TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA
EMILIOU
arna tabhairt an 7 Meán Fómhair 2023 ( 1 )
Cás C-128/22
BV NORDIC INFO
v
Belgische Staat
(Iarraidh ar réamhrialú ón Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel (Cúirt Chéadchéime Ollainnise na Bruiséile, an Bheilg))
(Tarchur chun réamhrialú – Saorghluaiseacht daoine – Bearta náisiúnta a rinneadh chun leathadh phaindéim COVID-19 a choinneáil faoi smacht – Toirmeasc ar thaisteal “neamhriachtanach” chuig tíortha a mheastar a bheith ina n-ardriosca ionfhabhtaithe do thaistealaithe agus ó na tíortha sin – Ceanglais choraintín agus tástála i gcomhair áitritheoirí ar fhilleadh dóibh ó na tíortha sin – Treoir 2004/38/CE – Airteagail 4 agus 5 – Cearta imeachta agus teacht isteach – Srianadh – Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) – Bonn cirt – Sláinte phoiblí – Comhréireacht – Seiceálacha chun srianta taistil a fhorfheidhmiú – Cód Teorainneacha Schengen – Airteagal 22 agus Airteagal 23(1) – Idirdhealú idir “seiceálacha teorann” de réir bhrí na chéad fhorála agus “feidhmiú cumhachtaí póilíneachta” de réir bhrí an dara foráil – An fhéidearthacht rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú – Airteagal 25(1) – Bonn cirt – Coincheap a bhaineann le “baol tromchúiseach don bheartas poiblí” – An baol go gcuirfí isteach go mór ar an tsochaí de bharr na paindéime – Comhréireacht)
I. Réamhrá
|
1. |
I measc na “n-idirghabhálacha neamhchógaisíochta”, ( 2 ) a chuir na húdaráis phoiblí ar fud an domhain i bhfeidhm chun leathadh phaindéim COVID-19 a choinneáil faoi smacht, bhí teorainneacha ar shoghluaisteacht daoine le feiceáil go mór. Cé gurbh iad na dianghlasálacha na cinn ba dhéine díobh, bhí srianta ar ghluaiseachtaí idirnáisiúnta chun tosaigh sa fhreagairt freisin. Go deimhin, ag pointí éagsúla ama le linn na paindéime, d’fhorchuir Stáit toirmisc ar theacht isteach agus/nó ar imeacht as a gcríoch agus rinne siad rialú teorann chuige sin chun iad a fhorfheidhmiú. |
|
2. |
Ní raibh Ballstáit an Aontais Eorpaigh ina n-eisceacht ar an treocht sin. Le linn “chéad ráig” na paindéime, ó mhí an Mhárta 2020 ar aghaidh, ( 3 ) ní hamháin gur chuir na Ballstáit toirmeasc ar theacht isteach san Aontas Eorpach i bhfeidhm i dteannta a chéile, agus “Eoraip an Daingin” a scoitheadh amach go páirteach ón gcuid eile den domhan, ( 4 ) ach freisin mar thoradh ar na srianta éagsúla ar shoghluaisteacht trasteorann a tugadh isteach eatarthu, bhí dúnadh teorainneacha ag tarlú ar leibhéal nach bhfacthas a leithéid riamh laistigh den Aontas Eorpach. ( 5 ) |
|
3. |
Cé gur cuireadh deireadh leis an gcuid is mó de na bearta sin i dtreo dheireadh mhí an Mheithimh 2020, chuir roinnt Ballstát, agus eagla orthu (ag an am) go bhféadfadh “dara ráig” de COVID-19 teacht chun cinn, mar bheart réamhchúraim, srianta ar ghluaiseachtaí idirnáisiúnta. Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú ó Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel (Cúirt Chéadchéime Ollainnise na Bruiséile, an Bheilg) le comhoiriúnacht roinnt de na bearta sin le dlí an Aontais, ar bhearta iad a chuir Rialtas na Beilge chun feidhme ag tús mhí Iúil 2020: toirmeasc ar thaisteal “neamhriachtanach” chuig, inter alia, tíortha áirithe a measadh a bheith ina n-ardriosca ionfhabhtaithe do thaistealaithe; ceanglais choraintín agus tástála do chónaitheoirí na Beilge ar fhilleadh dóibh ó na tíortha sin; agus seiceálacha ag teorainneacha na Beilge nó gar dóibh chun na srianta taistil sin a fhorfheidhmiú. |
|
4. |
Ní hé seo an chéad chás a bhaineann le COVID-19 atá tar éis teacht os comhair na Cúirte. Agus ní hé seo an chéad uair don Chúirt déileáil le dlíthiúlacht na mbeart a glacadh chun leathadh galair eipidéime a choinneáil faoi smacht ach oiread. ( 6 ) Go dtí seo, áfach, níor iarradh riamh ar an gCúirt rialú a thabhairt ar chomhoiriúnacht beart réamhchúraim le dlí an Aontais, bearta a bhain croith, de réir a nádúir agus a ndéine, as ceann de phríomhbhunús an Aontais Eorpaigh, agus go deimhin den mhéid atá bainte amach aige, is é sin le rá cruthú “limistéar [...] gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine”. ( 7 ) Léiríonn an cás seo freisin saincheist shíoraí na cothromaíochta nach mór d’údaráis phoiblí, i sochaí dhaonlathach, a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, an cuspóir dlisteanach chun na baoil don tsochaí a throid go héifeachtach agus, ar an taobh eile, cearta bunúsacha na ndaoine a ndéanann na bearta arna nglacadh chuige sin difear dóibh. Cé go raibh ar an gCúirt dul i ngleic leis an tsaincheist sin roimhe seo, go háirithe i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne coireanna agus na sceimhlitheoireachta, ( 8 ) beidh uirthi aghaidh a thabhairt, den chéad uair, i gcomhthéacs an bhaoil ó phaindéim. |
II. Creat dlíthiúil
A. Dlí an Aontais Eorpaigh
1. An Treoir Shaoránachta
|
5. |
Le hAirteagal 4 de Threoir 2004/38/CE maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag baill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát ( 9 ) (“an Treoir Shaoránachta”), dar teideal “Ceart imeachta”, foráiltear sa chéad mhír den Airteagal sin “gan dochar do na forálacha maidir le doiciméid taistil is infheidhme maidir le rialuithe teorann náisiúnta, beidh an ceart ag gach saoránach de chuid an Aontais a bhfuil cárta aitheantais bailí nó pas bailí aige agus ag baill dá theaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad agus a bhfuil pas bailí acu críoch Bhallstáit a fhágáil chun taisteal chuig Ballstát eile” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. |
|
6. |
Sonraítear in Airteagal 5 den Treoir sin, dar teideal “An ceart chun teacht isteach”, sa chéad mhír de, “gan dochar do na forálacha maidir le doiciméid taistil is infheidhme maidir le rialuithe teorann náisiúnta, tabharfaidh na Ballstáit cead do shaoránaigh an Aontais dul isteach ina gcríoch le cárta aitheantais bailí nó le pas bailí agus tabharfaidh siad cead do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad dul isteach ina gcríoch le pas bailí” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. |
|
7. |
Tá Caibidil VI den Treoir Shaoránachta dar teideal “Srianta ar an gceart chun teacht isteach agus ar an gceart cónaithe ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí”. Sa chaibidil sin, foráiltear in Airteagal 27, dar teideal “Prionsabail ghinearálta”, sa chéad mhír, “go bhféadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le forálacha na Caibidle seo, srian a chur ar shaorghluaiseacht [...] shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh, beag beann ar náisiúntacht, ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí. Ní dhéanfar na forais sin a agairt ar mhaithe le cuspóirí eacnamaíocha” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. |
|
8. |
Sa chaibidil chéanna, sonraítear in Airteagal 29 den Treoir sin, dar teideal “Sláinte phoiblí”, sa chéad mhír, gurb iad “na galair a bhfuil baol eipidéime ag gabháil leo, mar atá sainithe in ionstraimí ábhartha na hEagraíochta Domhanda Sláinte [EDS], na galair lena dtugtar bonn cirt do bhearta lena gcuirtear srian ar shaoirse gluaiseachta, agus iad sin amháin [...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. |
2. Cód Teorainneacha Schengen
|
9. |
Sonraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) ( 10 ) (“Cód Teorainneacha Schengen”), dar teideal “Teorainneacha inmheánacha a thrasnú”, go “[bh]féadfar teorainneacha inmheánacha a thrasnú ag aon phointe gan seiceáil teorann a dhéanamh ar dhaoine, beag beann ar a náisiúntacht”. |
|
10. |
In Airteagal 25 den Chód sin, dar teideal “Creat ginearálta chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach”, déantar foráil sa chéad mhír agus sa dara mír de: “1. I gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa limistéar gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse teoranta 30 lá ar a mhéid nó ar feadh ré intuartha an bhaoil thromchúisigh má mhaireann sé níos faide ná 30 lá. Ní rachaidh raon feidhme agus ré athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha thar a bhfuil riachtanach chun freagairt a thabhairt ar an mbaol tromchúiseach.” “2. Ní athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ach amháin mar rogha dheireanach, agus i gcomhréir le hAirteagail 27, 28 agus 29. Cuirfear na critéir dá dtagraítear, faoi seach, in Airteagail 26 agus in Airteagal 30 san áireamh i ngach cás ina bhfuil sé beartaithe rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú de bhun Airteagal 27, Airteagal 28 nó Airteagal 29 faoi seach.” |
B. Dlí na Beilge
|
11. |
Mar chuid de shraith “bearta práinneacha” chun srian a chur le leathadh COVID-19 ar chríoch na Beilge, chuir Rialtas na Beilge srianta taistil i bhfeidhm. Mar sin féin, d’athraigh na rialacha is infheidhme maidir leis sin le himeacht ama. Féadfar achoimre a dhéanamh ar na forbairtí sin, i dtéarmaí a bhfuil ábhartha chun críocha an cháis seo, mar seo a leanas. |
|
12. |
Ar dtús, idir an 23 Márta agus an 15 Meitheamh 2020, cuireadh toirmeasc, i bprionsabal, ar gach turas “neamhriachtanach” ón mBeilg agus chun na Beilge. ( 11 )Ansin, idir an 15 Meitheamh agus an 12 Iúil 2020, bhí feidhm ag eisceacht ón toirmeasc sin i ndáil leis na “tíortha AE+” ( 12 ). Ceadaíodh taisteal chuig ceann de na tíortha sin agus uathu, ar choinníoll gur cheadaigh an tír atá i gceist é. ( 13 )Ar deireadh, chinn Rialtas na Beilge go rialófaí taisteal “neamhriachtanach” idir an Bheilg agus na tíortha atá i gceist ar bhonn staid eipidéimeolaíoch gach Stáit. |
|
13. |
Chuige sin, cuireadh chun feidhme Airteagal 18 d’Fhoraithne Aireachta an 30 Meitheamh 2020 maidir le bearta práinneacha chun leathadh an choróinvíris COVID-19 a theorannú, arna leasú ag an Ministerieel Besluit van 10 juli 2020 (Foraithne Aireachta an 10 Iúil 2020) (Moniteur Belge an 10 Iúil 2020, lch. 51609) (“An fhoraithne atá faoi chonspóid” le chéile). Luadh an méid seo a leanas san fhoráil sin: “§1 Tá toirmeasc ar thaisteal neamhriachtanach chuig an mBeilg agus ón mBeilg. §2 De mhaolú ar an gcéad mhír […], údaraítear:
[…]” |
|
14. |
Dá réir sin, ón 12 Iúil 2020, agus go dtí dáta nár sonraíodh san ordú tarchuir, d’úsáid údaráis na Beilge aicmiú dathanna, lenar roinneadh tíortha AE+ ina “dearg”, “oráiste” agus “glas” de réir a staide eipidéimeolaíche. De bhun an aicmithe sin:
|
|
15. |
Chun críocha an aicmithe dathanna dá dtagraítear thuas, rinneadh an measúnú ar staid eipidéimeolaíoch gach tíre nó réigiúin de bhun modheolaíocht a leagadh amach i dtuairim scríofa a d’eisigh comhlacht comhairleach de chuid Rialtas na Beilge. ( 15 ) Ba iad na príomhchritéir a úsáideadh ann, ar an gcéad dul síos, líon carnach na n-ionfhabhtuithe nua (“méadú”) sna 14 lá roimhe sin in aghaidh 100000 áitritheoir ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach (má tá sonraí fonáisiúnta ar fáil), ar an dara dul síos, treocht na rátaí ionfhabhtaithe agus, ar an tríú dul síos, na bearta imshrianta féideartha arna bhforchur ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. Dá réir sin, aicmíodh tíortha mar seo a leanas:
|
|
16. |
Sholáthair ECDC sonraí maidir le hionfhabhtú i ngach tír nó réigiún (más ann dóibh) agus fuair sé féin na sonraí sin ó na tíortha lena mbaineann. Fuair Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Beilge faisnéis faoi aon bhearta imshrianta i bhfeidhm i dtír nó i réigiún ar leith, agus chuir sí an fhaisnéis sin ar fáil. Bhí Celeval chun an fhaisnéis a bhaineann le haicmiú dathanna na dtíortha a tharchur uair amháin sa tseachtain ar a laghad. |
|
17. |
Foráladh freisin in Airteagal 22 den fhoraithne atá faoi chonspóid go ndéanfaí na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 187 de Dhlí an 15 Bealtaine 2007 a bhaineann le slándáil shibhialta a fhorchur má dhéantar sárú ar fhorálacha Airteagal 18 den fhoraithne sin. ( 16 ) Luaitear san fhoráil sin, go bunúsach, go bhfuil diúltú nó faillí na mbeart sin a chomhlíonadh inphionóis, in aimsir shíochána, le téarma príosúnachta ocht lá go trí mhí agus fíneáil EUR 26 go EUR 500, nó le ceann amháin de na pionóis sin. Ina theannta sin, luaitear ann go bhféadfaidh an tAire Gnóthaí Baile nó, i gcás inarb infheidhme, an méara nó ceannasaí na bpóilíní don limistéar atá i gceist a chur faoi deara “go ndéanfar na bearta sin ex officio” freisin, ar chostas na gciontóirí. |
III. Fíorais, imeachtaí náisiúnta agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
18. |
Is tionscnóir turas é NORDIC INFO BV (“Nordic Info”), atá bunaithe sa Bheilg, a eagraíonn agus a dhíolann turais chuig na tíortha Nordacha, go háirithe an tSualainn. |
|
19. |
An 12 Iúil 2020, foilsíodh aicmiú dathanna na dtíortha AE+ dá dtagraítear in Airteagal 18(2)(1°) den fhoraithne atá faoi chonspóid, den chéad uair, ar shuíomh gréasáin Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge. Aicmíodh an tSualainn mar “dhearg”, ar bhonn a staide eipidéimeolaíche. Cé nár chuir an Bheilg aon srianta taistil i bhfeidhm i ndáil leis an tír sin ón 15 Meitheamh 2020, ( 17 ) mar thoradh ar an aicmiú sin, toirmisceadh faoin bhforáil sin taisteal “neamhriachtanach” chuig an tSualainn agus uaithi. Ina theannta sin, bhí ceanglais choraintín agus tástála éigeantach do chónaitheoirí na Beilge ar fhilleadh dóibh ón tír sin, de bhun na rialachán réigiúnach is infheidhme. |
|
20. |
Ina dhiaidh sin, chuir Nordic Info gach turas a bhí beartaithe chun na Sualainne do shéasúr an tsamhraidh 2020 ar ceal, chuir siad na taistealaithe a bhí i láthair sa tír sin ar an eolas ag an tráth sin, agus thug siad cúnamh dóibh filleadh ar an mBeilg. |
|
21. |
An 15 Iúil 2020, rinneadh nuashonrú ar aicmiú dathanna na dtíortha AE+ ar shuíomh gréasáin Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge. Athraíodh cód dathanna na Sualainne ó “dhearg” go dtí “oráiste”. Dá réir sin, ní raibh toirmeasc a thuilleadh ar thaisteal “neamhriachtanach” chun na tíre sin, ní raibh ann ach nár moladh é, agus níor cuireadh coraintín agus tástáil i bhfeidhm ar chónaitheoirí a thuilleadh ar fhilleadh dóibh. |
|
22. |
Ina dhiaidh sin, thug Nordic Info caingean dliteanais shibhialta in aghaidh Staat Belgische (Stát na Beilge) os comhair an Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel (Cúirt Chéadchéime Ollainnise na Bruiséile), ag lorg damáistí sealadacha EUR 481 431.00, móide ús, agus d’iarr sé go ndéanfadh saineolaí meastóireacht ar an gcaillteanas cinntitheach a bhain dó mar thoradh ar chealú na dturas atá beartaithe chun na Sualainne. ( 18 ) |
|
23. |
Maíonn Nordic Info, go bunúsach, go ndearna Rialtas na Beilge earráid dlí agus na srianta taistil i gceist á nglacadh aige. Go háirithe, áitíonn an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí, ar an gcéad dul síos, go raibh na bearta sin contrártha leis an Treoir Shaoránachta, ós rud é gur chuir siad teorainn leis an gceart chun saorghluaiseachta a ráthaítear inti agus nach bhfuil aon bhunús dlí do mhaolú den sórt sin. Ar an dara dul síos, is éard a bhí i gceist leis na bearta sin, i gcleachtas, rialú teorann a athbhunú ag na teorainneacha atá ag an mBeilg le Ballstáit eile, de shárú ar na coinníollacha a leagtar síos, ina leith sin, i gCód Teorainneacha Schengen. |
|
24. |
Is sna himthosca sin a chinn Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel (Cúirt Chéadchéime Ollainnise na Bruiséile) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
|
25. |
Rinneadh an iarraidh seo ar réamhrialú, dar dáta an 7 Feabhra 2022, a thaisceadh an 23 Feabhra 2022. Tá barúlacha i scríbhinn curtha isteach ag Nordic Info, Rialtas na Beilge, Rialtas na Rómáine, Rialtas na hIorua agus Rialtas na hEilvéise, chomh maith leis an gCoimisiún Eorpach. Bhí ionadaíocht ag Rialtas na Beilge, Rialtas na Rómáine agus Rialtas na hIorua, mar aon leis an gCoimisiún, ag an éisteacht a reáchtáladh an 10 Eanáir 2023. |
IV. Anailís
|
26. |
Baineann an cás reatha le comhoiriúnacht dhá shraith beart gaolmhar, ach éagsúil, a chuir Rialtas na Beilge chun feidhme i mí Iúil 2020 ( 19 ) chun leathadh COVID-19 a rialú le dlí an Aontais. Sa chéad áit, baineann an cás sin le srianta áirithe taistil, eadhon, ar an gcéad dul síos, toirmeasc ar thaisteal “neamhriachtanach”, lena gcuirtear toirmeasc ar thaistealaithe críoch na Beilge a fhágáil chun taisteal chuig tíortha a mheastar a bheith ina n-ardriosca ionfhabhtaithe agus – cé is moite de náisiúnaigh agus cónaitheoirí na Beilge – ar theacht isteach sa chríoch sin ó na tíortha sin, agus, ar an dara dul síos, ceanglais choraintín agus tástála a fhorchuirtear ar na náisiúnaigh agus ar na cónaitheoirí sin ( 20 ) ar fhilleadh dóibh ó na tíortha atá i gceist. Sa dara háit, baineann an cás le seiceálacha a dhéanamh, ar dhaoine a thrasnaigh teorainneacha na Beilge nó a rinne iarracht iad a thrasnú, chun na srianta taistil sin a fhorfheidhmiú. |
|
27. |
Tá bearta den sórt sin á rialú ag rialacha éagsúla faoi dhlí an Aontais. Ar thaobh amháin, tagann srianta taistil, a mhéid a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh na mBallstát ( 21 ) ar mian leo taisteal laistigh den Aontas Eorpach, faoi raon feidhme forálacha éagsúla de dhlí príomha agus tánaisteach an Aontais lena ráthaítear do na náisiúnaigh sin an ceart chun saorghluaiseachta. Is é sin atá i gcroílár na chéad cheiste a tarchuireadh. Ar an taobh eile, ní chlúdaítear seiceálacha teorann leis na forálacha thuasluaite. ( 22 ) Maidir leis na Ballstáit a bhfuil feidhm ag acquis Schengen maidir leo, amhail an Bheilg, ( 23 ) ba cheart dlíthiúlacht na seiceálacha sin a mheas ar bhonn fhorálacha Chód Teorainneacha Schengen. Is é sin saincheist lárnach an dara ceist ón gcúirt náisiúnta. |
|
28. |
Tabharfaidh mé aghaidh ar an dá cheist ceann i ndiaidh a chéile sna codanna seo a leanas. |
