<!DOCTYPE html PUBLIC "yes" "xhtml1-strict.dtd">
<html xmlns="http://www.w3.org/1999/xhtml">
<!--GENDOC2XHTML # converter_version: 1.2.15-->
  <head>
    <title>2024-10-202410C115202301440-00-TRA-DOC-GA-CONCL-C-0144-23-202404946-07_00</title>
    <meta content="text/html; charset=utf-8" http-equiv="Content-Type"/>
    <meta content="" name="Gendoc_DGTGeneratedDate"/>
    <meta content="0" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_ContentBits"/>
    <meta content="Commission Use" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Name"/>
    <meta content="ga-IE" name="Gendoc_Lang"/>
    <meta content="" name="Gendoc_GenerationDate"/>
    <meta content="" name="IsFlattened"/>
    <meta content="1" name="NumProc"/>
    <meta content="Final" name="Gendoc_EditionType"/>
    <meta content="0001" name="Gendoc_CaseNumberSuite"/>
    <meta content="15/01/2026 17:04:23" name="Gendoc_LastVerificationDate"/>
    <meta content="" name="Gendoc_ProcedureNumber"/>
    <meta content="ga" name="Gendoc_LangCode"/>
    <meta content="CNC" name="TypeDoc"/>
    <meta content="osquWLpo4SSlv8NsZrrv7gsj/z3Dh/y9dSRsvW1n5BgttdJOvwK9BfTF3ukhysWBK2AkQgxuKh9Q4JCkOX91jN1jGHBICwZzZIP/tgFGDuseu3AhQ+3A6u0Bp5wI0CHMAvYLP1XXZM7/3p5JLJh4TrguEOQ/QD7ZbfsuVQ0jHX8=" name="GenDocUID"/>
    <meta content="P" name="TypeProc"/>
    <meta content="" name="CreateCustomParts"/>
    <meta content="OK" name="ReadyToPublish"/>
    <meta content="farrech" name="Gendoc_User"/>
    <meta content="" name="EP_Mode"/>
    <meta content="" name="Gendoc_DGTGenerated"/>
    <meta content="" name="Gendoc_Vademecum"/>
    <meta content="true" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Enabled"/>
    <meta content="bc7255d5-8d64-4db5-90bc-a258dc9bb9d9" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_ActionId"/>
    <meta content="0144" name="NumeroOrdre"/>
    <meta content="2023" name="Annee"/>
    <meta content="P" name="Gendoc_ProcedureType"/>
    <meta content="" name="EP_Version"/>
    <meta content="GA" name="Langue"/>
    <meta content="farrech" name="Gendoc_DGTGeneratedUser"/>
    <meta content="b24c8b06-522c-46fe-9080-70926f8dddb1" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_SiteId"/>
    <meta content="FAST_document_go_green" name="Gendoc_LastVerificationStatus"/>
    <meta content="CNC_C" name="Gendoc_GendocTemplateType"/>
    <meta content="TRUE" name="WithoutAuthorBlockFlatP"/>
    <meta content="GenDoc 24-06-24 10:07:25" name="Created"/>
    <meta content="" name="Canevas3_Vademecum"/>
    <meta content="2025-06-20T09:29:08Z" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_SetDate"/>
    <meta content="TRUE" name="WithoutAuthorBlock"/>
    <meta content="" name="Gendoc_CaseYear"/>
    <meta content="false" name="Generation_In_Progress"/>
    <meta content="C" name="Juridiction"/>
    <meta content="60cbc8028b9e4fb48f0d032eb130e304" name="DocumentIdentifier"/>
    <meta content="0144" name="Gendoc_CaseNumber"/>
    <meta content="ImportedWithoutSource" name="SdlIdentifier"/>
    <meta content="RP" name="NatureAff"/>
    <meta content="RP" name="Gendoc_CaseNature"/>
    <meta content="0001" name="NumSuite"/>
    <meta content="C" name="Gendoc_Juridiction"/>
    <meta content="Standard" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Method"/>
  </head>
  <body>
    <div style="header">
      <div id="rId24" style="first"/>
      <div id="rId20" style="even">Tuairim Emiliou — Cás C‑144/23</div>
      <div id="rId21" style="default">KUBERA</div>
    </div>
    <p class="C36Centre" id="para-1" title="page-1">
      TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA
    </p>
    <p class="C36Centre" id="para-2" title="page-1">
      EMILIOU
    </p>
    <p class="C36Centre" id="para-3" title="page-1">
      arna tabhairt an 18 Meitheamh 2024  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-1" href="#t-1">1</a>
</span>)
      
    </p>
    <p class="C38Centregrasgrandespacement" id="para-4" title="page-1">
      Cás C‑144/23
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-5" title="page-1">
      KUBERA, trgovanje s hrano in pijačo, d.o.o.
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-6" title="page-1">
      v
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-7" title="page-1">
      Poblacht na Slóivéine
    </p>
    <p class="C39Centreespacement" id="para-8" title="page-1">
      (Iarraidh ar réamhrialú ón Vrhovno sodišče (an Chúirt Uachtarach, an tSlóivéin))
    </p>
    <p class="C71Indicateur" id="para-9" title="page-1">
      (Tarchur chun réamhrialú – An tríú mír d’Airteagal 267 CFAE – Oibleagáid ar chúirteanna nó binsí náisiúnta céime deiridh tarchur chun réamhrialú a dhéanamh – Eisceachtaí ón oibleagáid sin – Cásdlí CILFIT – Sásra scagtha – Cúirt Uachtarach Ballstáit – Cead chun achomharc a dhéanamh ar phointe dlí – Cinneadh lena ndiúltaítear iarratas ar chead chun achomharc a dhéanamh – Airteagal 47 den Chairt – Ceart chun triail chóir a fháil – Ráiteas ar chúiseanna)
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-10" title="page-2">
      
        <br/>
      
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">I.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Réamhrá</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">1.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is cinnte nach feiniméan nua é na deacrachtaí a bhíonn ag comhlachtaí breithiúnacha, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon, maidir lena nduillíní a bhainistiú go héifeachtúil, mar gheall ar an líon mór díospóidí a thugtar os a gcomhair. Ar chúiseanna soiléire, tá an fhadhb le brath níos géire i gcónaí ag na cúirteanna a shuíonn ag rinn an chórais bhreithiúnaigh, a shanntar tasc dóibh go ginearálta chun comhsheasmhacht agus cruinneas an chásdlí a áirithiú.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-2" href="#t-2">2</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">2.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tá na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar ró-ualach oibre soiléir agus, dá bhrí sin, ní gá ach tagairt ghairid a dhéanamh dóibh: inter alia, moilleanna suntasacha maidir le déileáil le cásanna, cáilíocht níos ísle na gcinntí breithiúnacha, staid fhada éiginnteachta dlíthiúla agus costais dlíthíochta níos airde do na daoine aonair lena mbaineann agus, ar bhealach níos indírí, don tsochaí ina hiomláine.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">3.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is é ceann de na sásraí a úsáideadh go traidisiúnta chun ligean do na cúirteanna is airde smacht a choinneáil ar a nduillíní agus teorainn a chur leis na rioscaí thuasluaite dá réir ná cur ar a gcumas a bheag nó a mhór, na cásanna gur mian leo a chloisteáil agus cinneadh a dhéanamh ina leith a roghnú (nó, i gcórais áirithe, na ceisteanna dlí freisin).  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-3" href="#t-3">3</a>
</span>) Léiríodh i nóta taighde a dhréachtaigh Stiúrthóireacht um Thaighde agus um Dhoiciméadú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Aibreán 2013 go bhfuil treocht áirithe ann le blianta beaga anuas, ar fud Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, maidir le sásraí scagtha a bhunú le haghaidh achomhairc os comhair na cúirte is airde. Go deimhin, tá cineálacha áirithe sásraí scagtha ann anois i roinnt Ballstát.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-4" href="#t-4">4</a>
</span>) Ina theannta sin, leasaíodh Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Reacht’)  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-5" href="#t-5">5</a>
</span>) in 2019 chun sásra scagtha a thabhairt isteach le haghaidh achomhairc a bhaineann le cinntí ó ghníomhaireachtaí agus oifigí áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-6" href="#t-6">6</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">4.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar sin féin, léirítear sa nóta sin freisin, i roinnt Ballstát, go meastar go bhfuil fadhbanna ag baint le sásraí comhchosúla a thabhairt isteach (nó gur diúltaíodh amach is amach iad) ós rud é, cé go bhféadfaidís cabhrú leis na cúirteanna náisiúnta a nduillíní a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí, tá sé d’éifeacht ag na sásraí sin freisin rochtain dlíthithe áirithe ar an gcúirt a theorannú. D’fhéadfadh sé sin, dá réir sin, roinnt teannais a chruthú maidir leis an gceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil, mar a aithnítear sna dlíthe náisiúnta ábhartha, in Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (‘ECHR’) agus – ar deireadh – in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">5.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tugann an cás seo chun tosaigh gné sách sonrach ina leith sin. Go deimhin, fiafraítear den Chúirt an bhféadfaí sásraí scagtha ar an leibhéal náisiúnta a réiteach leis an oibleagáid atá ar chúirteanna náisiúnta céime deiridh, faoin tríú mír d’Airteagal 267 CFAE, tarchur chun réamhrialú a dhéanamh chuig an gCúirt nuair a tharraingítear saincheist maidir le léiriú ar dhlí an Aontais anuas i nós imeachta atá ar feitheamh os a gcomhair, agus, más amhlaidh go bhféadfaí, cad iad na coinníollacha faoina bhféadfaí sin a dhéanamh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">II.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An dlí náisiúnta</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">6.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">In Airteagal 367(1) den Zakon o pravdnem postopku (an tAcht um Nós Imeachta Sibhialta; ‘an ZPP’),  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-7" href="#t-7">7</a>
</span>) is infheidhme maidir le díospóidí riaracháin de bhua Airteagal 22(1) den Zakon o upravnem sporu (an Gníomh um Imeachtaí Riaracháin),  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-8" href="#t-8">8</a>
</span>) sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí, léitear an méid seo a leanas:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-19" title="page-4">
      ‘Féadfaidh na páirtithe achomharc le haghaidh athbhreithniú i gcoinne breithiúnas críochnaitheach a tugadh ag an dara céim a thaisceadh laistigh de 15 lá tar éis fógra a fháil faoi chinneadh na Cúirte Uachtaraí an t‑achomharc a cheadú.’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">7.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Faoi théarmaí Airteagal 367a den ZPP:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-21" title="page-4">
      ‘(1) Ceadóidh an chúirt achomharc le haghaidh athbhreithniú más féidir a bheith ag súil le cinneadh na Cúirte Uachtaraí maidir le ceist dlí atá tábhachtach chun deimhneacht dhlíthiúil, cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an dlí nó forbairt an dlí a áirithiú trí chásdlí. Go háirithe, tugann an chúirt cead achomhairc sna cásanna seo a leanas:
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">más ceist dlí í lena n‑imíonn breith na cúirte dara céime ó chásdlí na Cúirte Uachtaraí; nó</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">más ceist dlí í nach bhfuil aon chásdlí de chuid na Cúirte Uachtaraí ann ina leith, go háirithe mura bhfuil cásdlí na gcúirteanna níos airde aonfhoirmeach; nó</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">más ceist dlí í nach bhfuil cásdlí na Cúirte Uachtaraí aonfhoirmeach ina leith.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-25" title="page-5">
      (2) Cinnfidh an Chúirt Uachtarach cead achomhairc a thabhairt ar bhonn iarratas ó pháirtí ar chead achomhairc.’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">8.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 367b de ZPP:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-27" title="page-5">
      ‘(1) Déanfaidh páirtí iarratas ar chead achomhairc a chomhdú laistigh de 30 lá ó sheirbheáil bhreithiúnas críochnaitheach na cúirte dara céime.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-28" title="page-5">
      (2) Déanfar iarratas ar chead achomhairc a thaisceadh leis an gCúirt Uachtarach.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-29" title="page-5">
      […]
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-30" title="page-5">
      (4) San iarratas ar chead achomhairc, ní mór don pháirtí an pointe dlí atá faoi dhíospóid agus an smacht reachta a líomhnaítear a bheith sáraithe, na himthosca lena léirítear tábhacht na saincheiste agus ráiteas gearr ar na cúiseanna ar rialaigh an chúirt dara céime go neamhdhleathach ar an tsaincheist a leagan amach ar bhealach beacht sonrach; ní mór tuairisc bheacht shonrach a thabhairt ann ar na neamhrialtachtaí nós imeachta líomhnaithe agus, ar an mbealach céanna, ní mór a léiriú ann gurb ann do chásdlí na Cúirte Uachtaraí lena líomhnaítear gur imigh an cinneadh uaidh, nó neamhréireacht an chásdlí.’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-31" title="page-1">
      
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">9.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 367c de ZPP:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-33" title="page-5">
      ‘(1) Déanfaidh painéal de thriúr breithiúna de chuid na Cúirte Uachtaraí cinneadh le hordú maidir leis an iarratas ar chead achomhairc.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-34" title="page-5">
      (2) Chun na cúiseanna atá le cinneadh ag diúltú d’iarratas ar chead achomhairc a lua, is leor don chúirt a rá i dtéarmaí ginearálta nach bhfuil na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 367a den Acht seo comhlíonta.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-35" title="page-5">
      (3) San ordú lena dtugtar cead achomhairc, cuirfidh an chúirt nó an binse in iúl cén chuid nó cé na pointí sonracha dlí a thabharfar chun achomharc a dhéanamh.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-36" title="page-5">
      (4) Ní dhéanfar aon achomharc i gcoinne cinnidh a cheadú nó a dhiúltú achomharc a cheadú.’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">10.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 370 de ZPP:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-38" title="page-6">
      ‘(1) Féadfar achomharc a dhéanamh mar gheall ar shárú ábhartha ar fhorálacha lena rialaítear imeachtaí os comhair na cúirte céadchéime a raibh an páirtí ag brath air os comhair na cúirte dara céime, mar gheall ar shárú ábhartha ar fhorálacha lena rialaítear imeachtaí os comhair na cúirte dara céime nó ar fhoras earráide dlí.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-39" title="page-6">
      (2) Ní fhéadfar iarratas ar athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar an mbonn go ndearnadh cinneadh fíorais a bhí earráideach nó neamhiomlán.’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">11.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Léitear Airteagal 371 de ZPP mar seo a leanas:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-41" title="page-6">
      ‘Ní dhéanfaidh an chúirt athbhreithnithe athbhreithniú ar an mbreithiúnas a chonspóidtear ach amháin a mhéid agus i ndáil leis na ceisteanna sonracha dlí ar tugadh cead achomhairc ina leith.’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">III.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Fíricí, nós imeachta agus na ceisteanna a tharchuirtear</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">12.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Cheannaigh KUBERA, trgovanje s hrano in pijačo d. o. o. (‘Kubera’), an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, cannaí sa Tuirc den deoch Red Bull a monaraíodh san Ostair agus iompraíodh ar long iad chuig calafort Koper (an tSlóivéin), áit ar cuireadh tús leis an nós imeachta custaim.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">13.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An 15 Meán Fómhair 2021, d’eisigh Finančna uprava Republike Slovenije (Riarachán Airgeadais Phoblacht na Slóivéine) tuairim lena ndearna sé, mar gheall ar shárú amhrasta ar cheart maoine intleachtúla, de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 608/2013,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-9" href="#t-9">9</a>
</span>) an nós imeachta custaim a chur ar fionraí agus na hearraí a urghabháil. Ina dhiaidh sin, an 5 Deireadh Fómhair 2021, d’eisigh an t‑údarás poiblí céanna dhá chinneadh lenar chinn sé earraí Kubera a urghabháil ar feitheamh an chinnidh maidir leis an díospóid a thug an sealbhóir cirt, Red Bull GmbH (an Ostair), chun a chearta maoine intleachtúla a chosaint.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">14.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuir Kubera dhá ghearán riaracháin isteach ar dtús i gcoinne na gcinntí sin, ar diúltaíodh dóibh. Ina dhiaidh sin, thionscain sé dhá chaingean i gcoinne na gcinntí sin, agus dhíbh an Upravno sodišče (an Chúirt Riaracháin, an tSlóivéin) iad ar bhonn, inter alia, Airteagal 1 de Rialachán Uimh. 608/2013.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">15.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar fhreagairt ar na cinntí sin de chuid an Upravno sodišče (an Chúirt Riaracháin), chuir Kubera dhá iarratas isteach ar chead chun achomharc a dhéanamh ar phointe dlí os comhair an Vrhovno sodišče (an Chúirt Uachtarach, an tSlóivéin), ina ndearnadh léiriú Airteagal 1(5) de Rialachán Uimh. 608/2013, arna léamh i gcomhar le haithris 6 de, a ardú mar phointe ábhartha dlí. Sna hiarratais sin, d’iarr Kubera freisin ar an Vrhovno sodišče (an Chúirt Uachtarach), i gcás nach ndearnadh Rialachán Uimh. 608/2013 a léiriú ar an mbealach a mhol sé, bac a chur ar na himeachtaí agus an t‑ábhar a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais. I ndáil leis sin, d’áitigh Kubera nár tugadh aghaidh ar an tsaincheist a ardaíodh sa chás i dtrácht i gcásdlí an Aontais Eorpaigh nó sa chásdlí náisiúnta, in ainneoin a thábhachtaí atá sé i dteorainneacha chumhachtaí na n‑údarás custaim a bhunú.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">16.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sna príomhimeachtaí, tá an Vrhovno sodišče (an Chúirt Uachtarach) den tuairim nach gceadaítear le forálacha an ZPP (‘an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist’) an t‑iarratas ar chead chun achomharc a dhéanamh ar phointe dlí, ar an bhforas nach gcomhlíontar, i bprionsabal, na coinníollacha a leagtar síos chun na críche sin leis an gcód sin. Fiafraíonn an chúirt sin, áfach, an gá freisin, agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an iarratas ar chead chun achomharc a dhéanamh ar phointe dlí, measúnú a dhéanamh ar bhunús iarraidh an pháirtí go ndéanfaí tarchur chun réamhrialú chuig an gCúirt Bhreithiúnais, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, agus an bhfuil sé de cheangal, faoi Airteagal 47 den Chairt, i gcás ina gcinnfidh Cúirt Uachtarach nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an tarchur a dhéanamh mar a iarradh, na cúiseanna atá leis an measúnú sin a lua san ordú lena ndiúltaítear an t‑iarratas ar chead chun achomharc a dhéanamh ar phointe dlí.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">17.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sna himthosca sin, chinn an Vrhovno sodišče (an Chúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-49" title="page-7">
      ‘(1) An gcuirtear bac leis an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE ar fhoráil de [Chód an Nós Imeachta Shibhialta] nach bhfuil an Vrhovno sodišče ([an Chúirt Uachtarach]), in imeachtaí a bhaineann le cead a thabhairt chun achomharc a dhéanamh ar phointe dlí [...], le breithniú a dhéanamh, mar thoradh ar iarraidh an pháirtí go ndéanfaí tarchur chun réamhrialú a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i dtaobh an gá ceist amháin nó níos mó a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun réamhrialú a fháil?
