|
8.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 155/3 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/891 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Aibreán 2022
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú shiombailí an Aontais le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus maidir le rialacha áirithe a bhaineann le foinsiú, rialacha áirithe nós imeachta agus rialacha idirthréimhseacha breise áirithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus Airteagal 53(3) de, an chéad mhír, go háirithe,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leasaíodh Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a mhéid a bhaineann leis an gcóras leasuithe ar shonraíocht táirge. Ón 8 Meitheamh 2022, cuireadh leasuithe ‘ar leibhéal an Aontais’ agus leasuithe ‘caighdeánacha’ in ionad leasuithe ‘nach mion’ agus ‘mionleasuithe’, le raon feidhme agus le nósanna imeachta atá éagsúil. |
|
(2) |
Tá forálacha i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (3) lena bhforlíontar na rialacha maidir le leasuithe nach mion agus le mionleasuithe. Chun feidhmiú an chórais nua leasuithe a áirithiú, ba cheart rialacha nua a chur in ionad na rialacha atá sa Rialachán cheana maidir le leasuithe nach mion agus le mionleasuithe. |
|
(3) |
Ar mhaithe le héifeachtúlacht an nós imeachta, ba cheart riail a bhunú maidir le hinghlacthacht iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas. Ar na cúiseanna céanna, aon uair a bheidh leasuithe caighdeánacha, freisin, san iarratas ar fhormheas leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas, ba cheart a mheas nach ann do leasuithe caighdeánacha mar leasuithe atá ann cheana agus níor cheart iad a mheas mar leasuithe a formheasadh i gcomhthéacs an leasaithe Aontais. |
|
(4) |
Ba cheart an nós imeachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach agus ar leasú sealadach a bhunú ionas go mbeidh na Ballstáit in ann measúnú iomchuí a dhéanamh ar na hiarratais agus cur chuige comhsheasmhach a ráthú ar fud na mBallstát. Ba cheart cruinneas agus uileghabhálacht an mheasúnaithe a dhéanfaidh na Ballstáit a bheith coibhéiseach leis an gcruinneas agus leis an uileghabhálacht is gá le haghaidh an phróisis measúnaithe laistigh den nós imeachta lena rialaítear iarratais ar thásc geografach a chlárú. |
|
(5) |
Is gá rialacha a leagan síos chun comhordú a bhunú idir na nósanna imeachta le haghaidh leasuithe ar shonraíocht táirge i gcásanna ina mbeidh iarratais a bhaineann le leasú ar leibhéal an Aontais agus leasú caighdeánach ar feitheamh ag an am céanna faoi bhráid an Choimisiúin agus údarás inniúil an Bhallstáit, faoi seach. Ós rud é go leasaítear an tsonraíocht táirge chéanna leis an dá iarratas, agus go mbíonn an dá iarratas faoi réir dhá nós imeachta chomhthreomhara éagsúla, a bhíonn faoi réir amú éagsúil, ba cheart rialacha a leagan síos lena seachnófaí neamhréireachtaí. |
|
(6) |
Ba cheart rialacha idirthréimhseacha a ghlacadh chun aistriú rianúil ó rialacha reatha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 go dtí na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú. |
|
(7) |
Ós rud é go mbeidh feidhm ag leasuithe ar shonraíocht táirge a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2021/2117 ón 8 Meitheamh 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: “Airteagal 6 Iarratais ar leasuithe ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge Chun críocha Airteagal 53 de Rialachán (AE) Uimh 1151/2012, is leasuithe ar leibhéal an Aontais, agus iad sin amháin, a chuimseofar faoi iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge a fhormheas. Má chuirtear leasuithe caighdeánacha nó sealadacha isteach le hiarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas, is maidir leis an leasú ar leibhéal an Aontais agus maidir leis sin amháin a bheidh feidhm ag an nós imeachta um leasuithe ar leibhéal an Aontais. Maidir le haon leasuithe caighdeánacha nó sealadacha a bheidh ina gcuid den iarratas, measfar iad sin a bheith ina leasuithe nár tíolacadh.”; |
|
(2) |
cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: “Airteagal 6a Inghlacthacht iarratas ar fhormheas ar leasuithe ar leibhéal an Aontais 1. Measfar iarratais ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge a fhormheas a bheith inghlactha má tíolacadh iad i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus gur seoladh chuig an gCoimisiún iad i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 668/2014 ón gCoimisiún (*1) agus go gcomhlíonann siad Airteagal 10 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Maidir le formheas a dhéanfaidh an Coimisiún ar iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge a fhormheas, ní chumhdófar leis an bhformheas sin ach na leasuithe ar leibhéal an Aontais a leagtar amach san iarratas. 