6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 342/277


P9_TA(2022)0019

Iarraidh ar dhíolúine Álvaro Amaro a tharscaoileadh

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2022 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Álvaro Amaro a tharscaoileadh (2021/2082(IMM))

(2022/C 342/27)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Álvaro Amaro a tharscaoileadh, a thíolaic breitheamh na trialach ag Chúirt Dúiche Guarda an 26 Aibreán 2021 i dtaca le himeachtaí coiriúla, agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 7 Meitheamh 2021,

—

tar éis di éisteacht a thabhairt do Álvaro Amaro i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) den Ionstraim maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach an 20 Meán Fómhair 1976,

—

ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019 (1),

—

ag féachaint d’Airteagail 157(2) agus (3) de Bhunreacht Phoblacht na Portaingéile agus d’Airteagal 11 de Dhlí Uimh. 7/93 an 1 Márta 1993 lena rialaítear Reacht na bhFeisirí do Thionól Phoblacht na Portaingéile,

—

ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0017/2022),

A.

de bhrí gur thíolaic breitheamh na dtrialach ag Cúirt Dúiche Guarda iarraidh ar dhíolúine pharlaiminteach Álvaro Amaro a tharscaoileadh d’fhonn imeachtaí coiriúla a thionscnamh ina choinne i ndáil leis an gcion cistí poiblí a mhíleithreasú agus é ina shealbhóir oifige polaitiúla, cion coiriúil a líomhnaítear a bhí déanta idir lár-2007 agus lár-2013, de bhun agus atá inphionóis faoi Airteagal 26 de Chód Coiriúil na Portaingéile, agus faoi Airteagail 3(i) agus 11 de Dhlí na Portaingéile Uimh. 34/87 an 16 Iúil 1987;

B.

de bhrí gur toghadh Álvaro Amaro ina Mhéara ar Gouveia an 9 Deireadh Fómhair 2005 (ar feadh téarma a tháinig chun deiridh in 2009), agus gur atoghadh é an 11 Deireadh Fómhair 2009 (ar feadh téarma a tháinig chun deiridh in 2013); de bhrí ina cháil mar mhéara, go líomhnaítear gur ghníomhaigh sé i gcomhpháirt agus i gcomhar le daoine eile, ag sárú an dlí maidir le rialú buiséadach agus maidir le soláthar poiblí agus prionsabail an neamh-idirdhealaithe, na trédhearcachta agus maidir le bainistiú cuí cistí poiblí, agus ar an gcaoi sin, go líomhnaítear gur sháraigh sé dualgais bhunúsacha an róil in oifig phoiblí, agus é mar rún líomhnaithe aige sochair a chinntiú dó féin agus do na cosantóirí eile; de bhrí, thairis sin, go líomhnaítear gur sháraigh sé rialacha agus prionsabail dhlí an riaracháin, agus go háirithe na cinn sin a bhaineann leis an soláthar poiblí, agus é d’aidhm aige sochair mhídhleathacha airgeadais a dhaingniú;

C.

de bhrí gur toghadh Álvaro Amaro chuig Parlaimint na hEorpa le linn thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a reáchtáladh i mBealtaine 2019;

D.

de bhrí nach mbaineann an cion coiriúil líomhnaithe le tuairimí arna gcur in iúl ag Álvaro Amaro ná le vótaí a chaith sé le linn dó a chuid dualgas a chomhlíonadh de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

E.

de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint an stáit sin;

F.

de bhrí go sonraítear in Airteagal 157(2) agus (3) de Bhunreacht na Portaingéile:

“2.   Ní fhéadfaidh Feisirí Thionól na Poblachta teacht i láthair mar fhinnéithe ná mar chúisithe gan údarú ón Tionól. Sa chás deireanach sin, ní mór don Tionól údarú a thabhairt nuair atá comharthaí láidre ann go ndearnadh cion coiriúil atá inphionóis le huastéarma príosúnachta níos mó ná trí bliana.

3.   Ní fhéadfar Feisirí Thionól na Poblachta a choinneáil, a ghabháil ná a chur i bpríosún gan údarú an Tionóil, seachas i gcás cion coiriúil atá inphionóis leis an gcineál téarma príosúnachta dá dtagraitear sa mhír roimhe seo agus in flagrante delicto.”;

G.

de bhrí gur faoi Pharlaimint na hEorpa amháin atá sé a chinneadh cibé acu a tharscaoilfidh sí nó nach dtarscaoilfidh sí díolúine i gcás ar leith; de bhrí gur féidir le Parlaimint na hEorpa seasamh an Fheisire a chur san áireamh go réasúnach chun a chinneadh cibé acu a dhéanfaidh sí nó nach ndéanfaidh sí a dhíolúine nó a díolúine a tharscaoileadh (2); de bhrí ag a éisteacht mhaígh Álvaro Amaro nach raibh aon agóid aige maidir lena dhíolúine pharlaiminteach a tharscaoileadh;

H.

de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Fheisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;

I.

de bhrí gur tharla na cionta coiriúla a bhfuil Álvaro Amaro cúisithe ina leith sular toghadh chuig Parlaimint na hEorpa é;

J.

de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha a thugann le fios go bhféadfadh sé gurb é rún na nósanna imeachta dlíthiúla i dtrácht ná dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;

K.

de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir (3);

1.

á chinneadh go dtarscaoilfear díolúine Álvaro Amaro;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh chuig údarás inniúil Phoblacht na Portaingéile agus chuig Álvaro Amaro.

(1)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.

(2)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Deireadh Fómhair 2008, Mote v Parlaimint na hEorpa, T-345/05, ECLI:EU:T:2008:440, pointe 28.

(3)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint na hEorpa T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.