11.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 283/92


P9_TA(2023)0041

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Mhacadóin Thuaidh: gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh (12895/2022 – C9-0369/2022 – 2022/0301(NLE))

(Toiliú)

(2023/C 283/24)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12895/2022),

—

ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh (12896/2022),

—

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(b) agus (d), le hAirteagal 79(2)(c) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0369/2022),

—

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0027/2023),

1.

ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Macadóine Thuaidh.