<!DOCTYPE html PUBLIC "yes" "xhtml1-strict.dtd">
<html xmlns="http://www.w3.org/1999/xhtml">
<!--GENDOC2XHTML # converter_version: 1.2.15-->
  <head>
    <title>2025-12-202512C118202404810-00-TRA-DOC-GA-CONCL-C-0481-24-202507777-07_00</title>
    <meta content="text/html; charset=utf-8" http-equiv="Content-Type"/>
    <meta content="true" name="ParExtraits_2021"/>
    <meta content="" name="Gendoc_DGTGeneratedDate"/>
    <meta content="0" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_ContentBits"/>
    <meta content="Commission Use" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Name"/>
    <meta content="ga-IE" name="Gendoc_Lang"/>
    <meta content="" name="Gendoc_GenerationDate"/>
    <meta content="" name="IsFlattened"/>
    <meta content="1" name="NumProc"/>
    <meta content="Final" name="Gendoc_EditionType"/>
    <meta content="0001" name="Gendoc_CaseNumberSuite"/>
    <meta content="19/10/2026 16:39:34" name="Gendoc_LastVerificationDate"/>
    <meta content="" name="Gendoc_ProcedureNumber"/>
    <meta content="ga" name="Gendoc_LangCode"/>
    <meta content="CNC" name="TypeDoc"/>
    <meta content="5dKBr/ZZ///BERJd3gVrFeUhEpt0zpQZycfxg527uFa9h2idx5JgTBczm7up6Ay4OxeiSk/bcLeysU/Tnr6WNaB3qgJjnqF6DqIhp56ZM1mmrk1SpvUNY2PTc2F00UCz3yCfg2XJjiUnDE8CgTQYKxWTBRSNSqT+RDBuiufKtWg=" name="GenDocUID"/>
    <meta content="P" name="TypeProc"/>
    <meta content="" name="CreateCustomParts"/>
    <meta content="OK" name="ReadyToPublish"/>
    <meta content="cashmke" name="Gendoc_User"/>
    <meta content="10, 3, 0, 1" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Tag"/>
    <meta content="" name="EP_Mode"/>
    <meta content="" name="Gendoc_DGTGenerated"/>
    <meta content="" name="Gendoc_Vademecum"/>
    <meta content="true" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Enabled"/>
    <meta content="bbafc33b-0ebe-436d-bade-0094144b2487" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_ActionId"/>
    <meta content="0481" name="NumeroOrdre"/>
    <meta content="2024" name="Annee"/>
    <meta content="P" name="Gendoc_ProcedureType"/>
    <meta content="" name="EP_Version"/>
    <meta content="GA" name="Langue"/>
    <meta content="cashmke" name="Gendoc_DGTGeneratedUser"/>
    <meta content="b24c8b06-522c-46fe-9080-70926f8dddb1" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_SiteId"/>
    <meta content="FAST_document_go_ok" name="Gendoc_LastVerificationStatus"/>
    <meta content="CNC_C" name="Gendoc_GendocTemplateType"/>
    <meta content="TRUE" name="WithoutAuthorBlockFlatP"/>
    <meta content="GenDoc 02-12-25 15:13:32" name="Created"/>
    <meta content="" name="Canevas3_Vademecum"/>
    <meta content="2025-12-17T13:55:10Z" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_SetDate"/>
    <meta content="TRUE" name="WithoutAuthorBlock"/>
    <meta content="" name="Gendoc_CaseYear"/>
    <meta content="false" name="Generation_In_Progress"/>
    <meta content="C" name="Juridiction"/>
    <meta content="ba1c2bba504c4690937c75415db2b4ac" name="DocumentIdentifier"/>
    <meta content="0481" name="Gendoc_CaseNumber"/>
    <meta content="ImportedWithoutSource" name="SdlIdentifier"/>
    <meta content="RP" name="NatureAff"/>
    <meta content="RP" name="Gendoc_CaseNature"/>
    <meta content="0001" name="NumSuite"/>
    <meta content="C" name="Gendoc_Juridiction"/>
    <meta content="Standard" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Method"/>
  </head>
  <body>
    <div style="header">
      <div id="rId25" style="first"/>
      <div id="rId21" style="even">Conclusions de M. Spielmann – Affaire C‑481/24</div>
      <div id="rId22" style="default">E. (Fritháireamh éileamh)</div>
    </div>
    <p class="C36Centre" id="para-1" title="page-1">
      TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA
    </p>
    <p class="C36Centre" id="para-2" title="page-1">
      DEAN SPIELMANN
    </p>
    <p class="C36Centre" id="para-3" title="page-1">
      arna tabhairt an 1 Lúnasa 2025  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-1" href="#t-1">1</a>
</span>)
      
    </p>
    <p class="C38Centregrasgrandespacement" id="para-4" title="page-1">
      Cás C‑481/24
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-5" title="page-1">
      E. sp.j.
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-6" title="page-1">
      v
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-7" title="page-1">
      C. sp. z o.o.
    </p>
    <p class="C39Centreespacement" id="para-8" title="page-1">
      (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy dla m.st. Warszawy w Warszawie (an Chúirt Dúiche, Cathair Vársá, an Pholainn))
    </p>
    <p class="C71Indicateur" id="para-9" title="page-1">
      (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2011/7/AE – Cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála – Raon feidhme – Airteagal 3(1) agus (3)(a) – Airteagal 6(1) agus (2) – Riail náisiúnta lena bhforáiltear do fhritháireamh éileamh le héifeacht chúlghabhálach)
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-10" title="page-2">
      
        <br/>
      
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count"/>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Réamhrá</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">1.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Leis an iarraidh ar réamhrialú seo, fiafraíonn Sąd Rejonowy dla m.st. Warszawy w Warszawie (Cúirt Dúiche, Cathair Vársá, an Pholainn) faoi léiriú Airteagal 3(1) agus (3)(a) agus Airteagal 6(1) agus (2) de Threoir 2011/7/AE maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-2" href="#t-2">2</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">2.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Go sonrach, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt rialú a thabhairt, ina breithiúnas atá le teacht, maidir leis an gceist an bhfuil an éifeacht chúlghabhálach a thugtar do fhritháireamh éileamh le reachtaíocht na Polainne comhoiriúnach le Treoir 2011/7. Tugann an cheist seo deis don Chúirt soiléiriú suntasach a thabhairt ar raon feidhme na Treorach sin agus is léir go bhfuil sí thar a bheith cigilteach toisc go bhfuil cúiteamh cúlghabhálach fréamhaithe go daingean i dtraidisiúin dhlíthiúla roinnt Ballstát den Aontas Eorpach.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count"/>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An dlí lena mbaineann</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count"/>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dlí an Aontais</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">3.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De réir Airteagal 1 de Threoir 2011/7, dar teideal ‘Ábhar agus raon feidhme’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-17" title="page-3">
      ‘(1) Is é is aidhm don Treoir seo cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála, chun dea-feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, agus ar an gcaoi sin, iomaíochas gnóthas a chothú […]
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-18" title="page-3">
      (2) Beidh feidhm ag an Treoir sin maidir le gach íocaíocht arna déanamh mar luach saothair ar idirbheart tráchtála.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-19" title="page-3">
      [...]’