A. Comhoiriúnacht na srianta taistil atá á gconspóid leis na rialacha maidir le saorghluaiseacht daoine (an chéad cheist)
|
29. |
Chun críche an mheasúnaithe ar na srianta taistil atá faoi chonspóid, agus i bhfianaise na díospóireachta os comhair na Cúirte, measaim go bhfuil sé úsáideach aghaidh a thabhairt ar roinnt saincheisteanna, eadhon, na rialacha ábhartha maidir le saorghluaiseacht (1), a raon feidhme críochach (2), a mhéid a chuir na srianta sin bac ar fheidhmiú na gceart a ráthaítear iontu (3), an bhféadfadh na Ballstáit maolú ar dhlí an Aontais, go pointe “eisceachtúil”, faoi na himthosca atá i gceist (4) agus, ar deireadh, dlíthiúlacht na srianta sin i bhfianaise na rialacha sin (5). |
1. Na rialacha ábhartha maidir le saorghluaiseacht daoine
|
30. |
Is bearta iad srianta taistil amhail na srianta sin a ghlac an Bheilg a bhfuil feidhm ghinearálta acu agus a chuaigh i bhfeidhm ar go leor daoine. D’fhéadfadh sé go raibh stádas dlíthiúil éagsúil ag na daoine lena mbaineann, mar shampla, – náisiúnaigh de chuid na mBallstát, nó náisiúnaigh tríú tír a bhfuil ceart cónaithe acu sa Bheilg. D’fhéadfadh sé go ndearna na daoine sin iarracht taisteal chuig áiteanna éagsúla nó teacht chucu – Ballstáit eile de chuid an Aontais nó tríú tír – agus chun críoch éagsúla – obair, teaghlach, fóillíocht, agus mar sin de. Ag brath ar na hathróga sin, d’fhéadfaí na srianta taistil céanna a mheasúnú i bhfianaise fhorálacha éagsúla an dlí náisiúnta, dhlí an Aontais, agus fhorálacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear gluaiseacht trasteorann daoine. |
|
31. |
I gcomhthéacs na hiarrata seo ar réamhrialú, áfach, ní faoin gCúirt atá sé athbhreithniú iomlánaíoch a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na mbeart sin. Ina ionad sin, is é an cúram atá uirthi léiriú a chur ar fáil ar dhlí an Aontais a bheidh úsáideach don chúirt a rinne an tarchur chun an díospóid a réiteach sna príomhimeachtaí, i bhfianaise na staide fíriciúla faoina bráid. |
|
32. |
Tá an cás seo saghas neamhghnách ina leith sin. Níl agóid á déanamh ag duine ar leith i gcoinne dhlíthiúlacht na srianta taistil ábhartha, lenar cuireadh cosc air taisteal chuig ceann scríbe ar leith nó uaidh. Ina ionad sin, is éileamh dliteanais shibhialta é a rinne cuideachta a raibh tionchar indíreach ag na srianta sin air, mar thionscnóir turas Beilgeach a d’eagraigh turais chuig an tSualainn, go háirithe. É sin ráite, os comhair na cúirte náisiúnta, níl Nordic Info ag baint leas as a shaoirse féin chun seirbhísí turasóireachta trasteorann a sholáthar, mar a chosnaítear faoi fhorálacha éagsúla de dhlí an Aontais. ( 24 ) Ina ionad sin, braitheann sé ar an gceart chun saorghluaiseachta atá ag a chliaint iarbhír agus ionchasacha – a nglactar leis gur náisiúnaigh de chuid na mBallstát iad – faoi dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart don Chúirt, sa chás seo, scrúdú a dhéanamh, go bunúsach, ar na rialacha a bhaineann leis an gceart sin amháin. |
|
33. |
Meabhraím, faoi Airteagal 20(1) CFAE, go bhfuil stádas shaoránaigh an Aontais ag náisiúnaigh na mBallstát. Leis an stádas sin, tugtar dóibh, de bhun Airteagal 20(2)(a) agus Airteagal 21(1) den Chonradh sin agus Airteagal 45(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), ( 25 )inter alia, ceart chun gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát, gan beann ar an gcuspóir, lena n-áirítear, turasóireacht. Tá an ceart sin le feidhmiú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna hionstraimí dlí tánaisteacha arna nglacadh chun éifeacht ( 26 ) a thabhairt dó, go háirithe an Treoir Shaoránachta. ( 27 ) |
|
34. |
Tá dhá chuid sa cheart chun saorghluaiseachta a ráthaítear do shaoránaigh an Aontais. Ar an gcéad dul síos, tá ceart imeachta i gceist, a chuirtear in iúl in Airteagal 4 den Treoir Shaoránachta. Is é sin an ceart atá ag saoránaigh uile an Aontais imeacht ó chríoch aon Bhallstáit, lena n-áirítear a gcríoch féin, ( 28 ) chun taisteal chuig Ballstát eile, ( 29 ) ar an aon choinníoll amháin go bhfuil cárta aitheantais bailí nó pas bailí ina seilbh acu agus, arís, beag beann ar chuspóir an imeachta. ( 30 ) Dá bhrí sin, clúdaítear leis an gceart sin staid náisiúnach Beilgeach agus saoránach eile den Aontas, atá ag iarraidh críoch na Beilge a fhágáil chun taisteal go dtí an tSualainn le haghaidh laethanta saoire. ( 31 ) |
|
35. |
Ar an dara dul síos, tá ceart chun teacht isteach i gceist leis an gceart chun saorghluaiseachta, cé go bhfuil an creat dlíthiúil beagánín níos casta ina leith sin. Go bunúsach, ar thaobh amháin, le hAirteagal 5(1) den Treoir Shaoránachta, tugtar an ceart do náisiúnaigh Bhallstáit dul isteach i gcríoch Ballstáit eile, ar an aon choinníoll amháin go bhfuil cárta aitheantais bailí nó pas bailí ina seilbh acu agus, anseo arís, beag beann ar chuspóir na hiontrála. Ar an taobh eile, ní rialaítear leis an bhforáil sin iontráil shaoránaigh an Aontais ina mBallstát féin. ( 32 ) É sin ráite, ar an gcéad dul síos, tagann ceart duine chun dul isteach i gcríoch an Stáit a bhfuil sé nó sí ina náisiúnach as prionsabal seanbhunaithe an dlí idirnáisiúnta, a athdhearbhaíodh, inter alia, in Airteagal 3(2) de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann le ECHR. ( 33 ) Ar an dara dul síos, de bhun chásdlí socair na Cúirte, tá feidhm ag Airteagal 21(1) CFAE maidir le staid shonrach saoránaigh den Aontas a fhilleann ar a Bhallstát féin tar éis dó an ceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú trí thaisteal thar lear. ( 34 ) Ar an iomlán, sa chás seo, bhain náisiúnaigh na Beilge agus saoránaigh eile den Aontas tairbhe as ceart chun dul isteach i gcríoch na Beilge tar éis, mar shampla, turas turasóireachta go dtí an tSualainn – cé go mbaineann sin le bunúis dlí éagsúla. |
2. An bhfuil feidhm ag na rialacha sin maidir le gluaiseacht daoine idir an Bheilg agus an Íoslainn nó an Iorua
|
36. |
Ag an gcéim seo den Tuairim seo, is mian liom aghaidh a thabhairt ar shaincheist a bhí, cé go raibh sí tánaisteach, ina cuid shuntasach den díospóireacht os comhair na Cúirte mar sin féin. Go sonrach, leanann sé ón ordú tarchuir go n-eagraíonn Nordic Info turais ní hamháin go dtí an tSualainn, ach go dtí an Íoslainn agus an Iorua freisin. Cé nach bhfuil na tíortha sin san Aontas Eorpach, is cuid de Limistéar Schengen iad. ( 35 ) Dá réir sin, bhí feidhm ag na srianta taistil atá faoi chonspóid maidir leo, ar an mbealach céanna a raibh feidhm acu maidir leis na Ballstáit. ( 36 ) Sa chomhthéacs sin, sonraíonn an chúirt náisiúnta, cé go ndíríonn an t-éileamh dliteanais a rinne Nordic Info ar an gcaillteanas a bhain dó i ndáil le cealú turas chun na Sualainne, “nach gcuireann an chuideachta sin aon chuntar damáistí as an áireamh”. Dá bhrí sin, is cosúil go sonraíonn an chúirt sin go bhféadfaidh an t-iarratasóir, ag céim níos déanaí sna príomhimeachtaí, a éileamh a leasú, nó ar a laghad a shonrú, chun go n-áireofaí cealú turas chun na hÍoslainne agus/nó na hIorua. Dá réir sin, thagair an chúirt náisiúnta a rinne an tarchur, ina céad cheist, do shaoránaigh an Aontais ar mian leo taisteal ón mBeilg chuig “tíortha áirithe laistigh den [Aontas Eorpach] agus de Limistéar Schengen” (agus vice-versa). |
|
37. |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, cheistigh an Chúirt na hidiragraithe, le linn na héisteachta, maidir le cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag na rialacha maidir le saorghluaiseacht daoine a leagtar síos sa Treoir Shaoránachta maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua agus, má tá, a mhéid atá feidhm acu. |
|
38. |
In éineacht le Rialtas na Beilge agus Rialtas na Rómáine, nílim cinnte dearfa de gur cheart don Chúirt aird a thabhairt ar an tsaincheist sin ina breithiúnas a bheidh le teacht sa chás seo. Chomh maith leis an bhfíric nach lorgaíonn an chúirt náisiúnta soiléiriú ar an ábhar sin ( 37 ) – mar is cosúil go bhfuil sí cinnte den fhreagra – níltear cinnte an mbeadh an soiléiriú sin arna chur ar fáil ex officio úsáideach don chúirt sin agus an cás os a comhair á bhreithniú aici. Go deimhin, bheadh tuairim chomhairleach á heisiúint ag an gCúirt go bunúsach maidir le ceist ar léir gur saincheist hipitéiseach atá inti ag an gcéim seo de na príomhimeachtaí, ( 38 ) chun an fhéidearthacht a chumhdach go bhféadfadh sí a bheith ábhartha níos déanaí má leasaíonn nó má shonraíonn Nordic Info a éileamh. De ghnáth, diúltaíonn an Chúirt, agus an ceart aici, cur chuige amhantrach den sórt sin a leanúint i gcomhthéacs an nós imeachta réamhrialaithe. ( 39 ) |
|
39. |
Ar eagla go gcinnfeadh an Chúirt mar sin féin rialú a thabhairt ar an tsaincheist, cuirfidh mé na barúlacha seo a leanas in iúl mar mhalairt air sin. |
|
40. |
Go ginearálta, rialaíonn na rialacha maidir le saorghluaiseacht daoine atá leagtha síos i gConradh FAE agus sna hionstraimí dlí thánaistigh arna nglacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh, mar atá ráite agam cheana, staid shaoránaigh an Aontais a thaistealaíonn idir Ballstáit, ní gluaiseacht daoine idir Ballstát, amhail an Bheilg, agus tríú tír amhail an Íoslainn nó an Iorua. Ní bhaineann sé le hábhar i ndáil leis sin gur cuid de Limistéar Schengen iad na tíortha deireanacha sin ós rud é nach cuid de acquis Schengen iad na rialacha sin. |
|
41. |
Mar sin féin, tá an Íoslainn agus an Iorua ina bpáirtithe freisin sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ( 40 ) (“Comhaontú LEE”), in éineacht le Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh agus leis an Aontas féin. Áirítear sa chomhaontú sin, sna hiarscríbhinní a ghabhann leis, ( 41 ) dhá thagairt shainráite don Treoir Shaoránachta, ó tháinig Cinneadh Uimh. 158/2007 ó Chomhchoiste LEE an 7 Nollaig 2007 i bhfeidhm ( 42 ) (“an Cinneadh ón gComhchoiste”). Trí na tagairtí sin, tugadh isteach an Treoir sin i ndlí LEE, le roinnt mion-oiriúnuithe, ( 43 ) agus dá réir sin, tá sí ina ceangal ar na Páirtithe Conarthacha den chomhaontú sin. ( 44 ) |
|
42. |
É sin ráite, ós rud é go bhfuil na hiarscríbhinní atá i gceist tiomnaithe, faoi seach, do shaorghluaiseacht oibrithe agus don cheart bunaíochta, agus go sonraítear i ngach ceann acu “go mbeidh feidhm ag an Treoir Shaoránachta, de réir mar is iomchuí, don réimse a chumhdaítear leis [an Iarscríbhinn i dtrácht]” [Aistriúchán neamhoifigiúil], tá sé fós le soiléiriú an ndearnadh an Treoir sin a chomhtháthú i gComhaontú LEE i bpáirt amháin, i ndáil le gluaiseacht náisiúnaigh Bhallstáit AE agus Stáit CSTE laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) amháin, chun críoch sonracha fostaíochta agus féinfhostaíochta faoi seach, nó go hiomlán, ionas go rialófar an ghluaiseacht sin chun aon chríche, mar atá san Aontas Eorpach. ( 45 ) Sa chomhthéacs sin, rinneadh díospóireacht ar leith os comhair na Cúirte maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta a ráthaítear leis an Treoir sin ag daoine nach bhfuil gníomhach ó thaobh an gheilleagair de – is é sin le rá daoine amhail mic léinn, daoine ar scor, agus mar sin de, nach bhfuil fostaithe ná féinfhostaithe – laistigh de LEE. |
|
43. |
Go deimhin, cé go bhfuil forálacha i gComhaontú LEE, mar atá i gConradh FAE, lena n-áirithítear saorghluaiseacht daoine chun críoch eacnamaíocha ( 46 ), níl aon fhorálacha ann atá comhchosúil le hAirteagail 20 agus 21 CFAE, lena rialaítear gluaiseacht na saoránach sin den Aontas “nach bhfuil gníomhach ó thaobh an gheilleagair de”, laistigh den Aontas Eorpach. Go deimhin, níl aon choibhéis ag coincheap iomlán maidir le “saoránacht an Aontais” sa chomhaontú sin. ( 47 ) |
|
44. |
Cé nár thug an Chúirt breith ar an ábhar go fóill, ( 48 ) tá sé sin déanta cheana féin ag Cúirt CSTE. Ina breithiúnas in Gunnarsson, ( 49 ) chinn an chúirt sin go bhfuil feidhm ag an Treoir Shaoránachta maidir le gluaiseacht daoine laistigh de LEE “nach bhfuil gníomhach ó thaobh an gheilleagair de”, beag beann ar air nach bhfuil foráil atá coibhéiseach le hAirteagail 20 agus 21 CFAE i gComhaontú LEE. Go bunúsach, mheabhraigh Cúirt CSTE go ndearnadh an ceart chun saorghluaiseachta do dhaoine nach bhfuil gníomhach ó thaobh an gheilleagair de a ráthú cheana féin faoi dhlí an Aontais agus i ndlí LEE, sular tugadh isteach an coincheap maidir le “saoránacht an Aontais’ agus sular cruthaíodh na forálacha sin, i dtreoracha éagsúla, ( 50 ) ón tús sa chomhaontú sin. Rinne an Treoir Shaoránachta na treoracha sin a aisghairm agus a ionadú, agus rinneadh an fhorbairt sin a trasuí i ndlí LEE leis an gCinneadh ón gComhchoiste. Cé go bhfuil nasc idir gluaiseacht daoine “nach bhfuil gníomhach ó thaobh an gheilleagair de” anois, faoi dhlí an Aontais, agus an coincheap maidir le “saoránacht an Aontais”, agus cé nach bhfuil aon choibhéis leis an tsaoránacht sin i ndlí LEE, ní chiallaíonn sé, de réir Chúirt CSTE, gur cheart “na cearta atá faighte acu cheana féin” a bhaint de dhaoine aonair faoin gcomhaontú sin sular tugadh an coincheap sin isteach agus ar cearta iad “a coinníodh ar bun” sa Treoir sin. ( 51 ) |
|
45. |
Dar ndóigh, níl an Chúirt faoi cheangal ag cinntí Chúirt CSTE. Mar sin féin, is é mo thuairim go bhfágann prionsabal ginearálta an dlí idirnáisiúnta maidir le gealltanais chonarthacha a urramú (pacta sunt servanda), ( 52 )“an caidreamh speisialta idir an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus Stáit CSTE”, ( 53 ) agus an gá atá le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Chomhaontú LEE i ngach Páirtí Conarthach a áirithiú, a mhéid is féidir, nach mór don Chúirt na cinntí sin a chur san áireamh chun an comhaontú sin a léiriú. ( 54 ) Go deimhin, ba mhaith liom a mholadh gur chóir di iad a leanúint, ach amháin má tá cúiseanna láidre gan é sin a dhéanamh. |
|
46. |
Níl an caveat sin i bhfeidhm anseo, i mo thuairim. Go deimhin, tá réasúnaíocht Chúirt CSTE ina breithiúnas in Gunnarsson áititheach. Níl ann do “shaoránacht LEE” i ndlí LEE, ach ní hé sin le rá gur cheart raon feidhme ábhartha Treorach a thugtar isteach amhlaidh i gComhaontú LEE a chúngú. Tar éis an tsaoil, tá forálacha áirithe den Treoir Shaoránachta dírithe go sonrach ar dhaoine nach bhfuil gníomhach ó thaobh an gheilleagair de. ( 55 ) Dá mbeadh sé ar intinn ag an gComhchoiste gan na daoine sin a áireamh i raon feidhme na Treorach sin i ndlí LEE, d’fhéadfadh sé go héasca forchoimeádas sainráite a chur isteach sna forálacha sin. Ach níl aon fhorchoimeádas den sórt sin sa Chinneadh ón gComhchoiste. Dá réir sin, ní bheidh feidhm laistigh de LEE ach ag na cearta nach bhfuil aon bhunús dlí acu sa Treoir féin, agus a eascraíonn as Airteagail 20 agus 21 CFAE amháin, mar gheall ar an easpa foráil choibhéiseach i gComhaontú LEE. ( 56 ) |
|
47. |
Mar achoimre, rialaíonn rialacha na Treorach Saoránachta freisin, i mo thuairimse, gluaiseacht náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus náisiúnaigh Stáit CSTE laistigh de LEE, chun cibé críche. Dá réir sin, tá an ceart ag na daoine sin, faoi na coinníollacha a shonraítear sa Treoir sin, gluaiseacht faoi shaoirse idir, inter alia, an Bheilg agus an Íoslainn nó an Iorua, inter alia don turasóireacht. ( 57 ) |
3. Chuir na srianta taistil atá faoi chonspóid bac ar fheidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta a ráthaítear leis na rialacha sin
|
48. |
Níl aon amhras ann gur chuir srianta taistil amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí bac ar shaoránaigh an Aontais a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú. |
|
49. |
Ar an gcéad dul síos, a mhéid a raibh feidhm aige maidir le saoránaigh den Aontas atá ag iarraidh críoch na Beilge a fhágáil taisteal chuig na Ballstáit a aicmítear mar “dhearg” faoin aicmiú de réir datha atá i gceist, chuir an toirmeasc ar thaisteal “neamhriachtanach” srian ar an gceart imeachta, inter alia, in Airteagal 4(1) den Treoir Shaoránachta. Is fíor sin, beag beann ar an bhfíric gur fhan an taisteal chuig Ballstáit eile (eadhon iad siúd atá aicmithe mar “glas” nó “buí”), i gcodarsnacht leis sin, neamhshrianta. Is leor, i mo thuairimse, nach bhféadfadh na daoine sin taisteal gan bhac chuig an Stát a roghnaigh siad. ( 58 ) Maidir leis na Ballstáit “dhearga”, bhí teorainn shuntasach le féidearthacht shaoránaigh an Aontais an ceart sin a fheidhmiú. Go deimhin, diúltaíodh an ceart sin maidir le go leor cúiseanna taistil, turasóireacht san áireamh. Ina theannta sin, a mhéid a bhain sé le saoránaigh den Aontas – cé is moite de náisiúnaigh Bheilgeacha ( 59 ) agus náisiúnaigh de Bhallstáit eile a bhfuil cónaí orthu sa Bheilg ( 60 ) – atá ag iarraidh teacht isteach chuig críoch na Beilge ó Bhallstát “dearg”, chuir an toirmeasc atá á chonspóid srian, díreach chomh tromchúiseach céanna, leis an gceart chun dul isteach a ráthaítear, inter alia, in Airteagal 5(1) den Treoir sin, ar chúiseanna comhchosúla. |
|
50. |
Ar an dara dul síos, a mhéid a bhí feidhm acu maidir le saoránaigh nach saoránaigh an Aontais nach saoránaigh Bheilgeacha iad a bhfuil cónaí orthu sa Bheilg ar fhilleadh dóibh ó thuras “neamhriachtanach” go Ballstát “dearg”, chuir na ceanglais choraintín agus tástála srian freisin ar an gceart iontrála a leagtar síos in Airteagal 5(1) den Treoir Shaoránachta. Go háirithe, chuir an oibleagáid coraintín teorainn mhór leis an bhféidearthacht gluaiseacht laistigh den chríoch sin, rud a bhí éifeacht choibhéiseach aige, dar liom, le moill a chur ar iontráil sa chríoch sin. A mhéid a bhí feidhm acu maidir le náisiúnaigh na Beilge sna himthosca céanna, cé nach dtagann siad faoi raon feidhme an phrionsabail a athdhearbhaíodh in Airteagal 3(2) de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann le ECHR, ( 61 ) chuir siad srian, dar liom, leis an gceart chun saorghluaiseachta, mar a ráthaítear faoi Airteagal 21 CFAE, ar chúiseanna comhchosúla. |
