18.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 139/218


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/780 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Aibreán 2022

maidir le neamhréireacht spriocanna feidhmíochta áirithe a áirítear sa dréachtphlean feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a chuir an Eilvéis isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha agus lena leagtar amach moltaí chun na spriocanna sin a athbhreithniú

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)2313)

(Is ag na téacsanna sa Ghearmáinis, sa Fhraincis agus san Iodáilis a bheidh an t-údarás agus acu siúd amháin)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (“an Comhaontú”) (1),

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (2), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an dara fomhír de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Aerspás Aonair,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

Cúlra

(1)

De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, bunófar scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Thairis sin, de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún (3), tarraingeoidh na Ballstáit suas spriocanna feidhmíochta ceangailteacha, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis (“FABanna”), le haghaidh gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais a ghlac an Coimisiún le haghaidh na tréimhse tagartha lena mbaineann. Is é an Coimisiún atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá beartaithe sna dréachtphleananna feidhmíochta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(2)

Ón gcéad ráithe den bhliain féilire 2020, bhí tionchar suntasach ag ráig phaindéim COVID-19 ar earnáil an aeriompair agus tháinig laghdú mór ar mhéid an aerthráchta i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim, mar gheall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus na tríú tíortha chun an phaindéim a shrianadh.

(3)

Leagadh amach spriocanna feidhmíochta ar uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (“TT3”) ar dtús i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (4). Maidir leis na spriocanna feidhmíochta sin uile-Aontais agus na dréachtphleananna feidhmíochta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha a chuir na Ballstáit agus an Eilvéis isteach ina dhiaidh sin, ós rud é gur tarraingíodh suas iad sular tharla ráig phaindéim COVID-19, ní fhéadfaí an t-athrú suntasach a tháinig ar na dálaí aeriompair de dheasca na paindéime a chur san áireamh iontu.

(4)

Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla le haghaidh an tríú tréimhse thagartha, de mhaolú ar Rialachán (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (5). De bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún (6) an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha i bpríomhréimsí feidhmíochta na sábháilteachta, an chomhshaoil, na hacmhainneachta agus na costéifeachtúlachta.

(5)

Rinne na Ballstáit uile agus an Eilvéis dréachtphleananna feidhmíochta a fhorbairt agus a ghlacadh ina bhfuil spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe áitiúla le haghaidh an tríú tréimhse thagartha, pleananna a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Chuir an Eilvéis a dréachtphlean feidhmíochta faoi bhráid an Choimisiúin ar leibhéal FAB, sa chás sin ar leibhéal Bhloc Feidhme Aerspáis Lár na hEorpa (“FABEC”). Tar éis iomláine phlean feidhmíochta FABEC a fhíorú, d’iarr an Coimisiún ar FABEC dréachtphlean feidhmíochta nuashonraithe a chur isteach faoin 17 Samhain 2021. Tá measúnú an Choimisiúin a áirítear sa Chinneadh seo bunaithe ar dhréachtphlean feidhmíochta nuashonraithe FABEC a chuir an Eilvéis agus na Ballstáit is comhalta de FABEC isteach.

(6)

An comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, chuir sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil a chomhairle maidir le measúnú a dhéanamh ar dhréachtphleananna feidhmíochta le haghaidh an tríú tréimhse thagartha.

(7)

Ní chumhdaítear leis an gCinneadh seo ach na dréachtspriocanna feidhmíochta agus na heilimintí gaolmhara atá i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, a bhfuil feidhm dhíreach acu maidir leis an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta atá ainmnithe chun seirbhísí a sholáthar in aerspás na hEilvéise.

Cur chuige i leith an mheasúnaithe

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht spriocanna náisiúnta nó spriocanna ar leibhéal FABanna ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. I ndáil le gach príomhréimse feidhmíochta agus na spriocanna feidhmíochta gaolmhara, rinne an Coimisiún an measúnú a chomhlánú trí athbhreithniú a dhéanamh ar dhréachtphleananna feidhmíochta i leith na n-eilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(9)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Eilvéis isteach, mar a leagtar síos i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, maidir le héifeachtacht bhainistiú sábháilteachta na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus is ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun (AE) 2019/317 a rinneadh an measúnú sin. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna sábháilteachta a bhaint amach i ndáil leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Maidir leis na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta áitiúla atá beartaithe ag an Eilvéis agus ag na Ballstáit is comhalta de FABEC, mar a leagtar síos i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ábhar imní atá iontu maidir lena gcomhsheasmhacht leis na spriocanna comhfhreagracha uile-Aontais agus, dá bhrí sin, níor leagadh aon torthaí gaolmhara amach sa Chinneadh seo.