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-20" title="page-3">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">4.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear le hAirteagal 3 de Threoir 2011/7:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-22" title="page-3">
      ‘(1) Áiritheoidh na Ballstáit, in idirbhearta tráchtála idir gnóthais, go mbeidh an creidiúnaí i dteideal úis ar íocaíocht dhéanach gan gá le meabhrúchán, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-23" title="page-3">
      (a) go bhfuil a oibleagáidí conarthacha agus dlíthiúla comhlíonta ag an gcreidiúnaí; agus
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-24" title="page-4">
      (b) nach bhfuair an creidiúnaí an tsuim atá dlite ar an dáta dlite, ach amháin más rud é nach bhfuil an féichiúnaí freagrach as an moill.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-25" title="page-4">
      [...]
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-26" title="page-4">
      3. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-27" title="page-4">
      (a) go bhfuil an creidiúnaí i dteideal úis ar íocaíocht dhéanach ón lá tar éis dháta nó dheireadh na tréimhse le haghaidh íocaíochta atá socraithe sa chonradh;
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-28" title="page-4">
      [...]’
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-29" title="page-4">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">5.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De réir Airteagal 6 den Treoir sin:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-31" title="page-4">
      ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtiocfaidh ús ar íocaíocht dhéanach chun bheith iníoctha in idirbhearta tráchtála i gcomhréir le hAirteagal 3 [...], go mbeidh an creidiúnaí i dteideal chnapshuim EUR 40 a fháil ón bhféichiúnaí, ar a laghad.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-32" title="page-4">
      2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chnapshuim dá dtagraítear i mír 1 iníoctha gan gá le meabhrúchán agus mar chúiteamh ar chostais aisghabhála an chreidiúnaí féin.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-33" title="page-4">
      [...]’
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-34" title="page-4">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count"/>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dlí na Polainne</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count"/>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Cód Sibhialta</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">6.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear le hAirteagal 498 den ustawa – Kodeks cywilny (an Dlí maidir leis an gCód Sibhialta), an 23 Aibreán 1964 (Dz. U. de 2023, mír 1610, arna leasú le) (‘an Cód Sibhialta’)</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-38" title="page-4">
      ‘(1) I gcás inar féichiúnaithe agus creidiúnaithe a chéile ag an am céanna beirt, féadfaidh gach duine acu a éileamh nó a héileamh a fhritháireamh in aghaidh éileamh an pháirtí eile má bhaineann an dá éileamh le hairgead nó le nithe den chineál céanna atá ainmnithe de réir a gcineáil amháin, más rud é go bhfuil an dá éileamh dlite agus gur féidir iad a thabhairt faoi thrácht os comhair cúirte nó údaráis eile de chuid an Stáit.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-39" title="page-4">
      (2) Is é éifeacht an fhritháirimh go bhfritháirítear an dá éileamh in aghaidh an éilimh níos ísle.’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">7.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De réir Airteagal 499 den Chód Sibhialta:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-41" title="page-5">
      ‘Déanfar an fhritháireamh trí dhearbhú don pháirtí eile. Beidh éifeacht chúlghabhálach ag an dearbhú ón uair a bhí an fritháireamh indéanta.’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count"/>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An dlí maidir le moilleanna iomarcacha</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">8.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Thrasuigh údaráis na Polainne Treoir 2011/7 sa dlíchóras náisiúnta leis an ustawa o przeciwdziałaniu nadmiernym opóźnieniom w transakcjach handlowych (Dlí maidir le moilleanna iomarcacha in idirbhearta tráchtála a chomhrac) an 8 Márta 2013 (Dz. U. de 2013, mír 1790) (‘Dlí maidir le moilleanna iomarcacha’).</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">9.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear le hAirteagal 7 den Dlí maidir le moilleanna iomarcacha:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-45" title="page-5">
      ‘(1) In idirbhearta tráchtála, cé is moite d’idirbhearta inar eintiteas poiblí é an féichiúnaí, beidh an creidiúnaí i dteideal, gan fógra foirmiúil, ús reachtúil a fháil ar an moill ar idirbhearta tráchtála, mura rud é gur chomhaontaigh na páirtithe ar ús níos airde, le haghaidh na tréimhse ón lá dliteannais na híocaíochta go dtí dáta na híocaíochta, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go carnach:
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-46" title="page-5">
      (1) gur chomhlíon an creidiúnaí a chuid oibleagáidí conarthacha;
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-47" title="page-5">
      (2) nach bhfuil íocaíocht faighte ag an gcreidiúnaí laistigh den tréimhse a shonraítear sa chonradh.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-48" title="page-5">
      [...]’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">10.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Faoi Airteagal 10 den Dlí maidir le moilleanna iomarcacha:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-50" title="page-5">
      ‘(1). Ón dáta a gheobhaidh sé an teideal úis dá dtagraítear in Airteagal 7(1), beidh an creidiúnaí i dteideal cúiteamh ar chostais aisghabhála a fháil ón bhféichiúnaí, gan fógra foirmiúil, arb ionann é agus méid:
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-51" title="page-5">
      (1). EUR 40, i gcás nach mó méid na híocaíochta ná 5000 zloty de chuid na Polainne ((PLN), (thart ar EUR 1 190));
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-52" title="page-5">