4. Féidearthacht “eisceachtúil” maolú ar dhlí an Aontais faoi Airteagal 347 CFAE?
|
51. |
I bhfianaise roinnt de na hargóintí a chuir na hidiragraithe ar aghaidh os comhair na Cúirte, is mian liom aghaidh a thabhairt, ag an gcéim seo den Tuairim seo, ar bhreithniú tábhachtach maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit maolú ar dhlí an Aontais le linn phaindéim COVID-19. |
|
52. |
Go deimhin, chuir na hidiragraithe sin in iúl gur “géarchéim” a bhí sa phaindéim sin, sna chéad mhíonna ar a laghad, rud a d’fhág gur ghá d’údaráis phoiblí idirghabháil phráinneach a dhéanamh. Tugaim faoi deara, i ndáil leis sin, gur fhógair roinnt Ballstát, ag pointe amháin nó pointe eile le linn na paindéime, “staid éigeandála”, lena n-áirítear fionraíocht shealadach nó maolú ar ghnáthdhlíthe ar a gcríocha chun na bearta práinneacha a chur chun feidhme a mheastar a bheith riachtanach chun freagairt don “ghéarchéim” sin. Go deimhin, bhí go leor de na bearta sin – go háirithe na dianghlasálacha ginearálaithe –ar aon dul le bearta in aimsir chogaidh. |
|
53. |
Ardaíonn sé sin an cheist ar cheart creat dlíthiúil “eisceachtúil” a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar na bearta atá á gconspóid, in ionad gnáthrialacha an Aontais agus a ngnátheisceachtaí. I ndáil leis sin, meabhraím go bhforáiltear le hAirteagal 347 CFAE do “chlásal coimirce”, lena n-aithnítear, go bunúsach, cumas na mBallstát na bearta a ghlacadh a mheasann siad a bheith riachtanach, inter alia, i gcás “suaitheadh tromchúiseach inmheánach a dhul i gcion ar an ord poiblí”. ( 62 ) Leis an bhforáil sin, nár léirmhínigh an Chúirt riamh í, d’fhéadfaí maolú ginearálta a cheadú go teoiriciúil ar rialacha uile an chonartha seo agus ar na rialacha uile a glacadh ar a bhonn, lena n-áirítear na forálacha éagsúla maidir le saorghluaiseacht daoine, in imthosca den sórt sin. ( 63 ) Ní gá a rá gur ceisteanna an-íogair iad na ceisteanna maidir le cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí a mheas go raibh paindéim COVID-19 ina cúis leis na “suaití tromchúiseacha inmheánacha” sin sna Ballstáit, ( 64 ) agus maidir leis na coinníollacha agus na teorainneacha eile a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an “gclásal coimirce” sin agus, má fhéadfaí, a mhéid a d’fhéadfaí sin a mheas. |
|
54. |
É sin ráite, seachas nár agair Rialtas na Beilge Airteagal 347 CFAE, ( 65 ) os comhair na Cúirte ná in áit eile, ní bheadh sé riachtanach, in aon chás, rialú a thabhairt ar an bhforáil sin ach amháin mura bhféadfaí údar a thabhairt le bearta náisiúnta amhail na bearta atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi ghnáthrialacha an Aontais agus a ngnátheisceachtaí. ( 66 ) Mar sin féin, mar a mhíneoidh mé sa chuid eile den Tuairim seo, tá na rialacha sin solúbtha go leor chun freastal ar leithleachas na staide atá i gceist. |
5. Dlíthiúlacht na srianta taistil atá á gconspóid i bhfianaise na gclásal maolaithe dá bhforáiltear sa Treoir Shaoránachta
|
55. |
Fiú amháin faoi ghnáthdhlí an Aontais, ní ceart absalóideach é an ceart chun saorghluaiseachta atá ag saoránaigh an Aontais. Tá srianta incheadaithe. ( 67 ) Mar sin féin, chun go mbeidh sé ag luí le dlí an Aontais, ní mór go n-urramóidh aon srian, go háirithe, na coinníollacha a leagtar amach ann. A mhéid a thagann na srianta taistil atá faoi chonspóid faoi raon feidhme na Treorach Saoránachta, ní mór iad a mheas faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil VI den ionstraim sin. Ina theannta sin, a mhéid a cuireadh na srianta sin i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh Bheilgeacha atá ag filleadh ar an mBeilg, tar éis dóibh a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú, meabhraím, cé nach gcumhdaítear an cás sin leis an Treoir Shaoránachta, ach le hAirteagal 21 CFAE, go bhfuil feidhm de réir analaí ag na coinníollacha maidir le maolú dá bhforáiltear leis an Treoir sin. ( 68 ) |
|
56. |
Mar réamhrá ar Chaibidil VI, foráiltear le hAirteagal 27(1) den Treoir Shaoránachta don riail ghinearálta go bhfuil cead ag na Ballstáit srian a chur ar “shaoirse gluaiseachta” shaoránaigh an Aontais ar fhorais “beartais phoiblí”, “slándála poiblí” nó “sláinte poiblí”. Tá an riail ghinearálta sin sonraithe sa chuid eile den chaibidil sin. Go háirithe, in Airteagal 29(1) den Treoir sin, leagtar amach an fhéidearthacht do na Ballstáit an “tsaoirse” sin a shrianadh ar fhorais “sláinte poiblí”. Maidir le dlíthiúlacht beart náisiúnta arna nglacadh ar fhorais den sórt sin, ní mór an dá fhoráil sin a léamh i gcomhar lena chéile mar sin. Le chéile, forchuireann siad sraith coinníollacha, a dtabharfar tuilleadh sonraí ina leith thíos, agus ní mór iad a urramú i ngach cás. ( 69 ) |
|
57. |
Bhí Rialtas na Beilge ag brath ar Airteagal 27(1) agus ar Airteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta os comhair na cúirte a rinne an tarchur agus os comhair na Cúirte seo araon, ach áitíonn Nordic Info, beag beann ar na coinníollacha mionsonraithe a leagtar síos iontu a bheith comhlíonta, nach gcumhdaítear leis na forálacha sin srianta taistil amhail na srianta atá i gceist sna príomhimeachtaí. Éilítear leis sin go ndéanfaí plé teibí ar raon feidhme na bhforálacha sin (a), sula ndéanfar measúnú sonrach ar na bearta sin i bhfianaise na gcoinníollacha atá i gceist (b). |
(a) Raon feidhme Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta
|
58. |
I dtuairim Nordic Info, níl Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta sách leathan, go ginearálta, chun srianta taistil a chumhdach – go hiomlán nó go páirteach – amhail na cinn atá i gceist toisc nach gceadaítear leis na forálacha sin ach srianta ar an gceart chun dul isteach, ní cheadaítear leis na forálacha sin srianta ar an gceart imeachta (1) agus, i gcás ar bith, ní cheadaítear leo ach srianta “aonair” ar shaorghluaiseacht, seachas srianta “ginearálta” (2). Tabharfaidh mé aghaidh ar na hagóidí sin sna chéad chodanna eile. |
(1) An fhéidearthacht an ceart chun dul isteach agus an ceart imeachta araon a shrianadh
|
59. |
Meabhraím go gceadaíonn Airteagal 27(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 29(1), den Treoir Shaoránachta do na Ballstáit srian a chur ar “shaoirse gluaiseachta” ar fhorais sláinte poiblí, gan tuilleadh sonraíochta a dhéanamh maidir leis na cineálacha beart a fhéadfaidh na húdaráis náisiúnta a dhéanamh. |
|
60. |
Ar an gcéad dul síos, cumhdaítear leis na téarmaí sin, srianta féideartha ar an gceart chun teacht isteach a leagtar síos in Airteagal 5(1) den Treoir Shaoránachta. Áirítear leis sin, ar thaobh amháin, toirmeasc féideartha ar theacht isteach i gcríoch Bhallstáit. Tá feidhm ag caveats, áfach. Ní fhéadfaidh Ballstát an fhoráil sin a úsáid riamh chun cead isteach ar a chríoch a dhiúltú dá náisiúnaigh féin – ar na cúiseanna, go bunúsach, (i) nach bhfuil feidhm ag an Treoir sin sa chás sin, agus (ii) go gcoisctear sin leis an bprionsabal a athdhaingnítear in Airteagal 3(2) de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann le ECHR. ( 70 ) Ina theannta sin, is léir ó Airteagal 29(2) den Treoir Shaoránachta nach féidir le Ballstát toirmeasc a chur, ar fhorais “sláinte poiblí”, ar náisiúnaigh de chuid Ballstát eile a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch – tar éis, mar shampla, turas go dtí an tSualainn. ( 71 ) Ar an taobh eile, féadfaidh Ballstát, i bprionsabal, cineálacha eile srianta a fhorchur ar shaoránaigh den Aontas nach féidir toirmeasc a chur orthu teacht isteach sa chríoch náisiúnta, ar srianta iad nach bhfuil an éifeacht chéanna acu le diúltú. Thiocfadh na ceanglais choraintín agus tástála a fhorchuirtear ar chónaitheoirí na Beilge tar éis dóibh filleadh ó thíortha “ardriosca” faoin gcatagóir sin. ( 72 ) |
|
61. |
Ar an dara dul síos, táim den tuairim, contrártha leis an méid a mhaígh Nordic Info, go bhféadfaidh Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta srianta féideartha ar an gceart imeachta a leagtar síos in Airteagal 4(1) den Treoir sin, amhail toirmeasc ar imeacht, a chumhdach freisin. ( 73 ) Cé go bhféadfadh teideal Chaibidil VI an léitheoir a chur amú ina leith sin, ( 74 ) ar an gcéad dul síos, is léir go bhfuil na focail “saoirse gluaiseachta” a úsáidtear ann leathan go leor chun an ceart sin a chuimsiú. Ar an dara dul síos, ní fhágann an fíric go dtugtar aghaidh in Airteagal 29(2), go bunúsach, ar bheart sonrach, eadhon cead dul isteach a dhiúltú, nach gceadaítear ach srianta ar an gceart chun teacht isteach ar fhorais “sláinte poiblí” – ós rud é nach é is cuspóir don fhoráil sin gach srian incheadaithe ar shaorghluaiseacht faoi Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) a liostú, ach úsáid an bhirt áirithe sin a leagan síos. Ina theannta sin, tá an léiriú sin i gcomhréir leis an aidhm atá á saothrú leis an maolú “sláinte poiblí” a leagtar síos sna forálacha sin – is é sin, mar is léir ó fhoclaíocht na forála deireanaí sin, cead a thabhairt do Bhallstát a chríoch agus a dhaonra a chosaint ar leathadh galar tógálach nó ionfhabhtaíoch áirithe. Admhaím é (gur dócha) go raibh ar intinn ag dréachtóirí Airteagal 29(1) an sampla ina gcuirfeadh Ballstát cosc ar thaistealaithe a bhfuil galair den sórt sin orthu teacht isteach ina chríoch agus an galar “a thabhairt isteach” leo. É sin ráite, d’fhéadfadh cosaint chríoch Stáit a bheith ina údar freisin, i gcásanna áirithe, le srian a chur ar imeacht a chónaitheoirí féin, chun cosc a chur orthu galair den sórt sin “a thabhairt ar ais leo” nuair a fhilleann siad. ( 75 ) Ar deireadh, deimhnítear an léiriú sin le travaux préparatoires ( 76 ) na Treorach Saoránachta. ( 77 ) |
(2) An fhéidearthacht an tsaorghluaiseacht a shrianadh trí bhíthin bearta ginearálta
|
62. |
Bhí feidhm ghinearálta ag na bearta náisiúnta a bhí i gceist sna príomhimeachtaí. Cuireadh na ceanglais maidir le toirmeasc taistil agus coraintín agus tástáil i bhfeidhm go córasach maidir le catagóirí teibí agus leathana daoine i gcásanna a chinntear go hoibiachtúil – daoine a thaistealaíonn chuig Ballstát “ardriosca” de chuid an Aontais chun críche “neamhriachtanacha”, nó ón mBallstát sin, daoine atá ag taisteal chuig tríú tír nó uaithi nach bhfuil i Limistéar Schengen, agus mar sin de. |
|
63. |
Maíonn Nordic Info, áfach, nach féidir ach bearta aonair lena gcuirtear srian ar an gceart chun saorghluaiseachta a chosaint ar bhonn Airteagal 27(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 29(1), den Treoir Shaoránachta. Ní fhéadfaí bearta den sórt sin a ghlacadh ach amháin de réir an cháis, i gcás ina léirítear le measúnú aonair ar staid duine ar leith go bhfuil sé ina bhaol don tsláinte phoiblí – toisc go bhfuil comharthaí sóirt ag an duine sin de cheann de na galair a luaitear san fhoráil sin, nó gur nochtadh é don ghalar sin agus, dá bhrí sin, go bhfuil fíorbhaol ann gur ionfhabhtaíodh é agus go scaipfidh sé an galar sin. |
|
64. |
Mar aon le Rialtais na Beilge, na Rómáine agus na hIorua, chomh maith leis an gCoimisiún, táim den tuairim gur féidir srianta ginearálta ar shaorghluaiseacht a ghlacadh, de bhun Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta, ar fhorais “sláinte poiblí”, gan gá le measúnú den sórt sin de réir an cháis. ( 78 ) |
|
65. |
Ar an gcéad dul síos, tagraíonn na forálacha sin, faoi seach, do na “srianta” a fhéadfaidh na Ballstáit a chur chun feidhme agus do na “bearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht” a fhéadfaidh siad a ghlacadh ar fhorais “sláinte poiblí”. Is féidir leis na téarmaí leathana sin bearta aonair agus bearta ginearálta araon a chuimsiú. |
|
66. |
Ar an dara dul síos, tacaíonn scéim ghinearálta Chaibidil VI den Treoir Shaoránachta leis an léiriú sin. Go deimhin, de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 27(2), maidir le bearta arna nglacadh ar fhorais “beartais phoiblí” nó “slándála poiblí”, go mbeidh siad “bunaithe go heisiach ar iompar pearsanta an duine aonair lena mbaineann” agus “nach nglacfar le cúiseanna nach mbaineann le fíorais an cháis nó atá ag brath ar chúinsí coisc ghinearálta”, ní luaitear aon cheanglas den sórt sin in Airteagal 29 maidir le bearta arna ndéanamh ar fhorais “sláinte poiblí”. ( 79 ) |
|
67. |
Is fíor nach féidir leis an difear san fhoclaíocht, ann féin, a bheith cinntitheach. Níl téacs na Treorach Saoránachta saor ó neamhréireachtaí. ( 80 ) Roimhe seo, tá síneadh curtha ag an gCúirt, agus an ceart aici, leis an ngá atá le measúnú aonair, chuig forálacha eile den Treoir Shaoránachta, nach luaitear an measúnú sin iontu go sainráite. Rinne sí amhlaidh, go háirithe, ina breithiúnas in McCarthy agus páirtithe eile, ( 81 ) maidir le bearta a rinneadh ar fhorais mí-úsáide ceart, faoi Airteagal 35 den Treoir sin. |
|
68. |
Mar sin féin, ba cheart don Chúirt a bheith faichilleach é sin a dhéanamh i ndáil le bearta arna ndéanamh ar fhorais “sláinte poiblí”, faoi Airteagal 27(1) agus faoi Airteagal 29(1) den Treoir sin. Go deimhin, cosúil le Rialtais na Beilge, na Rómáine agus na hIorua, chomh maith leis an gCoimisiún, ba mhaith liom a thabhairt faoi deara, mar thríú pointe, go bhfuil sé loighciúil níos mó saoirse a thabhairt do na Ballstáit maidir le baoil don “tsláinte phoiblí”, seachas baoil don “bheartas poiblí” nó do “shlándáil phoiblí” agus iompar mí-úsáideach ós rud é gur ábhair éagsúla iad sin, go bunúsach. |
|
69. |
Ar thaobh amháin, is as iompar daoine áirithe ar leith, amhail sceimhlitheoirí nó coirpigh chontúirteacha, a eascraíonn baoil don “bheartas poiblí” nó don “tslándáil phoiblí” de ghnáth. Dá bhrí sin, níor cheart d’údaráis phoiblí a bheith in ann, i bprionsabal, bearta ginearálta a ghlacadh ar chúis réamhchúraim, go háirithe i bhfianaise a thábhachtaí atá an ceart chun saorghluaiseachta atá ag saoránaigh an Aontais, amhail cosc a chur ar gach duine atá ag taisteal ó thíortha áirithe teacht isteach toisc go bhféadfadh cuid acu a bheith contúirteach. Ní hamháin go rachadh sé thar a bhfuil riachtanach ina leith sin, is é mo thuairim, i sochaí dhaonlathach, ach amháin in imthosca fíoreisceachtúla, nár cheart cead a thabhairt d’údaráis phoiblí glacadh leis go bhfuil daoine aonair contúirteach díreach toisc go mbaineann siad le catagóir ollmhór agus teibí daoine den sórt sin. ( 82 ) I ndáil leis sin, tá breithnithe ar dhínit an duine aonair ábhartha. Go deimhin, in go leor cásanna, bheadh cur chuige den sórt sin bunaithe ar réamhchlaonadh. ( 83 ) Tá feidhm ag an loighic chéanna maidir le mí-úsáid an chirt chun saorghluaiseachta a chosc. Fiú nuair a bhíonn go leor cásanna ann maidir le hiontráil mhí-úsáideach náisiúnach tríú tír a ligeann orthu féin gur baill teaghlaigh de shaoránaigh an Aontais iad, ní féidir leis na Ballstáit, ar fhorais réamhchúraim, bearta ginearálta a ghlacadh lena mbainfí de bhaill teaghlaigh uile an chirt atá acu, inter alia, faoin Treoir Shaoránachta. ( 84 ) |
|
70. |
Ar an taobh eile, de ghnáth, ní bhaineann an baol don “tsláinte phoiblí” atá ábhartha faoi Airteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta, is é sin le rá, an baol go scaipfí “galair áirithe a mbaineann baol eipidéime leo” nó “galair thógálacha eile nó galair sheadánacha thógálacha” ar chríoch Bhallstáit, de ghnáth, sí le hiompar daoine áirithe ar leith. D’fhéadfadh an staid eipidéimeolaíoch i dtír ar leith a bheith ina breithniú ábhartha i ndáil leis sin. ( 85 ) In imthosca áirithe, ag brath ar a leibhéal tógálachta, d’fhéadfadh cuid mhór a bheith ionfhabhtaithe, mura bhfuil an daonra iomlán. Sa chomhthéacs sin, maidir le bearta aonair a dhéantar ag pointe iontrála nó imeachta taistealaithe ar chríoch Bhallstáit, ar bhonn siomptóim dhealraitheacha nó nochtadh deimhnithe don ghalar i dtrácht, ní i gcónaí a bheadh siad éifeachtach go leor chun a leathadh a chosc nó a theorannú. ( 86 ) D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le srianta ginearálta ar shaorghluaiseacht, arna nglacadh ar fhorais réamhchúraim, atá dírithe, mar shampla, ar gach duine atá ag taisteal ó thíortha nó réigiúin “ardriosca” a bheith riachtanach i ndáil leis sin. Ba cheart Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta a fhorléiriú dá réir sin. Cé nach mór na forálacha sin, mar chlásail mhaolaithe, a léiriú go docht, ( 87 ) ní mór don léiriú sin a áirithiú mar sin féin go bhfuil siad oiriúnach don fheidhm. ( 88 ) Thairis sin, de bhun Airteagal 168(1) CFAE “áiritheofar ardleibhéal cosanta do shláinte an duine i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais”, lena n-áirítear saorghluaiseacht daoine – riachtanas chomh tábhachtach sin go n-athdhearbhaítear é sa dara habairt d’Airteagal 35 den Chairt. Is cuid dhílis den chuspóir sin é eipidéimí a rialú. ( 89 ) |
|
71. |
Tá frith-argóint amháin ann nach mór aghaidh a thabhairt uirthi roimh dheireadh na coda seo. Go deimhin, in Airteagal 30 agus Airteagal 31 den Treoir Shaoránachta, tá coimircí do shaoránaigh an Aontais atá faoi réir bearta lena gcuirtear srian ar na cearta atá acu faoin Treoir sin. Ní mór do na húdaráis náisiúnta, faoi Airteagal 30(1) agus (2), faoi seach, fógra a thabhairt do na “daoine lena mbaineann” faoi “aon chinneadh arna dhéanamh faoi Airteagal 27(1)” agus iad a chur ar an eolas faoi “na forais beartais phoiblí, slándála poiblí nó sláinte poiblí ar a bhfuil an cinneadh a rinneadh ina gcás bunaithe”. Ina theannta sin, faoi Airteagal 31(1) den Treoir sin, ní mór do na húdaráis sin a áirithiú go bhfuil rochtain ag “na daoine lena mbaineann” ar nósanna imeachta sásaimh “chun achomharc a dhéanamh ina gcoinne nó chun athbhreithniú a lorg ar aon chinneadh arna dhéanamh ina n-aghaidh ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí”. |
|
72. |
Sa chomhthéacs sin, áitíonn Nordic Info, de bhrí go dtagraíonn na forálacha sin go comhsheasmhach do “chinntí” atá dírithe ar “dhaoine lena mbaineann” áirithe, nach féidir ach bearta aonair a dhéanamh ar bhonn Airteagal 27(1) den Treoir Shaoránachta, fiú ar fhorais“sláinte poiblí”. D’fhéadfaí a rá freisin, agus bunús leis an méid sin, ós rud é gur ceapadh na coimircí atá i gceist, i bhfocail na Cúirte, chun “chun a chur ar chumas an duine lena mbaineann imthosca agus breithnithe a bhaineann lena sheasamh aonair a chur in iúl”, ( 90 ) go bhféadfaí a substaint a bhaint de na coimircí sin, dá gceadófaí do na Ballstáit bearta a bhfuil feidhm ghinearálta a ghlacadh, ar bhonn na forála sin. |
|
73. |
Ní dóigh liom gurb é sin an cás. Ar an gcéad dul síos, mar a thugann an Coimisiún le fios, ní hé cuspóir Airteagail 30 agus 31 den Treoir Shaoránachta teorainn a chur ar na cineálacha beart is féidir a ghlacadh faoi Airteagal 27(1) di, ach chun foráil a dhéanamh maidir le coimircí áirithe nuair a dhéantar bearta den sórt sin. In Airteagail 30 agus 31, úsáidtear an téarma “cinneadh”, seachas na téarmaí níos leithne “srianta” nó “bearta”, agus ní léirítear leis sin ach, mar is féidir a bhaint de thátal as an méid sin roimhe seo, gur minic a éilítear bearta aonair faoin Treoir sin agus, gur léir go raibh na bearta sin ar intinn ag reachtas an Aontais agus na forálacha sin á ndréachtú. Go ginearálta, is cosúil go n-úsáidtear na téarmaí “bearta” agus “cinntí” go hinmhalartaithe sa Treoir Shaoránachta, agus ní i gcónaí ar bhealach comhleanúnach, ( 91 ) rud a chiallaíonn nach féidir aon chonclúid a bhaint as úsáid téarma amháin nó téarma eile i bhforáil ar leith. Ar an dara dul síos, cé nach raibh bearta ginearálta i gceist agus na forálacha sin á ndréachtú, ní chiallaíonn sé sin go mbainfí gach éifeachtacht díobh dá bhféadfaí bearta den sórt sin a ghlacadh ar fhorais “sláinte poiblí”. Ba cheart do shaoránaigh an Aontais a bheith in ann fós, go pointe áirithe, “imthosca agus breithnithe a bhaineann lena seasamh aonair a chur chun cinn”. Fillfidh mé ar an ngné sin i míreanna 115 go 119 thíos. |
(b) Ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta sna himthosca atá i gceist
|
74. |