(10)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Eilvéis isteach, mar a leagtar síos i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír agus is ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun (AE) 2019/317 a rinneadh an measúnú sin. Dá réir sin, rinneadh na spriocanna beartaithe atá i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC a chur i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha maidir le héifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a leagtar amach i bPlean Feabhsúcháin Líonra Aerbhealaí na hEorpa. Rinneadh an measúnú agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna comhshaoil a bhaint amach i ndáil leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun (AE) 2019/317.

(11)

I ndáil leis an mbliain féilire 2020, an sprioc feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, a leagadh amach ar dtús i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, ní dhearnadh athbhreithniú uirthi le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891, ó tharla go raibh an tréimhse ama chun an sprioc sin a chur i bhfeidhm imithe in éag agus go raibh a cur chun feidhme cinntitheach dá bhrí sin, rud a d’fhág nach bhféadfaí coigeartú aisghníomhach a dhéanamh. Dá réir sin, ní raibh sé iomchuí do na Ballstáit ná don Eilvéis athbhreithniú a dhéanamh, sna dréachtphleananna feidhmíochta a cuireadh isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021, ar a spriocanna feidhmíochta áitiúla i ndáil leis an mbliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil. I bhfianaise na mbreithnithe sin, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais i ndáil leis na blianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024. Ar an mbonn sin, na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla atá beartaithe ag an Eilvéis agus ag na Ballstáit is comhalta de FABEC, mar a leagtar síos i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ábhar imní atá iontu maidir lena gcomhsheasmhacht leis na spriocanna comhfhreagracha uile-Aontais agus, dá bhrí sin, ní leagtar aon torthaí gaolmhara amach sa Chinneadh seo.

(12)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Eilvéis isteach, mar a leagtar síos i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, maidir leis an meánmhoill i mbainistiú na sreibhe aerthráchta (“ATFM”) faoi bhealach, in aghaidh na heitilte agus is ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a rinneadh an measúnú sin. Dá réir sin, rinneadh na spriocanna beartaithe atá i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC a chur i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochta Líonra. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach a bhaint amach, lena n-áirítear go háirithe an t-athbhreithniú ar mhórinfheistíochtaí beartaithe agus an t-athbhreithniú ar an scéim dreasachta nó ar scéimeanna dreasachta i ndáil leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(13)

I ndáil leis an mbliain féilire 2020, an sprioc feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, a leagadh amach ar dtús i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, ní dhearnadh athbhreithniú uirthi le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891, ó tharla go raibh an tréimhse ama chun an sprioc sin a chur i bhfeidhm imithe in éag agus go raibh a cur chun feidhme cinntitheach dá bhrí sin, rud a d’fhág nach bhféadfaí coigeartú aisghníomhach a dhéanamh. Dá réir sin, ní raibh sé iomchuí do na Ballstáit ná don Eilvéis athbhreithniú a dhéanamh, sna dréachtphleananna feidhmíochta a cuireadh isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021, ar a spriocanna feidhmíochta áitiúla i ndáil leis an mbliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta. I bhfianaise na mbreithnithe sin, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais i ndáil leis na blianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024. Ar an mbonn sin, na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla atá beartaithe ag an Eilvéis agus ag na Ballstáit is comhalta de FABEC, mar a leagtar síos i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ábhar imní atá iontu maidir lena gcomhsheasmhacht leis na spriocanna comhfhreagracha uile-Aontais agus, dá bhrí sin, ní leagtar aon torthaí gaolmhara amach sa Chinneadh seo.

(14)

Thairis sin, i ndáil leis an measúnú ar dhréachtspriocanna acmhainneachta, i gcás aerfort atá faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 i gcomhréir le hAirteagail 1(3) agus (4) den Rialachán sin, rinne an Coimisiún a mheasúnú a chomhlánú trí athbhreithniú a dhéanamh ar dhréachtspriocanna acmhainneachta na hEilvéise, mar a leagtar síos i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Ós rud é nár suíodh gur ábhar imní a bhí sna dréachtspriocanna sin maidir leis an Eilvéis, ní gá aon torthaí gaolmhara a leagan amach sa Chinneadh seo.