2. Má mheasann an Coimisiún an t-iarratas a bheith neamh-inghlactha, déanfaidh sé údaráis an Bhallstáit nó an tríú tír lena mbaineann nó an t-iarratasóir atá bunaithe i dtríú tír, de réir mar a bheidh, a chur ar an eolas faoi na cúiseanna a bhfuil sé neamh-inghlactha. Airteagal 6b Leasuithe caighdeánacha ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint 1. Chun críocha Airteagal 53 de Rialachán (AE) 1151/2012, i dtaca le hiarratais ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge a fhormheas, cuirfear na hiarratais sin faoi bhráid údaráis an Bhallstáit arb ina chríoch atá limistéar geografach an táirge lena mbaineann. Murab é an grúpa iarrthach a thíolaic iarratas ar chosaint an ainm nó na n-ainmneacha dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge agus an t-iarratasóir a thíolaic an t-iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge a fhormheas, tabharfaidh an Ballstát deis don ghrúpa iarrthach sin a bharúil a thabhairt ar an iarratas, más ann fós don ghrúpa iarratais sin. San iarratas ar leasú caighdeánach a fhormheas, tabharfar tuairisc ar na leasuithe caighdeánacha agus léireofar gurb incháilithe, mar leasuithe caighdeánacha i gcomhréir le hAirteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, na leasuithe atáthar a mholadh. De breis air sin tabharfar achoimre ar na cúiseanna a bhfuil gá leis na leasuithe freisin. 2. I gcás ina measfaidh an Ballstát gur comhlíonadh ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus ceanglais na bhforálacha a glacadh de bhun an Rialacháin sin, féadfaidh sé an leasú caighdeánach a fhormheas. Cuimseofar sa chinneadh formheasa an tsonraíocht táirge chomhdhlúite arna leasú agus, i gcás inarb ábhartha, an doiciméad aonair comhdhlúite arna leasú nó cuimseofar ann an tagairt leictreonach don leagan foilsithe den tsonraíocht táirge chomhdhlúite agus, i gcás inarb ábhartha, doiciméad aonair. Poibleofar an cinneadh formheasa. Beidh feidhm ag an leasú caighdeánach formheasta sa Bhallstát lena mbaineann ó dháta poiblithe an chinnidh formheasa. Seolfaidh an Ballstát aon leasuithe caighdeánacha formheasta chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin ó dháta poiblithe an chinnidh formheasa náisiúnta. Cuirfidh an Ballstát in iúl don Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, aon bhreithiúnas náisiúnta críochnaitheach neamh-inachomhairc lena neamhnítear cinneadh lena bhformheastar leasú caighdeánach. 3. Maidir le cinntí lena bhformheastar leasuithe caighdeánacha a bhaineann le táirgí de thionscnamh tríú tíortha, cuirfidh grúpa iarrthach a bhfuil leas dlisteanach aige na cinntí sin in iúl don Choimisiún, trí chumarsáid dhíreach nó trí údaráis an tríú tír lena mbaineann, tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin ó dháta poiblithe an chinnidh ábhartha. 4. Measfar cumarsáid i leith leasú caighdeánach formheasta chuig an gCoimisiún a bheith curtha i gcrích go cuí tráth a chomhlíonfaidh an chumarsáid sin Airteagal 10a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014. 5. I gcás ina mbeidh sé intuigthe as an leasú caighdeánach go leasaítear an doiciméad aonair dá bharr, foilseoidh an Coimisiún an tuairisc ar an leasú caighdeánach agus an doiciméad aonair arna leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, laistigh de 3 mhí ón dáta a fhaightear an chumarsáid i leith an leasaithe chaighdeánaigh sin. I gcás nach mbeidh sé intuigthe as an leasú caighdeánach go leasaítear an doiciméad aonair dá bharr, poibleoidh an Coimisiún an tuairisc ar an leasú caighdeánach, trí bhíthin na gcóras digiteach dá dtagraítear i bpointe in Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 668/2014, laistigh de 3 mhí ón dáta a fhaightear an chumarsáid i leith an leasaithe chaighdeánaigh sin. An t-údarás náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 nó an grúpa iarrthach dá dtagraítear i mír 3 agus a chuir leasú caighdeánach in iúl don Choimisiún, leanfaidh sé de bheith freagrach as inneachar an leasú chaighdeánaigh sin. 6. Beidh feidhm ag leasuithe caighdeánacha i gcríoch an Aontais ón dáta a fhoilsítear iad de bhun mhír 5, an chéad fhomhír, nó a poiblíodh de bhun mhír 5, an dara fomhír. 7. I gcás ina mbeidh níos mó ná aon Bhallstát amháin faoin limistéar geografach, cuirfidh gach Ballstát lena mbaineann an nós imeachta um leasuithe caighdeánacha i bhfeidhm ar leithligh. Ní bheidh feidhm ag an leasú caighdeánach i gcríoch na mBallstát lena mbaineann go dtí go dtiocfaidh an ceann deireanach de na cinntí formheasa náisiúnta i bhfeidhm. An Ballstát sin a bheidh ar an mBallstát deireanach a fhormheasfaidh an leasú caighdeánach, seolfaidh sé an chumarsáid ábhartha chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin ó dháta poiblithe an chinnidh formheasa. Mura nglacfaidh ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit lena mbaineann an cinneadh formheasa náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann an t-iarratas sin a thíolacadh faoin nós imeachta um leasú ar leibhéal an Aontais. 