      (2). EUR 70, i gcás inar mó méid na híocaíochta ná 5000 (PLN (thart ar EUR 1 190)) ach níos lú ná 50 000 (PLN (thart ar EUR 11 890));
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-53" title="page-5">
      [...]’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count"/>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An díospóid sna príomhimeachtaí, an cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">11.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tá deich n‑éileamh ar luach saothair in aghaidh Chuideachta C. (‘an cosantóir’) ag Cuideachta E. (‘an t‑iarratasóir’), arna dtarraingt suas le sonraisc a bhaineann le seirbhísí iompair, lena bhforáiltear do thréimhsí íocaíochta dlite idir mí Feabhra agus mí Mheán Fómhair 2022.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">12.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ós rud é nár íoc an cosantóir a fhiacha laistigh den tréimhse fhorordaithe, thionscain an t‑iarratasóir caingean le haghaidh íocaíochta os comhair an Sąd Rejonowy dla m.st. Warszawy w Warszawie (Cúirt Dúiche, Cathair Vársá), arb í an chúirt a rinne an tarchur.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">13.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">D’éiligh an t‑iarratasóir íocaíocht, ar thaobh amháin, PLN 26 715.60 (thart ar EUR 5 676.56)  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-3" href="#t-3">3</a>
</span>)i leith shuim na n‑éileamh ar luach saothair, móide, de bhun Airteagal 7 den Dlí maidir le moilleanna iomarcacha, ús arna ríomh ar gach luach saothair gan íoc, ag an ráta dá bhforáiltear in Airteagal 4(3)(b) den Dlí sin, agus, ar an taobh eile, suim PLN 1 997.29 (thart ar EUR 424.39) mar chúiteamh ar chostais aisghabhála, i gcomhréir le hAirteagal 10 den Dlí sin, mar gheall ar íocaíocht dhéanach gach ceann de na héilimh ar luach saothair.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">14.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">D’áitigh an cosantóir gur cheart an chaingean a dhíbhe. D’íoc sé PLN 1 697.40 (thart ar EUR 360.67) leis an iarratasóir agus, le doiciméad an 2 Meán Fómhair 2022, chuir sé isteach dearbhú fritháirimh, de réir bhrí Airteagail 498 agus 499 den Chód Sibhialta, ar mhéid PLN 25 018.20 (thart ar EUR 5 315.90). Dá bhrí sin, tar éis dó an méid iomlán PLN 26 715.60 a íoc, measann sé gur múchadh a fhiacha.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">15.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Bhí an dearbhú fritháirimh a chuir an cosantóir isteach bunaithe ar éileamh ar chúiteamh a bhí aige i gcoinne an iarratasóra mar gheall ar scriosadh earraí le linn iompair a rinne an t‑iarratasóir ach nach raibh ina ábhar don chaingean le haghaidh íocaíochta. Maidir leis an éileamh sin ar chúiteamh, d’áitigh an cosantóir go ndeachaigh an tréimhse íocaíochta a shocraigh sé ina litir fógra fhoirmiúil an 15 Feabhra 2022 in éag an 7 Márta 2022.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">16.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dar leis an gcosantóir, dá bhrí sin, fiú mura mbaineann an dearbhú fritháirimh ach leis na príomhmhéideanna atá dlite ag gach ceann de na cuideachtaí lena mbaineann, chaill an t‑iarratasóir, de bhua éifeacht chúlghabhálach an dearbhaithe sin dá bhforáiltear in Airteagal 499 den Chód Sibhialta, an ceart chun ús arna thabhú agus cúiteamh arna thabhú tar éis an 7 Márta 2022 a éileamh. Sna príomhimeachtaí, baineann sé leis an ús agus leis an gcúiteamh a eascraíonn as íocaíocht dhéanach naoi as na deich n‑éileamh ar luach saothair a bhfuiltear ag brath orthu san iarratas.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">17.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Níor thug an t‑iarratasóir faoi cheist a dhliteanas i leith an damáiste a d’éiligh an cosantóir. Mar sin féin, chuir sé i gcoinne éifeachtacht an dearbhú cúitimh sin agus méid an damáiste sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">18.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ós rud é go raibh an Sąd Rejonowy dla m.st. Warszawy w Warszawie (Cúirt Dúiche, Cathair Vársá) neamhchinnte maidir le héifeacht chúlghabhálach an fhritháirimh ar na cearta chun úis ar íocaíocht dhéanach agus chun cúitimh ar chostais aisghabhála a eascraíonn as an Dlí maidir le moilleanna iomarcacha lena dtrasuitear Treoir 2011/7, chinn sé bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-63" title="page-7">
      ‘An bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 3(1) agus (3)(a) chomh mhaith le hAirteagal 6(1) agus (2) de Threoir 2011/7 amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear dó nach bhfuil ús reachtúil ar riaráistí agus cúiteamh i leith costais aisghabhála dlite don chreidiúnaí, i gcás, ar éag don teorainn ama le haghaidh íocaíochta arna leagan amach sa chonradh, inar chomhlíon an féichiúnaí éileamh an chreidiúnaí trí fhritháireamh a bhfuil éifeacht chúlghabhálach aige trí bhíthin feidhmiú dlí a luaithe is indéanta an fritháireamh sin?’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">19.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuir an cosantóir, Rialtas na Gearmáine, Rialtas na Beilge, Rialtas na hÍsiltíre agus Rialtas na Polainne agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn isteach. Chuir Rialtas na Gearmáine, Rialtas na hÍsiltíre agus Rialtas na Polainne agus an Coimisiún argóint ó bhéal i láthair ag an éisteacht an 14 Bealtaine 2025.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count"/>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Anailís</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">20.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Lena ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur den Chúirt, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 3(1) agus (3)(a) agus Airteagal 6(1) agus (2) de Threoir 2011/7 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear nach bhfuil ús reachtúil ar íocaíocht dhéanach agus cúiteamh ar chostais aisghabhála iníoctha leis an gcreidiúnaí i gcás inar shocraigh an féichiúnaí a fhiach leis an gcreidiúnaí trí dhearbhú fritháirimh, arna chur isteach tar éis dhul in éag na tréimhse le haghaidh íocaíochta a leagtar síos sa chonradh, a bhfuil éifeacht chúlghabhálach aici ón uair a bhí an fritháireamh sin indéanta.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">21.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chun ceist den sórt sin a fhreagairt, measaim gur gá, ar an gcéad dul síos, roinnt réamhbharúlacha gearra a thabhairt maidir le héilimh a fhritháireamh, sula ndéanfar scrúdú ar chomhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist le Treoir 2011/7.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count"/>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Réamhbharúlacha</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">22.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sainmhínítear é mar an modh chun dhá oibleagáid ar leith a mhúchadh, suas go dtí an méid is lú, idir beirt atá ina gcreidiúnaithe agus ina bhféichiúnaithe dá chéile ag an am céanna, tá fritháireamh bunaithe ar an dlí Rómhánach.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-4" href="#t-4">4</a>