Mhínigh mé, sna codanna roimhe seo, an fáth a bhféadfar, i bprionsabal, bearta náisiúnta amhail na cinn a chonspóidtear sna príomhimeachtaí a chosaint faoi Airteagal 27(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta. |
|
75. |
Chun go mbeidh siad ag luí go hiomlán leis na forálacha sin, áfach, ní mór do na bearta sin na coinníollacha uile a eascraíonn astu a chomhlíonadh. Go sonrach, ní mór iad a bheith curtha chun feidhme mar fhreagairt ar bhaol tromchúiseach ábhartha don “tsláinte phoiblí” (1) agus ní mór dóibh prionsabail na deimhneachta dlíthiúla (2), prionsabal na córa comhionainne (3) agus prionsabal na comhréireachta (4) a urramú. Is faoin mBallstát i dtrácht atá sé a léiriú gurb amhlaidh atá. Ina theannta sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur, arb í an t-aon chúirt sin a bhfuil dlínse aici na fíorais a mheas, a bheidh sé a chinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha sin sna príomhimeachtaí. Féadfaidh an Chúirt, áfach, treoir a thabhairt maidir leis sin, arna bunú ar an bhfaisnéis atá os a comhair. Chuige sin, scrúdóidh mé na coinníollacha sin sna míreanna seo a leanas. |
(1) Fíorbhaol ábhartha tromchúiseach don “tsláinte phoiblí” a bheith ann
|
76. |
Mar a léirítear thuas, tá úsáid an bhoinn cirt “sláinte phoiblí” a leagtar síos in Airteagal 27(1) den Treoir Shaoránachta faoi réir chreat Airteagal 29. Foráiltear san fhoráil dheireanach sin sainmhíniú beacht ar na himthosca ábhartha inar féidir forais den sórt sin a agairt go bailí. ( 92 ) De bhun na chéad mhíre, ní féidir ach le galair áirithe údar a thabhairt le cur chun feidhme birt lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht. Áirítear orthu sin “galair a bhfuil baol eipidéime iontu mar atá sainmhínithe in ionstraimí ábhartha [EDS]” – is é sin, na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) (“IHR”). ( 93 ) |
|
77. |
Is léir go dtagann COVID-19 faoin gcatagóir sin. Tugaim faoi deara gur chinn Ard-Stiúrthóir EDS an 30 Eanáir 2020 ( 94 ) gur “éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta” í an ráig den ghalar atá i gceist de réir bhrí na hionstraime sin. ( 95 ) Thairis sin, an 11 Márta 2020, d’fhógair an institiúid chéanna, i bhfianaise an mhéadaithe easpónantúil ar chásanna tuairiscithe agus ar na tíortha a bhí buailte leo, gur paindéim é COVID-19. ( 96 ) |
|
78. |
Mar sin féin, ní leor go bhfuil an galar sin i gceist nuair a ghlactar na bearta sin chun a mheas go bhfuil bonn cirt leo faoi Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta. Go deimhin, de bhun chásdlí socair na Cúirte, nuair a dhéanann údaráis phoiblí forais “sláinte poiblí” a agairt mar bhonn cirt leis an gceart chun saorghluaiseachta atá ag saoránaigh an Aontais a shrianadh, ní mór dóibh a léiriú, go pointe sásúil, go bhfuil gá leis na bearta atá i gceist chun an leas dá dtagraítear sna forálacha sin a chosaint go héifeachtach. ( 97 ) Cé go leanann sé ó bhunréasúnaíocht Airteagal 29(1) go meastar, go ginearálta, go bhfuil na galair a luaitear ann ina mbaol tromchúiseach don “tsláinte phoiblí”, ní féidir bearta coisctheacha i gcoinne galair den sórt sin a fhorchur ar shaoránaigh an Aontais de réir gnáthaimh: ( 98 ) caithfidh sé gur fíorbhaol atá ann, seachas ceann hipitéiseach amháin, sna himthosca atá i gceist. Dá réir sin, ní mór d’údaráis phoiblí, trí mheasúnú riosca a dhéanamh, a léiriú ar bhonn na sonraí eolaíocha is iontaofa atá ar fáil ag an am ábhartha agus ar bhonn na dtorthaí is déanaí de thaighde idirnáisiúnta, an dóchúlacht go dtiocfaidh an baol atá i gceist chun cinn, chomh maith le déine an tionchair ar an “tsláinte phoiblí” dá mba rud é go dtiocfadh. ( 99 ) |
|
79. |
Mar sin féin, mar a d’áitigh na rialtais is idiragraithe agus an Coimisiún, leanann sé freisin ó chásdlí na Cúirte, más rud é, tar éis measúnú riosca den sórt sin a bheith déanta, go bhfuil éiginnteacht ann fós maidir leis an riosca líomhainte don ‘tsláinte phoiblí’ a bheith ann nó maidir le leibhéal an riosca sin, ach gur dócha go ndéanfaí díobháil iarbhír don leas sin dá dtiocfadh an riosca chun cinn, go bhféadfaidh Ballstát, faoi phrionsabal an réamhchúraim, bearta a ghlacadh gan fanacht go dtí go n-éireoidh fírinne agus tromchúis an riosca sin go hiomlán follasach. ( 100 ) Cé gur gá fós roinnt fianaise a bheith ann go bhfuil gá le bearta réamhchúraim, tá an dualgas cruthúnais íseal in imthosca den sórt sin, ionas go bhféadfaidh na húdaráis náisiúnta gníomhú leis an bpráinn is gá. Dá bhrí sin, ba cheart do chúirt a dtugtar uirthi measúnú a dhéanamh ar bhearta den sórt sin, i mo thuairimse, athbhreithniú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil measúnú na n-údarás maidir le fíorbhaol tromchúiseach don “tsláinte phoiblí” bunaithe ar fhorais réasúnta, agus ar an méid sin amháin. |
|
80. |
Sa chás seo, níl aon díospóid ann gurb amhlaidh a bhí, i ndáil le COVID-19, le linn airde “chéad ráig” na paindéime san Aontas Eorpach. Ag an am, mar gheall ar an méadú easpónantúil ar líon na gcásanna, “géarchéim sláinte” ab ea ráig an ghalair sin. Beag beann ar an éiginnteacht eolaíoch a bhain le tionscnamh, le hin-tarchurthacht, le dinimic ionfhabhtaithe agus le héifeachtaí an choróinvíris nua (ag an am sin), bhí a leordhóthain foras réasúnta ag na húdaráis phoiblí lena chreidiúint gur baol tromchúiseach í an phaindéim do shlándáil an tsoláthair cúraim sláinte – ó bhí córais cúraim sláinte náisiúnta ag streachailt chun déileáil leis an líon daoine a bhí ag dul isteach san ospidéal – chomh maith le saol agus sláine fhisiciúil a ndaonra. Thairis sin, is deacair an bharúil a bhréagnú go “bhféadfadh an phaindéim, ag an am sin, iarmhairtí an-tromchúiseach a bheith aici, ní hamháin don tsláinte ach don tsochaí, don gheilleagar, d’fheidhmiú an Stáit agus don saol i gcoitinne”. ( 101 ) |
|
81. |
Dá réir sin, d’fhéadfadh na húdaráis phoiblí a bheith den tuairim, ar a laghad ar bith, go raibh gá le leathadh COVID-19 a chur faoi smacht chun a gcórais cúraim sláinte a chosaint agus iarmhairtí an víris ar an tsochaí i gcoitinne a mhaolú agus, chuige sin, gur ghá dóibh, inter alia, tacar “idirghabhálacha neamhchógaisíochta” a chur chun feidhme, lena n-áirítear srianta taistil, chun moill a chur ar thras-seoladh ( 102 ) an ghalair sa phobal. ( 103 ) |
|
82. |
Mar sin féin, is é an tsaincheist ríthábhachtach, chun críocha an cháis sna príomhimeachtaí, ná arbh amhlaidh fós, sa Bheilg, an tráth a glacadh agus a cuireadh chun feidhme na bearta atá á gconspóid chun dochair do Nordic Info – is é sin, a bheag nó a mhór, ag tús mhí Iúil 2020. Go deimhin, ní mór dlíthiúlacht na mbeart sin a mheasúnú i bhfianaise an chomhthéacs a bhí i réim. ( 104 ) |
|
83. |
Ag an am, bhí déine na “chéad ráige” imithe. Bhí comharthaí feabhais le feiceáil cheana féin sa staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán san Aontas Eorpach chomh luath le mí na Bealtaine, rud a thug cúis le “dóchas áirithe”, ( 105 ) an oiread sin gur iarr an Coimisiún ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar na srianta taistil a bhí curtha i bhfeidhm acu eatarthu féin a mhaolú de réir a chéile agus, ar deireadh, deireadh a chur leo go luath i mí an Mhárta. ( 106 ) Deimhníodh an feabhas sin i mí an Mheithimh. Dá réir sin, chuir roinn Ballstát deireadh leis na srianta sin an 15 Meitheamh, agus bhí an Coimisiún ag moladh do na Ballstáit eile an rud céanna a dhéanamh. Rinneadh an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach san Aontas Eorpach a mhaolú freisin an 30 Meitheamh ( 107 ) |
|
84. |
Mar sin féin, cuireann Rialtas na Beilge in iúl, cé go raibh feabhas tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch san Aontas Eorpach ag tús mhí Iúil ar an iomlán, nach raibh deireadh leis an bpaindéim agus nach raibh sí go hiomlán faoi smacht. Go deimhin, bhí an-difríocht idir an staid sin ó thír amháin go tír eile. Cé go raibh an staid sa Bheilg ag socrú síos, léirigh sonraí oibiachtúla ( 108 ) borradh suntasach in ionfhabhtuithe a tharla i mBallstáit eile, an tSualainn san áireamh. I bhfianaise nádúr an-tógálach an víris, ( 109 ) bhí údaráis na Beilge den tuairim go raibh an baol ann go mbeadh borradh as an nua ar an bpaindéim ar an gcríoch náisiúnta – “an dara ráig” a d’fhéadfadh a bheith ann (ag an am) – dáiríre, go háirithe dá gcuirfí deireadh ró-luath le bearta imshrianta, i bhfianaise thús laethanta saoire an tsamhraidh. Dá bhrí sin, chinn siad cuid de na bearta sin a choinneáil, lena n-áirítear na srianta taistil atá faoi chonspóid, agus iad a chur in oiriúint don riosca ag an am céanna. |
|
85. |
I mo thuairimse, i bhfianaise phrionsabal an réamhchúraim, is cosúil go bhfuil an measúnú a rinne údaráis na Beilge ar an mbaol don “tsláinte phoiblí” ag an am ábhartha réasúnta. ( 110 ) Dealraíonn sé, dá bhrí sin, go raibh údar maith leis na bearta atá á gconspóid faoi Airteagal 27(1) agus faoi Airteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta. Ós rud é nach raibh aon chóireáil nó vacsaín údaraithe agus/nó éifeachtach ann chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an víreas ar an daonra a mhaolú, is cosúil go ndeimhnítear réasúntacht an mheasúnaithe sin. Mar a luann an Coimisiún, áfach, bheadh méid an riosca ag brath freisin ar acmhainn intuartha chóras cúraim sláinte na Beilge, inter alia, chun dul i ngleic leis an mborradh nua a d’fhéadfadh a bheith ann ar ionfhabhtuithe ar an gcríoch náisiúnta, rud a bheadh le fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur. ( 111 ) |
|
86. |
Os a choinne sin, ós rud é gur chuir Ballstáit eile deireadh, thart ar an am sin, le cuid de na bearta nó leis na bearta ar fad a chuir siad i bhfeidhm chun tras-seoladh an víris a theorannú, níl sé cinntitheach i ndáil leis sin. Go deimhin, ós rud é, ar an gcéad dul síos, go bhfuil sláinte an duine agus saol an duine chun tosaigh i measc na leasanna a chosnaítear le Conradh FAE, ( 112 ) ar an dara dul síos, fágtar an inniúlacht sin sa réimse sin faoi na Ballstáit ( 113 ) den chuid is mó agus, ar an tríú dul síos, nach mór d’aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais “freagrachtaí” na mBallstát maidir leis an ábhar a urramú, ( 114 ) chinn an Chúirt arís agus arís eile gur faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh, go háirithe, “an leibhéal cosanta is mian leo a thabhairt don tsláinte phoiblí” agus, dá réir sin, nach mór “discréid áirithe” a cheadú dóibh sa réimse sin. ( 115 ) Dá bhrí sin, cé gur léir gur mheas roinnt Ballstát go raibh leibhéal an riosca a bhaineann le COVID-19 inghlactha, ní chaitheann sé sin amhras ar réasúntacht mheasúnú údaráis na Beilge ar an ngá atá le bearta réamhchúraim sa Bheilg. ( 116 ) |
(2) Bhí na srianta taistil a chonspóidtear trédhearcach
|
87. |
Cé go raibh cúiseanna dlisteanacha ag údaráis na Beilge, de réir dealraimh, bearta réamhchúraim a chur chun feidhme ag an am ábhartha, chun bheith comhoiriúnach le hAirteagal 27(1) agus le hAirteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta, b’éigean do na bearta sin a bheith trédhearcach freisin, is é sin le rá, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a chomhlíonadh. Ceanglaítear leis an bprionsabal sin, go háirithe, go mbeadh na rialacha dlí soiléir agus beacht agus intuartha ina n-éifeacht, go háirithe i gcás ina bhfuil iarmhairtí diúltacha acu, mar atá sa chás seo, ar dhaoine aonair agus gnóthais. ( 117 ) |
|
88. |
I mo thuairimse, cuireadh na bearta atá faoi chonspóid in iúl ar bhealach sách soiléir agus beacht chun a chur ar chumas na ndaoine lena mbaineann a n-iompar a rialáil. Ar an gcéad dul síos, rinneadh na bearta a shainiú go soiléir – toirmeasc taistil, coraintín agus ceanglais tástála. Ar an dara dul síos, bhí liosta na dtíortha “ardriosca”/“dearga” a chuir siad i bhfeidhm ar fáil ar leathanach gréasáin tiomnaithe agus, dá bhrí sin, bhí sé éasca teacht air. Ar an tríú dul síos, is fíor go raibh na bearta sin bunaithe ar choincheap – an taisteal “neamhriachtanach” – a chruthaigh éiginnteacht áirithe do na daoine a bhí ag iarraidh taisteal chuig an mBeilg agus ón mBeilg. Mhínigh Rialtas na Beilge, cé nár sonraíodh an coincheap sin sna rialacháin is infheidhme, go raibh liosta léiritheach de na cúiseanna taistil a measadh a bheith “riachtanach” ar fáil ar líne mar sin féin, a bhí ag teacht leis an liosta is infheidhme i gcomhthéacs an tsriain shealadaigh ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas Eorpach. ( 118 ) Gan amhras, chabhraigh sé seo le daoine a thuiscint an bhféadfaí a mheas an raibh an turas a bhí á phleanáil acu “riachtanach” nó nach raibh. Mar sin féin, cé gur léir, ar bhonn an liosta sin, go raibh cosc soiléir ar roinnt turas – turais turasóireachta, mar shampla – bhí cuid de na míreanna ar an liosta sin, ar nós “taisteal ar chúiseanna teaghlaigh riachtanacha”, oscailte freisin. I ndáil leis sin, feictear dom go raibh sé de cheangal ar na húdaráis náisiúnta, faoi phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, sásra a chur i bhfeidhm a cheadódh don phobal a iarraidh roimh ré, trí mhodhanna iomchuí, ar measadh go raibh cúis áirithe taistil – a bhaineann, mar shampla, leis an teaghlach, “riachtanach” nó nach raibh, ionas nach ndiúltófaí dóibh gan choinne imeacht nó teacht isteach. Go deimhin, mhínigh Rialtas na Beilge gur chuir siad “Ceisteanna Coitianta” ar fáil ar líne. Gach uair a chuir an pobal ceist den sórt sin go minic, chuir na húdaráis freagra ar fáil ansin. Is cosúil go sásódh sé sin an riachtanas atá díreach ráite agam. |
(3) Bhí feidhm ag na srianta taistil atá faoi chonspóid ar bhealach neamh-idirdhealaitheach
|
89. |
Chun bheith comhoiriúnach le hAirteagal 27(1) agus le hAirteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta, b’éigean na bearta a bhfuiltear ag cur ina gcoinne a chur i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach freisin. ( 119 ) |
|
90. |
Is féidir aghaidh a thabhairt ar an ngné sin go hachomair ós rud é gur léir gurb amhlaidh a bhí. Ar an gcéad dul síos, bhí feidhm ag an toirmeasc ar imeacht ó chríoch na Beilge go tíortha “ardriosca”/“dearga” beag beann ar náisiúntacht na dtaistealaithe. Ar an dara dul síos, maidir leis an toirmeasc ar theacht isteach, is fíor nach raibh feidhm ag an mbeart sin maidir le náisiúnaigh Bheilgeacha agus náisiúnaigh de Bhallstáit eile a raibh cónaí orthu sa Bheilg, cé gur forchuireadh é ar an gcuid eile de shaoránaigh an Aontais. Mar sin féin, tá údar cuí leis an difríocht cóireála sin toisc nach bhfuil na catagóirí daoine sin i gcás inchomparáide. ( 120 ) Ar an tríú dul síos, ceanglaíodh coraintín agus tástálacha ar chónaitheoirí na Beilge ar fhilleadh dóibh ó na tíortha céanna, beag beann ar náisiúntacht. |
(4) Comhréireacht na srianta taistil atá faoi chonspóid
|
91. |
D’fhonn a bheith comhoiriúnach le hAirteagal 27(1) agus le hAirteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta, ní mór do na bearta atá faoi chonspóid, sa bhreis air sin, prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh. ( 121 ) Mar a mhíneofar go mion sna chéad chodanna eile, cuimsíonn an measúnú ar an gceanglas sin athbhreithniú ar thrí chritéar charnacha, eadhon an raibh na bearta sin “oiriúnach” (i), “riachtanach” (ii) agus “comhréireach sensu stricto” (iii). |
|
92. |
Sula dtabharfar aghaidh ar gach ceann de na critéir, áfach, tá gá le roinnt soiléirithe maidir leis an gcaighdeán athbhreithnithe is infheidhme ar an bprionsabal sin sa chás seo. Mar a mheabhraigh Rialtas na hIorua, i gcúrsaí sláinte poiblí, is gá a bheith cúramach. Go deimhin, chinn an Chúirt arís agus arís eile, i gcomhréir leis an “discréid” atá ag na Ballstáit sa réimse sin, gur fúthu atá sé a chinneadh ní hamháin an méid cosanta is mian leo a thabhairt don tsláinte phoiblí ar a gcríoch, ach freisin “an bealach ina bhfuil an leibhéal cosanta sin le baint amach”. ( 122 ) Thairis sin, tá an discréid sin an-leathan in imthosca amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí ina bhféachann údaráis phoiblí le freagairt do phaindéim arb é víreas nua is cúis léi, atá fós ag céim sách luath agus éiginnte, agus am teoranta nó eolas teoranta acu chun na bearta is iomchuí a mheas. I gcás den sórt sin, ceanglaítear le prionsabal an réamhchúraim go mbeidh saoirse shuntasach ag údaráis phoiblí chun gníomhú. ( 123 ) |
|
93. |
Mar shoiléiriú, ní chiallaíonn sé sin go raibh carte blanche ag na húdaráis sin ina bhfreagairt ar phaindéim COVID-19, ionas gur cheart athbhreithniú breithiúnach ar a ngníomhaíochtaí i ndáil leis sin a chur as an áireamh. Go deimhin, tá gá níos mó fós le hathbhreithniú breithiúnach ós rud é, mar gheall ar an bpráinn, gur minic a ghlac rialtais ina n-aonar na bearta a tugadh isteach chun leathadh an ghalair sin a chomhrac, gan an gnáthphróiseas cinnteoireachta daonlathaí a leanúint agus, go háirithe, gan athbhreithniú parlaiminteach ex ante. |
|
94. |
Dá bhrí sin, chun réiteach a fháil idir, ar thaobh amháin, an corrlach leathan discréide sin agus, ar an taobh eile, an comhlíonadh is gá leis na caighdeáin dhlíthiúla, ba cheart raon feidhme an athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar phrionsabal na comhréireachta sa chás seo a bheith teoranta anseo arís, i mo thuairimse, don cheist i dtaobh cé acu an bhféadfadh na húdaráis a bheith den tuairim go réasúnta go raibh na bearta atá faoi chonspóid iomchuí agus riachtanach chun an riosca don “tsláinte phoiblí” a pléadh thuas a bhainistiú, agus go mbeadh sé comhréireach sensu stricto. ( 124 ) |
|
95. |
Is mian liom a shoiléiriú freisin ón tús gur ghlac institiúidí an Aontais, ( 125 ) thart ar an am ábhartha, i gcomhréir le hinniúlacht theoranta an Aontais i réimse na sláinte poiblí, ( 126 ) sraith teachtaireachtaí, moltaí agus treoirlínte, chun comhordú áirithe a chur chun cinn idir na bearta éagsúla arna nglacadh ag na Ballstáit mar fhreagairt ar an bpaindéim. ( 127 ) Cé nach raibh na hionstraimí dlí bhoig sin ceangailteach, de réir sainmhínithe, ar na Ballstáit, bhí orthu fós iad a chur san áireamh go cuí i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis. Dá bhrí sin, is gnéithe ábhartha den chomhthéacs iad na prionsabail agus na rialacha a leagtar síos iontu don chás seo. |
(i) Dealraíonn sé go raibh na srianta taistil atá faoi chonspóid iomchuí
|
96. |
De bhun chásdlí socair na Cúirte, cuimsíonn an ceanglas go mbeadh aon bheart a chuireann srian le saorghluaiseacht “iomchuí” dhá chritéar charnacha: ní mór, ar an gcéad dul síos, go bhféadfadh sé rannchuidiú le gnóthú an chuspóra atá á shaothrú, agus, ar an dara dul síos, “léiriú dáiríre a thabhairt ar rún chun é a bhaint amach agus a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach córasach”. ( 128 ) |
– Dealraíonn sé go bhféadfadh na srianta taistil sin rannchuidiú leis an gcuspóir atá á shaothrú
|
97. |
Chun an chéad chuid den cheanglas “oiriúnachta” a chomhlíonadh, bhí ar Rialtas na Beilge a léiriú go bhféadfadh srianta taistil amhail na srianta atá faoi chonspóid rannchuidiú le cosc a chur ar an mbaol go dtiocfadh borradh nua ar chásanna COVID-19 i gcríoch na Beilge. Tá fianaise eolaíoch chomhthacaíoch ar an ábhar ag teastáil. É sin ráite, anseo chomh maith, faoi phrionsabal an réamhchúraim, tá an dualgas cruthúnais íseal. Go deimhin, ag an am ábhartha, cé gur cosúil go raibh baol na paindéime fíor agus tromchúiseach, bhí leibhéal suntasach éiginnteachta ann maidir leis na réitigh a bhí ar fáil chun aghaidh a thabhairt uirthi. |
|
98. |
I ndáil leis sin, d’áitigh an rialtas sin, cé nárbh fhéidir a shuíomh go cinnte, ag an am ábhartha, go mbeadh éifeacht choisctheach ag na bearta sin, go raibh sé réasúnta fós, ar bhonn na faisnéise eolaíche a bhí ar fáil ag an am sin, glacadh leis go mbeadh. Bhí “comhdhearcadh fairsing” i measc saineolaithe leighis náisiúnta agus comhairleoirí rialtais go raibh gluaiseachtaí idirnáisiúnta daoine ag cur go mór le leathadh COVID-19. Ba chosúil, dá bhrí sin, gur beart iomchuí é srian a chur leis na gluaiseachtaí sin chun an phaindéim a chur faoi smacht. |