    </p>
    <p class="C10Marge1" id="para-50" title="page-7">
      Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 1:
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-51" title="page-7">
      (2) An gá Airteagal 47 den Chairt, maidir leis an oibleagáid na cúiseanna atá le cinntí breithiúnacha a lua, a léiriú sa chaoi go gciallaíonn gurb ionann cinneadh nós imeachta lena ndiúltaítear iarratas páirtí ar chead chun achomharc a dhéanamh ar phointe dlí [...] faoi Chód an Nós Imeachta Shibhialta agus “cinneadh breithiúnach” nach mór na cúiseanna a lua maidir le cén fáth nár cheart cead a thabhairt don iarraidh ón bpáirtí go ndéanfaí tarchur chun réamhrialú a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa chás i dtrácht?’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">18.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuir Kubera, Rialtas na Slóivéine agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn isteach. Chuir Rialtais na Gearmáine, na Laitvia, na hÍsiltíre, na Slóivéine agus na Fionlainne, mar aon leis an gCoimisiún, argóint ó bhéal i láthair freisin ag an éisteacht an 6 Márta 2024.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">IV.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Anailís</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">A.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An chéad cheist</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">19.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Leis an gcéad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcuirtear cosc leis an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE ar fhoráil nó ar chleachtas náisiúnta ar dá réir, in imeachtaí a bhaineann le cead a thabhairt chun achomharc a dhéanamh ar phointe dlí, nach bhfuil sé d’oibleagáid ar chúirt náisiúnta céime deiridh a mheas an gá ceist amháin nó níos mó a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú, d’ainneoin iarraidh ó pháirtí chuige sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">20.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Le bheith soiléir, ní bhaineann na saincheisteanna a ardaíodh leis an gceist sin ach le ceisteanna maidir le léiriú dhlí an Aontais,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-10" href="#t-10">10</a>
</span>) a ardaíodh os comhair cúirt náisiúnta céime deiridh, i gcás ina bhfuil feidhm ag sásra scagtha lena dtugtar lánrogha áirithe don chúirt atá i gceist chun na cásanna a dtabharfar éisteacht dóibh agus breith orthu a roghnú.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">21.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Go bunúsach, cuireadh dhá sheasamh ar aghaidh os comhair na Cúirte sna himeachtaí reatha. Agus iad á simpliú beagán, is mar seo a leanas atá siad.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">22.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar thaobh amháin, tugann Rialtais na Laitvia, na hÍsiltíre, na Slóivéine agus na Fionlainne – cé go raibh roinnt miondifríochtaí ina seasaimh faoi seach – freagra diúltach ar an gcéad cheist a tharchuirtear. Tá siad den tuairim, má chinneann cúirt náisiúnta céime deiridh, i bhfianaise na gcritéar a leagtar síos sa dlí náisiúnta, nár cheart achomharc a cheadú, nár ardaíodh aon saincheist maidir le dlí an Aontais mar is ceart. Go deimhin, ní scrúdaíonn an chúirt atá i gceist na hargóintí substainteacha a rinne an t‑achomharcóir agus ní dhéanann sí ach an t‑achomharc a dhíbhe ar fhorais nós imeachta. Sna himthosca sin, ní féidir an oibleagáid tarchuir a thionscnamh. Dá bhrí sin, – áitíonn na rialtais sin –, ar choinníoll go gcomhlíontar prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, tá sásraí scagtha amhail an ceann atá i gceist – per se i gcomhréir le dlí an Aontais. I ndáil leis sin, braitheann siad den chuid is mó ar bhreithiúnas na Cúirte in Aquino.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-11" href="#t-11">11</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">23.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an taobh eile, molann Kubera, Rialtas na Gearmáine agus an Coimisiún freagra dearfach ar an gcéad cheist a tharchuirtear. Tá siad den tuairim nach bhfuil sásraí scagtha amhail an ceann atá i gceist i gcomhréir le dlí an Aontais murach, ag pointe éigin den nós imeachta (ag an gcéim thosaigh nó ag an gcéim chomhleantach), go measann an chúirt náisiúnta go bhfuil an tsaincheist maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil, mar thoradh ar iarraidh ó pháirtí imeachtaí a thabhairt os comhair na Cúirte faoi Airteagal 267 CFAE, a hoibleagáid chun tarchur a dhéanamh tionscanta. Dá réir sin, – maíonn na páirtithe sin – i gcás ina n‑ardaítear saincheist de dhlí an Aontais go cuí, go ndéanfadh an chúirt sin tarchur beag beann ar na critéir scagtha a leagtar amach sa dlí náisiúnta a bheith comhlíonta. Braitheann na páirtithe sin, go háirithe, ar bhreithiúnais na Cúirte in CILFIT agus in Consorzio.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-12" href="#t-12">12</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">24.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa Tuairim seo, míneoidh mé cén fáth a bhfuil mé den tuairim go bhfuil an léiriú ceart ar an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE ábhairín bheag sa lár idir an dá sheasamh a thuairiscítear thuas. Tar éis roinnt réamhbharúlacha (1), tosóidh mé ag míniú cén fáth nach féidir liom aontú go hiomlán leis na tuairimí a chuir Rialtais na Laitvia, na hÍsiltíre, na Slóivéine agus na Fionlainne in iúl, ina bhfuil léamh sách scaoilte ar an bhforáil sin á mholadh acu dar liom (2). Ansin, soiléireoidh mé cén fáth a bhfuil an léiriú ar an bhforáil a mhol Kubera, Rialtas na Gearmáine agus an Coimisiún ceart i bprionsabal ach ábhairín bheag ródhocht (3). Ar bhonn an mhéid thuas, molfaidh mé, ar deireadh, freagra ar chóir don Chúirt a thabhairt ar an gcéad cheist a tharchuirtear (4).</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">1.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Réamhbharúil: Tá dlí an Aontais neodrach maidir le sásraí scagtha</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">25.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar a luadh i réamhrá na Tuairime seo, tá díospóireacht bhríomhar ann – i measc dlíodóirí agus lucht ceaptha beartas – faoin deis le haghaidh sásraí lena gceadaítear do na cúirteanna is airde na hachomhairc arna dtabhairt os a gcomhair a scagadh. Mar sin féin, is gné í sin nach bhfuil ábhartha láithreach don chás seo ag an gcéad chéim seo, ós rud é nach féidir le dlí an Aontais a bheith ‘neodrach’ ach amháin i ndáil leis sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">26.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De réir cásdlí socair, tagann eagrú an cheartais sna Ballstáit – lena n‑áirítear bunú, comhdhéanamh, cumhachtaí agus feidhmiú na gcúirteanna náisiúnta – faoi inniúlacht na mBallstát. É sin ráite, agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu, ceanglaítear ar na Ballstáit a n‑oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais a chomhlíonadh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-13" href="#t-13">13</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">27.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ina theannta sin, mar is léir ó Airteagal 4(2) CAE, urramaíonn an tAontas Eorpach féiniúlachtaí náisiúnta na mBallstát, atá ina gcuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha – idir struchtúir pholaitiúla agus bhunreachtúla – rud a thugann le tuiscint go bhfuil lánrogha leathan ag na Stáit sin maidir leis an gcaoi a ndéanann siad a gcóras breithiúnach a struchtúrú.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-14" href="#t-14">14</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">28.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ina theannta sin, i gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais ó thaobh nós imeachta de, in éagmais chomhchuibhiú na nósanna imeachta náisiúnta, is faoi chóras dlí náisiúnta gach Ballstáit atá sé na cúirteanna agus na binsí a bhfuil dlínse acu a ainmniú agus na rialacha mionsonraithe nós imeachta a leagan síos lena rialaítear caingne chun cearta a dhíorthaíonn daoine aonair ó dhlí an Aontais a choimirciú.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-15" href="#t-15">15</a>
</span>) Is amhlaidh atá, ar choinníoll nach lú fabhar na rialacha náisiúnta sin ná na rialacha lena rialaítear cásanna náisiúnta comhchosúla (prionsabal na coibhéise) agus nach bhfágann siad ródheacair ná dodhéanta i gcleachtas na cearta a thugtar le dlí an Aontais a fheidhmiú (prionsabal na héifeachtachta).  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-16" href="#t-16">16</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">29.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar deireadh, ba cheart dom a rá go bhfuil sé curtha in iúl go soiléir ag an gCúirt nach bhfuil sé i gceist le Conarthaí an Aontais leigheasanna nua a chruthú sna cúirteanna náisiúnta chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú seachas na cinn atá leagtha síos cheana féin leis an dlí náisiúnta. Níl a mhalairt fíor ach amháin i gcás inar léir, ó scéim fhoriomlán an chórais dlí náisiúnta atá i gceist, nach ann d’aon leigheas dlí a fhágann gur féidir a áirithiú, fiú go hindíreach, go n‑urramófar cearta an duine aonair faoi dhlí an Aontais.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-17" href="#t-17">17</a>
</span>) Dá réir sin, de ghnáth is faoi na cúirteanna náisiúnta atá sé na rialacha nós imeachta lena rialaítear caingne arna dtabhairt os a gcomhair a léiriú ar bhealach lena gcumasófar do na rialacha sin, nuair is féidir, comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-18" href="#t-18">18</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">30.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar bhonn an mhéid sin thuas, aontaím leis na rialtais a leagann béim ar an deis leordhóthanach atá ag na Ballstáit maidir leis an ábhar sin. Go deimhin, is faoi gach Ballstát atá sé a chinneadh ar cheart aon sásra scagtha a bhunú agus, más ceart, an tsamhail iomchuí, na coinníollacha cur i bhfeidhm agus na rialacha sonracha nós imeachta lena mbaineann a roghnú.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">31.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar sin féin, mar is léir go soiléir ón gcásdlí dá dtagraítear thuas, is amhlaidh go bhfuil sé fós de cheangal ar na Ballstáit, agus a n‑inniúlacht sa réimse sin á feidhmiú acu, dlí an Aontais a chomhlíonadh. Sa chéad chuid eile den Tuairim seo, míneoidh mé cén fáth nach bhfuil na hargóintí a bhaineann le comhoiriúnacht per se sásraí scagtha amhail an ceann atá i gceist le dlí an Aontais curtha ina luí orm.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">2.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sásraí scagtha: lánrogha ‘tríd an gcúldoras’?</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">32.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar a míníodh thuas, áitíonn roinnt de na rialtais, i mbeagán focal, go bhfuil sásraí scagtha i gcomhréir le dlí an Aontais ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le coibhéis agus éifeachtacht. É sin ráite, cuireann siad béim ar leith ar riachtanas na coibhéise: fad a chaitear le ceisteanna faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais ar bhealach coibhéiseach, ba cheart sásra scagtha a mheas, i bprionsabal, a bheith i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">33.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tá pointe imeachta na réasúnaíochta sin ceart a bheag nó a mhór: dála ábhair eile a bhaineann le himeachtaí breithiúnacha náisiúnta, is é prionsabal an neamhspleáchais ó thaobh nós imeachta de, i bprionsabal, an príomh-thúsphointe imeachta. Níl aon ghné sa chomhad ach oiread a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar an bhfíric, rud a chuir Rialtas na Slóivéine i bhfios go láidir, go gcomhlíontar prionsabal na coibhéise ina chóras dlí náisiúnta.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-19" href="#t-19">19</a>
</span>) Tuigim, agus na critéir ar chead achomhairc a leagtar amach sa dlí náisiúnta á gcur i bhfeidhm, go ndéileálfaidh an Vrhovno sodišče (an Chúirt Uachtarach) ar bhealach comhionann le ceisteanna faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">34.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar sin féin, is léir go bhfuil gá leis an méid thuas ach nach leor é chun críocha na hanailíse seo. I mo thuairimse, ní thugann na rialtais sin aird ar bith, nach mór, ar cheanglas na héifeachtachta, rud atá ríthábhachtach, ina ionad sin, sa chomhthéacs reatha ar dhá bhealach: (i) mar effet utile don fhoráil agus (ii) mar leorchosaint ar chearta na ndaoine aonair a bhfuil baint acu leis an díospóid. Tá an tuairim seo a leanas agam mar thoradh ar roinnt gnéithe: tá an léiriú sin ag teacht salach ar an oibleagáid a leagtar amach san fhoráil sin (a), tá sé ar neamhréir le cásdlí seanbhunaithe CILFIT (b agus c) agus, ar bhonn níos ginearálta, tugann sé neamhaird ar chineál agus ar chuspóir an nós imeachta um réamhrialú (d). Scrúdóidh mé na gnéithe sin ar a seal.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(a)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foclaíocht an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">35.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De réir an dara mír d’Airteagal 267 CFAE, i gcás ina n‑ardaítear ceist a bhaineann le léiriú fhorálacha dhlí an Aontais os comhair aon chúirte náisiúnta, féadfaidh an chúirt sin, ‘má mheasann sé nó sí gur gá cinneadh ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé nó sí breithiúnas a thabhairt, a iarraidh ar an gCúirt rialú a thabhairt ar an gceist sin’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-20" href="#t-20">20</a>