</span>) Tá dhá fheidhm aige. Ar thaobh amháin, is féidir leis dlús a chur le hathbhunú na cothromaíochta agus é a shimpliú i gcaidreamh tráchtála, rud a sheachnaíonn íocaíocht dhúbailte sa treo eile. Ar an taobh eile, feidhmíonn sé mar ráthaíocht a mhéid, dá n‑íocfadh ceann de na páirtithe gan fanacht le híocaíocht ón bpáirtí eile, go mbeadh sé neamhchosanta ar bhaol an dara páirtí a bheith dócmhainneach agus ar chúnamh ó chreidiúnaithe eile an pháirtí dhócmhainnigh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">23.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Féadfaidh fritháireamh a bheith reachtúil, conarthach nó breithiúnach.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">24.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is éard atá i gceist leis an sásra is gné dhílis den fhritháireamh reachtúil éilimh chómhalartacha a mhúchadh, suas go dtí an t‑éileamh is ísle, ar dháta a gcómhaireachtála, i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Is iad sin coinníollacha na cómhalartachta, na hidirmhalartachta, na deimhneachta, na leachtachta agus na hinmhuirearachta éileamh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">25.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear go ginearálta le dlíthe na mBallstát go múchfar éilimh chómhalartacha go huathoibríoch, trí fheidhmiú an dlí, nó mar thoradh ar dhearbhú aontaobhach lena dtugtar éifeacht chúlghabhálach do fhritháireamh,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-5" href="#t-5">5</a>
</span>) amhail an dearbhú atá i gceist sa chás seo.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">26.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Roghnaíodh an chéad rogha, mar shampla, i ndlí na Beilge,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-6" href="#t-6">6</a>
</span>) na Spáinne  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-7" href="#t-7">7</a>
</span>) agus Lucsamburg,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-8" href="#t-8">8</a>
</span>) lena bhforáiltear do fhritháireamh a tharlaíonn trí fheidhmiú an dlí, fiú i ngan fhios do na páirtithe.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">27.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tá an dara rogha le fáil i gcórais dlí náisiúnta freisin. Chomh maith le dlí na Polainne, atá mar ábhar dár n‑anailís sa chás seo, tá samplaí eile ann. Foráiltear le dlí na Gearmáine fritháireamh trí dhearbhú, a bhfuil, gan beann ar tráth a ghlactar leis an dearbhú, éifeacht chúlghabhálach maidir leis an chéad dáta arb ann don phríomhéileamh agus don fhrithéileamh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-9" href="#t-9">9</a>
</span>) Foráiltear le dlí na Fraince go ndéanfar an fritháireamh ar an dáta a gcomhlíonfar a choinníollacha, ar choinníoll go ndéantar é a agairt.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-10" href="#t-10">10</a>
</span>) Bunaítear le dlí na hÍsiltíre fritháireamh trí dhearbhú a bhfuil éifeacht chúlghabhálach aige faoin tráth gur tháinig chun cinn an ceart chun fritháirimh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-11" href="#t-11">11</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count"/>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Breithniú ar an gceist a tharchuirtear</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">28.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa mhéid seo a leanas, tar éis faisnéis bhunriachtanach áirithe a sholáthar maidir le Treoir 2011/7, scrúdóidh mé, ar an gcéad dul síos, an dtagann reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do fhritháireamh le héifeacht chúlghabhálach faoi raon feidhme na Treorach sin. Ar an dara dul síos, scrúdóidh mé comhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta sin le cuspóirí agus éifeachtacht na Treorach sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">29.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ba cheart a mheabhrú ag an tús, i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de, gurb é cuspóir Threoir 2011/7 cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála, chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar iomaíochas gnóthas, agus go háirithe gnóthais bheaga agus mheánmhéide.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-12" href="#t-12">12</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">30.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar is léir ón mbrollach leis an Treoir sin, ar thaobh amháin, is ionann íocaíocht dhéanach agus sárú conartha atá tar éis éirí tarraingteach ó thaobh airgeadais de d’fhéichiúnaithe mar gheall, go háirithe, ar an leibhéal íseal nó easpa úis ar íocaíocht dhéanach a gearradh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-13" href="#t-13">13</a>