8. Beidh feidhm ag mír 7 mutatis mutandis i gcás ina mbeidh cuid den limistéar geografach i gcríoch tríú tír. Airteagal 6c An gaol idir leasuithe ar leibhéal an Aontais agus leasuithe Caighdeánacha 1. Maidir le leasú caighdeánach lenarb intuigthe leasú an doiciméid aonair, i gcás ina bhformheasfar leasú caighdeánach den chineál sin fad a bheidh iarratas ar fhormheas an Choimisiúin ar leasú ar leibhéal an Aontais ar feitheamh, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, dá réir sin, an doiciméad aonair a thabhairt cothrom le dáta, eadhon an doiciméad aonair atá ina chuid den iarratas ar leasú ar leibhéal an Aontais a fhormheas. I gcás inar foilsíodh an leasú ar leibhéal an Aontais atá ar feitheamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun go bhféadfaí dul i bhfreasúra ina leith, foilseofar an leagan nuashonraithe den doiciméad aonair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith L, mar iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán cur chun feidhme lena bhformheastar an leasú ar leibhéal an Aontais. 2. I gcás, maidir leis an leagan leasaithe den doiciméad aonair atá ina chuid d’iarratas ar leasú caighdeánach arna fhormheas ar an leibhéal náisiúnta, nach gcuirtear san áireamh sa leagan leasaithe sin na leasuithe ar leibhéal an Aontais is déanaí a formheasadh, ní fhoilseofar an leasú caighdeánach sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. An Ballstát a d’fhormheas an leasú caighdeánach sin, seolfaidh an Ballstát sin chuig an gCoimisiún an leagan comhdhlúite den doiciméad aonair arna leasú ag an Aontas agus ag na leasuithe caighdeánacha, chun go bhfoilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Airteagal 6d Leasuithe sealadacha ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint 1. Maidir le leasuithe sealadacha ar shonraíocht táirge, déanfaidh an Ballstát ar ina chríoch atá limistéar geografach an táirge lena mbaineann, déanfaidh sé na leasuithe sealadacha sin a fhormheas agus a phoibliú. Cuirfidh an Ballstát na leasuithe caighdeánacha, maille leis na cúiseanna atá i dtacaíocht leo, in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 1 mhí ó dháta poiblithe an chinnidh formheasa náisiúnta. Beidh feidhm ag leasú sealadach sa Bhallstát lena mbaineann ó dháta poiblithe an chinnidh lena bhformheastar an leasú. 2. I gcás ina mbeidh níos mó ná aon Bhallstát amháin faoin limistéar geografach, cuirfidh gach ceann de na Ballstáit lena mbaineann an nós imeachta um leasuithe sealadacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ar leithligh. 3. Maidir le leasuithe sealadacha a bhaineann le táirgí de thionscnamh tríú tíortha, déanfaidh grúpa iarrthach a bhfuil leas dlisteanach aige na leasuithe sealadacha sin a chur in iúl don Choimisiún, maille leis na cúiseanna atá i dtacaíocht leo, trí chumarsáid dhíreach leis an gCoimisiún nó trí údaráis an tríú tír sin, tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin tar éis a bhformheasta. 4. Measfar cumarsáid i leith leasú sealadach formheasta chuig an gCoimisiún a bheith curtha i gcrích go cuí tráth a chomhlíonfaidh an chumarsáid sin Airteagal 10b de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014. 5. Poibleoidh an Coimisiún an chumarsáid i leith leasuithe sealadacha trí bhíthin na gcóras digiteach dá dtagraítear in Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014, laistigh de 3 mhí ón dáta a gheobhaidh sé an chumarsáid i leith leasú sealadach. Beidh feidhm ag leasú sealadach i gcríoch an Aontais ón dáta a phoibleoidh an Coimisiún é. An t-údarás náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 nó an grúpa iarrthach dá dtagraítear i mír 3 agus a chuir leasú sealadach in iúl don Choimisiún, leanfaidh sé de bheith freagrach as inneachar an leasaithe shealadaigh. (*1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).”." |
Airteagal 2
Rialacha idirthréimhseacha
Maidir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014, mar a bhí sé roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige maidir le hiarratais ar leasuithe nach mion agus ar mhionleasuithe, agus maidir leis na teachtaireachtaí faoi leasuithe sealadacha, lar an tsonraíocht táirge ar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ar thásca geografacha faoi chosaint agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht atá ar feitheamh leis an gCoimisiún roimh an 8 Meitheamh 2022.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 8 Meitheamh 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha ar son na talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí san Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú shiombailí an Aontais le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus maidir le rialacha áirithe a bhaineann le foinsiú, rialacha áirithe nós imeachta agus rialacha idirthréimhseacha breise áirithe (IO L 179, 19.6.2014, lch. 17).