneachtaí le haghaidh ceannais agus rialú. De réir an phlean, tá sé beartaithe sa Rún maidir le Clár Ginearálta Forbartha Fadtéarmaí agus Trealaimh Fhórsaí Armtha na Slóivéine go dtí 2040 caiteachas cosanta a bhaint amach ag 2 % den OTI faoi 2030, i gcomhréir le gealltanas ECAT. Tá sé beartaithe 20 % den chaiteachas cosanta a leithdháileadh ar infheistíocht. |
Conclúid an mheasúnaithe ón gCoimisiún
|
(33) |
Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Slóivéine ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263. |
CONCLÚID FHORIOMLÁN ÓN gCOMHAIRLE
|
(34) |
Is díol sásaimh don Chomhairle plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Slóivéine agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le tacú le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach. |
|
(35) |
Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an bplean. Mar sin féin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a mheasúnú ar phleananna amach anseo a chur i láthair i ndoiciméad ar leithligh ó na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle. |
|
(36) |
Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean, lena n-áirítear maidir leis an treoir arna tabhairt roimh ré ag an gCoimisiún, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean d’easnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin, lena n-áirítear chun freastal ar shonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch agus do na toimhdí bunúsacha agus do sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Go háirithe, is díol sásaimh don Chomhairle freisin go raibh na páirtithe leasmhara ábhartha rannpháirteach ar an leibhéal náisiúnta sular tíolacadh an plean. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta. |
|
(37) |
Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh an tSlóivéin réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn le cás an phlean. |
|
(38) |
Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach. |
|
(39) |
Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin infheistíochtaí agus athchóirithe a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh. |
|
(40) |
Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ón tSlóivéin ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. |
|
(41) |
I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais mar a leagtar amach sa phlean í a mholadh don tSlóivéin. |
AG MOLADH LEIS SEO go ndéanfadh an tSlóivéin mar a leanas:
|
1. |
A áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).
(2) Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).
(3) Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).
(4) Glanchaiteachas, mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan: (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(5) Cuimsítear leis an treoir a tugadh roimh ré do na Ballstáit agus don gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais conairí gan síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin agus le síneadh a chur léi (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach). Cuimsítear inti freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheastacháin fiachais meántéarmach rialtais an Choimisiúin Eorpaigh. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear i dTuarascáil Faireacháin an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-sustainability-monitor-2023_en). Is ar Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2033 atá sí bunaithe, agus tá fás fadtéarmach OTI agus na costais aosaithe i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ar an Aosú ón gCoimisiún agus ón gComhairle (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_en).
(6) https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_en#slovenia.
(7) An Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na Slóivéine, 26.11.2024, C(2024) 9064 final.
(8) Moladh ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na Slóivéine.
(9) Féach Tuairim ón gCoimisiún maidir le Dréachtphlean Buiséadach na Slóivéine, 26.11.2024, C(2024) 9064 final.
IARSCRÍBHINN I
Uasrátaí fáis glanchaiteachais
(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)
an tSlóivéin
|
Blianta |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
|
|
Rátaí fáis (%) |
Bliantúil |
5,6 |
4,4 |
4,1 |
4,0 |
|
Carnacha (*1) |
12,1 |
17,0 |
21,8 |
26,6 |
|
(*1) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2023. Úsáidtear na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex postsa chuntas rialaithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/640/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)