</span>) Ar an taobh eile, bíonn éifeachtaí diúltacha ag íocaíochtaí déanacha ar leachtacht cuideachtaí agus déanann siad a mbainistíocht airgeadais níos casta, rud a dhéanann difear dá n‑iomaíochas agus dá mbrabúsacht, toisc go mbíonn ar an gcreidiúnaí maoiniú seachtrach a fháil mar gheall ar na moilleanna sin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-14" href="#t-14">14</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">31.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chinn an Chúirt, dá bhrí sin, gurb é príomhchuspóir na Treorach sin íocaíochtaí déanacha a dhíspreagadh agus creidiúnaithe a chosaint ar mhoilleanna den sórt sin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-15" href="#t-15">15</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">32.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Léirítear an cuspóir dúbailte sin in Airteagail 3 agus 6 de Threoir 2011/7 trí chearta an chreidiúnaí a chumhdach chun ús a éileamh ar íocaíochtaí déanacha agus chun cúiteamh a éileamh as na costais a tabhaíodh chun a éileamh nó a héileamh a aisghabháil.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">33.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Faoi Airteagal 3(1) agus (3)(a) den Treoir sin, tá an creidiúnaí i dteideal ús ar íocaíocht dhéanach ón lá tar éis dháta na híocaíochta nó tar éis dheireadh na tréimhse íocaíochta a leagtar síos sa chonradh, gan gá le meabhrúchán, i gcás inar chomhlíon an creidiúnaí a oibleagáidí conarthacha agus dlíthiúla agus nach bhfuair sé an méid atá dlite faoin dáta dlite, ach amháin más rud é nach bhfuil dliteanas i leith na moille inchurtha i leith an fhéichiúnaí.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">34.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear le hAirteagal 6(1) den Treoir sin, i gcás ina dtagann ús chun bheith iníoctha i gcomhréir leis an Treoir sin, go bhfuil an creidiúnaí i dteideal íocaíocht chnapshuime EUR 40 ar a laghad a fháil ón bhféichiúnaí. Foráiltear le mír 2 den Airteagal sin go bhfuil an chnapshuim sin iníoctha gan gá le meabhrúchán agus go bhfuil sé beartaithe an creidiúnaí a chúiteamh as na costais a thabhaigh sé.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">35.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar bhunús le ceart an chreidiúnaí an t‑ús agus an cúiteamh sin a fháil, tá an coincheap ‘íocaíocht dhéanach’. Sainmhínítear an téarma sin in Airteagal 2(4) de Threoir 2011/7 mar aon íocaíocht nach ndéantar laistigh den tréimhse íocaíochta chonarthach agus reachtúil, i gcás inar chomhlíon an creidiúnaí a oibleagáidí conarthacha agus dlíthiúla agus nach bhfuair sé an méid atá dlite ar an dáta dlite, ach amháin más rud é nach raibh an féichiúnaí freagrach as an moill.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">36.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Cé go rialaítear leis an Treoir sin na cearta chun ús mainneachtana agus costais aisghabhála agus go mbraitheann na cearta sin ar an bpríomhéileamh a bheith ann, is léir, mar sin féin, ó anailís chomhthéacsúil agus theileolaíoch nach mbunaítear léi rialacha dlí maidir leis an bpríomhéileamh agus, dá bhrí sin, nach mbaineann sí le fritháireamh éileamh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">37.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ó thaobh an chomhthéacs de, ba cheart a thabhairt faoi deara, maidir leis an gcoincheap ‘méid atá dlite’, nach bhforáiltear le hAirteagal 2(8) de Threoir 2011/7 ach go n‑ainmníonn sé an phríomhshuim ba cheart a bheith íoctha laistigh den dáta íocaíochta conarthaigh agus reachtúil agus nach mór na cánacha, na dleachtanna, na táillí nó na muirir is infheidhme a áireamh sa mhéid sin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-16" href="#t-16">16</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">38.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ó thaobh na teileolaíochta de, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le cásdlí socair, nach ndéantar comhchuibhiú iomlán le Treoir 2011/7 ar na rialacha uile a bhaineann le híocaíocht dhéanach in idirbhearta tráchtála. Ní leagtar síos leis an Treoir sin ach rialacha áirithe sa réimse sin, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le hús ar íocaíocht dhéanach agus cúiteamh ar chostais aisghabhála.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-17" href="#t-17">17</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">39.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is é sin le rá, ní leagtar síos i dTreoir 2011/7 ach rialacha an‑sonrach nach mór a ionchorprú sa dlí náisiúnta sibhialta agus tráchtála. Agus Treoir 2000/35 agus ansin Treoir 2011/7 á nglacadh, i dtús báire, ní raibh sé d’aidhm ag reachtóir an Aontais Eorpaigh creat dlíthiúil ginearálta a bhunú le haghaidh oibleagáidí agus conarthaí.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-18" href="#t-18">18</a>
</span>) Go deimhin, ag cur san áireamh éagsúlacht leathan chur chuige na mBallstát sna hábhair sin, ba chóir rún den sórt sin ón reachtóir a fhoráil go lán‑soiléir i bhfoclaíocht na bhforalácha den Treoir sin, ó na cuspóirí nó ón obair ullmhúcháin lena mbaineann. Is léir nach amhlaidh an cás.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">40.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, níl sé i gceist le Treoir 2011/7 rialacha a leagan síos maidir leis na coinníollacha a bhaineann le breith, dáta dlite agus múchadh éilimh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">41.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ós rud é go dtagann an sásra fritháirimh faoi raon feidhme mhúchadh an éilimh, ní thagann foráil náisiúnta lena bhforáiltear do fhritháireamh le héifeacht chúlghabhálach, amhail Airteagal 499 de Chód Sibhialta na Polainne, faoi raon feidhme na Treorach sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">42.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is cosúil go bhfuil an ráiteas i mbarúlacha Rialtas na Gearmáine go dtagann na rialacha maidir le fritháireamh cúlghabhálach faoi neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát mícheart. Go deimhin, ní bhíonn neamhspleáchas den sórt i gceist ach amháin i gcás go dtagann an reachtaíocht náisiúnta faoi raon feidhme dhlí an Aontais, rud nárbh amhlaidh sa chás seo.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-19" href="#t-19">19</a>
</span>) Dá bhrí sin, níl údar le hanailís dhlíthiúil atá beartaithe chun comhoiriúnacht na forála náisiúnta atá i gceist le prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta a fhíorú sa chás seo.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">43.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tacaítear leis an mbreithniú deireanach sin, i mo thuairim, le breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás Nemec.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-20" href="#t-20">20</a>