</span>) Ar a seal, luaitear an méid seo a leanas sa tríú mír den fhoráil chéanna: ‘má thugtar aon cheist den sórt sin ar aird i gcás a bheidh ar feitheamh os comhair [cúirt nó binse céime deiridh], tabharfaidh an chúirt nó an binse sin an t‑ábhar os comhair na Cúirte’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-21" href="#t-21">21</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">36.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise fhoclaíocht na forála sin, tá sé ráite go comhsheasmhach ag an gCúirt go dtugann Airteagal 267 CFAE an lánrogha is leithne do chúirteanna náisiúnta maidir le hábhair a tharchur chuig an gCúirt má mheasann siad go n‑ardaíonn cás atá ar feitheamh os a gcomhair ceisteanna a bhaineann le léiriú fhorálacha dhlí an Aontais a bhfuil gá leo chun an cás atá os a gcomhair a réiteach. I gcás cúirteanna céime deiridh, áfach, cuirtear oibleagáid chun tarchur [...] le haghaidh réamhrialú a dhéanamh in ionad na lánrogha sin, faoi réir eisceachtaí áirithe a aithnítear i gcásdlí na Cúirte’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-22" href="#t-22">22</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">37.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chomhthéacs sin, níor cheart neamhaird a thabhairt ar an gcumhacht a fhaigheann cúirteanna náisiúnta tarchur chun réamhrialú a dhéanamh ón gConradh féin. Is é Airteagal 267 CFAE a thugann an t‑údarás d’aon chúirt in aon Bhallstát – agus, i gcás ina ndéantar breithniú ag an gcéim deiridh, lena bhforchuirtear oibleagáid orthu – ceisteanna a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú, ceisteanna a tharchur chun réamhrialú. Ní féidir an t‑údarás sin (agus an oibleagáid ghaolmhar) a cháiliú leis an dlí náisiúnta.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-23" href="#t-23">23</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">38.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, ní féidir le riail dlí náisiúnta cosc a chur ar chúirt náisiúnta an lánrogha a fheidhmiú, ná an oibleagáid, a leagtar amach in Airteagal 267 CFAE, a chomhlíonadh, ós rud é gur dlúthchuid iad na gnéithe sin den chóras comhair arna bhunú leis an bhforáil sin. Thairis sin, chinn an Chúirt freisin go bhféadfadh riail náisiúnta a bhfuil sé d’éifeacht aige na cúirteanna náisiúnta a dhíspreagadh ó cheisteanna a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais, nuair a dhéantar dochar do na sainphribhléidí a thugtar do na cúirteanna náisiúnta le hAirteagal 267 CFAE agus, dá bhrí sin, gur dócha go mbainfí an bonn den chomhar sin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-24" href="#t-24">24</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">39.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dealraíonn sé dom go bhféadfadh sásraí scagtha lena gcuirtear ar chumas cúirteanna náisiúnta, a bheag nó a mhór, cásanna a roghnú mar is áil leo, in imthosca áirithe, cosc a chur ar chúirteanna náisiúnta tarchur a dhéanamh, nó ar a laghad ar bith iad a dhíspreagadh ó sin a dhéanamh, gach uair a thagann cás lasmuigh de na critéir scagtha a leagtar amach sa dlí náisiúnta.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">40.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar shampla, faoi shásra amhail an sásra atá i gceist, breithneoidh an chúirt náisiúnta bunús shaincheist dhlí an Aontais a d’ardaigh páirtí agus, mar thoradh air sin, an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa tríú mír d’Airteagal 267 CFAE, má thagann sé ar an gconclúid go bhfuil na ceisteanna a ardaíodh ‘tábhachtach’ agus sa chás sin amháin. Sna cásanna eile, ní bhreithneoidh an chúirt náisiúnta fiú an bhféadfaí an oibleagáid a leagtar amach san fhoráil sin a thionscnamh – agus is cinneadh é sin den chuid is mó mar thoradh ar rogha a rinne an chúirt náisiúnta féin. Go deimhin, baineann critéir ghinearálta maidir le glacadh le hachomhairc amhail tábhacht an cháis, ar ndóigh, le meastóireachtaí atá lánroghnach go pointe áirithe.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">41.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">D’fhéadfadh sé a bheith fíor, de réir mar a scríobh an fealsamh dlíthiúil Ronald Dworkin, ‘mar is fíor maidir leis an bpoll i dtaoschnó, ní ann do lánrogha ach amháin mar limistéar a fhágtar ar oscailt le crios srianta máguaird [agus] is coincheap coibhneasta é dá bhrí sin’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-25" href="#t-25">25</a>
</span>) Mar sin féin, cé nach bhfuil lánrogha gan bhac ag cúirteanna náisiúnta, ós rud é go bhfuil siad srianta go pointe áirithe ag na critéir a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta, ní bhaineann sé sin den fhíoras nach gceadaítear faoin gConradh fiú an lánrogha choibhneasta sin – chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil ceist a ardaíodh tábhachtach go leor.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">42.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar a míníodh, bunaítear le hAirteagal 267 CFAE idirdhealú soiléir idir cúirteanna céime deiridh agus cúirteanna eile. Cé go bhfuil lánrogha (leathan) ag an dara ceann acu chun tarchur a dhéanamh, níl an lánrogha sin ag cúirteanna céime deiridh. Go bunúsach, trí shásra scagtha, tá an dlí náisiúnta ag tabhairt ar ais do chúirteanna náisiúnta céime deiridh an lánrogha a raibh Conradh AE ag iarraidh a eisiamh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">43.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, áfach, áitíodh go bhfuil an oibleagáid tarchur a dhéanamh faoin tríú mír d’Airteagal 267 CFAE teoranta do cheisteanna – mar a luaitear sa dara mír den fhoráil chéanna – ‘gur gá cinneadh [...] ionas go bhféadfaidh [an chúirt a rinne an tarchur] breithiúnas a thabhairt’. Mura measann an chúirt náisiúnta go bhfuil na ceisteanna a ardaítear tábhachtach, ní bheadh freagra ón gCúirt Bhreithiúnais ag teastáil ón gcúirt sin – de réir na hargóinte sin – chun rialú críochnaitheach a thabhairt sa chás.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">44.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ní aontaím leis sin. Chinn an Chúirt go seasta nach mór an coincheap ‘breithiúnas a thabhairt’, de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 267 CFAE, ‘a léiriú go leathan ionas nach measfaí go leor ceisteanna nós imeachta a bheith neamh-inghlactha agus nach bhfuil siad in ann a bheith faoi réir léiriú na Cúirte. Ní mór a thuiscint, dá bhrí sin, go gcuimsítear leis an gcoincheap sin an nós imeachta iomlán as a n‑eascraíonn breithiúnas na cúirte a rinne an tarchur ionas go mbeidh an Chúirt Bhreithiúnais in ann léiriú a dhéanamh ar fhorálacha nós imeachta uile de dhlí an Aontais a cheanglaítear ar an gcúirt a rinne an tarchur a chur i bhfeidhm chun breithiúnas a thabhairt.’  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-26" href="#t-26">26</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">45.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, ós rud é go bhféadfadh baint a bheith ag an gceist a d’ardaigh páirtí le saincheist nós imeachta, lena n‑áirítear ceist a ndéileálfar leis in limine litis os comhair rialacha na cúirte a rinne an tarchur maidir le bunús na díospóide  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-27" href="#t-27">27</a>
</span>) (in casu, d’fhonn a chinneadh ar cheart cead achomharc a dhéanamh a thabhairt), agus nach bhfuil an cinneadh a ghlac an chúirt a rinne an tarchur ina leith sin i bhfoirm ‘breithiúnais’ nó cinneadh maidir le tuillteanais an cháis,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-28" href="#t-28">28</a>
</span>) ní bhaineann sé sin de ‘riachtanas’ na ceiste.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">46.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ní fhéadfaí a áitiú ach oiread nach bhfuil gá le cinneadh ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le saincheist léirithe a d’ardaigh páirtí a mhéid a chinn cúirt náisiúnta céime deiridh nach bhfuil saincheist den sórt sin, de réir na gcritéar a leagtar amach sa dlí náisiúnta, tábhachtach go leor chun achomharc a éileamh. Mar a mhíneoidh mé níos déanaí, ní mór ‘riachtanas’ a thuiscint mar chumas na saincheiste tionchar a imirt ar thoradh an cháis (agus é curtha go simplí: cé a bhuann, a chailleann agus cén fáth). Is ionann agus a mhalairt, mar a luaitear i bpointe 41 thuas, agus údarás a thabhairt don chúirt náisiúnta cinneadh a dhéanamh maidir leis na saincheisteanna ba cheart agus nár cheart a tharchur chuig an gCúirt faoi Airteagal 267 CFAE, fiú i gcás ina bhféadfadh na saincheisteanna sin a bheith cinntitheach do thoradh an cháis i dtrácht.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">47.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Go deimhin, d’fhorbair an Chúirt ina cásdlí CILFIT léiriú ar an gcritéar ‘riachtanas’, agus díreoidh mé air sin anois.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(b)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Cásdlí CILFIT</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">48.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ina cásdlí, d’aithin an Chúirt go bhfuil trí eisceacht ann ón oibleagáid tarchur a dhéanamh a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE. Rinneadh na heisceachtaí sin a ‘chódú’ ar dtús sa bhreithiúnas aitheanta in CILFIT: (i) ní bhaineann an cheist a ardaíodh le hábhar (‘riachtanas’); (ii) tá léiriú déanta cheana féin ag an gCúirt ar an bhforáil de dhlí an Aontais atá i gceist (‘acte éclairé’); nó (iii) tá a léiriú chomh soiléir sin nach mbeadh aon scóip ann d’aon amhras réasúnach (‘acte clair’).  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-29" href="#t-29">29</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">49.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Rinneadh raon feidhme na n‑eisceachtaí sin a shoiléiriú agus a bheachtú i gcásdlí na Cúirte ina dhiaidh sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">50.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir leis an eisceacht riachtanas, tá sé ráite i gcónaí ag an gCúirt nach é an bonn cirt atá le tarchur chun réamhrialú ná gur féidir tuairimí comhairleacha maidir le ceisteanna ginearálta nó hipitéiseacha a thabhairt, ach gur gá díospóid a réiteach go héifeachtach. Dá réir sin, ní mór don bhreith atá le tabhairt ag an gcúirt a rinne an tarchur a bheith in ann an freagra a thugtar sa réamhrialú a chur san áireamh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-30" href="#t-30">30</a>
</span>) Dá bhrí sin, ní cheanglaítear ar chúirt náisiúnta céime deiridh tarchur a dhéanamh nuair a bhíonn sí den tuairim nach mbaineann an cheist le hábhar, ‘is é sin le rá, mura féidir le freagra na ceiste sin, beag beann ar an méid a bheidh i gceist, difear a dhéanamh ar bhealach ar bith do thoradh an cháis’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-31" href="#t-31">31</a>
</span>) D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás inar féidir an díospóid a réiteach ar bhonn an dlí náisiúnta amháin, nó ina mbaineann forálacha dhlí an Aontais a agraítear le gné choimhdeach den díospóid, rud nach bhfuil cinntitheach maidir leis an toradh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-32" href="#t-32">32</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">51.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir leis an eisceacht acte éclairé, chinn an Chúirt go dtarlaíonn a leithéid de chás nuair atá an cheist a ardaíodh comhionann go hábhartha le ceist a bhí faoi réir réamhrialú cheana féin i gcás comhchosúil, agus nuair a dhéileáil breitheanna na Cúirte roimhe sin leis an bpointe dlí atá i gceist, beag beann ar chineál na n‑imeachtaí ba chúis leis na cinntí sin, cé nach bhfuil na ceisteanna atá i gceist comhionann go docht.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-33" href="#t-33">33</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">52.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar deireadh, a mhéid a bhaineann leis an eisceacht acte clair, mhínigh an Chúirt, sular chinn sí go bhfuil léiriú ceart ar fhoráil de dhlí an Aontais chomh soiléir sin nach mbeadh aon scóip ann d’aon amhras réasúnach, gur cheart do chúirt náisiúnta céime deiridh a áirithiú ‘go bhfuil an t‑ábhar chomh soiléir céanna do chúirteanna na mBallstát eile agus don Chúirt Bhreithiúnais’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-34" href="#t-34">34</a>
</span>) Agus forálacha an Aontais á léiriú acu, ba cheart do na cúirteanna náisiúnta ‘saintréithe dhlí [an Aontais][,] na deacrachtaí ar leith a eascraíonn as léiriú [an dlí sin] a chur san áireamh’ agus an baol go mbeidh éagsúlachtaí ann i gcinntí breithiúnacha laistigh den Aontas Eorpach.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-35" href="#t-35">35</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">53.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Go háirithe, d’áitigh an Chúirt ar na cúirteanna náisiúnta a mheabhrú, inter alia, go bhfuil reachtaíocht an Aontais (i) dréachtaithe i roinnt teangacha agus go bhfuil na leaganacha éagsúla teanga comhúdarásach agus gur cheart, dá bhrí sin, iad a léamh go comhchuí ós rud é nach féidir le leagan ar leith amháin a bheith mar bhunús an léirithe, agus (ii) go n‑úsáidtear téarmaíocht a bhaineann go sonrach léi agus coincheapa dlíthiúla nach gá go mbeadh an bhrí chéanna leo agus atá ag na coincheapa comhfhreagracha a d’fhéadfadh a bheith ann i ndlí na mBallstát. Ina theannta sin, leag an Chúirt béim ar an ngá atá ag heirméineotaic an Aontais go gcuirfeadh ateangaire foráil an Aontais atá i gceist ina comhthéacs agus í a scrúdú i bhfianaise chorpas ábhartha dhlí an Aontais, ag féachaint do chuspóirí an dlí sin agus don dul chun cinn atá déanta aige ar an dáta a gcuirfear an fhoráil sin i bhfeidhm.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-36" href="#t-36">36</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">54.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ina theannta sin, luaigh an Chúirt nach é atá mar thoradh ar chinntí bréagnaitheacha a bheith tugtha ag cúirteanna náisiúnta eile i ndáil leis na forálacha de chuid an Aontais atá i gceist, as féin, go ndéantar an oibleagáid tarchur a dhéanamh a thionscnamh. Mar sin féin, d’fhéadfadh línte contrártha cásdlí a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta agus/nó ar an leibhéal uile-Eorpach a bheith ina léiriú ar na deacrachtaí a bhaineann le léiriú a bhíonn ag na cúirteanna náisiúnta go minic sna Ballstáit éagsúla, agus d’fhéadfadh sé go n‑éileodh siad ansin go ndéanfadh cúirt céime deiridh tarchur.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-37" href="#t-37">37</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">55.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an chúlra sin, ní fheicim conas a d’fhéadfadh sásraí scagtha mar sin atá i gceist ‘luí’ go néata le ceann de na heisceachtaí sin. Dealraíonn sé domsa, i ngach ceann de na cásanna sin, nach mór cúirt náisiúnta céime deiridh scrúdú a dhéanamh ar dtús ar shaincheist dhlí an Aontais a d’ardaigh an páirtí d’fhonn a chinneadh an bhfuil feidhm ag ceann de na heisceachtaí. Go bunúsach, éilíonn CILFIT ar chúirteanna náisiúnta na nithe seo a leanas a iarraidh orthu féin. An gá aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a ardaíodh chun rialú críochnaitheach a thabhairt sa díospóid? An gá aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin sa mhéid go bhfuil brí agus raon feidhme fhoráil an Aontais a bhfuiltear ag brath uirthi soiléir go leor nó gur soiléiríodh go leordhóthanach iad le cásdlí na Cúirte?</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">56.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar sin féin, faoi shásraí amhail an ceann atá i gceist, ní fhéadfaidh cúirt náisiúnta céime deiridh an chéim a bhaint amach ar chor ar bith ina scrúdaítear na ceisteanna sin. Tá céim idirmheánach sa réasúnaíocht a bhfuil á leanúintaici: seiceáil an bhfuil an tsaincheist a ardaíodh ‘tábhachtach’ (nó an gcomhlíonann sí na critéir scagtha eile a leagtar amach sa dlí náisiúnta). Má tá an freagra diúltach, ní gá don chúirt a fhíorú an bhfuil feidhm ag ceann d’eisceachtaí CILFIT, agus déantar na himeachtaí a fhoirceannadh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">57.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">É sin ráite, tá cuid de na rialtais den tuairim nach gcuireann cásdlí CILFIT i gcoinne toradh den sórt sin, agus braitheann siad ar an mbreithiúnas in Aquino chuige sin. Tabharfaidh mé aghaidh ar an argóint sin thíos.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(c)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Aquino</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">58.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">In Aquino, chinn an Chúirt go bhféadfaidh cúirt céime deiridh diúltú, i bprionsabal, tarchur a dhéanamh chuig an gCúirt i gcás ina ndéantar achomharc ar phointe dlí a dhíbhe ar bhonn neamh-inghlacthachta a bhaineann go sonrach leis an nós imeachta os comhair na cúirte sin. Go deimhin, i gcás den sórt sin, ní bheadh an cheist a ardaítear maidir le dlí an Aontais ábhartha, ós rud é nach bhféadfadh an freagra ar an gceist sin aon éifeacht a bheith aige ar thoradh na díospóide.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-38" href="#t-38">38</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">59.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Arna ghlacadh leis mar atá sé, d’fhéadfadh cosúlacht a bheith ar bhreithiúnas na Cúirte go bhfuil seasamh na rialtas a d’iarr léiriú réasúnta scaoilte ar an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE á dhearbhú aici. Mar shampla, déantar na critéir scagtha a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta atá i gceist a bheith curtha in iúl go cairéiseach i dtéarmaí ‘inghlacthacht’ na n‑achomharc.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">60.