|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/866 |
7.5.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/866 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Aibreán 2025
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 85 i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus Airteagal 218(7) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 47(1) agus Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) go bhféadfaidh Eurojust comhar a bhunú agus a choinneáil le húdaráis tríú tíortha bunaithe ar straitéis chomhair. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 56(2)(c) de Rialachán (AE) 2018/1727, féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír ar choinníoll, inter alia, comhaontú idirnáisiúnta a bheith tugtha i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena bhforáiltear do choimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint. |
|
(3) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2024/2704 ón gComhairle (3), síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (‘an Comhaontú’) an 28 Deireadh Fómhair 2024, thar ceann an Aontais. |
|
(4) |
Leis an gComhaontú, is féidir sonraí pearsanta a aistriú idir Eurojust agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine, d’fhonn an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus slándáil an Aontais agus a chuid saoránach a chosaint. |
|
(5) |
Áirithítear leis an gComhaontú go n-urramófar ina n-iomláine cearta bunúsacha an Aontais, go háirithe an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, a leagtar síos in Airteagail 7, 8 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,. Go háirithe, áirítear sa Chomhaontú coimircí leordhóthanacha chun sonraí pearsanta arna n-aistriú ag Eurojust faoin gComhaontú a chosaint. |
|
(6) |
De bhun Airteagal 218(7) CFAE, is iomchuí don Chomhairle údarú a thabhairt don Choimisiún na modhnuithe ar Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais, módúlachtaí a chomhaontú maidir le leanúint d’úsáid agus de stóráil na faisnéise a cuireadh in iúl cheana idir na Páirtithe de bhun an Chomhaontaithe agus an fhaisnéis faoi sheolaí na bhfógraí a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(7) |
Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2018/1727 agus tá sí, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis anCFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(9) |
Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a Thuairim 20/2024 uaidh an 6 Meán Fómhair 2024. |
|
(10) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
|
(11) |
I gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 29(2) den Chomhaontú a thabhairt, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (‘an Comhaontú’) a fhormheas, thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
Rachaidh an Coimisiún ar aghaidh, thar ceann an Aontais, chun an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 29(2) den Chomhaontú a thabhairt, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gcomhaontú a chur in iúl.
Airteagal 3
1. Chun críocha Airteagal 30(2) den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na modhnuithe ar Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas.
2. Chun críoch Airteagal 33(3) den Chomhaontú, údarófar an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, módúlachtaí a chomhaontú maidir le leanúint d’úsáid agus stóráil na faisnéise a cuireadh in iúl cheana idir na Páirtithe de bhun an Chomhaontaithe.
3. Chun críoch Airteagal 34(2) den Chomhaontú, údarófar an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, an fhaisnéis faoi sheolaí na bhfógraí a thabhairt cothrom le dáta.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 14 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Toiliú ón 2 Aibreán 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an Cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).
(3) Cinneadh (AE) 2024/2704 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (IO L, 2024/2704, 16.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2704/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/866/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)