</span>) Sa chás sin, cuireadh ceist ar an gCúirt an gcuireann an Treoir 2000/35 bac ar reachtaíocht náisiúnta lenar foráladh gur scoir ús mainneachtana a fabhraíodh ach nár íocadh nuair a shroich méid an úis mainneachtana an phríomhshuim (ne ultra alterum tantum). Mar fhreagairt air sin, d’fhéadfadh an Chúirt a mheas, (a bheadh mar an gcéanna a bheag nó a mhór le tuairim an Abhcóide Ghinearálta), gur bhain an reachtaíocht sin le híosleibhéal na n‑ús sin, ionas go mbeadh an chumhacht ag na Ballstáit uasteorainn a shocrú maidir le carnadh na n‑ús sin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-21" href="#t-21">21</a>
</span>) Seachas sin, luaigh an Chúirt nár leagadh síos le Treoir 2000/35 na rialacha a bhaineann leis an tréimhse ar lena linn is iníoctha ús mainneachtana nó méid uasta an úis sin,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-22" href="#t-22">22</a>
</span>) agus scrúdaigh sí ansin an raibh an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist de chineál a thabharfadh neamhaird ar chuspóirí na Treorach sin nó a bhainfeadh a héifeachtacht de.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">44.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Thairis sin, comhfhreagraíonn an scrúdú sin, i mo thuairimse, don scrúdú a iarrtar ar an gCúirt a dhéanamh sa chás seo ina breithiúnas atá le teacht.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">45.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Cé go bhfuil sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit foráil a ghlacadh lena leagtar síos éifeacht chúlghabhálach ag fritháireamh, ní fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar an bhforáil sin neamhaird a thabhairt ar na cuspóirí a shaothraítear le Treoir 2011/7 ná a héifeachtacht a bhaint di.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-23" href="#t-23">23</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">46.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir leis na cuspóirí chun éifeachtaí díobhálacha ar leachtacht an chreidiúnaí a sheachaint agus chun íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála a dhíspreagadh, is cosúil go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur den tuairim go bhfuil fritháireamh cúlghabhálach ar neamhréir le Treoir 2011/7, a mhéid a cheanglaítear leis an Treoir sin go ndeonófar an ceart don chreidiúnaí ús mainneachtana agus costais aisghabhála a éileamh i gcás inar íocadh a éileamh tar éis dhul in éag na tréimhse a leagtar síos sa chonradh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">47.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is fíor go bhfágann éifeacht chúlghabhálach an fhritháirimh nach bhfuil creidiúnaí a fhaigheann, tar éis dhul in éag na tréimhse a leagtar síos sa chonradh, dearbhú fritháirimh, a bhfuil éifeacht chúlghabhálach aige go dtí an dáta ar a raibh sé indéanta fritháireamh a dhéanamh, i dteideal an úis sin ná i dteideal cúitimh le haghaidh na tréimhse ón dáta sin go dtí an dáta a chuirtear isteach an dearbhú fritháirimh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">48.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar sin féin, tá réasúnaíocht na cúirte a rinne an tarchur bunaithe ar an mbonn tuisceana mícheart go n‑íoctar an t‑éileamh tráth a chuirtear isteach an dearbhú fritháirimh. Ar an taobh eile, foráiltear leis an bhforáil náisiúnta atá i gceist go dtarlaíonn múchadh an éilimh tráth a raibh fritháireamh indéanta, roimh an dáta sin. Ós rud é go dtagann reachtaíocht den sórt sin faoi inniúlacht an reachtais náisiúnta, is é an pointe ama sin an ceann nach mór a ghlacadh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">49.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, níl na hiarmhairtí is gné dhílis d’éifeacht chúlghabhálach an fhritháirimh contrártha do chuspóir Threoir 2011/7 maidir le híocaíochtaí déanacha a dhíspreagadh díreach toisc, nuair is féidir fritháireamh a dhéanamh, go múchtar an t‑éileamh. Dá bhrí sin, níl aon íocaíocht bhreise dlite  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-24" href="#t-24">24</a>
</span>) agus ní thagann ús mainneachtana chun cinn. Ina theannta sin, a luaithe a bheidh cúiteamh indéanta, déanann an méid a dhéanfar a fhritháireamh difear do leachtacht an chreidiúnaí, ionas nach bhféadfadh aon íocaíocht dhéanach a mbeadh tionchar diúltach aici ar leachtacht den sórt sin a dhéanamh ag céim níos déanaí.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">50.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ba cheart a lua freisin go ndéanfaí neamhaird de na cuspóirí sin dá mba rud é nach mbeadh aon ús mainneachtana agus costais aisghabhála a tabhaíodh idir an dáta a sáraíodh an teorainn ama le haghaidh íocaíochta agus an dáta a bhí cúiteamh indéanta dlite don chreidiúnaí. Ní féidir a áitiú gurb amhlaidh atá sa chás seo, áfach, ach amháin má dhéantar an sásra a bhaineann go sonrach le fritháireamh cúlghabhálach a shaobhadh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">51.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sna himthosca sin, táim den tuairim nach bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear fritháireamh cúlghabhálach de chineál a dhéanfadh neamhaird ar chuspóirí Threoir 2011/7 nó a bhainfeadh a héifeachtacht de.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">52.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ina bharúlacha i scríbhinn, áitíonn an Coimisiún, áfach, gurb é an léiriú ar dá réir, in imthosca amhail imthosca an cháis seo, nach bhfuil an creidiúnaí i dteideal cúiteamh a fháil as na costais aisghabhála a thabhaigh sé bunoscionn le cuspóirí Threoir 2011/7.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-25" href="#t-25">25</a>
</span>) Bunaíonn sé a argóint ar na breithiúnais in Česká pojišťovna  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-26" href="#t-26">26</a>