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar sin féin, bheadh sé sin ina léamh mícheart ar an mbreithiúnas in Aquino, dar liom.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">61.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Bhain an díospóid as ar eascair an tarchur in Aquino le cás ina ndearna iarratasóir iarraidh imeachtaí a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais, ag an gcéad chéim, i ndoiciméad nós imeachta nárbh fhéidir leis an gcúirt náisiúnta a chur san áireamh toisc gur comhdaíodh í agus an t‑am istigh. Thairis sin, rinneadh an iarraidh ón iarratasóir a athdhearbhú ar achomharc ina dhiaidh sin, ach ní dhearnadh scrúdú ar an achomharc sin maidir lena bhunús (nó a inghlacthacht fiú) ós rud é, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta ábhartha, gur cinneadh go raibh toimhde reachtúil scoir ó thaobh an iarratasóra de infheidhme.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-39" href="#t-39">39</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">62.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Bhí na forais neamh-inghlacthachta a mheas an Chúirt in Aquino, dá bhrí sin, de chineál foirmiúil agus, ar bhonn prionsabail, chuir siad cosc ar an gcúirt náisiúnta aon scrúdú a dhéanamh ar na hargóintí substainteacha a rinne na páirtithe. Lean breithiúnas na Cúirte cásdlí seanbhunaithe inar soiléiríodh go bhfuil rialacha náisiúnta lena leagtar síos coinníollacha foirmiúla maidir le hinghlacthacht caingne – amhail iad siúd maidir le teorainneacha ama, ionadaíocht dlíodóirí, réamhchéimeanna nós imeachta, táillí cúirte agus mar sin de – ag luí go ginearálta le dlí an Aontais, ar choinníoll go bhfuil siad comhsheasmhach leis na ceanglais thuasluaite maidir le coibhéis agus éifeachtacht.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-40" href="#t-40">40</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">63.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, bhí an staid atá i gceist in Aquino éagsúil leis an gcás a bhí i gceist sna himeachtaí reatha, mar a míníodh, lena mbaineann cinneadh lánroghnach ón gcúirt náisiúnta i dtaobh ar cheart éisteacht a thabhairt do chás, i bhfianaise ‘thábhacht’ na saincheiste dlíthiúla a chuir páirtí ar aghaidh ina achomharc le haghaidh athbhreithniú. Dá bhrí sin, is é mo thuairim go bhfuil difríocht cháilíochtúil idir critéir fhoirmiúla inghlacthachta lena gcuirtear cosc iomlán ar an gcúirt náisiúnta atá i gceist, mura gcomhlíontar iad, scrúdú a dhéanamh ar shaincheist dhlí an Aontais a d’ardaigh an t‑achomharcóir, agus critéir shubstainteacha inghlacthachta (amhail tábhacht an cháis) lena mbaineann – os a choinne sin – scrúdú áirithe ar an tsaincheist sin, d’fhonn a chinneadh an mian leis an gcúirt atá i gceist rialú orthu.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">64.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chéad chás dóibh, ós rud é nach ndéanfaidh an chúirt náisiúnta scrúdú ar an tsaincheist maidir le dlí an Aontais a ardaíodh, is toradh é sin, de ghnáth, ar easpa dícheallachta an achomharcóra, ós rud é nár chomhlíon sé nó sí na rialacha nós imeachta ábhartha. Os a choinne sin, sa chás deireanach sin, rinne an t‑achomharcóir, gach a bhféadfadh sé nó sí a dhéanamh mar a déarfá, chun go ndéanfadh an chúirt náisiúnta an tsaincheist a ardaíodh a scrúdú ionas go bhféadfaí, i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE, an tsaincheist sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais. Is í an chúirt náisiúnta, dá bhrí sin, a ghlacann an fhreagracht uirthi féin cinneadh a dhéanamh – ar bhonn na gcritéar a leagtar síos sa dlí náisiúnta (sásra scagtha) seachas iad siúd atá bunaithe ar dhlí an Aontais (cásdlí CILFIT) – an ndéanfaidh sí tarchur.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">65.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ba mhaith liom a lua go fánach freisin, go bhfuil sé deacair dom aontú leis an argóint gur féidir le cúirt náisiúnta aon scrúdú substainteach ar shaincheist dhlí an Aontais a d’ardaigh an t‑achomharcóir a sheachaint, nuair a bhíonn orm a mheas an gcomhlíonann cás na critéir chun achomharc a dhéanamh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">66.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tuigim, i réamhchéim den nós imeachta den sórt sin, nach bhfuil sé i gceist ag an gcúirt náisiúnta ach an cheist dhlíthiúil a ardaítear leis an gcás a shainaithint, agus gan an freagra uirthi a aimsiú. Mar sin féin, dealraíonn sé domsa, go minic, go mbeadh sé deacair tábhacht na ceiste a shuí gan breithniú a dhéanamh, ar a laghad ar réamh-mhodh, ar an bhfreagra a thug an chúirt íochtarach sin ar an gceist sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">67.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar shampla, faoin sásra scagtha atá i gceist, an mbeadh an Vrhovno sodišče (an Chúirt Uachtarach) in ann a rialú (i) an bhfuil ceist de dhlí an Aontais a d’ardaigh an t‑achomharcóir ‘tábhachtach chun deimhneacht dhlíthiúil, cur i bhfeidhm go haonfhoirmeach an dlí nó forbairt an dlí tríd an gcásdlí a áirithiú’, nó ceist (ii) ar imigh cinneadh na cúirte íochtaraí ó chásdlí na cúirte uachtaraí; agus cibé acu (iii) ‘nach bhfuil aon chásdlí de chuid na cúirte uachtaraí’, nó (iv) ‘nach bhfuil cásdlí na cúirte uachtaraí aonfhoirmeach’, ach amháin má thugtar aird éigin ar thuillteanas na ceiste sin? Caithfidh mé a rá go bhfuil amhras orm.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">68.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Léiríonn an méid thuas nach féidir feidhm a bheith ag an bprionsabal a eascraíonn as Aquino sna himthosca reatha. In Aquino, ní raibh aon cheist ann maidir le héifeachtacht an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE, murab ionann agus an cás atá i gceist sa chás seo.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">69.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is cosúil go bhfuil an difríocht sin soiléir freisin ó théacs an bhreithiúnais in Aquino. Thug an Chúirt dá haire, ‘nach raibh foirmliú ceiste a bheidh le tarchur chuig an gCúirt ábhartha, ós rud é nach bhféadfadh aon éifeacht a bheith ag an bhfreagra ar an gceist sin ar thoradh an cháis’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-41" href="#t-41">41</a>
</span>) Is léir nach mbeadh sé sin fíor maidir le díospóid a chinntear ar bhonn léiriú ar leith ar dhlí an Aontais agus ar féidir achomharc a dhéanamh ina leith, ach measadh go simplí nach n‑ardófaí ceisteanna atá tábhachtach go leor le hathbhreithniú. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh freagra na Cúirte Breithiúnais ar an tsaincheist a d’ardaigh an t‑achomharcóir a bheith cinntitheach maidir le toradh na díospóide, murab ionann agus Aquino.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">70.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Thairis sin, in Aquino rinne an Chúirt raon feidhme teoranta a rialaithe soiléir agus é gan débhríocht, á rá ‘nach féidir le rialacha nós imeachta náisiúnta [amhail iad siúd ar fhorais neamh-inghlacthachta den achomharc] difear a dhéanamh do na cumhachtaí a eascraíonn cúirt náisiúnta ó Airteagal 267 CFAE, ná ní féidir leo an chúirt sin a scaoileadh óna hoibleagáidí faoin bhforáil sin’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-42" href="#t-42">42</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">71.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Níor cheart neamhaird a thabhairt ar an bpointe gur tugadh an breithiúnas in Aquino gan Tuairim an Abhcóide Ghinearálta, rud a chiallaíonn gur mheas an Chúirt, i gcomhréir leis an gcúigiú mír d’Airteagal 20 den Reacht, ‘nach n‑ardaíonn an cás aon phointe nua dlí’. Dar liomsa, dá mba é léiriú Aquino a mhol roinnt rialtas, bheadh gá le Tuairim sa chás, a mhéid agus a thug sé le tuiscint go leathnófaí go suntasach raon feidhme ceann de na heisceachtaí ó CILFIT.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">72.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dealraíonn sé freisin go bhfuil dhá ghné eile ag gabháil le mo léamh ar an gcásdlí. Ina Thuairim in Wiener SI, mhol an tAbhcóide Ginearálta Jacobs go gcuirfeadh an Chúirt teorainn le raon feidhme CILFIT,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-43" href="#t-43">43</a>
</span>) lena gceanglaítear ar chúirteanna náisiúnta céime deiridh tarchur a dhéanamh i gcás ina n‑ardaítear ‘ceist[eanna] g[h]inearálta’ maidir le léiriú nó ceisteanna a bhaineann le ‘tábhacht ghinearálta’ agus sa chás sin amháin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-44" href="#t-44">44</a>
</span>) Níor thacaigh an Chúirt, áfach, le critéar den sórt sin – atá cosúil go pointe áirithe le tábhacht an cháis faoin sásra scagtha atá i gceist.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">73.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Le déanaí, in Consorzio, rinne an Chúirt Aquino a tharchur agus a dhearbhú, maidir le riail náisiúnta nós imeachta ar dá réir a cinneadh ábhar na díospóide leis na pléadálacha dlí a cuireadh ar aghaidh tráth ar tugadh an chaingean.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-45" href="#t-45">45</a>
</span>) Arís, bhain an riail náisiúnta nós imeachta le foras foirmiúil inghlacthachta na caingne agus ní raibh saoirse ag an gcúirt náisiúnta chun na cásanna a roghnú.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">74.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an mhéid thuas, nílim cinnte mar gheall ar argóintí na rialtas atá bunaithe ar Aquino. Tar éis dom déileáil leis an bpointe sin, míneoidh mé anois cén fáth a bhfuilim den tuairim go suífeadh a léiriú ar an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE go míshásúil freisin le cásdlí bunaithe na Cúirte maidir le cineál agus cuspóir an nós imeachta um réamhrialú.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(d)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Cineál agus cuspóir an nós imeachta um réamhrialú</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">75.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar atá ráite go seasta ag an gCúirt, tá an nós imeachta um réamhrialú dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE mar bhunchloch ag córas breithiúnach an Aontais, mar a cheap dréachtóirí na gConarthaí é. Trí shásra idirphlé a chur ar bun idir cúirt amháin agus cúirt eile, go háirithe idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta, tá sé d’aidhm ag an nós imeachta sin léiriú aonfhoirmeach ar dhlí an Aontais a áirithiú, agus ar an gcaoi sin a chomhsheasmhacht, a éifeacht iomlán, a neamhspleáchas agus, ar deireadh, cineál ar leith an dlí arna bhunú leis na Conarthaí, a áirithiú.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-46" href="#t-46">46</a>
</span>) Mar a luaigh an Chúirt, is é is aidhm don nós imeachta a áirithiú, i ngach cás, go mbeidh an éifeacht chéanna ag dlí an Aontais i ngach Ballstát agus, ar an gcaoi sin, go seachnófar éagsúlachtaí ina léiriú nach mór do na cúirteanna náisiúnta a chur i bhfeidhm.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-47" href="#t-47">47</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">76.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá réir sin, tá an córas a bunaíodh ar cheann den chomhar díreach idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta, a bhfuil dlúthbhaint ag na cúirteanna náisiúnta le cur i bhfeidhm ceart agus léiriú aonfhoirmeach dhlí an Aontais agus freisin le cosaint na gceart aonair a thugtar léi.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-48" href="#t-48">48</a>
</span>) Maidir leis an dara gné sin, ba mhaith liom a chur i bhfios go láidir go bhfuil an nós imeachta um réamhrialú ina chuid den chóras leigheasanna arna bhunú ag dréachtóirí na gConarthaí chun a áirithiú, mar a fhoráiltear in Airteagal 19(1) CAE agus in Airteagal 47 den Chairt, go bhféadfadh gach duine a ndéanann gníomhaíocht (nó easpa gníomhaíochta) de chuid institiúidí an Aontais nó na n‑údarás náisiúnta dochar díobhálach dá chearta bunaithe ar dhlí an Aontais a bheith in ann cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-49" href="#t-49">49</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">77.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">É sin ráite, is léir dom gur cineál idirphlé idir cúirteanna é an nós imeachta um réamhrialú agus nach féidir é a mheas mar ‘mhodh cúitimh atá ar fáil do na páirtithe i gcás atá ar feitheamh os comhair cúirte náisiúnta’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-50" href="#t-50">50</a>
</span>) Go deimhin, níl aon cheart suibiachtúil ag na páirtithe sna himeachtaí náisiúnta a iarraidh ar chúirt náisiúnta tharchur chun réamhrialú a dhéanamh chuig an gCúirt Bhreithiúnais. Dá bhrí sin, ós rud é go maíonn páirtí go n‑eascraíonn ceist maidir le léiriú dhlí an Aontais as an díospóid, ní hionann sin agus a rá go gcuirtear iallach ar an gcúirt nó ar an mbinse lena mbaineann a mheas go ndearnadh an cheist sin a ‘ardú’ de réir bhrí Airteagal 267 CFAE.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-51" href="#t-51">51</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">78.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá ainneoin sin, táim den tuairim go leanann sé as an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE, arna léamh i bhfianaise Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt, gur cheart, i ngach cás, ‘[cúirt] nó binse de chuid Ballstáit […] nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta in aghaidh chinntí na cúirte nó an bhinse sin’ a bheith inaitheanta a priori. Is amhlaidh atá toisc gur cheart do gach dlíthí a bheith in ann, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha iomchuí, na ceisteanna maidir le léiriú dhlí an Aontais atá ardaithe acu go cuí sna himeachtaí náisiúnta, agus a bhféadfadh toradh na ceiste sin brath orthu, a bheith á n‑éisteacht ag léirmhínitheoir údarásach ar dhlí an Aontais: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ar an gcúis sin, ní mór cúirt a bheith ann i gcónaí, laistigh den chóras breithiúnach náisiúnta, a ghníomhaíonn mar chúirt céime deiridh agus atá freagrach, dá bhrí sin, as seiceáil a dhéanamh, i ndíospóid ar leith, an gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear sa tríú mír d’Airteagal 267 CFAE.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">79.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a chur i bhfios go láidir nach bhfuil gnéithe amhail luach airgeadaíochta na díospóide, mionscála an tsáraithe líomhnaithe ar an dlí nó tábhacht na saincheisteanna dlíthiúla a ardaíodh sa chás neamhábhartha faoin tríú mír d’Airteagal 267 CFAE. Is í an t‑aon ghné amháin atá tábhachtach ná cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag eisceachtaí CILFIT maidir le saincheist dhlí an Aontais a ardaíodh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">80.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom a chur i bhfios go láidir arís, agus tarchur chun réamhrialú á dhéanamh acu, nach bhfuil cúirteanna náisiúnta ag feidhmiú mar chúirteanna náisiúnta amháin, ach freisin mar ‘bhreithiúna faoi dhlí an Aontais’, ar bhonn na gcumhachtaí a eascraíonn as (agus, de réir mar a bheidh, faoin oibleagáid a leagtar síos in) Airteagal 267 CFAE. Leanann an nós imeachta a thionscnaíonn na cúirteanna déchuspóir, mar a míníodh: (i) macrachuspóir, de chineál poiblí suntasach, chun aontacht, comhsheasmhacht agus neamhspleáchas dhlí an Aontais a áirithiú; agus an cuspóir doshéanta (ii) micreachuspóir, de chineál príobháideach den chuid is mó, chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach daoine aonair i réimse dhlí an Aontais a ráthú.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-52" href="#t-52">52</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">81.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chomhthéacs sin, is léir domsa go bhféadfadh sásraí scagtha a thugann saoirse do chúirteanna náisiúnta céime deiridh maidir leis na cásanna agus/nó na saincheisteanna dlí a éistfear ar achomharc, bac a chur ar bhaint amach an dá chuspóir ‘i ngach cúinse’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-53" href="#t-53">53</a>
