European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/938

16.5.2025

CINNEADH (AE) 2025/938 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Bealtaine 2025

lena gceaptar comhalta den Chúirt Iniúchóirí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 286(2) de,

Ag féachaint don togra ón Rómáin,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá téarma oifige Viorel ȘTEFAN le dul in éag an 30 Meitheamh 2025.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, comhalta nua a cheapadh ar an gCúirt Iniúchóirí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Lucian ROMAȘCANU ina chomhalta den Chúirt Iniúchóirí don tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2031.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)  Tuairim an 1 Aibreán 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/938/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)