|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1254 |
30.4.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1254 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Aibreán 2024
lena leasaítear Treoracha 2009/12/CE, 2009/33/CE agus (AE) 2022/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/67/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe tuairiscithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagail 100(2) agus 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Mar sin féin, tá sé tábhachtach ceanglais den sórt sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an t-ualach riaracháin a theorannú. |
|
(2) |
I dTreoracha 2009/12/CE (3), 2009/33/CE (4) agus (AE) 2022/1999 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus i dTreoir 96/67/CE ón gComhairle (6) tá roinnt ceanglas tuairiscithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta, ceanglais ba cheart a shimpliú i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 dar teideal ‘Long-term competitiveness of the EU: looking beyond 2030’ [Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030]. |
|
(3) |
Tá feidhm ag Treoir 2009/12/CE maidir leis na haerfoirt uile atá lonnaithe i gcríoch atá faoi réir an Chonartha agus atá oscailte do thrácht tráchtála arb é méid is mó ná cúig mhilliún gluaiseacht paisinéirí an trácht bliantúil atá acu agus maidir leis an aerfort ag a bhfuil an ghluaiseacht is mó paisinéirí i ngach Ballstát. Ceanglaítear léi ar na Ballstáit liosta de na haerfoirt ar a gcríoch a bhfuil feidhm ag an Treoir sin maidir leo a fhoilsiú, ar bhonn bliantúil. Ós rud é go bhfuil an fhaisnéis atá sa liosta sin ar fáil go poiblí agus go bhfuil rochtain éasca ag páirtithe leasmhara ó aerfoirt, ó chomhlachais aerfoirt agus ó Eurostat uirthi, agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, is iomchuí an oibleagáid sin maidir le foilsiú a bhaint. |
|
(4) |
Leagtar síos i dTreoir 2009/33/CE spriocanna íosta soláthair d’fheithiclí glana, arna sloinneadh mar chéatadáin íosta d’fheithiclí glana i líon iomlán na bhfeithiclí iompair de bhóthar a chumhdaítear le conarthaí arna ndámhachtain le linn dhá thréimhse thagartha. Mairfidh an chéad cheann de na tréimhsí tagartha sin ón 2 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025, agus an dara ceann ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2030. |
|
(5) |
Le Treoir 2009/33/CE ceanglaítear ar na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach sin faoin 18 Aibreán 2026, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Tá figiúirí maidir le líon agus catagóirí na bhfeithiclí arna soláthar faoi raon feidhme Threoir 2009/33/CE le háireamh i dtuarascálacha na mBallstát. Thairis sin, le Treoir 2009/33/CE, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach sin faoin 18 Aibreán 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, bunaithe ar na tuarascálacha arna gcur isteach ag na Ballstáit de bhun na Treorach sin. |
|
(6) |
Chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus an sceideal tuairiscithe a chuíchóiriú, is iomchuí minicíocht thuairisciú na mBallstát faoi Threoir 2009/33/CE a laghdú, agus í a ailíniú go hiomlán leis na tréimhsí tagartha 5 bliana dá bhforáiltear sa Treoir sin. I bhfianaise an athraithe sin sa mhinicíocht tuairiscithe, ní iomchuí a thuilleadh a cheangal go mbeadh tuairisciú den sórt sin ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 83(3), an dara fomhír, de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus Airteagal 99(3), an dara fomhír, de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), a ndéantar foráil leis an dá Threoir maidir le tuairisciú gach 3 bliana. Ós rud é go gcuireann tuairisciú ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle le tuarascálacha náisiúnta ó na Ballstáit, ba cheart minicíocht an tuairiscithe sin a oiriúnú dá réir sin. |
|
(7) |
Le Treoir (AE) 2022/1999, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach sin le haghaidh gach bliana féilire. I bhfianaise na dtairbhí teoranta a bhaineann le tuairisciú bliantúil, agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus an sceideal tuairiscithe a chuíchóiriú, is iomchuí minicíocht tuarascálacha den sórt sin a laghdú go dtí gach dara bliain féilire. |
|
(8) |
A mhéid a bhaineann le hábhar tuarascálacha maidir lena cur i bhfeidhm, ceanglaítear le Treoir (AE) 2022/1999 ar na Ballstáit a chur san áireamh, más féidir, an méid earraí contúirteacha a iompraítear de bhóthar, i dtonaí arna n-iompar nó i dtonaí/ciliméadar a taifeadadh nó a measadh. Mar gheall ar chineál roghnach an cheanglais sin, ní bhailítear sonraí ábhartha nó ní dhéanann na Ballstáit iad a thuairisciú go comhsheasmhach. Idir an dá linn, cuireann Eurostat sonraí soiléire agus comhsheasmhacha ar fáil maidir le hiompar earraí contúirteacha, ar sonraí iad a mbíonn an Coimisiún ag brath orthu chun an tuarascáil thríbhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a tharraingt suas. Ós rud é go bhfuil rochtain ag an gCoimisiún ar na sonraí sin cheana féin, is iomchuí an oibleagáid maidir le tuairisciú ar mhéid iomlán na n-earraí contúirteacha a iompraítear de bhóthar sa Bhallstát a scriosadh chun an t-ualach riaracháin a laghdú. |