</span>) Seasann na cúirteanna níos airde le cinntí na gcúirteanna íochtaracha gan aon fhíorú an raibh a léiriú ceart ar fhorálacha ábhartha an Aontais, d’ainneoin go bhféadfadh sé gur líomhain agus gur chruthaigh achomharcóir go bhfuil léirithe eile ar na forálacha sin sochreidte.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">82.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is é an toradh atá air sin ná go bhféadfadh léiriú mícheart ar dhlí an Aontais a bheith níos daingne sa chásdlí náisiúnta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le héagsúlachtaí i gcinntí breithiúnacha laistigh den Aontas Eorpach. Ina theannta sin, ní thugtar deis do pháirtí sa díospóid go n‑éistfeadh an Chúirt Bhreithiúnais lena argóintí nó lena hargóintí maidir le léiriú cuí na bhforálacha ábhartha de dhlí an Aontais ar a bhfuil a argóintí nó a hargóintí bunaithe.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">83.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ní chaitheann an argóint, a rinne roinnt páirtithe ag an éisteacht, amhras ar mo thorthaí ina leith sin, go bhféadfaí na fadhbanna sin a sheachaint trína mheas, nuair nach gceadaítear cead achomhairc, go gcaithfí a mheas gurb í an chúirt íochtarach cúirt céime deiridh chun críocha Airteagal 267 CFAE. Braitheann na páirtithe sin ar chásdlí na Cúirte ar dá réir is féidir a mheas go bhfuil cúirt íochtarach ag gníomhú sa cháil sin más cinneadh críochnaitheach é, i ndíospóid shonrach, ós rud é nach ann d’aon leigheas breithiúnach ina choinne.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-54" href="#t-54">54</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">84.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Níl an cásdlí sin infheidhme, áfach, i gcásanna amhail an cás atá i gceist. Mar a chinn an Chúirt in Lyckeskog, ní féidir cúirt íochtarach a mheas mar ‘chúirt céime deiridh’ i gcás inar féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin ach go bhfuil an scrúdú ar thuillteanais achomhairc den sórt sin faoi réir dearbhú inghlacthachta roimh ré ón gcúirt uachtarach.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-55" href="#t-55">55</a>
</span>) Is cur chuige ciallmhar é sin: tar éis an tsaoil, conas a d’fhéadfadh an chúirt íochtarach a bheith ar an eolas, agus athbhreithniú á dhéanamh ar fhiúntas cáis, an gceadódh an chúirt uachtarach achomharc amach anseo?</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(e)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Conclúid idirmheánach</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">85.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise na mbreithnithe thuas, aontaím le Rialtais na Laitvia, na hÍsiltíre, na Slóivéine agus na Fionlainne go bhfuil lánrogha leathan ag na Ballstáit maidir le sásraí scagtha a thabhairt isteach agus a dhearadh lena gceadaítear dá gcúirteanna céime deiridh na cásanna is mian leo a éisteacht agus cinneadh a dhéanamh orthu ar achomharc a roghnú. Aontaím leis na rialtais sin freisin go mbraitheann comhoiriúnacht sásraí den sórt sin le dlí an Aontais, de réir phrionsabal an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta de, go príomha ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta. Ar deireadh, tá sé réasúnta a áitiú, sa chomhthéacs sin, go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le prionsabal na coibhéise: agus cinneadh á dhéanamh acu cead achomhairc a thabhairt, ba cheart do na cúirteanna náisiúnta déileáil ar an mbealach céanna le saincheisteanna a bhaineann leis an dlí náisiúnta agus le saincheisteanna a bhaineann leis an Aontais.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">86.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar sin féin, ar na cúiseanna a mhínigh mé thuas, tá amhras orm go gcomhlíontar prionsabal na héifeachtachta i gcónaí i gcás ina dtugann sásraí scagtha rogha éigin do chúirteanna náisiúnta céime deiridh méid áirithe lánrogha cásanna a roghnú mar is áil leo. Leis na sásraí sin, féadfar a cheadú do na cúirteanna sin seiceáil a sheachaint an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa tríú mír d’Airteagal 267 CFAE á gcomhlíonadh. Dá réir sin, tá sé d’éifeacht, de facto, ag na sásraí sin an oibleagáid tarchur a dhéanamh a leagtar amach san fhoráil sin a ionadú le lánrogha amháin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-56" href="#t-56">56</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">87.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar sin féin, an gciallaíonn sé sin gur gá go mbeadh sásraí scagtha, amhail iad sin atá i gceist, ar neamhréir le dlí an Aontais?</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">3.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sásraí scagtha: an creat náisiúnta a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le CILFIT agus le Consorzio</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">88.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Anois, míneoidh mé cén fáth nach dóigh liom gurb é sin an cás go ginearálta. Go deimhin, tá mé den tuairim, i bhformhór na gcásanna, go n‑áiritheofar comhoiriúnacht na sásraí sin le dlí an Aontais trí na rialacha náisiúnta ábhartha a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gcásdlí na Cúirte. Tríd an méid sin a dhéanamh, is iad na cúirteanna sin, go bunúsach, a chuirfeadh i bhfeidhm na critéir scagtha a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus saintréithe sonracha dhlí an Aontais á gcur san áireamh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">89.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I mo thuairimse, leanann sé sin go háirithe ón mbreithiúnas a thug an Chúirt le déanaí in Consorzio. I bhfianaise a thábhachtaí agus atá an rialú sin, measaim gurb iomchuí na príomhchúraimí a thabhairt chun cuimhne (a) sula míneoidh mé cén fáth a bhfuil sé an‑ábhartha sa chás seo (b).</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(a)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Consorzio</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">90.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar thoradh ar an bpróiseas soiléirithe ar na heisceachtaí ón oibleagáid tarchur a dhéanamh a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, tugadh breithiúnas le déanaí ó Mhór-Dhlísheomra na Cúirte in Consorzio. Tá suntas ar leith ag baint leis an mbreithiúnas sin ar roinnt cúiseanna.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">91.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar dtús, tar éis di machnamh críochnúil a dhéanamh agus in ainneoin na moltaí ó roinnt Abhcóidí Ginearálta maidir lena cur chuige a athbhreithniú go hiomlán nó go páirteach,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-57" href="#t-57">57</a>
</span>) chinn an Chúirt cásdlí CILFIT a dheimhniú go ginearálta.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">92.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ina theannta sin, chinn an Chúirt – is dócha go bhfuair sí inspioráid ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (‘ECtHR’)  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-58" href="#t-58">58</a>
</span>) – go leanann sé as an gcóras a bunaíodh le hAirteagal 267 CFAE, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, má tá cúirt náisiúnta céime deiridh den tuairim, mar gheall ar cheann de na heisceachtaí ó CILFIT, go scaoiltear an oibleagáid atá uirthi tarchur a dhéanamh, ‘nach mór a léiriú sa ráiteas ar na cúiseanna lena cinneadh nach mbaineann an cheist faoi dhlí an Aontais a ardaíodh le réiteach na díospóide, nó go bhfuil an léiriú ar fhoráil dhlí an Aontais lena mbaineann bunaithe ar chásdlí na Cúirte nó, in éagmais cásdlí den sórt sin, go raibh léiriú dhlí an Aontais chomh soiléir sin [...] nach mbeadh aon scóip ann d’aon amhras réasúnach’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-59" href="#t-59">59</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">93.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar deireadh, thapaigh an Chúirt an deis gnéithe áirithe den eisceacht acte clair a fhorbairt. Cé go bhfuil na forbairtí sin comhsheasmhach go ginearálta leis na príomhphrionsabail a bhí mar bhonn leis na cinntí a rinneadh roimhe seo, ní lú an tábhacht a bhaineann leo ar chor ar bith. Ba mhaith liom aird a tharraingt ar chúig ghné den bhreithiúnas atá i gceist.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">94.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an gcéad dul síos, chuir an Chúirt teorainn, go pointe áirithe, le raon feidhme an cheanglais atá ar chúirteanna céime deiridh a áirithiú go bhfuil an freagra ar shaincheist dhlí an Aontais, a mheasann siad a bheith soiléir, chomh soiléir céanna do chúirteanna eile an Aontais Eorpaigh. Tagraíonn mír 40 den bhreithiúnas in Consorzio do ‘chúirteanna nó binsí eile céime deiridh na mBallstát agus don Chúirt Bhreithiúnais’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-60" href="#t-60">60</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">95.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an dara dul síos, shoiléirigh an Chúirt freisin raon feidhme oibleagáid na gcúirteanna náisiúnta a chur san áireamh gur dréachtaíodh forálacha an Aontais i roinnt teangacha agus go bhfuil gach leagan teanga barántúil. Mar a mhínigh an Chúirt, ní féidir a bheith ag súil go ndéanfaidh cúirt céime deiridh ‘gach ceann de na leaganacha teanga den fhoráil atá i gceist’ a scrúdú. Mar sin féin, ba cheart di ‘na héagsúlachtaí sin idir na leaganacha teanga éagsúla den fhoráil sin a bhfuil sé ar an eolas fúthu a chur san áireamh, go háirithe nuair a leagan na páirtithe amach na héagsúlachtaí sin agus nuair a dhéantar iad a fhíorú’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-61" href="#t-61">61</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">96.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an tríú dul síos, rinne an Chúirt iarracht soiléiriú a dhéanamh ar an méid éiginnteachta is gá chun an oibleagáid maidir le tarchur a dhéanamh a thionscnamh. Dúirt an Chúirt ‘nach leor go bhféadfaí foráil de dhlí an Aontais a léiriú ar bhealach eile nó ar bhealaí éagsúla eile, sa mhéid is go ndealraíonn sé nach bhfuil aon cheann acu sochreidte go leor don [chúirt náisiúnta lena mbaineann] [...] chun go nglacfaí leis go bhfuil amhras réasúnach ann maidir leis an léiriú ceart ar an bhforáil sin’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-62" href="#t-62">62</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">97.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an gceathrú dul síos, thug an Chúirt aird ar an tábhacht a bhaineann le línte éagsúla cásdlí a bheith ann maidir leis an tsaincheist léirmhínitheach atá i gceist. I ndáil leis sin, dúirt sí ‘i gcás ina gcuirtear cúirt náisiúnta [...] céime deiridh ar an eolas faoi línte éagsúla cásdlí a bheith ann – i measc chúirteanna Ballstáit nó idir cúirteanna na mBallstát éagsúil – maidir le léiriú ar fhoráil de dhlí an Aontais is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, ní mór don chúirt sin [...] a bheith an‑airdeallach agus measúnú á dhéanamh aici ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon amhras réasúnach ann maidir leis an léiriú ceart ar fhoráil de dhlí an Aontais atá i gceist [...]’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-63" href="#t-63">63</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">98.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an gcúigiú dul síos, cé gur cheangail an Chúirt, i roinnt cinntí roimhe seo, ar na cúirteanna náisiúnta a shuíomh ‘go bhfuil cur i bhfeidhm ceart dhlí an Aontais chomh soiléir sin nach mbeadh aon scóip d’aon amhras réasúnach a bheith ann’,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-64" href="#t-64">64</a>
</span>) thagair an breithiúnas in Consorzio don ghá a shuíomh ‘go bhfuil an léiriú ceart ar dhlí an Aontais chomh soiléir sin nach mbeadh aon scóip ann d’aon amhras réasúnach’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-65" href="#t-65">65</a>
</span>) Is dócha go raibh an téarma ‘iarratas’ faoi thionchar bhreithnithe an Abhcóide Ghinearálta Bobek ina leith sin,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-66" href="#t-66">66</a>
</span>) is annamh a fhaightear an téarma sin i dtéacs an bhreithiúnais,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-67" href="#t-67">67</a>
</span>) ina ndéantar idirdhealú sainráite freisin idir gníomhaíochtaí cur i bhfeidhm agus léirithe an dlí.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-68" href="#t-68">68</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">99.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Míneoidh mé anois cén fáth a bhfuil gnéithe áirithe den bhreithiúnas sin ábhartha go háirithe maidir leis an tsaincheist dhlíthiúil atá á plé.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(b)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ról na bpáirtithe, an gá atá leis an gcritéar agus an coincheap acte clair</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">100.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dealraíonn sé domsa, go háirithe nuair a chuirtear na soiléirithe a thug an Chúirt sa bhreithiúnas in Consorzio san áireamh, gur féidir leis an gcásdlí maidir leis na heisceachtaí ón oibleagáid a leagtar síos sa tríú mír d’Airteagal 267 CFAE sásraí scagtha amhail an méid sin atá i gceist a ‘chur san áireamh’ den chuid is mó.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">101.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an gcéad dul síos, murab ionann agus roinnt tráchtairí,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-69" href="#t-69">69</a>
</span>) ní chreidim gur toradh ar chleachtadh stíle é athfhoclaíocht a dhéanamh ar roinnt sleachta den chásdlí atá ann cheana, ina raibh an Chúirt ag gabháil do in Consorzio – ag aistriú an fócas ón gcur i bhfeidhm go léiriú dhlí an Aontais. I mo thuairimse, is léiriú é ina ionad sin ar athchoincheapú forásach chuspóir agus fheidhm an nós imeachta um réamhrialú agus, dá bhrí sin, ar raon feidhme na hoibleagáide a leagtar síos sa tríú mír d’Airteagal 267 CFAE.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">102.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is maith is eol dom nach furasta i gcónaí an t‑idirdhealú idir léiriú agus cur i bhfeidhm a dhéanamh agus go mbíonn an dá ghníomhaíocht fite fuaite ina chéile go minic.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-70" href="#t-70">70</a>
</span>) Mar sin féin, táim lánchinnte go bhfuil difríocht choincheapúil idir an dá cheann. Ní leomhfaidh mé sainmhíniú eolaíoch beacht a thabhairt ar na coincheapa sin. Chun na críche seo, is leor a chur in iúl gur cineál gníomhaíochta intleachtúla é ‘léiriú’,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-71" href="#t-71">71</a>
</span>) arb é atá ann go bunúsach brí agus raon feidhme forála dlí a chinneadh ar leibhéal áirithe teibíochta.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-72" href="#t-72">72</a>