|
99. |
Aontaím go bhféadfadh údaráis na Beilge glacadh leis go réasúnta go bhféadfadh srianta taistil rannchuidiú le baint amach an chuspóra “sláinte poiblí” arna shaothrú. Mar sin féin, is gá tuilleadh soiléirithe ina leith sin ós rud é nach bhfuil sé chomh follasach sin agus a chuir na rialtais agus an Coimisiún in iúl don Chúirt go rannchuideodh an méid sin. |
|
100. |
Go deimhin, a mhéid a bhaineann leis an mbonn eolaíoch atá leis na bearta sin, tugaim faoi deara gur measadh go ginearálta, roimh COVID-19, nach raibh srianta taistil éifeachtach maidir le ráigeanna galar eipidéime a shrianadh. ( 129 ) Dá réir sin, i seachtainí tosaigh na paindéime, níor mhol EDS go gcuirfí na srianta sin chun feidhme i ndáil leis an tSín ná le tíortha eile. ( 130 ) Mar is eol dúinn, áfach, thug formhór na dtíortha neamhaird ar chomhairle EDS ina leith sin. ( 131 ) D’fhormheas institiúidí an Aontais féin na srianta taistil a chuir na Ballstáit i bhfeidhm laistigh den Aontas Eorpach agus mhol siad an srian comhordaithe sealadach ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas Eorpach a chur chun feidhme, agus iad den tuairim go ndéanfaí líon suntasach cásanna “eachtrannacha” COVID-19 a “iompórtáil” chuig na tíortha teachta dá mbeadh insreabhadh mór daoine ag taisteal ó thíortha a bhí buailte leis an víreas, a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le ráigeanna áitiúla, agus is amhlaidh a bhí. ( 132 ) Sa chomhthéacs sin, tugadh le fios i bpáipéir eolaíocha éagsúla a foilsíodh in earrach na bliana 2020 gurb amhlaidh gur rannchuidigh na srianta taistil sin le teorainn a chur le teacht isteach tosaigh agus ráig an ghalair sna tíortha lena mbaineann nó le moill a chur leo ar a laghad. ( 133 ) Rinne EDS féin athbhreithniú ar a seasamh sa deireadh agus mheas sé go raibh luach éigin ag baint leis na bearta sin ina leith sin. ( 134 ) |
|
101. |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go raibh COVID-19 bunaithe cheana féin laistigh de chríoch na Beilge ag an am ábhartha. D’fhéadfadh amhras a bheith ann, agus údar leis sin, an fiú srian a chur ar ghluaiseacht idirnáisiúnta tar éis don víreas a bheith scaipthe i measc an phobail áitiúil cheana féin. Mar sin féin, de réir mar a áitíonn Rialtas na Beilge, agus cé go raibh an fhianaise ar an ábhar a bhí ar fáil ag an am teoranta agus neamhchinnte, ( 135 ) bhí sé réasúnta glacadh leis, i gcomhthéacs ina raibh, ar an gcéad dul síos, éagsúlacht shuntasach idir an staid eipidéimeolaíoch ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, agus go raibh ráta ard tras-seolta an víris i roinnt tíortha, fad a bhí an staid ar chríoch na Beilge cuibheasach sábháilte, ( 136 ) agus ar an dara dul síos, ina rabhthas ag súil leis, le teacht an tsamhraidh, go dtiocfadh rabharta mór taistealaithe nó go bhfillfeadh siad ó na tíortha ina raibh líon níos airde de chásanna ar chúiseanna a bhaineann leis an turasóireacht, go mbeadh ciall le roinnt srianta taistil a choimeád idir an Bheilg agus na tíortha sin. D’fhéadfadh sé rannchuidiú – go pointe teoranta, ach suntasach ( 137 ) – le cosc a chur ar an mbaol go dtiocfadh borradh nua faoi chásanna COVID-19 ar chríoch na Beilge. Go deimhin, d’fhéadfadh sé cosc a chur ar iompórtáil shuntasach chásanna COVID-19 “coigríche” ar chríoch na Beilge a d’fhéadfadh, ar a seal, cur isteach ar an gcothromaíocht áitiúil leochaileach. Go deimhin, luaigh EDS féin go bhféadfaí srianta den sórt sin a chur chun feidhme nó a choinneáil mar cheann de na bearta iomchuí chun tras-seoladh pobail a theorannú sa chomhthéacs sin. ( 138 ) |
|
102. |
Ar ndóigh, a luaithe is cosúil go léirítear – go réasúnta – go bhféadfadh srian ar ghluaiseachtaí idirnáisiúnta daoine rannchuidiú le leathadh COVID-19 a theorannú, is ar éigean is féidir a bheith in amhras, de réir mar a mhaíonn na rialtais is idiragraithe os comhair na Cúirte, go raibh an cosc atá faoi chonspóid ar thaisteal “neamhriachtanach” iomchuí chun gluaiseacht den sórt sin idir an Bheilg agus na tíortha “ardriosca” atá i gceist a theorannú. Leis an toirmeasc ar “theacht isteach”, cuireadh cosc ar an mbaol go ndéanfadh taistealaithe ó na limistéir sin cásanna den ghalar “a thabhairt isteach” leo. Chuir an cosc ar “imeacht” cosc ar chónaitheoirí na Beilge taisteal chuig na háiteanna sin agus ar an toradh céanna ar fhilleadh dóibh. Ina theannta sin, leis na ceanglais choraintín agus tástála a fhorchuirtear ar chónaitheoirí na Beilge, mar a mhaíonn Rialtas na Beilge, cuireadh ar chumas do na húdaráis súil ghéar a choinneáil ar a sláinte, rud a d’fhéadfadh cur le cásanna amhrasta iompórtáilte a bhrath agus a leithlisiú, agus le teorainn a chur leis an mbaol tras-seolta chuig an bpobal áitiúil. ( 139 ) |
– Dealraítear go raibh na srianta taistil a chonspóidtear comhsheasmhach
|
103. |
Braitheann an cheist an raibh na srianta taistil conspóideacha ina “léiriú dáiríre” ar rún an cuspóir “sláinte poiblí” arna shaothrú a bhaint amach ar an gceist an raibh na bearta sin mar chuid de straitéis níos leithne chun leathadh COVID-19 a theorannú. ( 140 ) Is cosúil gurb amhlaidh go raibh. Thug Rialtas na Beilge le fios go raibh “idirghabhálacha neamh-chógaisíochta” eile a ceapadh chun tras-seoladh pobail a chosc – amhail bearta sláinteachais, tástála, leithlisithe agus rianaithe teagmhálaithe – i bhfeidhm ag an am ábhartha sin. Ina theannta sin, i gcás ina gcuireann Ballstát srian, mar a rinne an Bheilg ag an am sin, ar thaisteal ó Bhallstáit eile agus chuig Ballstáit eile ar an bhforas go bhfuil an staid eipidéimeolaíoch níos measa ansin, éilíonn comhsheasmhacht, i mo thuairimse, go bhforchuirfidh sé srianta comhchosúla ar ghluaiseacht chuig na limistéir sin agus uathu, laistigh den chríoch náisiúnta, ina bhfuil an staid eipidéimeolaíoch chomh tromchúiseach céanna. ( 141 ) Ní léir ón gcomhad an amhlaidh a bhí sa Bheilg ag an am. Ba cheart don chúirt a rinne an tarchur é sin a fhíorú. |
|
104. |
Maidir le cé acu ar cuireadh na bearta atá faoi chonspóid chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach córasach, meabhraím go raibh a gcur i bhfeidhm ag brath ar an staid eipidéimeolaíoch sna tíortha lena mbaineann, fachtóir ar léir go bhfuil sé ag teacht leis an gcuspóir sláinte poiblí arna shaothrú. Thairis sin, caitheadh le gach tír i staid eipidéimeolaíoch chomhchosúil ar an mbealach céanna ina leith sin. Ina theannta sin, rinneadh an measúnú ar an staid sin i ngach tír ar bhonn sonraí réasúnta iontaofa agus cothrom le dáta arna soláthar ag ECDC ( 142 ) – a chuir le comhsheasmhacht an chórais fhoriomláin, gan amhras. |
|
105. |
I mo thuairimse, ní thugtar comhsheasmhacht na srianta atá faoi chonspóid faoi cheist toisc nach raibh feidhm acu maidir le taisteal chun críoch “riachtanacha”. Go deimhin, aithníodh líon teoranta cúiseanna taistil a bheith “riachtanach”. Dá réir sin, ní raibh raon feidhme an eisiaimh sin chomh mór sin go bhféadfadh sé cosc a chur ar bhaint amach an chuspóra sláinte poiblí a bhí á shaothrú. ( 143 ) Go deimhin, bhí gá leis an eisiamh sin i bhfianaise an chuspóra sin. Dá gcuirfí bac ar chuid den taisteal “riachtanach” sin, go háirithe gluaiseacht oibrithe “riachtanacha” amhail gairmithe cúraim sláinte, dhéanfadh sin dochar don chomhrac i gcoinne COVID-19. Ar deireadh, mar a mhíneoidh mé go mion níos déanaí, ba riachtanas é an t-eisiamh sin chun comhréireacht dhocht na mbeart sin a áirithiú. ( 144 ) Thairis sin, ba é “sprioc” na mbeart a bhí i gceist, arís, an t-insreabhadh féideartha taistealaithe chun críoch turasóireachta nach raibh baint ag an eisiamh sin leo. |
(ii) Dealraíonn sé go raibh na srianta taistil atá faoi chonspóid riachtanach
|
106. |
Tá dhá choinníoll i gceist freisin leis an gceanglas go mbeadh aon bheart a chuireann srian ar shaorghluaiseacht “riachtanach”. Ní mór a chinneadh, ar an gcéad dul síos, an bhfuil bearta malartacha ann a bheadh chomh héifeachtach céanna leis an mbeart a roghnaíodh chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach ach gan bheith chomh sriantach céanna, ( 145 ) agus, ar an dara dul síos, an bhfuil an beart sin “fíor-riachtanach”, is é sin, nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. ( 146 ) |
– Cé acu a bhí nó nach raibh roghanna eile ann nach raibh chomh sriantach céanna, ach a bheadh chomh héifeachtach céanna
|
107. |
Mar réamhphointe ar an ábhar, mheabhróinn gur faoi gach Ballstát atá sé an leibhéal cosanta is mian leis a thabhairt don tsláinte phoiblí ar a chríoch agus an bealach ina gcuirfear an chosaint sin ar fáil a chinneadh – ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais dhlí an Aontais. Dá réir sin, níl sé cinntitheach go bhféadfadh sé go ndearna Ballstáit eile bearta nach bhfuil chomh dian céanna a fhorchur. ( 147 ) Ar ndóigh, dá airde an leibhéal cosanta don tsláinte phoiblí atá á lorg, is ea is láidre na bearta is gá chun é a bhaint amach. Is léir go raibh ardleibhéal cosanta á lorg ag an mBeilg anseo. |
|
108. |
Ó thaobh roghanna malartacha a bheith ann maidir leis na srianta taistil atá faoi chonspóid, a bheadh chomh héifeachtach céanna ó thaobh an tsláinte phoiblí a chosaint, agus ag an am céanna nach mbeadh chomh sriantach céanna ar an tsaoirse gluaiseachta, tugaim faoi deara nach bhfuil an dualgas cruthúnais a fhorchuirtear ar na húdaráis náisiúnta ina leith sin chomh dian sin go gceanglófaí orthu a léiriú nach bhféadfadh aon bheart eile a bheith ina rogha mhalartach inoibrithe den sórt sin. ( 148 ) Dá bhrí sin, sa chás seo, ní gá scrúdú a dhéanamh ar gach beart a bhféadfaí smaoineamh air. Is leor forbhreathnú ar na roghanna malartacha is follasaí, a pléadh os comhair na Cúirte. |
|
109. |
Ar an gcéad dul síos, ní bheadh sé chomh sriantach céanna, ar ndóigh, bearta diúltaithe iontrála nó coraintín a fhorchur do thaistealaithe áirithe, mar shampla, iad siúd a raibh siomptóim den ghalar orthu. Mar sin féin, ní bheadh sin chomh héifeachtach céanna chun cosc a chur ar an mbaol go ndéanfaí cásanna COVID-19 a “iompórtáil”, ar an leibhéal a bhí á lorg ag údaráis na Beilge. Fiú ag glacadh leis go mbeadh sé indéanta scagadh siomptóm a dhéanamh ar gach taistealaí ag a bpointe iontrála go críoch na Beilge, bhí sé réasúnta glacadh leis nach bhféadfaí ach cuid de na daoine a raibh an galar sin orthu a aithint, agus go rachadh sciar díobh - is é sin, daoine nach raibh siomptóim orthu agus daoine réamh-shiomptómacha – trí na seiceálacha gan iad a bhrath. ( 149 ) Bheadh easnaimh den chineál céanna ag baint le scagadh ginearálta a dhéanamh ar thaistealaithe trí mhearthástáil. ( 150 ) |
|
110. |
Ar an dara dul síos, ní bheadh sé chomh héifeachtach céanna coraintín a chur i bhfeidhm ar gach taistealaí a thagann isteach nó a fhilleann ó thíortha “ardriosca” chun an leibhéal cosanta a bhí á lorg ag Rialtas na Beilge a bhaint amach agus a bhí cosc ar thaisteal chuig na tíortha sin agus uathu, agus feidhm ag ceanglais choraintín maidir le cónaitheoirí amháin. Is léir go gcabhraíonn sé go pointe áirithe leis an riosca a phléitear thuas a mhaolú má chuirtear taistealaithe i gcoraintín ar feadh tréimhse chuí. ( 151 ) Go teoiriciúil, cinntíonn sé go bhfuil gach duine, lena n-áirítear daoine nach bhfuil siomptóim orthu agus iad siúd sa chéim réamh-shiomptómach, scoite amach ón gcuid eile den daonra áitiúil agus, dá bhrí sin, nach mbeidh siad ina gcúis le slabhraí ionfhabhtaithe. Mar sin féin, de réir mar a áitíonn Rialtais na Beilge agus na hIorua, cé go gcuireann toirmeasc taistil cosc ar an mbaol go ndéanfar cásanna COVID-19 “coigríche” a iompórtáil isteach sa chríoch náisiúnta, níl i gcoraintín, i gcodarsnacht leis sin, ach beart ceartaitheach, a úsáidtear nuair a iompórtáladh cásanna den sórt sin cheana féin agus, ag brath ar a mhódúlachtaí, níl sé éifeachtach ach go páirteach chun an baol go mbeadh tuilleadh ionfhabhtuithe sa phobal áitiúil a mhaolú. Tá míbhuntáistí den sórt sin ag baint le hiallach a chur ar dhaoine dul ar coraintín sa bhaile, mar a tharla anseo. Seachas go mb’fhéidir nach gcloífeadh daoine go hiomlán leis an dualgas iad féin a leithlisiú, is minic a bhíonn siad sa teach céanna le daoine muinteartha a d’fhéadfaí a ionfhabhtú agus an galar a scaipeadh. ( 152 ) |
– An fíor-ghá atá leis na srianta taistil atá faoi chonspóid
|
111. |
Maidir le cibé an ndeachaigh na srianta taistil conspóideacha thar a bhí riachtanach chun an cuspóir “sláinte poiblí” a bhí á shaothrú a bhaint amach, mheabhróinn nach raibh feidhm ag na bearta sin ach amháin i ndáil leis na tíortha a mheastar a bheith ina n-ardriosca ionfhabhtaithe do thaistealaithe. Thairis sin, dhealródh sé – cé gur cheart don chúirt a rinne an tarchur é sin a fhíorú – aon uair a bhí sonraí maidir le ráta ionfhabhtaithe laistigh de thír ar leith, ar an leibhéal réigiúnach, ar fáil, gur cuireadh na srianta i bhfeidhm ar bhealach níos spriocdhírithe, maidir le taisteal idir an Bheilg agus réigiúin ina bhfuil fadhbanna amháin. ( 153 ) |
|
112. |
D’fhéadfadh sé go bhféadfaí bearta níos saincheaptha a chur i bhfeidhm, agus d’fhéadfaí cur chuige níos spriocdhírithe fós a ghlacadh ar an gcaoi sin. D’fhéadfaí an measúnú ar an staid eipidéimeolaíoch i dtír ar leith a mhionchoigeartú. D’fhéadfadh cúinsí ar nós an ráta tástála, struchtúr an daonra, agus mar sin de, a chur san áireamh ar mhaithe le measúnú níos beaichte. ( 154 ) Mar sin féin, is léir go mbeadh sé níos casta measúnú den sórt sin a dhéanamh, agus níor thráth moille é. Mar a léiríonn Rialtais na Beilge agus na hIorua, ceadaíonn dlí an Aontais d’údaráis náisiúnta rialacha a ghlacadh atá éasca a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, fiú mura dtiocfadh réiteach foirfe ar gach cás. ( 155 ) |
|
113. |
Ba mhaith liom a mheabhrú freisin, chun an ceanglas atá i gceist sa chuid seo a chomhlíonadh, nach mór coimircí áirithe a bheith ag gabháil le bearta a chuireann srian leis an gceart chun saorghluaiseachta lenar féidir a áirithiú gurb amhlaidh go bhfuil an cur isteach ar an gceart sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach. ( 156 ) |
|
114. |
Sa chás seo, ba é an chéad choimirce i gcoinne cur isteach neamhriachtanach den sórt sin, dar liom, ná athmheasúnú rialta a dhéanamh ar na srianta taistil atá faoi chonspóid. ( 157 ) De réir mar a leagann na rialtais is idiragraithe agus an Coimisiún béim air, rinneadh athbhreithniú rialta ar an staid eipidéimeolaíoch i ngach tír nó réigiún chun a chinntiú go gcuirfí na srianta sin i bhfeidhm, i ndáil le limistéar ar leith, fad is a bhí fadhbanna leis an staid sin. Rinneadh sonraí maidir le rátaí ionfhabhtaithe náisiúnta nó réigiúnacha, is cosúil, a nuashonrú ar bhonn seachtainiúil, ( 158 ) ionas go bhféadfadh údaráis phoiblí an t-aicmiú dathanna a oiriúnú ar bhealach dinimiciúil. ( 159 ) Maidir leis an ngá ginearálta atá leis na bearta sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheadh sé a fhíorú an raibh “clásal éagtha” sna foraitheanta ábhartha, lena bhforáiltear dá bhfoirceannadh ar dháta áirithe nó, ar a laghad, an raibh údaráis na Beilge ag coinneáil súil ar éabhlóid na bagartha a thug údar leo. |
|
115. |
Ar an dara dul síos, ba cheart don chúirt a rinne an tarchur a fhíorú freisin an raibh na coimircí nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 30 agus 31 den Treoir Shaoránachta ann. Cé nár dréachtaíodh na forálacha sin, mar a luaigh mé i mír 73 thuas, le bearta ginearálta amhail na cinn atá i gceist, bhí feidhm ag na coimircí sin fós. Go deimhin, bhí siad ceaptha chun “ardleibhéal cosanta a áirithiú do chearta shaoránaigh an Aontais” i gcás srianta ar a saoirse gluaiseachta, chomh maith leis “an bprionsabal a urramú nach mór údar cuí a bheith le haon ghníomh a ghlacann na húdaráis”. ( 160 ) Ina theannta sin, is léiriú sonrach iad na coimircí atá i gceist ar phrionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí a ráthaítear in Airteagal 47 den Chairt – rud a thugann cúis níos láidre fós gur cheart raon feidhme leathan a bheith acu. É sin ráite, aontaím le Rialtas na Beilge agus leis an gCoimisiún go bhfuil gá le roinnt oiriúnuithe sa chás seo. |
|
116. |
Ar thaobh amháin, maidir leis na hoibleagáidí “fógra i scríbhinn” faoin “gcinneadh” lena gcuirtear srian le saorghluaiseacht “a thabhairt don duine lena mbaineann” agus an fhaisnéis a sholáthar don duine sin faoi na forais ar ar glacadh an “cinneadh” sin, a leagtar síos faoi seach in Airteagal 30(1) agus (2) den Treoir Shaoránachta, is léir nach bhféadfaí na srianta taistil atá faoi chonspóid a chur in iúl amhlaidh, agus faisnéis a sholáthar, ar bhonn aonair, do gach duine a tháinig faoina raon feidhme. Mar sin féin, b’éigean an chosaint a thairgtear leis na coimircí sin a ráthú go leordhóthanach. Mar a mhaígh Rialtas na Beilge le linn na héisteachta, ba leor gur roinneadh faisnéis maidir le glacadh na srianta sin agus na forais “sláinte poiblí” ar a raibh siad bunaithe leis an bpobal i gcoitinne ar bhonn rialta trí chineálacha éagsúla meán mór-lucht féachana, chun an riachtanas sin a shásamh, dar liom. ( 161 ) |
|
117. |
I ndáil leis an oibleagáid rochtain a thabhairt do shaoránaigh an Aontais ar nósanna imeachta um shásamh breithiúnach chun achomharc a dhéanamh i gcoinne aon “chinneadh” lena gcuirtear srian lena gceart chun saorghluaiseachta, a leagtar síos in Airteagal 31(1) den Treoir Shaoránachta, nó athbhreithniú a lorg ar an gcéanna, ní chiallaíonn sé, i mo thuairimse, gur cheart go mbeadh an ceart ag saoránaigh an Aontais agóid dhíreach a dhéanamh i gcoinne bearta ginearálta amhail na bearta atá i gceist mura raibh an fhéidearthacht sin ann faoin dlí náisiúnta. Go deimhin, ní mór, i mo thuairimse, an fhoráil sin a léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt agus na gceanglas sár-riachtanach a eascraíonn aisti. ( 162 ) Meabhraím nach gceanglaítear le prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí a ráthaítear ann go bhféadfaí caingean neamhspleách a thionscnamh chun comhoiriúnacht forálacha náisiúnta le dlí an Aontais a dhíospóid, ar choinníoll go bhfuil leigheas dlíthiúil amháin nó níos mó ann, a fhágann gur féidir a áirithiú, go hindíreach, go n-urramófar cearta an duine aonair faoi dhlí an Aontais. ( 163 ) |
|
118. |
Tá roinnt bealaí ann ina bhféadfadh cúirteanna na Beilge cosaint bhreithiúnach ar na cearta a eascraíonn as an Treoir Shaoránachta le linn na paindéime a áirithiú. Ar an gcéad dul síos, aon ghníomhaíocht a dhéanfadh na húdaráis phóilíneachta, mar shampla, a dhiúltaíonn, ar bhonn na srianta taistil atá faoi chonspóid, cead a thabhairt do dhuine ar leith dul ar bord eitilte, nó pionós a fhorchur as iarracht sin a dhéanamh, mheasfaí gur “cinneadh” é, de réir bhrí Airteagal 31(1) den Treoir sin, ( 164 ) agus ba cheart, dá réir sin, go mbeadh sí faoi réir athbhreithniú breithiúnach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart an deis a bheith ag an duine lena mbaineann, mar réamh-shaincheist, an cheist a ardú maidir le comhoiriúnacht na mbeart ginearálta ar a mbonn a rinneadh an “cinneadh” sin le dlí an Aontais. Ar an dara dul síos, ba léir go raibh sin indéanta – ó thug Nordic Info a leithéid d’éileamh – i gcomhthéacs éileamh ar dhamáistí in aghaidh an Stáit. ( 165 ) |
|
119. |
I gcomhthéacs na nósanna imeachta sásaimh sin, ba cheart go mbeadh saoránach de chuid an Aontais in ann agóid a dhéanamh ní hamháin i gcoinne chomhoiriúnacht fhoriomlán na mbeart sin le dlí an Aontais, ach ba cheart a bheith in ann a mhaíomh freisin nár cheart iad a fhorfheidhmiú ina choinne. Ba cheart go mbeadh an duine sin in ann a áitiú, mar shampla, gur diúltaíodh go héagórach dó dul ar bord a eitilte, nuair a bhí sé ag taisteal chun críche “riachtanaí”. Ba cheart go mbeadh na cúirteanna in ann athbhreithniú a dhéanamh, mar shampla, an raibh na húdaráis i dteideal an tuairim a ghlacadh nár tháinig an turas i dtrácht, cé gur bhain sé leis an teaghlach, faoi chatagóir na “gcúiseanna teaghlaigh riachtanacha”, ( 166 ) nó ar cheart gur thug imthosca aonair an-sonrach an duine sin, thar na catagóirí ginearálta taistil sin a mheastar a bheith “riachtanach”, bonn cirt do mhaolú eisceachtúil ar an toirmeasc taistil. ( 167 ) |