|
(9) |
Le Treoir (AE) 2022/1999, ceanglaítear ar an gCoimisiún freisin tuarascáil a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, den chéad uair in 1999 agus gach 3 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, maidir le cur i bhfeidhm na Treorach sin ag na Ballstáit. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus chun an sceideal tuairiscithe a chuíchóiriú, is iomchuí a cheangal go seolfaí an tuarascáil sin gach 4 bliana. |
|
(10) |
Le hAirteagal 1(4) de Threoir 96/67/CE, ceanglaítear ar an gCoimisiún liosta a fhoilsiú go bliantúil de na haerfoirt a thagann faoina raon feidhme agus ceanglaítear ar na Ballstáit na sonraí is gá chun an liosta sin a chur le chéile a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Ós rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí agus go bhfuil rochtain éasca ag páirtithe leasmhara ó aerfoirt, ó chomhlachais aerfoirt nó ó Eurostat uirthi, agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, is iomchuí deireadh a chur leis an oibleagáid sin maidir le tuairisciú agus foilsiú. |
|
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2009/12/CE, 2009/33/CE, (AE) 2022/1999 agus 96/67/CE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Threoir 2009/12/CE
In Airteagal 1 de Threoir 2009/12/CE, scriostar mír 3.
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2009/33/CE
Leasaítear Airteagal 10 de Threoir 2009/33/CE mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Faoin 18 Aibreán 2026, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le cur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh faisnéis sna tuarascálacha sin maidir leis na bearta a rinneadh chun an Treoir seo a chur chun feidhme, maidir le gníomhaíochtaí cur chun feidhme amach anseo, chomh maith le haon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin freisin líon na bhfeithiclí agus catagóirí na bhfeithiclí arna gcumhdach ag na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir seo, bunaithe ar na sonraí arna soláthar ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear an fhaisnéis i láthair ar bhonn na gcatagóirí a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).’ (*1) Rialachán (CE) Uimh 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir leis an Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV) (IO L 340, 16.12.2002, lch. 1)." |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Faoin 18 Aibreán 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit ina leith sin, tar éis na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 2.’. |
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir (AE) 2022/1999
Leasaítear Treoir (AE) 2022/1999 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
|
(2) |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn III. |
Airteagal 4
Leasú ar Threoir 96/67/CE
In Airteagal 1 de Threoir 96/67/CE, scriostar mír 4.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Aibreán 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MICHEL
(1) IO C, C/2024/1590, 05.03.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1590/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2024.
(3) Treoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le muirir aerfoirt (IO L 70, 14.3.2009, lch. 11).
(4) Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).
(5) Treoir (AE) 2022/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (IO L 274, 24.10.2022, lch. 1).
(6) Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar mhargadh na láimhseála ar an talamh in aerfoirt Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36).
(7) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(8) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN III
An fhoirm chaighdeánach don tuarascáil atá le cur chuig an gCoimisiún maidir le sáruithe agus pionóis
|
Tír: _____________________ |
Bliain: ________________ |
SEICEÁLACHA AR IOMPAR EARRAÍ CONTÚIRTEACHA DE BHÓTHAR
|
|
Áit/tír chlárúcháin na bhfeithiclí(1) |
Líon iomlán |
|||
|
Tír na seiceála |
Ballstáit eile den Aontas |
Tríú tíortha |
|||
|
Líon na n-aonad iompair arna seiceáil ar bhonn inneachar an lóid (agus ADR) |
|
|
|
|
|
|
Líon na n-aonad iompair nach bhfuil i gcomhréir le ADR |
|
|
|
|
|
|
Líon na n-aonad iompair a bhfuil bac gluaiseachta orthu |
|
|
|
|
|
|
Líon na sáruithe a sonraíodh de réir na catagóire riosca(2) |
Catagóir riosca I |
|
|
|
|
|
Catagóir riosca II |
|
|
|
|
|
|
Catagóir riosca III |
|
|
|
|
|
|
Líon na bpionós a forchuireadh, de réir chineál an phionóis |
Rabhadh |
|
|
|
|
|
Fíneáil |
|
|
|
|
|
|
Eile |
|
|
|
|
|
Fonótaí:
|
(1) |
Chun críoch na hIarscríbhinne seo is í an tír chlárúcháin an tír inar cláraíodh an mhótarfheithicil. |
|
(2) |
I gcás roinnt sáruithe in aghaidh an aonaid iompair, ní chuirfear i bhfeidhm ach an chatagóir riosca is tromchúisí i gcomhréir le hIarscríbhinn II.’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1254/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)