</span>) Os a choinne sin, is éard is ‘iarratas’ ann ná an ghníomhaíocht lena ndéantar foráil dlí, ar cinneadh a bhrí agus a raon feidhme, a chur i bhfeidhm i ndíospóid ar leith trí na hiarmhairtí sonracha a bhaint as i gcomhair sraith áirithe fíoras.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-73" href="#t-73">73</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">103.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Níor cheart neamhaird a thabhairt ar an idirdhealú atá déanta ag an gCúirt féin idir an dá choincheap sa chomhthéacs sin. De réir cásdlí socair, tá ról leithleach ach comhlántach ag cúirteanna náisiúnta agus ag an gCúirt Bhreithiúnais sa chóras a bunaíodh le hAirteagal 267 CFAE: tá an chéad cheann le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm maidir leis an díospóid, ach tá an dara ceann le dlí an Aontais a léiriú chun cabhrú leis na cúirteanna náisiúnta. Tá an dá ról – ar leag an Chúirt béim air – éigeantach chun cineál an dlí a bhunaítear leis na Conarthaí a chaomhnú.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-74" href="#t-74">74</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">104.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tá foclaíocht Airteagal 267 CFAE soiléir go leor, tar éis an tsaoil, sa mhéid is gurb é cuspóir an nós imeachta um réamhrialú (ceisteanna bailíochta ar leataobh) rialuithe a thabhairt maidir le ‘léiriú na gConarthaí’. Ní gá raon feidhme an nós imeachta a leathnú thar an méid sin freisin chun an dá chuspóir a bhaint amach leis an nós imeachta sin. Ar thaobh amháin, ní bhaineann cásanna de chur i bhfeidhm mícheart rialacha an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann an bonn d’aontacht, de chomhsheasmhacht ná de neamhspleáchas dhlí an Aontais. Ar an taobh eile, bheadh sé ina shárú suntasach a mheas, d’fhonn cosaint éifeachtach bhreithiúnach do dhaoine aonair a áirithiú, gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais, faoi Airteagal 267 CFAE, micreafhaireachas de chineál éigin a dhéanamh ar chur i bhfeidhm laethúil dhlí an Aontais ag na mílte cúirteanna náisiúnta.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">105.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ní féidir glacadh leis go bhfuil an Chúirt toilteanach, i gcásanna áirithe, a ról faoi Airteagal 267 CFAE a fheidhmiú ar bhealach leathan, chun cúnamh a thabhairt do na cúirteanna a rinne an tarchur chomh maith agus is féidir léi, agus ar an gcaoi sin aontaíonn sí freagra a thabhairt atá saincheaptha ar fhíorais an cháis, mar léiriú ar fhíorchuspóir agus ar fheidhm an nós imeachta.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-75" href="#t-75">75</a>
</span>) Féadfaidh an Chúirt, ach ní gá di, freagraí a thabhairt ar thoradh cásanna sonracha. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh cúirteanna náisiúnta céime deiridh tarchur sna cásanna sin, ach ní gá dóibh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-76" href="#t-76">76</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">106.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an dara dul síos, is léir gur neartaigh an breithiúnas in Consorzio ról na bpáirtithe i ndáil leis an nós imeachta um réamhrialú.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-77" href="#t-77">77</a>
</span>) Thar aon ní eile, is fúthu atá sé saincheist de dhlí an Aontais a ardú agus dóthain faisnéise (agus, i gcás inarb iomchuí, fianaise) a sholáthar don chúirt inniúil náisiúnta go bhfuil amhras réasúnach ann maidir le léiriú rialacha an Aontais a n‑iarrtar ar an gcúirt náisiúnta tarchur a dhéanamh ina leith.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-78" href="#t-78">78</a>
</span>) Maidir leis sin, ní hamháin go gceanglaítear ar an achomharcóir a thaispeáint gur féidir an fhoráil iomchuí de dhlí an Aontais a léamh ar shlí níos mó ná bealach amháin – más féidir liom a leithéid a rá – cúirt atá curtha ar an eolas go réasúnach agus a bhfuil gnáthchúram á chleachtadh aici. Tá an caighdeán socraithe níos airde in Consorzio: ní mór níos mó ná léiriú amháin a bheith ann a ndealraíonn sé go bhfuil sé ‘inchreidte go leor’ ag binse a bhfuil taithí ar leith aige (ós rud é gurb é caighdeán ‘chúirteanna nó bhinsí céime deiridh na mBallstát agus [...] na Cúirte Breithiúnais’).</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">107.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ní féidir le dlíthithe a bheith ag súil go ndéanfaidh cúirteanna náisiúnta céime deiridh saincheisteanna ex officio de dhlí an Aontais nár ardaigh siad a ardú go rialta. Ní féidir leo a bheith ag súil ach oiread leis na cúirteanna sin dul i ngleic le hiarrataí chun imeachtaí a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais atá doiléir, mearbhlach nó gan bhunús. Is cinnte go bhfuil an prionsabal vigilantibus non dormientibus iura succurrunt (cabhraíonn an dlí leo siúd atá airdeallach, seachas leo siúd a gcodlaíonn ar a gcearta) infheidhme sa chomhthéacs seo. Ina theannta sin, ní féidir ceangal a chur ar chúirteanna náisiúnta dul i ngleic le hargóintí agus le hiarrataí ar tharchur nach bhfuil fíor, arb é atá i gceist leo ná mí-úsáid nós imeachta nó cuspóir atá go hiomlán diúltach.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-79" href="#t-79">79</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">108.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, tá an raon a d’fhéadfadh a bheith ann idir sásraí scagtha náisiúnta, amhail an sásra atá i gceist agus Airteagal 267 CFAE, teoranta do na hachomhairc sin ina bhfuil fíor-shaincheist maidir le léiriú dhlí an Aontais ardaithe mar is ceart ag páirtí, rud a thugann bunús lena argóintí maidir le níos mó ná léiriú inchreidte amháin ar fhorálacha ábhartha an Aontais a bheith ann, agus gur iarr sé go sainráite ar an gcúirt náisiúnta tarchur a dhéanamh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">4.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Conclúid maidir leis an gcéad cheist</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">109.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an mhéid thuas, táim den tuairim go leagtar síos leis an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE oibleagáid shoiléir agus neamhchoinníollach ar chúirteanna náisiúnta céime deiridh, faoi réir na n‑eisceachtaí a leagtar amach i gcásdlí CILFIT amháin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">110.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá réir sin, nuair a bhíonn fíor-shaincheist de dhlí an Aontais ardaithe mar is ceart ag achomharcóir, ag tabhairt bunús lena argóintí maidir le níos mó ná léiriú inchreidte amháin ar fhorálacha ábhartha an Aontais a bheith ann, agus nuair a d’iarr sé go sainráite ar chúirt náisiúnta céime deiridh tarchur a dhéanamh, níl aon lánrogha ag an gcúirt sin maidir lena fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha lena dtionscnaítear a hoibleagáid tarchur a dhéanamh. Ní luíonn sásra náisiúnta lena dtugtar isteach méid áirithe lánrogha ina leith sin, dar liomsa, ag luí le dlí an Aontais.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">111.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">D’ainneoin sin, ba cheart dom a chur in iúl nach gciallaíonn an méid sin thuas go gceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta, gach uair a thionscnaítear an oibleagáid sin, cead achomhairc a thabhairt agus fiúntas an cháis a mheas. Mar a luaigh an Chúirt in Lyckeskog, má thagann ceist chun cinn maidir le léiriú dhlí an Aontais os comhair cúirt náisiúnta céime deiridh a fheidhmíonn sásra scagtha amhail an ceann atá i gceist, beidh an chúirt sin ‘faoi oibleagáid [...] ceist a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú ag céim an scrúdaithe ar inghlacthacht nó ag céim níos déanaí’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-80" href="#t-80">80</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">112.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Go deimhin, de réir cásdlí socair, is faoi chúirt a rinne an tarchur atá sé, i bprionsabal, cinneadh a dhéanamh cén chéim sna himeachtaí is iomchuí ceist a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-81" href="#t-81">81</a>
</span>) Mar a chinn an Chúirt, ‘cé go bhféadfadh sé a bheith ar mhaithe le dea-riaradh an cheartais gan ceist a tharchur le haghaidh réamhrialú go dtí go n‑éistfear an dá pháirtí, ní mór a aithint mar sin féin nach bhfuil an fíoras gur tugadh éisteacht dóibh roimh ré ar cheann de na coinníollacha is gá chun an nós imeachta faoi Airteagal 267 CFAE a chur ar aghaidh’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-82" href="#t-82">82</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">113.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">É sin ráite, tugann an cásdlí saoirse do chúirteanna náisiúnta céime deiridh tráth a mbíonn an fíorú sin á dhéanamh acu. Ní cleachtadh meicniúil é critéir CILFIT a chur i bhfeidhm maidir le díospóid ar leith. Is éard atá i gceist leis meastóireacht a dhéanamh ar roinnt gnéithe – nuair a ghlactar gach ceann acu ina n‑aonar agus níos mó fós nuair a bhreithnítear iad ar deireadh i dteannta a chéile – is gá go bhfágfaidh siad an dara rogha do na cúirteanna náisiúnta.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">114.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">San am a chuaigh thart, bhí tuairimí éagsúla ann maidir le cé acu a bhí nó nach raibh an dara rogha sin suntasach go leor do chúirteanna náisiúnta céime deiridh chun a gcuid cúraimí breithiúnacha a dhéanamh ar bhealach réasúnta agus éifeachtach.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-83" href="#t-83">83</a>
</span>) I ndáil leis sin, níl le rá agam ach, tar éis an bhreithiúnais in Consorzio, gur leathnaíodh an dara rogha sin go cinnte agus, a mhéid a bhaineann leis an tsaincheist atá i gcroílár an cháis seo, gur leathnaíodh í ar phointí a bhfuil leibhéal áirithe tábhachta ag baint leo.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">115.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Fágann sé sin mé ag an gconclúid seo a leanas.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">116.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Táim den tuairim, ar thaobh amháin, nach bhfuil sásraí scagtha amhail an sásra atá i gceist, nuair a chuirtear i bhfeidhm go huathoibríoch iad ar chásanna ina n‑ardaítear fíor-shaincheisteanna maidir le dlí an Aontais, ar neamhréir leis an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE. Sa chás nach dtagann cás faoi na critéir scagtha a leagtar amach sa dlí náisiúnta, ní cheadaíonn sé sin do chúirteanna náisiúnta céime deiridh gan breithniú a dhéanamh – mar a chuir an chúirt a rinne an tarchur foclaíocht air – ‘cibé acu, mar thoradh ar iarraidh ó pháirtí go ndéanfaí tarchur chun réamhrialú [...] ní mór ceist amháin nó níos mó a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú’.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">117.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an taobh eile, áfach, creidim freisin gur cheart do na cúirteanna náisiúnta a bheith in ann na rialacha nós imeachta náisiúnta atá i gceist a léiriú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach lena gcuirfear ar chumas na rialacha sin a áirithiú go gcomhlíonfar an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE, mar a léirigh an Chúirt in CILFIT agus in Consorzio é.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">118.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is cinnte gurb amhlaidh atá i gcás na gcóras náisiúnta – amhail an córas atá i gceist – inar cosúil go léiríonn na critéir scagtha a leagtar síos sa dlí náisiúnta na cásanna a shamhlaítear in eisceachtaí CILFIT den chuid is mó. Go deimhin, sna trí chás shonracha a liostaítear in Airteagal 367a de ZPP – tá ceisteanna dlí (i) ‘a n‑imíonn cinneadh na cúirte dara céime ó chásdlí na Cúirte Uachtaraí’ ina leith, (ii) ‘nach bhfuil aon chásdlí de chuid na Cúirte Uachtaraí ann, go háirithe mura bhfuil cásdlí na gcúirteanna uachtarach aonfhoirmeach’, agus (iii) ‘nach bhfuil cásdlí na Cúirte Uachtaraí aonfhoirmeach’ ina leith – go bunúsach ag cumhdach na heisceachtaí acte clair agus acte éclairé.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">119.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá réir sin, dá gcuirfí na critéir scagtha sin i bhfeidhm le, déarfainn, prionsabal na coibhéise a instealladh go láidir, bheadh an chúirt náisiúnta i gcomhréir de facto le cásdlí CILFIT. Tar éis an tsaoil, is léir nach féidir é a bheith d’éifeacht ag Airteagal 267 CFAE cúirteanna náisiúnta céime deiridh a dhíspreagadh ó dhíriú, ach go háirithe, ar cheisteanna, mar a luaitear in Airteagal 367a de ZPP, atá ‘tábhachtach chun deimhneacht dhlíthiúil, cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an dlí nó forbairt an dlí trí chásdlí a áirithiú’.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">120.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar a luadh sa réamhrá a ghabhann leis an Tuairim seo, saothraíonn sásraí scagtha cuspóirí dlisteanacha ar mhaithe leis an leas ginearálta. Má chuirtear léiriú a dhéantar ar dhlí an Aontais mar cheangal ar na cúirteanna náisiúnta gan feidhm a bheith ag na rialacha náisiúnta lena bhforáiltear do shásra den sórt sin gach uair a ardaítear saincheist de dhlí an Aontais mar is ceart os a gcomhair, dealraítear domsa go dtéann sé thar a bhfuil riachtanach agus leordhóthanach, i bhformhór na gcásanna, chun éifeachtacht Airteagal 267 CFAE a chaomhnú.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">121.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an mhéid thuas, molaim go bhfreagródh an Chúirt an chéad cheist á rá go gcuirtear cosc leis an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE ar fhoráil nó ar chleachtas náisiúnta ar dá réir, in imeachtaí a bhaineann le cead achomhairc a thabhairt ar phointe dlí, nach bhfuil sé d’oibleagáid ar chúirt náisiúnta céime deiridh a mheas an bhféadfadh sé go mbeadh sé de cheangal uirthi tarchur chun réamhrialú a dhéanamh, i gcás ina bhfuil fíor-shaincheist de dhlí an Aontais ardaithe mar is ceart ag páirtí, lena dtugtar bunús lena argóintí maidir le níos mó ná léiriú sochreidte amháin a bheith ann ar fhorálacha ábhartha an Aontais, agus gur iarr sé go sainráite ar an gcúirt náisiúnta tarchur a dhéanamh. Is faoi na cúirteanna náisiúnta atá sé na rialacha ábhartha nós imeachta a léiriú ar bhealach a chuirfidh ar chumas na rialacha sin, nuair is féidir, comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">B.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An dara ceist</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">122.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Leis an dara ceist uaithi, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar cheart Airteagal 267 CFAE, arna léamh i bhfianaise an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, a léiriú sa chaoi is go gciallaíonn gurb ionann cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas páirtí ar chead chun achomharc a thabhairt os comhair cúirt céime deiridh agus cinneadh breithiúnach nach mór a shonrú cad iad na cúiseanna nár deonaíodh iarraidh an pháirtí go ndéanfaí tarchur chun réamhrialú chuig an gCúirt Bhreithiúnais.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">123.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar a mhínigh mé, i gcás ina n‑ardaítear ceist mar is ceart maidir le léiriú ar dhlí an Aontais os comhair cúirt náisiúnta céime deiridh, ceanglaítear leis an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE ar an gcúirt sin a sheiceáil an bhfuil a hoibleagáid tarchur a dhéanamh tionscanta. Ciallaíonn sé sin gur cinneadh breithiúnach é cinneadh cúirte den sórt sin, trí dhiúltú cead achomhairc a dhéanamh, na himeachtaí achomhairc a fhoirceannadh gan tarchur a dhéanamh faoi Airteagal 267 CFAE, ar cinneadh breithiúnach é lena gceanglaítear – mar a luaigh an Chúirt Bhreithiúnais i mír 51 den bhreithiúnas in Consorzio – ráiteas ar na cúiseanna ar mheas sí ‘nach bhfuil an cheist maidir le dlí an Aontais a ardaíodh ábhartha chun an díospóid a réiteach, nó nach bhfuil léiriú na forála de dhlí an Aontais lena mbaineann bunaithe ar chásdlí na Cúirte nó, in éagmais cásdlí den sórt sin, go raibh léiriú dhlí an Aontais chomh follasach [...] nach mbeadh aon scóip ann d’aon amhras réasúnach’.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">124.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sna himeachtaí seo, phléigh na páirtithe a chuir barúlacha isteach cineál agus leibhéal na mionsonraí is gá maidir leis na ráitis ar chúiseanna. Cé nár luaigh an chúirt a rinne an tarchur an tsaincheist sin go sainráite, táim den tuairim go dtugann an cás seo deis mhaith chun roinnt smaointe a thairiscint ina leith sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">125.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an gcéad dul síos, tá sé tábhachtach a chur in iúl go bhfuair an Chúirt an oibleagáid cúiseanna a thabhairt ó Airteagal 267 CFAE, arna léamh i bhfianaise an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt. Ráthaítear leis an bhforáil sin an ceart chun triail chóir a fháil, ceart a eascraíonn freisin as na traidisiúin bhunreachtúla atá coiteann do na Ballstáit agus a fhreagraíonn d’Airteagal 6(1) ECHR.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-84" href="#t-84">84</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">126.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar a chinn an Chúirt go seasta, chun an ceart chun triail chóir a urramú, is gá gach cinneadh breithiúnach críochnaitheach a bheith réasúnaithe chun a chur ar chumas páirtí tuiscint a fháil ar an bhfáth a ndearnadh cinneadh ina choinne nó ina coinne, ionas go bhféadfaidh an páirtí sin breithniú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as na cineálacha cúitimh a d’fhéadfadh a bheith ar fáil.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-85" href="#t-85">85</a>