(15)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Eilvéis isteach, mar a leagtar síos i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, maidir le costais aonaid arna suíomh (“CAAS”) le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus is ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointí 1.4(a), 1.4(b) agus 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a rinneadh an measúnú sin. Is é atá sna critéir sin treocht an chostais aonaid arna suíomh thar an tríú tréimhse thagartha, treocht fhadtéarmach an chostais aonaid arna suíomh thar an dara tréimhse thagartha (“TT2”) agus thar an tríú tréimhse thagartha (“TT3”) (2015-2024), agus an luach bonnlíne le haghaidh an chostais aonaid arna shuíomh ar leibhéal an limistéir muirearaithe, i gcás ina bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta. I gcás inar suíodh nach raibh na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach comhsheasmhach leis na critéir a leagtar síos i bpointe 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, scrúdaigh an Coimisiún a thuilleadh an bhféadfaí diall a mheas a bheith riachtanach agus comhréireach ar bhonn phointe 1.4(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(16)

Ar an mbonn sin, na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta áitiúla le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na hEilvéise, mar a leagtar síos i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ábhar imní atá iontu maidir lena gcomhsheasmhacht leis na spriocanna comhfhreagracha uile-Aontais agus, dá bhrí sin, ní leagtar aon torthaí gaolmhara amach sa Chinneadh seo.

(17)

Rinneadh an measúnú ar spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar na heilimintí a leagtar síos i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, eadhon na príomhthosca agus na paraiméadair atá mar bhonn taca leis na spriocanna sin mar a shonraítear faoi phointe 2.1(d) den Iarscríbhinn sin. Ós rud é gur suíodh gur ábhar imní atá i bpríomhthosca agus i bparaiméadair áirithe atá mar bhonn taca leis na spriocanna sin maidir leis an Eilvéis, leagtar amach torthaí gaolmhara sa Chinneadh seo.

(18)

Thairis sin, i ndáil leis an measúnú ar dhréachtspriocanna costéifeachtúlachta, i gcás aerfort atá faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 i gcomhréir le hAirteagail 1(3) agus (4) den Rialachán sin, rinne an Coimisiún a athbhreithniú a chomhlánú trí mheasúnú a dhéanamh ar dhréachtspriocanna costéifeachtúlachta na hEilvéise, mar a leagtar síos i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Ós rud é gur suíodh gur ábhar imní a bhí sna dréachtspriocanna sin maidir leis an Eilvéis, leagtar amach torthaí gaolmhara sa Chinneadh seo.

(19)

I gcomhréir le pointe 2(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, i ndáil leis an measúnú ar dhréachtspriocanna acmhainneachta, rinne an Coimisiún a athbhreithniú a chomhlánú trí mheasúnú a dhéanamh ar na dréachtscéimeanna dreasachta dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún scrúdú ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais shubstainteacha a leagtar amach faoi mhíreanna 1 agus 3 d’Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 leis na dréachtscéimeanna dreasachta. Ós rud é gur suíodh gur ábhar imní a bhí sna dréachtscéimeanna dreasachta sin maidir leis an Eilvéis, leagtar amach na torthaí gaolmhara sa Chinneadh seo.

Breithnithe speisialta a bhaineann le héabhlóid an tráchta

(20)

Tuartar i réamhaisnéis buntráchta STATFOR i mí Dheireadh Fómhair 2021 go mbainfear an leibhéal aerthráchta uile-Aontais a bhí ann roimh an bpaindéim amach le linn 2023 agus go mbeidh sé níos airde ná na leibhéil sin in 2024. Mar sin féin, tá leibhéal na héiginnteachta maidir leis an bhforbairt tráchta fós an-ard mar gheall ar na rioscaí a bhaineann le héabhlóid staid eipidéimeolaíoch COVID-19. Tugann an Coimisiún dá aire go meastar nach mbeidh an téarnamh tráchta cothrom ar fud na mBallstát.

(21)

Dá réir sin, meastar go mbeidh an fás tráchta le linn an tríú tréimhse thagartha i bhfad níos ísle ná an meánfhás tráchta ar leibhéal uile-Aontais, agus tuartar go mbeidh na méideanna tráchta le linn an tríú tréimhse thagartha fós faoi bhun na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim i roinnt de na Ballstáit sin. Aithníonn an Coimisiún go bhfágann sé sin go mbeidh sé níos éilithí do na Ballstáit lena mbaineann spriocanna costéifeachtúlachta uile-Aontais a bhaint amach, agus chuir sé an pointe sin san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar na himthosca áitiúla atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar gach dréachtphlean feidhmíochta.

MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN

Measúnú ar dhréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta

(22)

I ndáil leis an athbhreithniú ar na príomhthosca agus na paraiméadair dá dtagraítear i bpointe 2.1.(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 atá mar bhuntaca le dréachtspriocanna feidhmíochta FABEC le haghaidh na hEilvéise i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta, fuarthas na torthaí seo a leanas mar thoradh ar mheasúnú an Choimisiúin maidir le costais arna suíomh agus leithdháileadh na gcostas sin.

(23)

I ndáil le costais arna suíomh, feictear don Choimisiún, i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, go dtuairiscíonn an Eilvéis go bhfuil athruithe curtha i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach (Skyguide) i ndáil le rialacha Skyguide i leith caipitliú, a bhfuil sé d’éifeacht acu costais foirne agus costais oibriúcháin a mhéadú agus na costais dímheasa thar TT3 a laghdú ag an am céanna. Sa chomhairle a thug sé don Choimisiún, tá an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta den tuairim go bhféadfadh an t-athrú sin cur chun feidhme an tsásra roinnte um riosca costais maidir leis an Eilvéis a shaobhadh. Dá bhrí sin, ba cheart réasúnaíocht agus impleachtaí an mhodha a cuireadh i bhfeidhm a mhíniú tuilleadh agus údar a thabhairt leo i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe FABEC ó thaobh a gcomhlíontachta leis na forálacha dlíthiúla ábhartha, lena n-áirítear Airteagal 28(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(24)

I ndáil le leithdháileadh na gcostas idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt, tugann an Eilvéis isteach athrú ar an modheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm maidir le costais indíreacha OPEX a láimhseáil. Mar sin féin, tugann an Coimisiún dá aire i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC nár thug an Eilvéis tuairisc ar an athrú sin ar leithdháileadh na gcostas i gcás costais indíreacha OPEX idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt ná nár thug sí údar leis. Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart é sin a mhíniú tuilleadh agus údar a thabhairt leis sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

(25)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (21) go (41) de Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 2283 (7), na spriocanna atá beartaithe a áiríodh i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, a mhéid a bhaineann le limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge agus Lucsamburg, measadh go raibh siad ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta. Dá bhrí sin, ba cheart don Eilvéis, a d’fhorbair agus a chuir isteach dréachtphlean feidhmíochta TT3 ar leibhéal FAB, in éineacht leis an mBeilg, leis an bhFrainc, leis an nGearmáin, le Lucsamburg, agus leis an Ísiltír, dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chur isteach go comhpháirteach le haghaidh FABEC ina dtabharfar aghaidh ar na moltaí a leagtar amach sa Chinneadh seo agus i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 2283.

Athbhreithniú ar dhréachtspriocanna cost-éifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt.

(26)

Tá imní ar an gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na dréachtspriocanna feidhmíochta arna gcur isteach ag an Eilvéis, mar a leagtar síos i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, i ndáil leis an treocht maidir leis an gcostas aonaid arna shuíomh i gcríochfoirt i gcomhréir le pointe 2(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(27)

Ar an gcéad dul síos, agus an treocht maidir leis an gcostas aonaid arna shuíomh i gcríochfort le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (TT3) á cur i gcomparáid leis an treocht maidir leis an gcostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh, fuair an Coimisiún amach go bhfuil an treocht maidir leis an gcostas aonaid arna shuíomh i gcríochfort do limistéar muirearaithe críochfoirt na hEilvéise arb ionann é agus + 2,7 % go bhfuil sé níos airde ná an treocht maidir le costas aonaid faoi bhealach arna shuíomh san Eilvéis ar leibhéal an limistéir muirearaithe arb ionann é agus -0,5 % le haghaidh an tríú tréimhse thagartha.

(28)

Ar an dara dul síos, measann an Coimisiún go bhfuil na dréachtspriocanna le haghaidh na treochta maidir le costas aonaid arna shuíomh sa chríochfoirt i ndáil le limistéar muirearaithe críochfoirt na hEilvéise arb ionann é agus + 2,7 % le linn an tríú tréimhse thagartha níos airde ná an treocht iarbhír maidir leis an gcostas aonaid arna shuíomh sa chríochfoirt arb ionann é agus -3,4 % a breathnaíodh le linn an dara tréimhse thagartha. De réir dealraimh, tá an difríocht sin mar thoradh ar mhéaduithe suntasacha ar chostais aonaid arna suíomh i gcríochfoirt le linn TT3, go háirithe maidir le costais oibriúcháin agus costais dímheasa eile.