</span>) agus BFF Finance Iberia.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-27" href="#t-27">27</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">53.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chás as ar eascair an chéad cheann de na breithiúnais sin, iarradh ar an gCúirt rialú a thabhairt ar an gceist an bhfuil Airteagal 6 de Threoir 2011/7 le léiriú sa chaoi go dtugtar do chreidiúnaí, a éilíonn fritháireamh as na costais a eascraíonn as meabhrúcháin a seoladh chuig an bhféichiúnaí mar gheall ar íocaíocht dhéanach an fhéichiúnaí, an ceart chun cúiteamh réasúnta a fháil, ar an mbonn sin, sa bhreis ar an gcnapshuim íosta, dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal sin, de réir bhrí mhír 3 den Airteagal sin. Sa chás is bonn leis an dara breithiúnas, fiafraíodh den Chúirt an gá an t‑airteagal sin a léiriú sa chaoi go bhfuil an chnapshuim íosta, mar chúiteamh leis an gcreidiúnaí as na costais aisghabhála a tabhaíodh mar thoradh ar íocaíocht dhéanach an fhéichiúnaí, iníoctha le haghaidh gach idirbhirt tráchtála nach n‑íoctar faoin dáta dlite.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">54.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa dá chás, bhunaigh an Chúirt a fhreagra dearfach ag an gcinneadh ar dá réir a bheartaítear le Treoir 2011/7 ní hamháin an íocaíocht dhéanach sin a dhíspreagadh, ionas nach mbeadh siad de leas airgeadais ag an bhféichiúnaí de dheasca an leibhéil ísil úis arna shonrascadh nó gan é a bheith ann ina leithéid de chás, ach an féichiúnaí a chosaint go héifeachtach ar a leithéid de mhoilleanna chomh maith, ar mhaithe le háirithiú go bhfaigheadh sé a ghlaine sin de chúiteamh as na costais aisghabhála arna dtabhú aige agus is féidir.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-28" href="#t-28">28</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">55.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Murab ionann agus an Coimisiún, measaim nach féidir réasúnaíocht na Cúirte a aistriú chuig an gcás seo, ós rud é, sna cásanna sin, nach raibh aon díospóid ann maidir leis an gceart chun cúiteamh a fháil as costais aisghabhála, agus nár bhain amhras na cúirte a rinne an tarchur ach le méid an chúitimh a chinneadh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">56.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, measaim nach mór Airteagal 3(1) agus (3)(a) agus Airteagal 6(1) agus (2) de Threoir 2011/7 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear nach bhfuil ús reachtúil ar íocaíocht dhéanach agus cúiteamh ar chostais aisghabhála iníoctha leis an gcreidiúnaí i gcás inar shocraigh an féichiúnaí a fhiach leis an gcreidiúnaí trí bhíthin ráiteas fritháirimh, arna chur isteach tar éis dhul in éag na tréimhse íocaíochta a leagtar síos sa chonradh, a bhfuil éifeacht chúlghabhálach acu ón uair a bhí an fritháireamh sin indéanta.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count"/>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Conclúid</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">57.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, molaim go bhfreagródh an Chúirt an cheist a tharchuir an Sąd Rejonowy dla m.st. Warszawy w Warszawie (Cúirt Dúiche, Cathair Vársá, an Pholainn) mar seo a leanas:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-107" title="page-15">
      Maidir le hAirteagal 3(1) agus (3)(a) chomh maith le hAirteagal 6(1) agus (2) de Threoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála,
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-108" title="page-15">
      ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-109" title="page-15">
      ní chuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear nach bhfuil ús reachtúil ar íocaíochtaí déanacha agus cúiteamh ar chostais aisghabhála iníoctha leis an gcreidiúnaí i gcás inar shocraigh an féichiúnaí a fhiach leis an gcreidiúnaí trí dhearbhú fritháirimh, arna chur isteach tar éis dhul in éag na tréimhse le haghaidh íocaíochta a leagtar síos sa chonradh, le héifeacht chúlghabhálach ón tráth a raibh an fritháireamh sin indéanta.
    </p>
    <div/>
  <hr class="note"/>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-1" href="#c-1">1</a>
</span>) Bunteanga: an Fhraincis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-2" href="#c-2">2</a>
</span>) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 (IO 2011 L 48, lch. 1). Aisghairm an Treoir sin Treoir 2000/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 maidir le híocaíochtaí déanacha i gcaidrimh thráchtála a chomhrac (IO 2000 L 200, lch. 35), agus tháinig sí ina hionad, le héifeacht ón 16 Márta 2013.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-3" href="#c-3">3</a>
</span>) Maidir le rátaí malairte an 2 Meán Fómhair 2022.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-4" href="#c-4">4</a>
</span>) Faoi Chód Iustinianus: (Compensationes ex omnibus actionibus ipso iure fieri sancimus nulla differentia in rem vel personalibus actionibus inter se observanda) (Is mian linn go n‑eascróidh an fritháireamh as gach caingean, trí fheidhmiú an dlí, gan idirdhealú a dhéanamh idir na caingne pearsanta agus na caingne réadúla) [Aistriúchán neamhoifigiúil])). Féach Iust C. 4,31,14, Iohanni, a. 531. Maidir le tionscnamh an fhritháirimh, féach, go háirithe, De Kotzebue, R., Compensation et procédure; essai de critique et de science juridique pure, Sirey, Páras, 1945.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-5" href="#c-5">5</a>
</span>) Féach Zimmermann, R., Comparative Foundations of a European Law of Set‑off and Prescription, Cambridge University Press, Cambridge, 2002, lgh. 32 go 43.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-6" href="#c-6">6</a>
</span>) Féach an chéad mhír d’Airteagal 5.255 de Chód Sibhialta na Beilge: (Déanfar fritháireamh dlíthiúil trí fheidhmiú an dlí, fiú i ngan fhios do na féichiúnaithe). Maidir le fritháireamh reachtúil faoi dhlí na Beilge, féach Van Ommeslaghe, P., De Page, Traité de Droit Civil Belge – Tome II – Les obligations,, Iml. 3, Bruylant, an Bhruiséil, 2013, lgh. 2235 go 2271.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-7" href="#c-7">7</a>
</span>) De réir Airteagal 1202 de Código Civil de España (Cód Sibhialta na Spáinne): (El efecto de la compensación es extinguir una y otra deuda en la cantidad iomaitheoir, aunque no tengan conocimiento de ella los acreedores y deudores) (Is é is éifeacht don fhritháireamh an dá fhiach a mhúchadh suas go dtí an ceann is ísle, fiú i ngas fhios do na creidiúnaithe agus na féichiúnaithe).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-8" href="#c-8">8</a>