</span>) Ina theannta sin, go hindíreach, maidir leis an gceart chun cinneadh réasúnaithe a fháil, ‘a chomhlíonann an riail ghinearálta [...] lena gcosnaítear an duine aonair ar threallachas trína léiriú do na páirtithe gur éisteadh leo agus lena gcuirtear d’oibleagáid ar na cúirteanna a gcinneadh a bhunú ar chúiseanna oibiachtúla’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-86" href="#t-86">86</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">127.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I gcomhréir leis na cuspóirí sin, tá sé ráite ag an gCúirt ‘go bhféadfaidh méid na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt athrú de réir chineál an bhreithiúnais agus nach mór é a scrúdú, i bhfianaise na n‑imeachtaí ina n‑iomláine agus na n‑imthosca ábhartha go léir, agus na ráthaíochtaí nós imeachta a bhaineann leis an mbreithiúnas sin á gcur san áireamh’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-87" href="#t-87">87</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">128.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tuigim gur gníomh é cinneadh lena ndiúltaítear cead achomhairc agus, ar mhaithe le barainneacht bhreithiúnach agus éifeachtúlacht nós imeachta, a d’fhéadfadh déileáil le cás ar bhealach sách achomair agus caighdeánaithe. Dá bhrí sin, ní dóigh liom gur cheart ráiteas ar chúiseanna a chur san áireamh ann lena n‑áirítear tagairtí do na fíorais, don chreat dlíthiúil agus do na forais éagsúla achomhairc. I mo thuairimse, faoi Airteagal 267 CFAE, ba cheart gur leor de ghnáth don chúirt náisiúnta (i) eisceacht CILFIT ar a bhfuiltear ag brath a léiriú go sainráite agus (ii) míniú achomair a thabhairt ar an bhfáth ar measadh an eisceacht sin a bheith infheidhme.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-88" href="#t-88">88</a>
</span>) Mar shampla, i gcás ina bhfuil líne sheanbhunaithe cásdlí ann, ba cheart gur leor tagairt shimplí don chásdlí sin de ghnáth, go háirithe nuair nach míníonn páirtí go mion cén fáth a mbeadh údar le himeacht uaidh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">129.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is léir nach féidir a cheangal ar na cúirteanna náisiúnta déileáil go huileghabhálach agus ceann ar cheann leis na hargóintí go léir atá curtha in iúl ag an bpáirtí a tharraing aird ar shaincheist dhlí an Aontais.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-89" href="#t-89">89</a>
</span>) Go deimhin, d’fhéadfadh an réasúnaíocht a leanann cúirteanna den sórt sin a bheith intuigthe freisin, in imthosca áirithe.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-90" href="#t-90">90</a>
</span>) D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina bhfuil achomharc an pháirtí neamh-inghlactha nó gan bhunús go follasach,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-91" href="#t-91">91</a>
</span>) go bhfuil na cúiseanna a thugtar chun údar a thabhairt le tarchur doiléir nó cineálach  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-92" href="#t-92">92</a>
</span>) nó gur féidir na forais leis an diúltú a thuiscint go soiléir ó na cúiseanna a tugadh sa chuid eile den chinneadh nó ó chinntí na gcúirteanna íochtaracha.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-93" href="#t-93">93</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">130.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Os a choinne sin, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh sé go mbeadh gá le leibhéal níos mó mionsonraí i roinnt imthosca sonracha.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-94" href="#t-94">94</a>
</span>) D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás inar tharraing an páirtí aird ar bheith ann do línte éagsúla cásdlí ar fud an Aontais Eorpaigh nó do dhifríochtaí suntasacha sna leaganacha éagsúla teanga de na forálacha ábhartha.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">131.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is é an rud atá ríthábhachtach ina leith sin ná an bhfuil na hachomharcóirí in ann tuiscint a fháil ar na forais ar ar diúltaíodh a n‑iarratas ar imeachtaí a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais agus an féidir leis na cúirteanna a bhféadfadh na hachomharcóirí sin imeachtaí a thabhairt os a gcomhair rialú go héifeachtach ar a gcuid gearán. Níor cheart neamhaird a dhéanamh, fiú mura féidir cinntí cúirte céime deiridh a bheith, de ghnáth, faoi réir achomhairc, go bhféadfadh leigheasanna eile a bheith ann a d’fhéadfaí a úsáid i gcoinne sárú féideartha ar an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">132.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar thaobh amháin, féadfaidh an t‑achomharcóir, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha iomchuí, caingean maidir le dliteanas Stáit a thabhairt os comhair na gcúirteanna náisiúnta.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-95" href="#t-95">95</a>
</span>) Ar an taobh eile, d’fhéadfadh an Coimisiún (nó Ballstáit eile) imeachtaí um shárú faoi Airteagail 258 go 260 CFAE a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais in aghaidh an Bhallstáit a mheastar a bheith ar mainneachtain.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-96" href="#t-96">96</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">133.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an mhéid thuas, táim den tuairim gur cheart Airteagal 267 CFAE, arna léamh i bhfianaise an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, a léiriú sa chaoi is go gciallaíonn gurb ionann cinneadh ó chúirt céime deiridh, lena ndiúltaítear cead achomhairc a dhéanamh agus lena bhfoirceanntar na himeachtaí, in ainneoin gur ardaigh an t‑achomharcóir saincheist maidir le léiriú dhlí an Aontais mar is ceart, agus cinneadh breithiúnach lena gceanglaítear ráiteas ar na cúiseanna ar mheas an chúirt sin nár tionscnaíodh a hoibleagáid tarchur a dhéanamh faoi Airteagal 267 CFAE. Athraíonn méid na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt de réir na n‑imthosca ábhartha.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">V.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Conclúid</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">134.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar fhocal scoir, molaim go bhfreagródh an Chúirt na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú ag an Vrhovno sodišče (an Chúirt Uachtarach, an tSlóivéin) mar seo a leanas:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-184" title="page-8">
      (1) Leis an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE, cuirtear cosc ar fhoráil nó ar chleachtas náisiúnta ar dá réir, in imeachtaí a bhaineann le cead achomhairc a thabhairt ar phointe dlí, nach bhfuil sé d’oibleagáid ar chúirt náisiúnta céime deiridh a mheas an bhféadfadh sé de cheangal uirthi tarchur chun réamhrialú a dhéanamh, i gcás ina bhfuil fíor-shaincheist de dhlí an Aontais ardaithe mar is ceart ag páirtí, lena dtugtar bunús lena argóintí maidir le níos mó ná léiriú sochreidte amháin a bheith ann ar fhorálacha ábhartha an Aontais, agus gur iarr sé go sainráite ar an gcúirt náisiúnta tarchur a dhéanamh. Is faoi na cúirteanna náisiúnta atá sé na rialacha ábhartha nós imeachta a léiriú ar bhealach a chuirfidh ar chumas na rialacha sin, nuair is féidir, comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-185" title="page-8">
      (2) I gcomhréir le hAirteagal 267 CFAE, arna léamh i bhfianaise an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, is ionann cinneadh ó chúirt céime deiridh, lena ndiúltaítear cead achomhairc a dhéanamh agus lena bhfoirceanntar na himeachtaí, in ainneoin gur ardaigh an t‑achomharcóir saincheist maidir le léiriú dhlí an Aontais anuas go cuí, lena gceanglaítear ráiteas ar na cúiseanna ar mheas an chúirt sin nár tionscnaíodh a hoibleagáid tarchur a dhéanamh faoi Airteagal 267 CFAE. Athraíonn méid na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt de réir na n‑imthosca ábhartha.
    </p>
    <div/>
  <hr class="note"/>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-1" href="#c-1">1</a>
</span>) Bunteanga: an Béarla.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-2" href="#c-2">2</a>
</span>) Féach, mar shampla, Norkus, R., ‘Introductory report –The filtering of appeals to the supreme courts’, Network of the Presidents of the Supreme Judicial Courts of the European Union, Baile Átha Cliath, 2015, lch. 2, ag tagairt do shampla ón 16ú haois.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-3" href="#c-3">3</a>
</span>) Tá ceann de na sásraí is cáiliúla sin bunaithe ar an eascaire certiorari maidir le hachomhairc os comhair Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (a tugadh isteach ag an Judiciary Act (Acht na mBreithiúna) 1891.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-4" href="#c-4">4</a>
</span>) Nóta Taighde 13/006.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-5" href="#c-5">5</a>
</span>) Féach Airteagal 58a den Reacht, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2019/629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (IO 2019 L 111, lch. 1). Ar mhaithe le hiomláine, ba cheart dom a lua go bhfuil raon feidhme na forála sin méadaithe nuair a ghlac reachtas an Aontais, i mí Aibreáin 2024, Rialachán nua lena leasaítear an Reacht, i gcomhréir leis an togra chuige sin a thíolaic Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag 2022.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-6" href="#c-6">6</a>
</span>) Go bunúsach, faoin sásra sin, ní cheadaítear d’achomhairc a dhéantar i gcásanna a ndearna breithniú orthu faoi dhó cheana féin, ar dtús ag bord achomhairc neamhspleách agus ansin ag an gCúirt Ghinearálta, dul ar aghaidh os comhair na Cúirte Breithiúnais ach amháin má léirítear go n‑ardaítear saincheist leo atá suntasach maidir le haontacht, comhsheasmhacht nó forbairt dhlí an Aontais.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-7" href="#c-7">7</a>
</span>) Liosta Uradni RS, Uimh. 73/07.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-8" href="#c-8">8</a>
</span>) Liosta Uradni RS, Uimh. 105/06.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-9" href="#c-9">9</a>
</span>) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO 2013 L 181, lch. 15).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-10" href="#c-10">10</a>
</span>) Sa Tuairim seo, ní phléifidh mé tagairtí a bhaineann le bailíocht ghníomhartha an Aontais ós rud é nach bhfuil an t‑ábhar sin ábhartha don chás i dtrácht. Is leor a chur in iúl go leanann sé as cásdlí socair nach bhfuil aon rogha ag cúirteanna náisiúnta – lena n‑áirítear iad siúd nach den chéim deiridh iad – nuair a bhíonn amhras orthu maidir le bailíocht gnímh de chuid an Aontais. Níl sé de chumhacht ag cúirteanna náisiúnta an gníomh atá i gceist a neamhniú agus, dá bhrí sin, tá sé d’oibleagáid orthu an t‑ábhar a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais faoi Airteagal 267 CFAE. Féach, go háirithe, breithiúnas an 22 Deireadh Fómhair 1987, Foto-Frost (314/85, EU:C:1987:452, mír 20).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-11" href="#c-11">11</a>
</span>) Breithiúnas an 15 Márta 2017 (C‑3/16, EU:C:2017:209) (‘Aquino’).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-12" href="#c-12">12</a>
</span>) Breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 1982, Cilfit agus páirtithe eile (283/81, EU:C:1982:335) (‘CILFIT’), agus an 6 Deireadh Fómhair 2021, Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi (C‑561/19, EU:C:2021:799) (‘Consorzio’).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-13" href="#c-13">13</a>
</span>) Féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeacht cinntí cúirte bunreachtúla) (C‑430/21, EU:C:2022:99, mír 38), agus an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 63).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-14" href="#c-14">14</a>
</span>) Féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 73).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-15" href="#c-15">15</a>
</span>) Féach, mar shampla, breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság (C‑924/19 PPU agus C‑925/19 PPU, EU:C:2020:367, mír 142 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-16" href="#c-16">16</a>
</span>) Féach, inter alia, breithiúnas an 15 Aibreán 2021, État belge (Imthosca tar éis cinneadh aistrithe) (C‑194/19, EU:C:2021:270, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-17" href="#c-17">17</a>
</span>) Féach, go háirithe, breithiúnas an 13 Márta 2007, Unibet (C‑432/05, EU:C:2007:163, míreanna 40 agus 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-18" href="#c-18">18</a>
</span>) Chuige sin, ibid., mír 44.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-19" href="#c-19">19</a>
</span>) Fillfidh mé ar an tsaincheist seo thíos i míreanna 117 go 120 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-20" href="#c-20">20</a>
</span>) Béim curtha leis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-21" href="#c-21">21</a>
</span>) Béim curtha leis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-22" href="#c-22">22</a>
</span>) Féach, le déanaí, breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, míreanna 155 agus 156 agus an cásdlí dá dtagraítear). Béim curtha leis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-23" href="#c-23">23</a>
</span>) Féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Poiares Maduro in Cartesio (C‑210/06, EU:C:2008:294, pointí 15 agus 21).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-24" href="#c-24">24</a>
</span>) Féach, mar shampla, breithiúnas an 2 Márta 2021, A.B. agus páirtithe eile (Breithiúna a cheapadh don Chúirt Uachtarach – Caingne) (C‑824/18, EU:C:2021:153, míreanna 93 agus 94 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-25" href="#c-25">25</a>
</span>) Dworkin, R., Taking Rights Seriously, Harvard University Press, Cambridge, 1978, lch. 31.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-26" href="#c-26">26</a>
</span>) Féach, mar shampla, breithiúnas an 11 Meitheamh 2015, Fahnenbrock agus páirtithe eile (C‑226/13, C‑245/13 agus C‑247/13, EU:C:2015:383, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-27" href="#c-27">27</a>
</span>) Féach, mar shampla, breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile (C‑748/19 go C‑754/19, EU:C:2021:931, mír 49).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-28" href="#c-28">28</a>