(29)

Ar an tríú dul síos, agus dréachtspriocanna cost-éifeachtúlachta le haghaidh críochfoirt á gcur i gcomparáid leis an bhfeidhmíocht ag aerfoirt chomhchosúla i gcás TT3, feictear don Choimisiún go meastar go bhfuil an costas aonaid arna shuíomh le haghaidh aerfort na Ginéive agus aerfort Zurich go mór os cionn an mheánchostais aonaid arna shuíomh ag an ngrúpa comparáide ábhartha thar an dara tréimhse thagartha agus thar an tríú tréimhse thagartha.

(30)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart don Eilvéis údar breise a thabhairt leis na spriocanna críochnaitheacha cost-éifeachtúlachta i bhfianaise na mbarúlacha in aithris (26) go haithris (29), nó gur cheart di athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtspriocanna ar an gcostas aonaid arna shuíomh i gcríochfort.

Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachta dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 lena gcomhlánaítear measúnú an Choimisiúin ar dhréachtspriocanna acmhainneachta

(31)

I ndáil leis na heilimintí le haghaidh athbhreithnithe a leagtar amach i bpointe 2.1 (f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, feictear don Choimisiún go bhfuil an dréachtscéim dreasachta maidir le hacmhainneacht faoi bhealach a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC comhdhéanta de bhuntáiste uasta airgeadais arb ionann é agus an míbhuntáiste uasta airgeadais, agus 0,5 % de na costais arna suíomh sa dá cheann acu. Feictear don Choimisiún freisin gurb é atá sa dréachtscéim dreasachta maidir le hacmhainneacht críochfoirt a mhol an Eilvéis i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC ná buntáiste uasta airgeadais atá cothrom leis an míbhuntáiste uasta airgeadais, arb ionann é agus 0,5 % de na costais arna suíomh sa dá cheann acu.

(32)

Ar bhonn comhairle saineolaithe arna cur ar fáil ag an gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, tá amhras mór ar an gCoimisiún an mbeadh aon tionchar ábhartha ar an ioncam faoi riosca, mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, ag na míbhuntáistí uasta airgeadais atá beartaithe a thagann as na scéimeanna dreasachta sin, arb ionann iad agus 0,5 % de na costais arna suíomh.

(33)

Dá bhrí sin, maidir leis an dréachtphlean feidhmíochta arna chur isteach ag FABEC, ba cheart don Eilvéis athbhreithniú a dhéanamh ar a dréachtscéimeanna dreasachta chun spriocanna maidir le hacmhainneacht faoi bhealach agus acmhainneacht críochfoirt a bhaint amach ionas go socrófar na míbhuntáistí uasta airgeadais a eascraíonn as na scéimeanna dreasachta sin ar leibhéal a bhfuil tionchar ábhartha acu ar an ioncam faoi riosca, mar a cheanglaítear go sainráite faoi phointe (a) d’Airteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus ba cheart, dar leis an gCoimisiún, go mbeadh míbhuntáiste uasta airgeadais ann arb ionann é agus 1 % de na costais arna suíomh nó os a chionn sin.

CONCLÚIDÍ

(34)

Ag tagairt do Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 2283, fuair an Coimisiún amach go bhfuil spriocanna feidhmíochta áirithe sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Eilvéis isteach, mar chuid de FABEC, i leith na Beilge agus Lucsamburg nach bhfuil i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

(35)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, ní mór don Eilvéis agus do Bhallstáit FABEC a ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ón dáta a nglacfar an Cinneadh seo, agus na moltaí a rinne an Coimisiún á gcur san áireamh.

(36)

Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe ina iomláine i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus mar thoradh ar an measúnú a dhéanfar ina dhiaidh sin, féadfaidh sé aon seasamh a ghlacadh i leith na ndréachtspriocanna feidhmíochta agus i leith eilimintí eile de na pleananna feidhmíochta nach ndearnadh aon agóid ina leith sa Chinneadh seo.

