|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/271 |
7.2.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/271 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 4 Feabhra 2025
maidir le glacadh le rannchuidiú tríú Stát le hoibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) (EUNAVFOR ASPIDES/2/2025)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/583 ón gComhairle an 8 Feabhra 2024 maidir le hoibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 7(2) de Chinneadh (CBES) 2024/583, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le glacadh leis na rannchuidithe atá beartaithe ó thríú Stáit le EUNAFOR ASPIDES, ar mholadh ó Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh agus ó Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC). |
|
(2) |
I ndiaidh na moltaí ó Cheannasaí Oibríochta an Aontais agus ó EUMC i dtaca le rannchuidiú ó Phoblacht na hAlbáine, ba cheart glacadh leis an rannchuidiú sin agus é a mheas mar rannchuidiú suntasach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Glactar leis an rannchuidiú ó Phoblacht na hAlbáine le hoibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES), agus meastar gur rannchuidiú suntasach é.
2. Tá Poblacht na hAlbáine díolmhaithe ó ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh le buiséad EUNAVFOR ASPIDES.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An Cathaoirleach
D. PRONK
(1) IO L, 2024/583, 12.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/583/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/271/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)