</span>) Léifear Airteagal 1290 de Chód Sibhialta Lucsamburg mar seo a leanas: ‘Is trí fheidhmiú an dlí amháin a dhéanfar an fritháireamh, go huathoibríoch, fiú i ngan fhios do na féichiúnaithe; múchfar an dá fhiach go cómhalartach, tráth a bheidh siad ann ag an am céanna, suas go dtí méid a gcóimheasa faoi seach’.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-9" href="#c-9">9</a>
</span>) Féach Airteagail 388 agus 389 de Burgeliches Gesetzbuch (Cód Sibhialta na Gearmáine).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-10" href="#c-10">10</a>
</span>) Féach Airteagal 1347 de Chód Sibhialta na Fraince. Maidir le fritháireamh reachtúil faoi dhlí na Fraince, féach Flour, J. et al., Droit civil. Les obligations. Le rapport d’obligation, Dalloz, Páras, 2024, (11ú heag.) lgh. 301 go 314.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-11" href="#c-11">11</a>
</span>) Féach Airteagal 6:127 (1) agus Airteagal 6:129(1) de Burgerlijk Wetboek (Cód Sibhialta na hÍsiltíre).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-12" href="#c-12">12</a>
</span>) Rinneadh íocaíocht dhéanach a rialáil den chéad uair le Treoir 2000/35. Níl i dTreoir 2011/7, a bhfuil a léiriú iarrtha sa chás seo, ach athmhúnlú ar an Treoir sin, de réir aithris 1 di. A mhéid nach raibh athruithe substaintiúla ar na forálacha atá faoi cheist i gceist leis an athmhúnlú sin, tá léiriú na Cúirte ar fhorálacha comhfhreagracha Threoir 2000/35 fós ábhartha i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Threoir 2011/7.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-13" href="#c-13">13</a>
</span>) Féach aithris 12 de Threoir 2011/7.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-14" href="#c-14">14</a>
</span>) Féach aithris 3 de Threoir 2011/7.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-15" href="#c-15">15</a>
</span>) Féach breithiúnas an 1 Nollaig 2022, X (Soláthairtí trealamh leighis) (C‑419/21, EU:C:2022:948, mír 26).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-16" href="#c-16">16</a>
</span>) Go sonrach, seo foclaíocht na forála sin: (‘ciallaíonn “príomhshuim” an phríomhshuim ba cheart a íoc laistigh den tréimhse íocaíochta chonarthach nó reachtúil, lena n‑áirítear na cánacha, dleachtanna, tobhaigh nó muirir is infheidhme atá sonraithe sa sonrasc nó san iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht’) (Curtha i gcló iodálach agamsa).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-17" href="#c-17">17</a>
</span>) Féach, go háirithe, breithiúnas an 20 Deireadh Fómhair 2022, A (Neamh-aisghabháil úis ar íocaíochtaí déanacha) (C‑406/21, EU:C:2022:816, míreanna 52 et 53).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-18" href="#c-18">18</a>
</span>) I ndáil leis sin, cuireadh amhras in iúl maidir le cruinneas rogha Airteagal 114 CFAE mar bhunús dlí don dá threoir sin, féach Editorial Comments, (Union competences in the field of contract law: Some questions – no answers), Common Market Law Review, Iml. 48, Uimh. 3, 2011, lgh. 655 go 657.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-19" href="#c-19">19</a>
</span>) Leanann sé go loighciúil nach bhfuil an cheist, a pléadh ag an éisteacht, maidir le cúrsaí substainteacha nó nós imeachta Airteagal 499 de Chód Sibhialta na Polainne ábhartha sa chás seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-20" href="#c-20">20</a>
</span>) Breithiúnas an 15 Nollaig 2016, Nemec (C‑256/15, ‘an breithiúnas in Nemec’, EU:C:2016:954).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-21" href="#c-21">21</a>
</span>) Féach Tuairim an Abhcóide Ginearálta in Nemec (C‑256/15, EU:C:2016:619, míreanna 56 go 71).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-22" href="#c-22">22</a>
</span>) An breithiúnas in Nemec (mír 48).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-23" href="#c-23">23</a>
</span>) An breithiúnas in Nemec (mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-24" href="#c-24">24</a>
</span>) Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon bhuntáiste ag an gcreidiúnaí a thaisc an dearbhú fritháirimh maidir leis an gceart ús mainneachtana a éileamh ar an méid a chumhdaítear leis an bhfritháireamh le haghaidh na tréimhse ón dáta a raibh sé indéanta go dtí an dáta ar cuireadh isteach an dearbhú sin. Dá bhrí sin, ní bhaineann sé le hábhar go bhféadfadh an chéad éileamh, mar thoradh ar idirbheart tráchtála, ús níos airde a ghiniúint ná an t‑ús a bhí dlite don chosantóir i leith an éilimh ar dhamáistí.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-25" href="#c-25">25</a>
</span>) Is fíor, mar a áitíonn an Coimisiún ina bharúlacha i scríbhinn, i gcás nach bhfaigheann sé íocaíocht laistigh den tréimhse fhorordaithe, go bhféadfadh an creidiúnaí bearta nithiúla a dhéanamh chun a éileamh a aisghabháil, gan a bheith ar an eolas go dtarlóidh fritháireamh ina dhiaidh sin, agus ar an gcaoi sin costais áirithe a sheasamh nach mbeidh sé in ann a aisghabháil dá measfaí éifeacht chúlghabhálach an fhritháirimh dá bhforáiltear in Airteagal 499 de Chód Sibhialta na Polainne a bheith ag luí le Treoir 2011/7. Táim suite de, sna cásanna sin, go mbeadh feidhm ag ‘ignorantia legis non excusat’ na Laidine.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-26" href="#c-26">26</a>
</span>) Breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2018 (C‑287/17, ‘an breithiúnas in Česká pojišťovna’, EU:C:2018:707).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-27" href="#c-27">27</a>
</span>) Breithiúnas an 20 Deireadh Fómhair 2022 (C‑585/20, ‘an breithiúnas in BFF Finance Iberia’ EU:C:2022:806).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-28" href="#c-28">28</a>
</span>) An breithiúnais in Česká pojišťovna (míreanna 25 agus 26 gus an cásdlí dá dtagraítear), agus BFF Finance Iberia (mír 36). Tugtar údar leis an gcinneadh sin, dar leis an gCúirt, le téacs aithris 19 den Treoir 2011/7, ina gcuirtear in iúl [gur cheart a áireamh sna costais aisghabhála freisin aisghabháil na gcostas riaracháin maille leis an gcúiteamh ar chostais inmheánacha arna dtabhú de thoradh íocaíochtaí déanacha.] [aistriúcháin neamhoifigiúil] Is é an aidhm ba cheart a bheith i gceist le cúiteamh i bhfoirm cnapshuim teorainn a chur leis na costais riaracháin agus inmheánacha a bhaineann leis an aisghabháil.)</p>
</body>
</html>