(iii) Comhréireacht dhocht na srianta taistil atá faoi chonspóid
|
120. |
Maidir le comhréireacht sensu stricto, bíonn measúnú i gceist ar na míbhuntáistí a eascraíonn as beart faoi leith, agus ar cé acu an bhfuil na míbhuntáistí sin comhréireach leis na haidhmeanna atá á saothrú. ( 168 ) Rinne na rialtais is idiragraithe agus an Coimisiún neamhaird den chuid is mó ar an gceanglas sin ina gcuid aighneachtaí. D’fhéadfaí iad a mhaitheamh as an easnamh sin, áfach, de bhrí nach n-áirítear an chéim sin den tástail chomhréireachta i gcásdlí “traidisiúnta” na Cúirte maidir le saoirse gluaiseachta. ( 169 ) Os a choinne sin, tá an chéim sin le feiceáil ar bhonn réasúnta leanúnach ina cinntí maidir le dlíthiúlacht na mbeart náisiúnta lena gcuirtear teorainn le feidhmiú na gceart bunúsach a ráthaítear leis an gCairt, faoi Airteagal 52(1) di. ( 170 ) Sa chomhthéacs sin, d’iarr an Chúirt ar Rialtas na Beilge agus ar an gCoimisiún, le linn na héisteachta, ar chóir don chúirt a rinne an tarchur comhréireacht dhocht na srianta taistil atá á gconspóid a fhíorú freisin. D’admhaigh na hidiragraithe sin gur chóir di é sin a dhéanamh. Táim lánchinnte freisin gurb é an cur chuige ceart é, ar na cúiseanna seo a leanas. |
|
121. |
Le bearta lena gcuirtear srian le saorghluaiseacht daoine, ardaítear saincheisteanna a bhaineann le cearta bunúsacha, go ginearálta. Chomh maith leis an bhfíric go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta féin atá ag saoránaigh an Aontais faoi chosaint na Cairte, ( 171 ) is iondúil go gcuireann bearta náisiúnta lena gcuirtear srian leis an gceart sin teorainn, ag an am céanna, le cearta agus saoirsí eile a ráthaítear inti. Is amhlaidh an cás anseo, gan amhras. D’fhéadfadh na srianta taistil atá faoi chonspóid, trí bhac a chur ar ghluaiseacht idir na Ballstáit, teorainn a chur, ag brath ar na himthosca, (i) leis an gceart chun saoil phríobháidigh agus saoil an teaghlaigh a chosnaítear le hAirteagal 7 (a mhéid a d’fhéadfaidís, go háirithe, teaghlaigh a choinneáil óna chéile), ( 172 ) (ii) an ceart chun oideachais a chosnaítear le hAirteagal 14 (a mhéid a d’fhéadfaidís, mar shampla, mic léinn a chosc ó fhreastal ar chúrsaí in ollscoil eachtrach), (iii) an ceart chun oibre a ráthaítear in Airteagal 15, (a mhéid a d’fhéadfaidís cosc a chur ar dhaoine fostaíocht a lorg thar lear) agus (iv) an tsaoirse chun gnó a sheoladh a chosnaítear in Airteagal 16 (go háirithe, toisc gur fhág siad go raibh soláthar seirbhísí turasóireachta i ndáil leis na tíortha “ardriosca” a bhí i gceist beagnach dodhéanta). |
|
122. |
I gcásanna den sórt sin, ní mór na coinníollacha maidir le maolú ar an gceart chun saorghluaiseachta, dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) den Treoir Shaoránachta, a léiriú ar bhealach a chomhlíonann na ceanglais a eascraíonn as an gCairt. Go deimhin, ní féidir, faoin bhforáil sin, glacadh le srianta ar shaorghluaiseacht daoine nach mbeadh incheadaithe faoi Airteagal 52(1) den Chairt. Leanann sé, i mo thuairimse, gur cheart go mbeadh an tástáil chomhréireachta chomh dian céanna faoin gcéad fhoráil agus atá sí faoin dara foráil. |
|
123. |
Go deimhin, tá difríocht shuntasach, ó thaobh cearta bunúsacha a chosaint, idir céimeanna éagsúla na tástála comhréireachta. Ní bhaineann na ceanglais maidir le “hoiriúnacht” agus “riachtanas” ach le héifeachtúlacht na mbeart atá i gceist i ndáil leis an gcuspóir atá á shaothrú. I ndeireadh na dála, níl i gceist ach athbhreithniú breithiúnach teoranta ar cé acu a rinne nó nach ndearna na húdaráis measúnú ar an staid fhíorasach ar bhealach réasúnta ceart ina leith sin. Thairis sin, tá an t-athbhreithniú sin ag brath go mór ar bhreithnithe teibí amhail “leibhéal cosanta” an leasa atá i gceist a bhí na húdaráis phoiblí ag iarraidh a bhaint amach. Mar atá ráite agam cheana, dá airde an leibhéal cosanta sin, is amhlaidh is “riachtanaí” a bheidh na bearta sriantacha, fiú na cinn atá an-dian. Mar sin féin, tá roinnt beart, dá “riachtanaí” iad chun leasanna áirithe a chosaint, atá ródhian ar leasanna eile le bheith inghlactha i sochaí dhaonlathach. Is é sin go díreach atá i gceist leis an gceanglas maidir le “comhréireacht sensu stricto”. Faoin gceanglas sin, déantar na buntáistí a eascraíonn as na bearta atá á gconspóid i ndáil leis an gcuspóir atá á shaothrú a mheas in aghaidh na míbhuntáistí a chruthaíonn siad i ndáil le cearta bunúsacha. ( 173 ) Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta Saugmandsgaard Øe faoi deara ina Thuairim in Tele2 Sverige agus páirtithe eile, ( 174 ) osclaíonn an cleachtadh cothromaíochta “díospóireacht faoi na luachanna nach mór a bheith i réim i sochaí dhaonlathach agus, ar deireadh thiar, faoin gcineál sochaí ar mian linn maireachtáil inti”. Tá gá leis an díospóireacht sin, fiú i ndáil le bearta “sláinte poiblí” ( 175 ) agus, déarfainn freisin, go háirithe maidir le bearta a rinneadh le linn phaindéim COVID-19, i bhfianaise an tionchair nach bhfacthas riamh cheana ar dhaonra iomlán na mBallstát. ( 176 ) |
|
124. |
Ag féachaint anois do chomhréireacht dhocht na srianta taistil atá faoi chonspóid, ba mhaith liom a thabhairt faoi deara, mar a tugadh le fios roimhe seo, ar thaobh amháin, gur cuireadh teorainn leis na bearta sin, ag brath ar na himthosca, ar chearta agus saoirsí bunúsacha éagsúla a chosnaítear faoin gCairt. Ar an taobh eile, dhealraigh siad a bheith iomchuí agus riachtanach chun cuspóir leasa ghinearálta arna aithint ag an Aontas a shaothrú, eadhon an tsláinte phoiblí a chosaint. Ina theannta sin, mar a chuir Rialtais na Beilge agus na hIorua in iúl, bhí gá le bearta den sórt sin a chur chun feidhme chun “ceart chun sláinte” na bpobal náisiúnta a chosaint, a aithnítear i roinnt mhaith ionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil na Ballstáit ina bpáirtithe iontu, agus lena bhforchuirtear oibleagáidí dearfacha orthu céimeanna iomchuí a ghlacadh chun galair eipidéime a rialú, go háirithe. ( 177 ) Sa chomhthéacs sin, b’éigean “cothromaíocht chóir” a choinneáil idir na cearta agus na leasanna éagsúla sin. ( 178 ) |
|
125. |
Ar ndóigh, ní raibh sé éasca cothromaíocht den sórt sin a choinneáil. Gan amhras, ba chúram casta é an phaindéim a choinneáil faoi smacht agus tionchar na mbeart sláintíochta ar shaoirsí sibhialta a theorannú ag an am céanna. Bhí ar údaráis phoiblí go leor roghanna polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta a dhéanamh, agus sin go tapa, i bhfianaise na staide a bhí os a gcomhair ag athrú go tapa. Go deimhin, is dócha go raibh sé ar cheann de na dúshláin is mó a bhí le sárú ag na húdaráis phoiblí le blianta beaga anuas. |
|
126. |
Bhí sé thar a bheith deacair na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le srianta taistil amhail iad siúd a bhí i gceist a mheá. Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh bearta den sórt sin cabhrú le leathadh COVID-19 a theorannú. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh siad cur isteach go mór ar an saol sóisialta agus eacnamaíoch. ( 179 ) |
|
127. |
Ar an gcéad dul síos, bhí tionchar ollmhór ag srianta taistil ar ghnó agus ar an tsaoirse ghaolmhar a ráthaítear faoi Airteagal 16 den Chairt. Go háirithe, bhí iarmhairtí gan fasach ar earnáil na turasóireachta. De bharr na srianta sin, bhí oibríochtaí tionscnóirí turas, inter alia, amhail Nordic Info, ina stad, go ginearálta. ( 180 ) Mar sin féin, agus luachanna iomaíocha á meá acu, d’fhéadfadh údaráis phoiblí, i mo thuairimse, an tuairim réasúnta a ghlacadh gur cheart go mbeadh forlámhas ag an tsláinte phoiblí ar chúinsí eacnamaíocha den sórt sin ( 181 ) agus/nó go bhféadfadh iarmhairtí níos tromchúisí fós a bheith ag paindéim neamhrialaithe ar an ngeilleagar san fhadtéarma, mura ndéanfaí bearta sealadacha chun srian a chur lena leathadh. Ina theannta sin, glacadh bearta eile, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, chun tionchar na srianta sin ar an earnáil i dtrácht a mhaolú. ( 182 ) |
|
128. |
Ar an dara dul síos, bhí míbhuntáistí suntasacha ag baint le srianta taistil do dhaoine aonair. Goilleann na míbhuntáistí sin go mór ar dhlíodóir AE ós rud é go raibh an tionchar is mó ag na bearta sin ar “mhuirnín” dhlí an Aontais, eadhon saoránach soghluaiste de chuid an Aontais. Ceapadh an stádas atá i gceist, agus an ceart chun saorghluaiseachta a ghabhann leis, mar bhealach chun daoine aonair a fhuascailt, trí staidéar, obair, cairdis a dhéanamh, naisc theaghlaigh a chruthú, agus mar sin de, ar fud an Aontais Eorpaigh. Bhí stíl mhaireachtála i gceist leis: i gcás go leor de na saoránaigh sin, is cuid riachtanach den saol é an taisteal idirnáisiúnta. Ansin go tobann, breathnaíodh ar an tsoghluaisteacht a chothaigh an tAontas Eorpach mar bhagairt agus rinneadh ciorrú uirthi dá réir. ( 183 ) |
|
129. |
É sin ráite, is léir, go ginearálta, go bhféadfadh tionchar éagothrom a bheith ag srianta taistil ar shaoránaigh an Aontais, ag brath ar na cúinsí. Mar shampla, i gcás cosc a chur ar dhuine filleadh abhaile agus/nó a bheith athaontaithe le daoine muinteartha i dtír eile, cuirtear isteach ar cheart bunúsach an duine sin chun príobháideachais agus saoil teaghlaigh níos mó ná cosc a chur air dul ar thuras turasóireachta go dtí an tSualainn. Sin é an fáth, de ghnáth, nach mór comhréireacht dhocht na mbeart sin a mheasúnú in concreto, i bhfianaise imthosca aonair na ndaoine lena mbaineann. ( 184 ) |
|
130. |
Mhínigh mé i mír 70 thuas, a mhéid a bhaineann le srianta taistil a glacadh mar fhreagairt ar an mbaol ó ghalar eipidéime, gur minic nach bhféadfaí measúnú aonair den sórt sin a dhéanamh gan éifeachtacht srianta den sórt sin a chur i mbaol. Féadfar bearta ginearálta a ghlacadh ina leith sin. Sa chás sin, áfach, ní mór measúnú comhréireachta in abstracto a dhéanamh, trí idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí éagsúla daoine agus imthosca, chun a chur san áireamh go bhfuil níos mó cosanta tuillte ag cúiseanna áirithe taistil ná mar atá ag cúiseanna eile agus nach mór tosaíocht a bheith acu ar riachtanais na sláinte poiblí. ( 185 ) |
|
131. |
Chuir Rialtas na Beilge in iúl ag an éisteacht, mar fhreagra ar cheisteanna a chuir an Chúirt uirthi, gur lean na srianta taistil conspóideacha ón loighic sin. Go háirithe, ba ar mhaithe le comhréireacht dhocht na mbeart sin a áirithiú go raibh daoine a bhí ag taisteal chun críoch “fíor-riachtanacha”, go háirithe ar “chúiseanna teaghlaigh riachtanacha”, lasmuigh dá raon feidhme. |
|
132. |
I mo thuairimse, ag glacadh leis gur tuigeadh na catagóirí ginearálta de thaisteal “riachtanach” ar bhonn sách leathan chun ceanglais, inter alia, an chirt bhunúsaigh chun an tsaoil phríobháidigh agus an tsaoil teaghlaigh a chomhlíonadh, agus nár fhág an fhianaise a theastaigh chun a léiriú go raibh turas “riachtanach” go mbeadh sé ródheacair ( 186 ) sin a léiriú, is amhlaidh gur chuidigh sé sin le comhréireacht dhocht na mbeart atá á gconspóid a áirithiú. ( 187 ) Mar sin féin, de bhreis ar na catagóirí ginearálta sin, ba cheart na bearta a bhfuiltear ag cur ina gcoinne a fhorfheidhmiú go solúbtha, dar liom. Ba chóir do chúinsí aonair eile a bheith ina mbonn cirt le maoluithe eisceachtúla tráth an fhorfheidhmithe. Ba cheart cead a bheith ag daoine a bhí ag fanacht go sealadach sa Bheilg taisteal ar ais go dtí a mBallstát cónaithe, bíodh sin an tSualainn nó tír “ardriosca” eile. ( 188 ) D’fhéadfadh, agus ba cheart, roinnt cúinsí daonnúla eile a bheith ina mbonn cirt le maolú den sórt sin ar fhorais ceart bunúsach. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé an méid sin a fhíorú. |
|
133. |
Os a choinne sin, d’fhéadfadh údaráis phoiblí a mheas go réasúnta go gcaithfeadh taisteal chun críoch turasóireachta, dá thábhachtaí é, géilleadh do riachtanais na sláinte poiblí. Ina theannta sin, i ndáil leis sin, ní mór cuimhneamh air nach raibh feidhm ag na srianta atá i gceist ach amháin maidir le tíortha áirithe “ardriosca” fad is a ceadaíodh turais turasóireachta go tíortha eile. Chuidigh sé sin freisin le comhréireacht dhocht na mbeart atá á gconspóid a chomhlíonadh. |
6. Conclúid idirlinne
|
134. |
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, molaim don Chúirt an chéad cheist a fhreagairt sa chaoi nach mór Airteagal 4(1) agus Airteagal 5(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 27(1) agus le hAirteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo, i bprionsabal, ar bhearta náisiúnta a chuirtear chun feidhme mar fhreagairt ar an bhfíorbhaol tromchúiseach don tsláinte phoiblí a bhaineann le paindéim, arb é atá iontu, ar thaobh amháin, toirmeasc taistil chuig tíortha áirithe agus uathu ina bhfuil an staid eipidéimeolaíochta níos measa i gcomparáid leis an staid atá i réim sa Bhallstát i dtrácht agus, ar an taobh eile, ceanglais choraintín agus tástála ar chónaitheoirí ar fhilleadh dóibh ó na tíortha sin. |
B. Dlíthiúlacht na seiceálacha a dhéantar chun na srianta taistil atá faoi chonspóid a fhorfheidhmiú (an dara ceist)
|
135. |
Os comhair na cúirte a rinne an tarchur, líomhnaíonn Nordic Info, d’fhonn na srianta taistil a pléadh san anailís a rinne mé ar an gcéad cheist a fhorfheidhmiú, go ndearna údaráis na Beilge, ag an am ábhartha, seiceálacha ag na teorainneacha idir an Bheilg agus Stáit eile Schengen, de shárú ar rialacha Chód Teorainneacha Schengen. |
|
136. |
Meabhraítear dom, chun cuspóir an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme maidir le “limistéar […] gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine”, ( 189 ) go bhforáiltear le Cód Teorainneacha Schengen don phrionsabal nach ndéanfar rialú teorann ar dhaoine a thrasnaíonn na “teorainneacha inmheánacha” ( 190 ), mar a thugtar orthu, idir na tíortha a bhfuil feidhm ag acquis Schengen maidir leo, amhail an Bheilg agus an tSualainn. ( 191 ) Cuirtear in iúl in Airteagal 22 den Chód sin an prionsabal sin trína fhoráil go bhféadfar teorainneacha inmheánacha a thrasnú ag aon phointe gan seiceáil teorann a dhéanamh ar dhaoine. Mar eisceacht, áfach, ceadaítear faoi Airteagal 25 go 35 den Chód céanna, faoi choinníollacha áirithe, seiceálacha den sórt sin a athbhunú ar bhonn sealadach. |
|
137. |
Sa chás seo, maíonn Nordic Info go ndearnadh na seiceálacha atá faoi chonspóid de shárú ar Airteagal 22 de Chód Teorainneacha Schengen. Ina theannta sin, dar leis, níor comhlíonadh na coinníollacha maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn eisceachtúil, dá bhforáiltear in Airteagal 25 agus i bhfo-ailt den Chód sin. |
|
138. |
San ordú tarchuir, is cosúil go nglacann an chúirt náisiúnta leis ón tús gur “seiceálacha teorann” a bhí sna seiceálacha a rinne údaráis na Beilge, de réir bhrí Airteagal 22 de Chód Teorainneacha Schengen agus, dá réir sin, is cosúil go bhfuil sí in amhras an bhfuil siad dleathach faoi Airteagal 25 et seq. den Chód sin. Mar sin féin, déanann Rialtas na Beilge agóid i gcoinne an bhoinn tuisceana sin. Ina theannta sin, cuirtear an dara ceist in iúl ar bhealach leathan agus oscailte, agus d’fhéadfadh sí an tsaincheist sin a chumhdach freisin. Dá bhrí sin, measaim gurb iomchuí roinnt soiléirithe a thabhairt maidir le tréithriú na seiceálacha a bhfuiltear ag cur ina gcoinne (1), sula ndéanfar scrúdú ar na coinníollacha maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach (2). |
1. Tréithriú na seiceálacha atá faoi chonspóid
|
139. |
Tá an iarraidh ar réamhrialú doiléir maidir leis na seiceálacha a rinne údaráis na Beilge chun na srianta taistil atá faoi chonspóid a fhorfheidhmiú ag an am ábhartha. Ní mhíníonn an chúirt a rinne an tarchur ach amháin – agus meabhraíonn sí i bhfoclaíocht an dara ceist –go ndéantar “seiceáil agus pionós” i leith an toirmisc taistil dá bhforáiltear in Airteagal 18 den Fhoraithne atá faoi chonspóid ( 192 ) i gcás sáraithe, agus go bhféadfadh na húdaráis inniúla é a “fhorfheidhmiú ex officio”. Don chuid eile, atáirgeann an chúirt sin a bhfuil i gcuid d’fhorálacha ábhartha dhlí na Beilge, gan míniú a thabhairt ar a bhfuil i gceist leo go praiticiúil. Bíodh sin mar atá, is léir na gnéithe seo a leanas ó chomhad an cháis agus, go háirithe, as na freagraí a thug Rialtas na Beilge ar cheisteanna a chuir an Chúirt chuige. |
|
140. |
Ar thaobh amháin, ní ábhar díospóide é nár thug údaráis na Beilge rialú teorann isteach arís go foirmiúil ag na teorainneacha inmheánacha a roinneann an Bheilg le tíortha eile Schengen, de réir Airteagal 25 et seq. de Chód Teorainneacha Schengen. Ar an taobh eile, rinne póilíní roinnt seiceálacha ag an am sin, go sonrach:
|
|
141. |
Dar le Rialtas na Beilge, níor “s[h]eiceálacha teorann” coiscthe de réir bhrí Airteagal 22 de Chód Teorainneacha Schengen iad na seiceálacha sin. Ní raibh iontu ach cásanna de “f[h]eidhmiú cumhachtaí póilíneachta ag údaráis inniúla na mBallstát faoin dlí náisiúnta sna limistéir teorann” agus, ina theannta sin, ní raibh “éifeacht acu atá coibhéiseach le seiceálacha teorann” de réir bhrí Airteagal 23(a) den Chód sin. Dá bhrí sin, níor tháinig siad faoin toirmeasc ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, mar a léirítear go soiléir leis an bhforáil dheireanach sin. |
|
142. |
Ar ndóigh, is saincheist í tréithriú cuí na seiceálacha atá faoi chonspóid agus ba cheart don chúirt a rinne an tarchur í a chinneadh. D’fhonn an chúirt sin a threorú ina leith sin, cuirfidh mé roinnt barúlacha in iúl mar sin féin. |
|
143. |
Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh na seiceálacha atá faoi chonspóid, ar an gcéad amharc, an sainmhíniú ar “sheiceálacha teorann” dá bhforáiltear in Airteagal 2(11) de Chód Teorainneacha Schengen a chomhlíonadh. Ar an gcéad dul síos, is cosúil gur seiceálacha iad “a dhéantar ag pointí trasnaithe teorann” nó gar do na pointí sin – ar a laghad mar a bhí i gceist le bóithre agus aerfoirt, ( 193 ) cé nach bhfuil cás na stáisiún iarnróid chomh difriúil sin. ( 194 ) Ar an dara dul síos, d’fhéadfaí a rá go ndearnadh iad “lena áirithiú go bhféadfar daoine [...] a údarú chun dul isteach i gcríoch [Bhallstáit] nó imeacht uaithi”, toisc gur cosúil go raibh póilíní ag fíorú go raibh taistealaithe ag comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a forchuireadh ag an am ábhartha chun “údarú chun dul isteach” nó “imeacht” i gcríoch na Beilge – eadhon taisteal ar mhaithe le “críoch bhunriachtanach” nó, de rogha air sin, gan bheith ag teacht ó thír “ardriosca” nó ag iarraidh imeacht chuig tír “ardriosca”. |
|
144. |
Ar an taobh eile, ós rud é gur cosúil nach ndearnadh na seiceálacha atá á gconspóid i suiteálacha seasta, ach go raibh aonaid phóilíneachta shoghluaiste in áiteanna éagsúla ag amanna éagsúla, mar aon leis an bhfíric nach raibh na seiceálacha sin córasach, ( 195 ) ach gur “seiceálacha ar an láthair” randamacha a bhí iontu, is táscairí láidre ( 196 ) iad sin, mar atá á éileamh ag Rialtas na Beilge, gur cásanna de “f[h]eidhmiú cumhachtaí póilíneachta [...] i limistéir teorann” a bhí i gceist, mar a fhoráiltear in Airteagal 23(a) de Chód Teorainneacha Schengen. Ar choinníoll nach raibh déine agus minicíocht na seiceálacha sin – ar cheart don chúirt a rinne an tarchur a fhíorú ar bhonn rialacha ábhartha dhlí na Beilge – de chineál a d’fhág go raibh “an éifeacht chéanna acu agus atá ag seiceálacha teorann”, níor cumhdaíodh iad leis an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 22 den Chód sin. ( 197 ) Cé nach bhforáiltear in Airteagal 23(a) ag pointe (ii), ach do sheiceálacha a dhéantar mar fhreagairt ar “bhaol [...] don tslándáil phoiblí”, seachas “baoil don tsláinte phoiblí”, ní bhaineann sé sin le hábhar i ndáil leis sin. Go deimhin, ní thugann an fhoráil sin bunús dlí agus ní shainmhíníonn sí na cúiseanna chun gur féidir “cumhachtaí póilíneachta” a fheidhmiú – toisc go sainítear na cúiseanna sin sa dlí náisiúnta ábhartha – agus ní thugtar cás na rialuithe a bhaineann leis an tslándáil phoiblí ach mar shampla. ( 198 ) |