(37)

De bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, beidh feidhm shealadach ag na spriocanna a leagadh síos sa leagan is déanaí den dréachtphlean feidhmíochta go dtí go n-eiseoidh an Coimisiún cinneadh maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta nó na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe, agus ina dhiaidh sin ceanglófar ar an Eilvéis agus ar Bhallstáit FABEC a bplean feidhmíochta deiridh a ghlacadh.

(38)

I ndáil le príomhréimse feidhmíochta na cost-éifeachtúlachta, le hAirteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugadh éifeacht chúlghabhálach do na spriocanna atá sa phlean feidhmíochta deiridh. Mar thoradh air sin, déanfar aon difríocht san ioncam de bharr chur i bhfeidhm an ráta aonaid nó na rátaí aonaid arna ríomh ar bhonn an dréachtphlean feidhmíochta, in ionad an ráta aonaid nó na rátaí aonaid arna ríomh ar bhonn an phlean feidhmíochta deiridh, a shocrú trí choigeartuithe ar an ráta aonaid ina dhiaidh sin le linn TT3 a ndéantar rialáil bhreise orthu leis na bearta eisceachtúla le haghaidh TT3 a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627. Dá bhrí sin, ní thiocfaidh an Coimisiún ar aon chonclúid maidir le comhlíontacht na rátaí aonaid i gcomhréir le hAirteagal 29(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 sula nglacfar na pleananna feidhmíochta deiridh ábhartha.

(39)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé curtha in iúl ag roinnt Ballstát go bhfuil sé ar intinn acu ítimí costais a bhaineann le dróin aerfoirt a bhrath a chur san áireamh ina mboinn chostais TT3. Ní rabhthas in ann a shuíomh go beacht, bunaithe ar na gnéithe atá sna dréachtphleananna feidhmíochta, a mhéid a chuir na Ballstáit na costais chinnte sin san áireamh ina mboinn chostais TT3 agus, i gcás inar cuireadh na costais sin san áireamh, a mhéid a thabhaítear iad i ndáil le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta agus a mhéid a d’fhéadfaí iad a mheas, ar an gcaoi sin, a bheith incháilithe faoin scéim feidhmíochta agus muirearaithe. Chuir seirbhísí an Choimisiúin iarraidh ad hoc ar fhaisnéis chuig gach Ballstát chun faisnéis ábhartha a bhailiú, agus déanfaidh siad scrúdú breise ar na costais thuairiscithe a bhaineann le dróin aerfoirt a bhrath i gcomhthéacs fíorú comhlíontachta ar ráta an aonaid. Tá an Cinneadh seo gan dochar do thorthaí agus do chonclúidí an Choimisiúin maidir le hábhar na gcostas chun dróin a bhrath.

(40)

Mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, tá bearta sriantacha glactha ag an Aontas lena gcuirtear cosc ar aeriompróirí na Rúise, ar aon aerárthach atá cláraithe ag an Rúis agus ar aon aerárthach nach aerárthach de chuid na Rúise é atá cláraithe nó atá cairtfhostaithe, nó atá faoi rialú ar shlí eile ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach, eintiteas nó comhlacht Rúiseach tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh óna chríoch nó eitilt thar a chríoch. Tá laghdú ar aerthrácht san aerspás ar chríoch an Aontais mar thoradh ar na bearta sin. Níor cheart, áfach, go mbeadh an tionchar ar fud an Aontais inchomparáide leis an laghdú ar aerthrácht a bhí mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a bhris amach i mí an Mhárta 2020. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta agus na próisis atá ann cheana a choinneáil ar bun chun an scéim feidhmíochta agus muirearaithe a chur chun feidhme in TT3. Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar na spriocanna feidhmíochta áitiúla atá i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC, ba cheart don Eilvéis agus do Bhallstáit FABEC aird chuí a thabhairt ar na héifeachtaí oibríochtúla agus airgeadais a bhíonn ag athruithe ábhartha ar thrácht.

(41)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Eilvéis maidir leis na moltaí a leagtar amach sa Chinneadh seo, i gcomhréir le hAirteagal 19(2) den Chomhaontú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Níl na spriocanna feidhmíochta atá i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC a chuir an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Eilvéis isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 2283, ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.

Airteagal 2

Is chuig Cónaidhm na hEilvéise a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 114, 30.4.2002, lch. 73.

(2)   IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta le haghaidh an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún maidir le neamhréireacht spriocanna feidhmíochta áirithe atá sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus sna dréachtphleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis arna gcur isteach ag an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha agus lena leagtar amach moltaí chun na spriocanna sin a athbhreithniú.