</span>) Féach, inter alia, breithiúnais an 3 Iúil 2019, Eurobolt (C‑644/17, EU:C:2019:555, mír 32), agus an 4 Meán Fómhair 2019, Salvoni (C‑347/18, EU:C:2019:661, mír 46).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-29" href="#c-29">29</a>
</span>) Breithiúnas in CILFIT, mír 21.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-30" href="#c-30">30</a>
</span>) Féach, le déanaí, breithiúnas an 23 Samhain 2023, Commissioner-General for Refugees and Stateless Persons (Aontacht teaghlaigh) (C‑614/22, EU:C:2023:903, míreanna 15 agus 16 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-31" href="#c-31">31</a>
</span>) Féach, mar shampla, breithiúnas an 18 Iúil 2013, Consiglio Nazionale dei Geologi (C‑136/12, EU:C:2013:489, mír 26).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-32" href="#c-32">32</a>
</span>) Go ginearálta maidir leis an eisceacht ‘riachtanas’, le tagairtí breise, féach Broberg, M., agus Fenger, N., Broberg and Fenger on Preliminary References to the European Court of Justice, 3ú heag., Oxford University Press 2021, lgh. 208 agus 209.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-33" href="#c-33">33</a>
</span>) Féach an breithiúnas in CILFIT, míreanna 13 agus 14.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-34" href="#c-34">34</a>
</span>) Féach, inter alia, breithiúnas an 28 Iúil 2016, Association France Nature Environnement (C‑379/15, EU:C:2016:603, mír 48).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-35" href="#c-35">35</a>
</span>) Féach mír 17 den bhreithiúnas in CILFIT.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-36" href="#c-36">36</a>
</span>) Féach míreanna 18 go 20 den bhreithiúnas in CILFIT.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-37" href="#c-37">37</a>
</span>) Féach, mar shampla, breithiúnais an 9 Meán Fómhair 2015, Ferreira da Silva e Brito agus páirtithe eile (C‑160/14, EU:C:2015:565, mír 45), agus an 9 Meán Fómhair 2015, X agus van Dijk (C‑72/14 agus C‑197/14, EU:C:2015:564, mír 55).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-38" href="#c-38">38</a>
</span>) Féach, go háirithe, mír 56 den bhreithiúnas in Aquino.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-39" href="#c-39">39</a>
</span>) Féach, go háirithe, míreanna 20, 23, 24, 27 agus 54 den bhreithiúnas in Aquino.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-40" href="#c-40">40</a>
</span>) Féach, inter alia, breithiúnais an 18 Márta 2010, Alassini agus páirtithe eile (C‑317/08 go C‑320/08, EU:C:2010:146, míreanna 61 go 66); an 30 Meitheamh 2016, Toma agus Biroul Executorului Judecătoresc Horațiu-Vasile Cruduleci (C‑205/15, EU:C:2016:499, mír 44); agus an 9 Meán Fómhair 2020, Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides (Diúltú iarratais ina dhiaidh sin – Teorainn ama chun imeachtaí a thionscnamh) (C‑651/19, EU:C:2020:681, mír 53).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-41" href="#c-41">41</a>
</span>) Mír 46 den bhreithiúnas. Béim curtha leis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-42" href="#c-42">42</a>
</span>) Mír 47 den bhreithiúnas. Béim curtha leis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-43" href="#c-43">43</a>
</span>) Féach, go háirithe, pointí 58, 59 agus 64 den Tuairim sin (C‑338/95, EU:C:1997:352).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-44" href="#c-44">44</a>
</span>) Maidir leis na nathanna sin, féach ibid., pointí 38, 55 agus 64 agus pointí 20, 58 agus 62, faoi seach.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-45" href="#c-45">45</a>
</span>) Féach míreanna 60 go 65 den bhreithiúnas in Consorzio.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-46" href="#c-46">46</a>
</span>) Féach, chuige sin, Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh ar ECHR) an 18 Nollaig 2014 (EU:C:2014:2454, mír 176 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-47" href="#c-47">47</a>
</span>) Féach, mar shampla, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeacht na gcinntí ó chúirt bhunreachtúil) (C‑430/21, EU:C:2022:99, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-48" href="#c-48">48</a>
</span>) Féach an breithiúnas in Consorzio, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-49" href="#c-49">49</a>
</span>) Féach, chuige sin, breithiúnais an 3 Nollaig 1992, Oleificio Borelli v an Coimisiún (C‑97/91, EU:C:1992:491, míreanna 13 agus 14), agus an 3 Deireadh Fómhair 2013, Inuit Tapiriit Kanatami agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑583/11 P, EU:C:2013:625, mír 93).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-50" href="#c-50">50</a>
</span>) Féach breithiúnas an 10 Eanáir 2006, IATA agus ELFAA (C‑344/04, EU:C:2006:10, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-51" href="#c-51">51</a>
</span>) Féach, le déanaí, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar in Airbnb Ireland agus Airbnb Payments UK (C‑83/21, EU:C:2022:545, pointe 86 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-52" href="#c-52">52</a>
</span>) Féach mo Thuairim in Profi Credit Polska (Athoscailt imeachtaí arna dtabhairt i gcrích le cinneadh breithiúnach críochnaitheach) (C‑582/21, EU:C:2023:674, pointe 83) ag tagairt do Thuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek in Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi (C‑561/19, EU:C:2021:291, pointe 55) (‘an Tuairim in Consorzio’).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-53" href="#c-53">53</a>
</span>) Féach thuas, pointe 75 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-54" href="#c-54">54</a>
</span>) Féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Iúil 1964, Costa (6/64, EU:C:1964:66, lch. 592); an 15 Meán Fómhair 2005, Intermodal Transports (C‑495/03, EU:C:2005:552, mír 30); agus an breithiúnas in Aquino, mír 34.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-55" href="#c-55">55</a>
</span>) Breithiúnas an 4 Meitheamh 2002 (C‑99/00, EU:C:2002:329, míreanna 16 go 19).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-56" href="#c-56">56</a>
</span>) Féach, mutatis mutandis, Tuairimí an Abhcóide Ghinearálta Tizzano in Lyckeskog (C‑99/00, EU:C:2002:108, pointe 63), agus an Abhcóide Ghinearálta Poiares Maduro in Cartesio (C‑210/06, EU:C:2008:294, pointe 20).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-57" href="#c-57">57</a>
</span>) Féach, go háirithe, Tuairimí an Abhcóide Ghinearálta Jacobs in Wiener SI (C‑338/95, EU:C:1997:352); an Abhcóide Ghinearálta Ruiz-Jarabo Colomer in Gaston Schul Douane-expediteur (C‑461/03, EU:C:2005:415); an Abhcóide Ghinearálta Wahl i gCásanna Uamtha X agus van Dijk (C‑72/14 agus C‑197/14, EU:C:2015:319); agus – ar deireadh – Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek in Consorzio.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-58" href="#c-58">58</a>
</span>) Féach thíos pointí 122 go 133 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-59" href="#c-59">59</a>
</span>) Mír 51 den bhreithiúnas in Consorzio.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-60" href="#c-60">60</a>
</span>) Béim curtha leis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-61" href="#c-61">61</a>
</span>) Mír 44 den bhreithiúnas in Consorzio. Béim curtha leis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-62" href="#c-62">62</a>
</span>) Mír 48 den bhreithiúnas in Consorzio. Béim curtha leis. Chuige sin, féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek in Consorzio, pointí 150 go 157.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-63" href="#c-63">63</a>
</span>) Mír 49 den bhreithiúnas in Consorzio. Béim curtha leis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-64" href="#c-64">64</a>
</span>) Féach, mar shampla, breithiúnais an 9 Meán Fómhair 2015, Ferreira da Silva e Brito agus páirtithe eile (C‑160/14, EU:C:2015:565, míreanna 38 agus 40), agus an 9 Meán Fómhair 2015, X agus van Dijk (C‑72/14 agus C‑197/14, EU:C:2015:564, mír 55). Béim curtha leis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-65" href="#c-65">65</a>
</span>) Mír 33 den bhreithiúnas in Consorzio. Béim curtha leis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-66" href="#c-66">66</a>
</span>) Féach a Thuairim in Consorzio, pointí 139 go 159.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-67" href="#c-67">67</a>
</span>) Féach na tagairtí agus iad ag dul i míreanna 28 agus 29 de.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-68" href="#c-68">68</a>
</span>) Féach mír 30 de. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an pointe seo thíos.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-69" href="#c-69">69</a>
</span>) Féach, mar shampla, Cecchetti, L and Gallo, D., ‘The unwritten exceptions to the duty to refer after Consorzio Italian Management II: “CILFIT Strategy” 2.0 and its loopholes’, Review of European Administrative Law, 2022, lgh. 29 go 61.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-70" href="#c-70">70</a>
</span>) Féach, mar shampla, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Stix-Hackl in Intermodal Transports (C‑495/03, EU:C:2005:215, pointí 86 go 88).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-71" href="#c-71">71</a>
</span>) Kelsen, H., Pure Theory of Law, 2ú heag., 1967, lch. 348.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-72" href="#c-72">72</a>
</span>) Féach Tuairimí an Abhcóide Ghinearálta Capotorti in Cilfit agus páirtithe eile (283/81, EU:C:1982:267, lch. 3436), agus an Abhcóide Ghinearálta Bobek in Consorzio, pointe 145.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-73" href="#c-73">73</a>
</span>) Féach, chuige sin, Buan‑Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, Cás maidir le Monarcha ag Chorzów (Éileamh ar shlánaíocht – Dlínse) (Tuairim easaontach ón mBreitheamh Ehrlich) PCIJ Rep Sraith A Uimh. 9 (1927), 39.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-74" href="#c-74">74</a>
</span>) Féach, chuige sin, an breithiúnas in Consorzio, míreanna 30 agus 31 agus an cásdlí dá dtagraítear.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-75" href="#c-75">75</a>
</span>) Féach, mar shampla, breithiúnas an 9 Márta 2021, Radiotelevizija Slovenija (Tréimhse fuireachais i láthair iargúlta) (C‑344/19, EU:C:2021:182, mír 23).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-76" href="#c-76">76</a>
</span>) Ar ndóigh, dá measfadh an Chúirt nach bhfuil dlínse aici freagra a thabhairt ar na ceisteanna a chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl, toisc go bhfuil siad róshonrach, d’fhéadfadh sí iad a athfhoirmliú chun roinnt ceisteanna dlí a eachtarshuí nó chun a dhearbhú go bhfuil siad neamh-inghlactha, ina n‑iomláine nó i bpáirt.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-77" href="#c-77">77</a>
</span>) Ar an gcaoi chéanna, Millet, F-X., ‘Cilfit still fits’, Iml. 18, Eagrán 3, European Constitutional Law Review, 2022, lgh. 533 go 555.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-78" href="#c-78">78</a>
</span>) Féach, go háirithe, míreanna 44, 49 agus 51 den bhreithiúnas in Consorzio.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-79" href="#c-79">79</a>
</span>) Féach míreanna 24 agus 64 den bhreithiúnas in Consorzio. Ar bhonn níos ginearálta, maidir leis an gcosc ar mhí-úsáid ceart i ndlí an Aontais, féach, le déanaí, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, BMW Bank agus páirtithe eile (C‑38/21, C‑47/21 agus C‑232/21, EU:C:2023:1014, míreanna 281 go 283).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-80" href="#c-80">80</a>
</span>) Breithiúnas an 4 Meitheamh 2002 (C‑99/00, EU:C:2002:329, mír 18). Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Tizzano in Lyckeskog (C‑99/00, EU:C:2002:108, pointe 46).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-81" href="#c-81">81</a>
</span>) Féach, le déanaí, breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Bundesrepublik Deutschland (Bosca ríomhphoist cúirte) (C‑60/22, EU:C:2023:373, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-82" href="#c-82">82</a>
</span>) Breithiúnas an 1 Feabhra 2017, Tolley (C‑430/15, EU:C:2017:74, mír 32).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-83" href="#c-83">83</a>
</span>) Cf., mar shampla, Tuairimí an Abhcóide Ghinearálta Jacobs in Wiener SI (C‑338/95, EU:C:1997:352, pointe 58), agus an Abhcóide Ghinearálta Ruiz-Jarabo Colomer in Gaston Schul Douane-expediteur (C‑461/03, EU:C:2005:415, pointe 58), le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Tizzano in Lyckeskog (C‑99/00, EU:C:2002:108, pointe 63).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-84" href="#c-84">84</a>
</span>) Féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2012, Trade Agency (C‑619/10, EU:C:2012:531, mír 52).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-85" href="#c-85">85</a>
</span>) Féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Deireadh Fómhair 2014, flyLAL-Lithuanian Airlines (C‑302/13, EU:C:2014:2319, mír 51).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-86" href="#c-86">86</a>
</span>) Féach ECtHR, breithiúnas an 15 Nollaig 2022, Rutar agus Rutar Marketing d.o.o. v an tSlóivéin (CE:ECHR:2022:1215JUD002116420, § 62). Féach, ar an gcaoi chéanna, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Kokott in Trade Agency (C‑619/10, EU:C:2012:247, pointe 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-87" href="#c-87">87</a>
</span>) Féach, mar shampla, breithiúnas an 23 Deireadh Fómhair 2014, flyLAL-Lithuanian Airlines (C‑302/13, EU:C:2014:2319, mír 52).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-88" href="#c-88">88</a>
</span>) Ar an gcaoi chéanna, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek in Consorzio, pointe 168.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-89" href="#c-89">89</a>
</span>) Féach, chuige sin, ECtHR, breithiúnas an 30 Meitheamh 2022, Rusishvili v an tSeoirsia (CE:ECHR:2022:0630JUD001526913, § 75).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-90" href="#c-90">90</a>
</span>) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 4 Iúil 2019, FTI Touristik v EUIPO (C‑99/18 P, EU:C:2019:565, mír 17 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-91" href="#c-91">91</a>
</span>) Féach, chuige sin, ECtHR, breithiúnas an 24 Aibreán 2018, Baydar v an Ísiltír (CE:ECHR:2018:0424JUD005538514, §§ 42 agus 43), agus cinneadh an 20 Eanáir 2005, Astikos Oikodomikos Synetairismos Nea Konstantinoupolis v an Ghréig (CE:ECHR:2005:0120DEC003780602).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-92" href="#c-92">92</a>
</span>) Féach, chuige sin, ECtHR, cinneadh an 13 Feabhra 2007, John v an Ghearmáin (CE:ECHR:2007:0213DEC001507303).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-93" href="#c-93">93</a>
</span>) Féach, chuige sin, ECtHR, cinneadh an 26 Samhain 2013, Krikorian v an Fhrainc (CE:ECHR:2013:1126DEC000645907), agus breithiúnas an 11 Aibreán 2019, Harisch v an Ghearmáin (CE:ECHR:2019:0411JUD005005316, §§ 37 go 42).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-94" href="#c-94">94</a>
</span>) Féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Iúil 2016, Association France Nature Environnement (C‑379/15, EU:C:2016:603, mír 52).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-95" href="#c-95">95</a>
</span>) Féach, go háirithe, breithiúnais an 30 Meán Fómhair 2003, Köbler (C‑224/01, EU:C:2003:513, míreanna 51 go 55); an 13 Meitheamh 2006, Traghetti del Mediterraneo (C‑173/03, EU:C:2006:391, mír 32); agus an 28 Iúil 2016, Tomášová (C‑168/15, EU:C:2016:602, míreanna 25 agus 36).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-96" href="#c-96">96</a>
</span>) Féach breithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2018, an Coimisiún v an Fhrainc (Réamhíocaíocht) (C-416/17, EU:C:2018:811), agus an 14 Márta 2024, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe (Breithiúnas na Cúirte Uachtaraí) (C-516/22, EU:C:2024:231).</p>
</body>
</html>