2. Na coinníollacha maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach
|
145. |
Mhínigh mé, sa chuid roimhe seo, cén fáth, i mo thuairim, faoi réir fhíorú na cúirte a rinne an tarchur, nach “seiceálacha teorann” ag teorainneacha inmheánacha de réir bhrí Airteagal 22 de Chód Teorainneacha Schengen iad seiceálacha amhail iad siúd a rinne údaráis na Beilge ag an am ábhartha chun na srianta taistil atá faoi chonspóid a fhorfheidhmiú. Dá réir sin, is cosúil nach ábhartha a thuilleadh an tsaincheist ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag na teorainneacha sin sa Bheilg ag an am sin. Mar sin féin, tabharfaidh mé aghaidh air ar mhaithe le hiomláine. ( 199 ) |
|
146. |
Leagtar síos in Airteagal 25(1) de Chód Teorainneacha Schengen an creat ginearálta lena rialaítear athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha. Foráiltear leis, go háirithe, gur féidir an rialú sin a athbhunú “i gcás […] ina bhfuil baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach” i mBallstát. Ní mór coinníollacha eile nós imeachta agus substainteacha a chomhlíonadh, mar a mhíneoidh mé thíos. ( 200 ) |
|
147. |
Mar sin féin, beag beann ar na coinníollacha eile sin a bheith comhlíonta ag an am ábhartha sa Bheilg, maíonn Nordic Info gur léir nach raibh sé indéanta rialú teorann a athbhunú go hiomlán i gcúinsí amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, ar an gcúis, go bunúsach, nach luaitear “sláinte phoiblí” in Airteagal 25(1) de Chód Teorainneacha Schengen mar bhonn cirt le beart den sórt sin. Tá an tsaincheist sin, mar a eascraíonn sé ón ordú tarchuir, i gcroílár dara ceist na cúirte a rinne an tarchur. Dá réir sin, pléifidh mé ar dtús, ar bhonn teibí, raon feidhme na forála sin (a), sula ndéanfaidh mé roinnt barúlacha gairide i dtaobh ar comhlíonadh na coinníollacha chun an beart sin a chur chun feidhme sna himthosca atá i gceist (b). |
(a) Raon feidhme Airteagal 25(1) de Chód Teorainneacha Schengen
|
148. |
I mo thuairimse, tá tábhacht ar leith le hargóint Nordic Info maidir leis na forais ar a bhféadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú go dleathach faoi Airteagal 25(1) de Chód Teorainneacha Schengen. ( 201 ) |
|
149. |
Go deimhin, fad a liostaítear go sainráite in Airteagal 27(1) den Treoir Shaoránachta “beartas poiblí, slándáil phoiblí nó sláinte phoiblí” (béim curtha isteach) mar fhorais incheadaithe chun an tsaorghluaiseacht a shrianadh, tagraítear in Airteagal 25(1) de Chód Teorainneacha Schengen, a mhéid a bhaineann le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, do “b[h]aol tromchúiseach [...] do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach” amháin, agus is cosúil go bhfágtar “an tsláinte phoiblí” ar leataobh. Luaitear, le fírinne, cosc a chur ar “bhaoil don tsláinte phoiblí” sna Ballstáit sa Chód sin, ach i ndáil le teacht isteach náisiúnach tríú tíortha a thagann isteach ag na teorainneacha seachtracha, agus leis sin amháin. ( 202 ) |
|
150. |
Ina theannta sin, léiríonn anailís ar stair an Chóid sin nach easnamh amháin atá sa difríocht sin sna rialacha, ach rogha a rinne reachtas an Aontais d’aon ghnó. I ndáil leis sin, meabhraím nach ndearnadh tagairt sa Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, ( 203 ) a síníodh in Schengen ar an 19 Meitheamh 1990, ( 204 ) do “shláinte phoiblí” i ndáil le coinníoll iontrála eachtrannach ná i ndáil le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach. ( 205 ) Mar sin féin, ina thogra reachtach, arbh é an chéad leagan de Chód Teorainneacha Schengen é, ( 206 ) mhol an Coimisiún, inter alia, go gcuirfí leis na coinníollacha maidir le dul isteach a bhí ann cheana nár cheart d’eachtrannaigh a bheith ina mbaol don tsláinte phoiblí ( 207 ) agus go bhféadfaí rialú teorann a athbhunú i gcás “baol tromchúiseach ar an mbeartas poiblí, ar an mbeartas poiblí nó ar an tsláinte phoiblí”. ( 208 ) Le linn chéad léamh an téacs, áfach, leasaigh Parlaimint na hEorpa na forálacha maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ionas gur baineadh gach tagairt don “tsláinte phoiblí”. ( 209 ) Tháinig an leasú atá i gceist tríd an gcuid eile den phróiseas reachtach. |
|
151. |
Agus é sin ráite, dála Rialtais na Beilge, na hIorua agus na hEilvéise, chomh maith leis an gCoimisiún, tá mé den tuairim, cé nach féidir le “baoil don tsláinte phoiblí”, astu féin, údar a thabhairt le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú faoi Airteagal 25(1) de Chód Teorainneacha Schengen, go bhfuil roinnt cásanna a bhaineann leis an tsláinte phoiblí chomh dona sin gur féidir iad a chuimsiú faoin gcoincheap maidir le “baol tromchúiseach don bheartas poiblí” a úsáidtear san fhoráil sin. ( 210 ) |
|
152. |
Cé nach sainmhínítear an coincheap maidir le “baol tromchúiseach don bheartas poiblí” i gCód Teorainneacha Schengen, leanann sé ó aithris 27 den Chód sin go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais go mbeadh feidhm ag an sainmhíniú a thug an Chúirt ina cásdlí maidir le saorghluaiseacht i ndáil leis sin. Faoin gcásdlí ábhartha, glactar leis an gcoincheap “beartais phoiblí” gurb ann do “fhíorbhaol, láithreach agus tromchúiseach go leor lena ndéantar difear do cheann de leasanna bunúsacha na sochaí”. ( 211 ) |
|
153. |
Ar an gcéad dul síos, b’éasca a mheas gur cuid de “leasanna bunúsacha na sochaí” sin cosaint an phobail ar dhíobháil, trí, go háirithe, ghalair eipidéime a rialú, mar aon le cúram sláinte a sholáthar don phobal sin. Go deimhin, d’fhéadfadh sé a bheith ar cheann de na “feidhmeanna sár-riachtanacha Stáit” nach mór don “[Aontas Eorpach a urramú]” de bhun Airteagal 4(2) CAE. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh na rioscaí a bhaineann leis na galair sin a bheith tromchúiseach go leor, in imthosca áirithe, chun go mbeadh siad ina “bhfíorbhaol, láithreach agus tromchúiseach go leor” a dhéanfadh difear do na “leasanna” sin. ( 212 ) |
|
154. |
Sa mhéid, mar shampla, go gcomhlíonann paindéim áirithe an sainmhíniú ar “bheartas poiblí” mar a mheabhraítear thuas, ní fheicim aon chúis lena heisiamh ó raon feidhme Airteagal 25(1) de Chód Teorainneacha Schengen. Níl foclaíocht na forála sin cáilithe maidir leis an gcineál “baoil don bheartas poiblí” a d’fhéadfadh údar cuí a thabhairt rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú. Ar choinníoll go bhfuil sé “tromchúiseach”, cumhdaítear aon bhaol den sórt sin. Ní cuirtear léirmhíniú den sórt sin as an áireamh leis na gnéithe stairiúla a pléadh thuas, i mo thuairimse. ( 213 ) Mar shoiléiriú, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil “sláinte phoiblí” agus “beartas poiblí” ag teacht le chéile, agus go bhféadfadh an chéad cheann údar a thabhairt i gcónaí le beart den sórt sin. Ní bheadh sin amhlaidh ach amháin sna himthosca eisceachtúla ina bhfuil an staid sláinte poiblí tromchúiseach go leor chun beartas poiblí a chur i mbaol tromchúiseach. ( 214 ) |
(b) Ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le rialú teorann a athbhunú sna cúinsí atá i gceist
|
155. |
Ós rud é nach bhfiosraíonn an chúirt a rinne an tarchur i ndáiríre cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le rialú teorann a athbhunú sna cúinsí atá i gceist agus ós rud é, ina theannta sin, gur dócha nach mbeidh aon soiléiriú ar an bpointe sin ábhartha do na príomhimeachtaí, ní thabharfaidh mé ach cúpla barúil maidir leis an ngné sin. |
|
156. |
Ar an gcéad dul síos, mar a mhínigh mé díreach anois, tá údar maith le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, faoi Airteagal 25(1) de Chód Teorainneacha Schengen, mar fhreagairt ar “bhaol tromchúiseach [...] do bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach [...] i mBallstát”. Maidir le cé acu a bhí nó nach raibh paindéim COVID-19 ina “baol” den sórt sin i ndáiríre ag an am ábhartha, tagraím do mhíreanna 76 go 86 thuas. |
|
157. |
Ar an dara dul síos, eascraíonn sé ó Airteagal 25(2) agus ó Airteagal 26 de Chód Teorainneacha Schengen nach mór prionsabal na comhréireachta a urramú agus beart den sórt sin á chur chun feidhme. ( 215 ) |
|
158. |
Ar an gcéad dul síos, maidir le cibé acu an leigheas iomchuí é rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar an “[m]baol tromchúiseach don bheartas poiblí” a d’fhéadfadh a bheith ann ag an am ábhartha mar gheall ar COVID-19, meabhraím míreanna 97 go 102 den Tuairim seo le haghaidh plé ar an éifeacht (theoranta) atá ag srianta ar ghluaiseachtaí idirnáisiúnta daoine ar scaipeadh galair eipidéime. Mar sin féin, a mhéid a bhí srianta taistil amhail na srianta atá i gceist iomchuí i ndáil leis sin, is cosúil domsa gurb amhlaidh maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú. Go deimhin, rannchuidigh beart den sórt sin (nó d’fhéadfadh sé gur rannchuidigh sé) le forfheidhmiú na srianta sin agus, dá bhrí sin, lena gcur i bhfeidhm córasach agus comhsheasmhach. |
|
159. |
Ar an dara dul síos, maidir leis an gceist an raibh sé riachtanach rialú teorann a athbhunú ag na teorainneacha inmheánacha, braitheann sin, go bunúsach, ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh bearta malartacha chomh héifeachtach céanna, ach ní chomh sriantach céanna, chun na srianta taistil a bhaineann leo a fhorfheidhmiú. I ndáil leis sin, ba mhaith liom a thabhairt faoi deara go bhféadfadh sé nach mbeadh “seiceálacha ar an láthair” randamacha a rinneadh sa chríoch, lena n-áirítear sna limistéir teorann, agus pionóis éifeachtacha agus athchomhairleacha i gcás ina sárófaí na bearta sin, chomh sriantach sin, ach fós chomh héifeachtach céanna, mar bhealach chun iad a fhorfheidhmiú, agus, go deimhin, is cosúil gurb é sin an beart a roghnaigh údaráis na Beilge go sonrach ag an am ábhartha. ( 216 ) |
|
160. |
Ar an tríú dul síos, maidir le comhréireacht dhocht rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, meabhraím mo bharúlacha i míreanna 120 go 133 thuas, mar phlé ar inghlacthacht, i sochaí dhaonlathach, srianta ar ghluaiseachtaí idirnáisiúnta daoine ar fhorais “sláinte poiblí”. Ba mhaith liom a rá freisin, de bhreis ar an míchaoithiúlacht a bhaineann le srianta substainteacha taistil, go dtagann míbhuntáistí áirithe as seiceálacha teorann iontu féin. ( 217 ) Chuir na seiceálacha teorann a rinne na Ballstáit le linn na paindéime bac suntasach ar ghluaiseacht daoine a bhí ag taisteal chun críoch “riachtanacha”, agus dá bhrí sin nár cumhdaíodh le toirmisc thaistil, agus a raibh gluaiseacht gan bhac thar theorainneacha ríthábhachtach dóibh. Bhí tionchar suntasach uaireanta ag na seiceálacha sin ar oibrithe trasteorann agus oibrithe cúraim sláinte, go háirithe nuair a bhí scuainí fada agus moilleanna suntasacha mar thoradh orthu. Is fíor sin freisin maidir le gluaiseacht earraí idir teorainneacha. Ar a laghad, chun na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le rialú teorann agus na míbhuntáistí a bhaineann lena “chothromú”, b’éigean bearta a chur i bhfeidhm, amhail an córas “lánaí glasa” a mhol an Coimisiún, chun sreabhadh daoine agus earraí “riachtanacha” a éascú. ( 218 ) |
|
161. |
Ar deireadh, meabhraím gur gá nós imeachta sonrach a leanúint chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú. Go háirithe, faoi Airteagal 27 de Chód Teorainneacha Schengen, ní mór do na húdaráis náisiúnta fógra a thabhairt dá macasamhla sna Ballstáit eile agus don Choimisiún ceithre seachtaine ar a dhéanaí roimh an dáta atá beartaithe chun iad a athbhunú. Go heisceachtúil, faoi Airteagal 28, d’fhéadfaidís rialú teorann a athbhunú láithreach, ach fógra a thabhairt ag an am céanna faoin mbeart sin. Tá fógra ag teastáil cibé. Dealraíonn sé nár chomhlíon gach Ballstát a rinne beart den sórt sin le linn na paindéime an ceanglas sin. ( 219 ) |
3. Conclúid idirlinne
|
162. |
I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, molaim go dtabharfaidh an Chúirt freagra ar an dara ceist sa chaoi nach gcuirtear cosc, le hAirteagal 25(1) de Chód Teorainneacha Schengen, i bprionsabal, ar Bhallstát rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú go sealadach mar fhreagairt ar phaindéim, ar choinníoll go bhfuil sí tromchúiseach go leor le bheith ina “baol tromchúiseach don bheartas poiblí” de réir bhrí na forála sin agus go gcomhlíontar na coinníollacha go léir dá dtagraítear ann. |
V. Conclúid
|
163. |
I bhfianaise na gcúinsí go léir roimhe seo, molaim go bhfreagróidh an Chúirt na ceisteanna a tharchuir an Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel (Cúirt Chéadchéime Ollainnise na Bruiséile, an Bheilg)) mar a leanas:
|
( 1 ) Bunteanga: an Béarla.
( 2 ) Is éard is “idirghabhálacha neamhchógaisíochta” ann ná bearta sláinte poiblí, seachas vacsaíniú agus soláthar cógais agus cóireála leighis, arb é is aidhm dóibh cosc a chur le tarchur galair thógálaigh i bpobal agus/nó rialú a dhéanamh air. Féach an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), Guidelines for non-pharmaceutical interventions to reduce the impact of COVID-19 in the EU/EEA and the UK, Stócólm, 24 Meán Fómhair 2020 (“Treoirlínte ECDC”).
( 3 ) Gan aon agó, bhí “ráigeanna” éagsúla den phaindéim ag na Ballstáit ag pointí éagsúla ama. Mar sin féin, maidir leis an mbliain atá ábhartha sa chás seo, eadhon 2020, is féidir idirdhealú garbh a dhéanamh idir an “chéad ráig”, ó dheireadh mhí Feabhra go deireadh mhí an Mheithimh, agus an “dara ráig” a thosaigh i bhfómhar 2020 i gcomhthráth le teacht chun cinn tréithchineálacha nua COVID-19.
( 4 ) An Coimisiún Eorpach, 16 Márta 2020, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle – COVID-19: Srian Sealadach ar Thaisteal Neamh-riachtanach chuig an Aontas (COM(2020) 115 final), agus an Chomhairle Eorpach, Conclúidí ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí tar éis na físchomhdhála le comhaltaí na Comhairle Eorpaí maidir le COVID-19, an 17 Márta 2020.
( 5 ) Féach, maidir leis na srianta éagsúla soghluaisteachta trasteorann a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, Treoirlínte ECDC, lch. 18 go 20 agus na tagairtí a luaitear.
( 6 ) Féach, i ndáil leis sin, an cásdlí a bhaineann le ráig ghalar na “bó buile”, inter alia breithiúnas an 5 Bealtaine 1998, an Ríocht Aontaithe v an Coimisiún (C-180/96, EU:C:1998:192).
( 7 ) Féach Airteagal 3(2) CAE agus Airteagal 26(2) CFAE.
( 8 ) Féach, mar shampla, cásdlí na Cúirte maidir le sonraí tráchta idirlín a choinneáil, inter alia, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791).
( 9 ) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO 2004 L 158, lch. 77).
( 10 ) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 (IO 2016 L 77, lch. 1).
( 11 ) Féach Airteagal 7 den Ministerieel besluit van 20 maart 2020 houdende dringende maatregelen om de verspreiding van het coronavirus COVID-19 te beperken (Foraithne Aireachta an 23 Márta 2020 maidir le bearta éigeandála chun leathadh an choróinvíris COVID-19 a theorannú) (Moniteur Belge an 23 Márta 2020, lch. 17603).
( 12 ) Tagraíonn sin do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus tríú tíortha a chuireann i bhfeidhm acquis Schengen, eadhon an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis.
( 13 ) Féach Airteagal 7 d’Fhoraithne Aireachta an 23 Márta 2020 maidir le bearta éigeandála chun leathadh choróinvíreas COVID-19 a theorannú, arna leasú le Foraithne Aireachta an 5 Meitheamh 2020 (Moniteur Belge an 5 Meitheamh 2020, lch. 41544) agus, ina dhiaidh sin, Airteagal 18 den Ministerieel Besluit van 30 juni 2020 houdende dringende maatregelen om de verspreiding van het coronavirus COVID-19 te beperken (Foraithne Aireachta an 30 Meitheamh 2020 maidir le bearta práinneacha chun leathadh an choróinvíris COVID-19 a theorannú) (Moniteur Belge an 30 Meitheamh 2020, lch. 48715).
( 14 ) Ní thugtar míniú san ordú tarchuir ar an mbunús dlí maidir le coraintín agus ceanglais tástála ar fhilleadh. Os comhair na Cúirte, mhínigh Rialtas na Beilge nár tháinig ceanglais choraintín agus tástála faoi inniúlacht an Stáit cónaidhme, ach faoi inniúlacht eintiteas cónaidhmeach. Dá réir sin, bhí rialacháin éagsúla infheidhme ina leith sin i gcodanna éagsúla den Bheilg.
( 15 ) Eadhon Celeval, comhlacht a chruthaigh Rialtas na Beilge i mí Aibreáin 2020, faoi chathaoirleacht na Seirbhíse Cónaidhme Sláinte Poiblí agus ina bhfuil saineolaithe sláinte, víreolaithe, eacnamaithe, síceolaithe, saineolaithe iompraíochta agus cumarsáide.
( 16 ) Moniteur Belge an 31 Iúil 2007.
( 17 ) Féach mír 12 thuas. Níl aon amhras ann nár fhorchuir an tSualainn srianta ar iontráil do chónaitheoirí Beilgeacha ag an am ábhartha.
( 18 ) Éilíonn Nordic Info damáistí, go sonrach, as an gcaillteanas a bhaineann le cealú na dturas go léir go dtí an tSualainn, faisnéis a sholáthar do na taistealaithe lena mbaineann, agus cúnamh le haghaidh filleadh, mar aon le dodhéantacht áirithintí a dhéanamh amach anseo mar gheall ar an toirmeasc taistil. Mar sin féin, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ag an gcéim seo de na príomhimeachtaí, go “gcuirtear as an áireamh aon chineál damáistí”, rud a chiallaíonn, má thuigim i gceart, go bhféadfaidh sí brath ar chaillteanais eile tráth níos déanaí. Fillfidh mé ar an ngné sin i mír 36 thíos.
( 19 ) Ní shonraítear san ordú tarchuir go dtí go raibh na bearta sin i bhfeidhm.
( 20 ) Cuirim béim ar an bhfíoras, contrártha leis an méid is cosúil go léiríonn foclaíocht na chéad cheiste, gur léir ón ordú tarchuir go raibh feidhm ag na ceanglais sin ní hamháin maidir le náisiúnaigh de chuid Ballstát eile a bhfuil cónaí orthu sa Bheilg, ach maidir le náisiúnaigh na Beilge freisin. Míníonn an chúirt a rinne an tarchur, i ndáil leis sin, nach léiríonn an cheist sin a raon feidhme iarbhír amháin, ach go gcuireann Nordic Info in aghaidh chomhoiriúnacht na mbeart sin le dlí an Aontais a mhéid a bhí feidhm acu maidir le náisiúnaigh de chuid Ballstát eile, agus a mhéid sin amháin.
( 21 ) Agus baill dá dteaghlaigh ar náisiúnaigh tríú tíortha iad. Sa chuid eile den Tuairim seo, ar mhaithe le simplíocht, díreoidh mé ar náisiúnaigh na mBallstát, ach beidh an anailís chomh bailí céanna do na náisiúnaigh tríú tír sin.
( 22 ) Go deimhin, cé go dtugann rialacha na saorghluaiseachta ceart do náisiúnaigh na mBallstát gluaiseacht idir na Ballstáit sin, ní thugann siad an ceart dóibh gan dul faoi réir seiceálacha teorann agus é sin á dhéanamh acu. Féach, chuige sin, aithris 7 agus Airteagail 4 agus 5 den Treoir Shaoránachta.
( 23 ) Féach Prótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh (IO 2010 C 83, lch. 290), atá i gceangal le Conradh Liospóin, Airteagail 1 agus 2.
( 24 ) Féach, go háirithe, Airteagal 56 CFAE.
( 25 ) Ina theannta sin, an ceart atá ag náisiúnaigh na mBallstát taisteal laistigh den Aontas Eorpach chun críche sonraí na turasóireachta, déantar é a chosaint faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a leagtar síos, inter alia, in Airteagal 56 CFAE. Féach, go háirithe, breithiúnas an 31 Eanáir 1984, Luisi agus Carbone (286/82 agus 26/83, EU:C:1984:35, mír 16).
( 26 ) Féach Airteagal 20(2) agus Airteagal 21(1) CFAE agus Airteagal 52(2) den Chairt.
( 27 ) Féach Airteagal 1(a) den Treoir Shaoránachta.
( 28 ) Féach, go háirithe, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2012, Byankov (C-249/11, EU:C:2012:608, míreanna 30 agus 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 29 ) Os a choinne sin, ní chlúdaítear leis an bhforáil sin ná le dlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht i gcoitinne ar an bhféidearthacht atá ag saoránaigh an Aontais Ballstát a fhágáil chun taisteal chuig tríú tír.
( 30 ) Féach, chuige sin, aithrisí 2 agus 3 den Treoir Shaoránachta.
( 31 ) Sa dlí idirnáisiúnta, ráthaítear an ceart chun aon tír a fhágáil, lena n-áirítear a thír féin, go háirithe in Airteagal 2(2) de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR), a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950. Ós rud é go bhfuil an prótacal sin daingnithe ag na Ballstáit go léir, cé is moite den Ghréig, is gné ábhartha den chomhthéacs é don anailís sa chás seo.
( 32 ) Eascraíonn an réiteach sin as teorannú raon feidhme ginearálta na Treorach Saoránachta, a bhfuil feidhm aici, de bhun Airteagal 3(1), “maidir le saoránaigh uile an Aontais a bhogann go Ballstát eile seachas an Ballstát ar náisiúnach de iad nó a bhfuil cónaí orthu ann” [Aistriúchán neamhoifigiúil] (féach, inter alia, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, A (Trasnú teorainneacha i mbád pléisiúir) (C-35/20, EU:C:2021:813, míreanna 67 go 69 agus an cásdlí dá dtagraítear)). Le linn na héisteachta, d’fhiafraigh an Chúirt de na hidiragraithe an rialaíonn, dá bhrí sin, Airteagal 4(1) den Treoir sin imeacht náisiúnach Sualannach atá ag iarraidh taisteal chun na Sualainne ó chríoch na Beilge. I mo thuairim, rialaíonn sé. Ar an gcéad dul síos, ó thaobh loighciúil de, ní eascraíonn sé as an bhfíric nach dtugann an Treoir Shaoránachta aghaidh ar an tsaincheist ar leith maidir le hiontráil náisiúnaigh de chuid na Sualainne sa tSualainn nach rialaíonn sí ceist imeacht an náisiúnaigh sin as an mBeilg – is ceisteanna iad sin a bhfuil baint acu le chéile ach atá éagsúil lena chéile. Ar an dara dul síos, nuair a bhíonn cónaí ar náisiúnach Sualannach sa Bheilg, is “saoránach” den Aontas é a bhfuil cónaí air i mBallstát seachas an Ballstát ar náisiúnach de [é] de réir bhrí Airteagal 3(1) den Treoir sin. Dá réir sin, is “tairbhí” an duine sin den cheart a thugtar leis an ionstraim sin. Dá bhrí sin, tá feidhm ag Airteagal 4(1) den Treoir sin maidir le cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an Bheilg toirmeasc a chur ar an duine sin a chríoch a fhágáil, beag beann ar an gceann scríbe.
( 33 ) Os a choinne sin, níl aon cheart ginearálta, d’eachtrannach, chun dul isteach i dtír faoi leith ráthaithe mar sin sa dlí idirnáisiúnta. Féach, maidir leis an ECHR, an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (“ECtHR”), an 26 Meitheamh 2012, Kurić agus páirtithe eile v. an tSlóivéin (CE:ECHR:2014:0312JUD002682806, § 355).
( 34 ) Féach, chuige sin, inter alia, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, A (Trasnú teorainneacha i mbád pléisiúir) (C-35/20, EU:C:2021:813, mír 70 agus an cásdlí a luaitear). I mo thuairimse, d’fhéadfadh saoránaigh den Aontas Airteagal 56 CFAE a agairt i gcoinne a mBallstáit féin, i gcomhthéacs a bhfillfidh siad ó thuras turasóireachta i mBallstát eile (féach fonóta 26 thuas).
( 35 ) Féach Airteagal 2 den Chomhaontú arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, an 18 Bealtaine 1999 (IO 1999 L 176, lch. 36).
( 36 ) Féach míreanna 12 agus 13 thuas.
( 37 ) Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, san ordú tarchuir, go measann sí go rialaítear leis an Treoir Shaoránachta gluaiseacht daoine idir, inter alia, an Bheilg agus an Íoslainn nó an Iorua.
( 38 ) Ní luaitear aicmiú na dtíortha sin faoin aicmiú dathanna atá i gceist sna príomhimeachtaí san ordú tarchuir, rud a chiallaíonn nach bhfuil sé soiléir fiú go bhfuil srianta taistil i bhfeidhm maidir leo ag an am ábhartha.
( 39 ) Féach, mar shampla, breithiúnais an 11 Nollaig 2018, Weiss agus páirtithe eile (C-493/17, EU:C:2018:1000, mír 166), agus an 26 Samhain 2020, Sögård Fastigheter (C-787/18, EU:C:2020:964, míreanna 79 go 81).
( 40 ) Comhaontú an 2 Bealtaine 1992 (IO 1994 L 1, lch. 3).
( 41 ) Go sonrach in Iarscríbhinn V, pointe 1, agus in Iarscríbhinn VIII, pointe 3.
( 42 ) IO 2008 L 124, lch. 20, agus Forlíonadh LEE Uimh. 26, 8.5.2008, lch. 17.
( 43 ) I ndlí LEE, tuigtear go bhfolaíonn aon tagairt, sa Treoir Shaoránachta, do “Ballstá(i)t” Stáit CSTE (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) agus cuirtear na focail “náisiúnach/náisiúnaigh Bhallstáit CE agus Stáit CSTE” in ionad aon tagairt do “Shaoránach/Saoránaigh den Aontas” (féach Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Comhaontú LEE).
( 44 ) Féach, chuige sin, Airteagal 7 de Chomhaontú LEE.
( 45 ) Féach míreanna 34 agus 35 thuas.
( 46 ) Féach, go háirithe, Airteagal 28 (saorghluaiseacht oibrithe) agus Airteagal 31 (ceart bunaíochta) de Chomhaontú LEE. Mar phointe gaolmhar, mheabhraigh an Coimisiún, le linn na héisteachta, go dtugann an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a ráthaítear in Airteagal 36 den chomhaontú sin ceart do náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus Stáit CSTE taisteal laistigh de LEE chun críche turasóireachta (féach breithiúnas an 2 Aibreán 2020, Ruska Federacija (C-897/19 PPU, EU:C:2020:262, míreanna 51 go 54), díreach mar a dhéanann Airteagal 56 CFAE laistigh den Aontas Eorpach (féach fonóta 26 thuas), agus is amhlaidh sin, beag beann ar an stádas eacnamaíoch atá ag na náisiúnaigh sin. Dá bhrí sin, sa chás seo, beag beann ar a mhéid atá feidhm ag an Treoir Shaoránachta laistigh de LEE, bhí ceart ráthaithe ag cliaint Nordic Info, faoi dhlí LEE, taisteal ón mBeilg go dtí an Íoslainn nó an Iorua (agus vice-versa). Neartaíonn sé sin mo thuairim nach gá rialú a dhéanamh ar an gceist sin sa chás seo.
( 47 ) Féach an Cinneadh ón gComhchoiste, aithris 8. Féach freisin an Dearbhú Comhpháirteach ó na Páirtithe Conarthacha [an cinneadh sin].
( 48 ) Cuirim i dtreis go bhfuil dlínse ag an gCúirt chun Comhaontú LEE a léiriú. Go deimhin, ós rud é gurb é an tAontas Eorpach a thug an comhaontú sin i gcrích, is cuid dhílis de dhlí an Aontais é. Féach breithiúnas an 2 Aibreán 2020, Ruska Federacija (C‑897/19 PPU, EU:C:2020:262, mír 49).
( 49 ) Breithiúnas an 27 Meitheamh 2014 (E-26/13, [2014] CSTE Ct. Rep. 254) (“an breithiúnas in Gunnarsson”).
( 50 ) Féach Treoracha 90/364/CEE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1990, maidir leis an gceart cónaithe (IO 1990 L 180, lch. 26); 90/365/CEE, an 28 Meitheamh 1990, maidir leis an gceart cónaithe d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe atá tar éis scor dá ngníomhaíocht ghairme (IO 1990 L 180, lch. 28); agus 90/366/CEE, an 28 Meitheamh 1990, maidir leis an gceart cónaithe do mhic léinn (IO 1990 L 180, lch. 30). Glacadh na treoracha sin, ag an am sin, ar bhonn an “chlásail solúbthachta”, a leagtar síos in Airteagal 235 de Chonradh CE (Airteagal 352 CFAE anois).
( 51 ) Féach an breithiúnas in Gunnarsson (míreanna 75 go 82).
( 52 ) Mar a leagtar síos in Airteagal 26 de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí an 23 Bealtaine 1969 (Sraith Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 1155, lch. 331).
( 53 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 2 Aibreán 2020, Ruska Federacija (C-897/19 PPU, EU:C:2020:262, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 54 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Ardoideachas) (C-66/18, EU:C:2020:792, mír 92).
( 55 ) Féach, go háirithe, Airteagal 7(1)(b) den Treoir Shaoránachta.
( 56 ) I mo thuairimse, maidir le réasúnaíocht Chúirt CSTE i mír 80 dá breithiúnas in Gunnarsson, ar dá bhun, ar thaobh amháin, nach féidir le hionchorprú na Treorach um Shaoránacht i gComhaontú LEE “cearta bunaithe ar choincheap Shaoránacht an Aontais” a thabhairt isteach, agus, ar an taobh eile, ba cheart go mbeadh daoine aonair in ann leas a bhaint as na “cearta bunaithe” atá “coimeádta” sa Treoir sin, is féidir é a léamh ar an mbealach sin. É sin ráite, d’fhiafraigh an Chúirt de na hidiragraithe, le linn na héisteachta, ar cheart, ina ionad sin, an réasúnaíocht sin a thuiscint sa chiall nár cheart ach cuid de na cearta a ráthaítear sa Treoir sin, a mheastar a bheith “bunaithe”, dul chun tairbhe do dhaoine nach bhfuil gníomhach ó thaobh an gheilleagair de in LEE, agus níor cheart do chearta eile, amhail an ceart chun cónaí gearrthéarmach (Airteagal 6) agus an ceart chun buanchónaithe (Airteagail 16 go 21) dul chun tairbhe dóibh, ar an bhforas gur cearta “nua” iad sin “bunaithe ar choincheap Shaoránacht an Aontais”. In éineacht leis na hidiragraithe go léir, ní dóigh liom go bhfuil gá le léiriú sriantach den sórt sin. Deirim arís: níl aon fhorchoimeádas ann chuige sin sa Chinneadh ón gComhchoiste. Is cinnte, de réir dhearcadh Chúirt CSTE, gur leor go raibh na “cearta” chun saorghluaiseachta agus cónaí, a bheag nó a mhór, “bunaithe” cheana féin do dhaoine nach bhfuil gníomhach ó thaobh an gheilleagair de faoi na sean-treoracha, fiú má tháinig forbairt ar na “fochearta” mionsonraithe a eascraíonn astu sa Treoir um Shaoránacht.
( 57 ) Ar mhaithe le simplíocht, leanfaidh mé, sa chuid eile den Tuairim seo, de bheith ag tagairt do shaoránaigh an Aontais atá ag taisteal laistigh den Aontas Eorpach amháin. Beidh an réasúnaíocht bailí, mutatis mutandis, don chás ina n-aistrítear saoránaigh an Aontais agus náisiúnaigh Stáit CSTE laistigh de LEE.
( 58 ) Féach, de réir analaí, ECtHR, 14 Meitheamh 2022, L.B. v. an Liotuáin, (CE:ECHR:2022:0614JUD003812120, § 81).
( 59 ) Go deimhin, de bhun phrionsabal an dlí idirnáisiúnta a athdhearbhaítear in Airteagal 3(2) de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann le ECHR, cuirtear cosc ar Stát cead isteach ar a chríoch a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.
( 60 ) Rud is féidir a mhíniú toisc nach gceadaítear do Bhallstát le hAirteagal 29(2) den Treoir Shaoránachta cead isteach a dhiúltú, ar fhorais “sláinte poiblí”, do náisiúnaigh de chuid Ballstát eile a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch (féach mír 60 thíos).
( 61 ) Go deimhin, i mo thuairimse, tá raon feidhme níos cúinge ag an bhforáil sin ná Airteagal 5(1) den Treoir Shaoránachta nó Airteagal 21(1) CFAE, ós rud é nach ndéantar ach toirmeasc ex lege a chur ar an gceart dul isteach sa chríoch náisiúnta nó an ceart sin a dhiúltú de facto. Ní féidir bearta sealadacha amhail coraintín a mheas mar sin. Féach ECtHR, 14 Meán Fómhair 2022, H.F. agus páirtithe eile v. an Fhrainc, (CE:ECHR:2022:0914JUD002438419, §§ 128 agus 248).
( 62 ) Féach, de réir analaí, Airteagal 123(c) de Chomhaontú LEE.
( 63 ) Féach mo Thuairim in Valstybės sienos apsaugos tarnyba agus páirtithe eile (C-72/22 PPU, EU:C:2022:431, mír 112 agus na tagairtí a luaitear). Maidir le hAirteagal 2(2) de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann le ECHR, meabhraím go gceadaítear, mar an gcéanna, le hAirteagal 15(1) den Choinbhinsiún sin do na Ballstáit, in aimsir “éigeandála poiblí a chuireann beatha an náisiúin i mbaol”, “bearta a ghlacadh de mhaolú ar a gcuid oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún seo a mhéid is fíorghá de réir riachtanais an cháis, ar choinníoll nach bhfuil na bearta sin ar neamhréir lena n-oibleagáidí eile faoin dlí idirnáisiúnta.”
( 64 ) Ba mhaith liom an méid seo amháin a thabhairt faoi deara: faoi chásdlí ECtHR, tagraíonn an coincheap maidir le “[h]éigeandáil phoiblí a chuireann beatha an náisiúin i mbaol” de réir bhrí Airteagal 15 ECHR do “staid eisceachtúil ghéarchéime nó éigeandála a dhéanann difear don phobal ar fad agus ar baol í do shaol eagraithe an phobail a bhfuil an Stát comhdhéanta de” (féach ECtHR, 1 Iúil 1961, Lawless v. Éire (Uimh. 3) (CE:CEHR:1961:0701JUD000033257, § 28). Níor rialaigh ECtHR fós an dtagann paindéim COVID-19 faoin sainmhíniú sin. Mar sin féin, sa chinneadh uaithi an 13 Aibreán 2021, Terheş v. an Rómáin (CE:ECHR:2021:0413DEC00499332, § 39) (an “breithiúnas in Terheş v. an Rómáin”), chuir sé in iúl go bhféadfadh gurbh amhlaidh, sna chéad mhíonna ar a laghad (féach § 39). I mo Thuairim in Valstybės sienos apsaugos tarnyba agus páirtithe eile (C-72/22 PPU, EU:C:2022:431, míreanna 110 go 113), mhol mé sainmhíniú comhchosúil ar an gcoincheap “suaitheadh tromchúiseach inmheánach” a úsáidtear in Airteagal 347 CFAE. I mo thuairimse, d’fhéadfadh an staid i mBallstáit áirithe ag airde na chéad ráige a bheith ina “suaitheadh” den sórt sin. Dealraíonn sé gur cur síos áibhéalach a bheadh ansin i ndáil leis an staid sna Ballstáit ag an am ábhartha (féach míreanna 80 go 85 thíos).
( 65 ) Go bhfios dom, ní dhearna aon Bhallstát Airteagal 347 CFAE a agairt le linn phaindéim COVID-19. Maidir le hAirteagal 15(1) ECHR, níl an Bheilg ar cheann de na Stáit a d’eisigh, le linn na paindéime sin, fógraí faoi Airteagal 15(3) (liosta na bhfógraí atá ar fáil ag https://www.coe.int/en/web/conventions/derogations-covid-19).
( 66 ) Féach, de réir analaí, ECtHR, an breithiúnas in Terheş v. an Rómáin (§ 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 67 ) Féach, chuige sin, Airteagal 20 agus Airteagal 21(1) CFAE. Féach freisin, maidir le hAirteagal 45 den Chairt, Airteagal 52(1) den ionstraim sin.
( 68 ) Féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 5 Meitheamh 2018, Coman agus páirtithe eile (C-673/16, EU:C:2018:385, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 69 ) Féach míreanna 75 et seq. Cuirim i bhfios go láidir, i gcomparáid leis na heisceachtaí “beartas poiblí” nó “slándáil phoiblí”, nach ndearna an Chúirt léiriú riamh ar an “tsláinte phoiblí” go dtí seo.
( 70 ) Féach mír 35 agus fonóta 61 thuas.
( 71 ) Go deimhin, faoi Airteagal 29(2), ní féidir le Ballstát saoránach de chuid an Aontais a dhíbirt ar fhorais “sláinte poiblí” tar éis do “thréimhse trí mhí ón dáta teachta” dul in éag. Dá bhrí sin, ní féidir le Ballstát ach cead isteach tosaigh an tsaoránaigh sin ar a chríoch a dhiúltú, nó an saoránach sin a dhíbirt sula dtosaíonn sé ag feidhmiú an chirt cónaithe dá bhforáiltear in Airteagal 7 den Treoir Shaoránachta. Os a choinne sin, a luaithe a thagann an saoránach sin chun bheith ina chónaitheoir, má fhágann an duine sin an chríoch go sealadach, ní féidir cead isteach a dhiúltú dó nuair a fhilleann sé ar fhorais den sórt sin.
( 72 ) Maidir le náisiúnaigh na Beilge, ós rud é nach gcuireann an prionsabal a athdhearbhaítear in Airteagal 3(2) de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann le ECHR bac ar bhearta den sórt sin (féach fonóta 61 thuas), d’fhéadfaí iad a ghlacadh de bhun Airteagal 21(1) CFAE, leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 27(1) agus in Airteagal 29(1) den Treoir Shaoránachta a bhfuil feidhm acu de réir analaí.
( 73 ) Féach breithiúnais an 10 Iúil 2008, Jipa (C-33/07, EU:C:2008:396, míreanna 19 go 22); an 17 Samhain 2011, Gaydarov (C-430/10, EU:C:2011:749, míreanna 26, 29 agus 30); agus an 4 Deireadh Fómhair 2012, Byankov (C-249/11, EU:C:2012:608, míreanna 35 agus 36).
( 74 ) Tá Caibidil VI den Treoir Shaoránachta dar teideal “Srianta ar an gceart chun teacht isteach agus ar an gceart cónaithe ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí” (mo bhéim).
( 75 ) Féach, maidir le COVID-19, mír 102 thíos.
( 76 ) Sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (COM(2001) 257 final), rinneadh tagairt in Airteagal 27 (Airteagal 25 mar a bhí) do “c[h]inntí faoina ndiúltaítear cead isteach do shaoránaigh an Aontais […]”, agus rinneadh tagairt in Airteagal 29 (Airteagal 27 mar a bhí) do “dhiúltú cead teacht isteach […]”. Leasaíodh na forálacha sin le linn phróiseas reachtach an Togra, áfach, chun tagairt a dhéanamh ina ionad sin do shrianta féideartha ar “shaoirse gluaiseachta”, foclaíocht a measadh a bheith níos fearr mar “cuimsítear leis gach cineál birt – aistriú, diúltú cead a thabhairt dul isteach sa chríoch agus diúltú cead a thabhairt” (féach an Togra leasaithe le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát, COM(2003) 199 final, lgh. 8, 29 agus 30). Dá bhrí sin, níl ann ach mainneachtain reachtas an Aontais Eorpaigh nár leasaíodh teideal Chaibidil VI dá réir sin. Is amhlaidh an cás go dtagraítear fós in Airteagal 29(1) don “Bhallstát óstach”, seachas téarma níos ginearálta amhail “an Ballstát i dtrácht” a úsáid, chun an cás ina gcuirfeadh Ballstát srian le ceart imeachta a náisiúnach féin a chumhdach.
( 77 ) Mar an gcéanna, féadfar an ceart imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 2(2) de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann leis an ECHR a shrianadh, go háirithe ar fhorais “sláinte poiblí” (féach Airteagal 2(3)).
( 78 ) Féach, don dearcadh céanna, Goldner Lang, I., “Laws of Fear in the EU: The Precautionary Principle and Public Health Restrictions to Free Movement of Persons in the Time of COVID-19”, European Journal of Risk Regulation, 2021, lgh. 1-24; Thym, D., agus Bornemann, J., “Schengen and Free Movement Law During the First Phase of the Covid-19 Pandemic: Of Symbolism, Law and Politics’, European Papers, Iml. 5, Uimh. 3, 2020, lgh. 1162 go 1163; van Eijken, H.H., agus Rijpma, J.J., “Stopping a Virus from Moving Freely: Border Controls and Travel Restrictions in Times of Corona”, Utrecht Law Review, Iml. 17, Uimh 3, 2021, lgh. 34 go 50.
( 79 ) Is fíor go bhforáiltear le hAirteagal 29(3) nach féidir le Ballstát, “mar chúrsa gnáthaimh”, dul isteach ar a chríoch ar scrúdú leighis “a dheimhniú nach bhfuil aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear in [Airteagal 29(1)] ag gabháil do [shaoránaigh an Aontais]”. Ní féidir é sin a dhéanamh ach amháin “sa chás ina bhfuil tásca tromchúiseacha ann a fhágann go bhfuil gá leis”. Chuir an Coimisiún in iúl, sna nótaí míniúcháin a ghabhann lena thogra tosaigh, go raibh sé i gceist leis an ráiteas sin a shoiléiriú nach féidir an maolú “sláinte phoiblí” a úsáid ach amháin “i gcás ina bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhfuil ceann de na galair [a ndéantar foráil dó in Airteagal 29(1)] ar an duine lena mbaineann”. Mar sin féin, ní chiallaíonn sé sin, i mo thuairimse, nach féidir ach bearta aonair a ghlacadh de bhun Airteagal 29(1). Go deimhin, d’fhéadfadh sé gur “tásc tromchúiseach” é go bhfuil gá le beart den sórt sin má léiríonn duine siomptóim de ghalar a mbaineann baol eipidéime leis. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh go bhfuil sé ag iarraidh taisteal go sealadach chuig tír, nó go bhfuil sé ag teacht ó thír, ina bhfuil ráig thromchúiseach den ghalar sin. Dá réir sin, ní thagann bearta sriantacha is infheidhme go ginearálta maidir le daoine atá ag taisteal ó thír den sórt sin nó atá ag iarraidh taisteal chuig tír den sórt sin salach ar Airteagal 29(3).
( 80 ) Féach mír 61 agus fonóta 76 thuas. Chun sampla amháin eile a thabhairt: déantar tagairt in Airteagal 27(2) do phrionsabal na comhréireachta ach ní dhéantar tagairt dó in Airteagal 29, d’ainneoin nach mór an prionsabal sin a urramú i gcónaí (féach mír 91 thíos).
( 81 ) Breithiúnas an 18 Nollaig 2014 (C-202/13, EU:C:2014:2450, míreanna 43 go 58).
( 82 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Pholainn, an Ungáir agus Poblacht na Seice (Sásra sealadach chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a athshocrú) (C-715/17, C-718/17 agus C-719/17, EU:C:2020:257, míreanna 135, 159 agus 160).
( 83 ) Féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Mayras in Bonsignore (67/74, EU:C:1975:22, lch. 315).
( 84 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Nollaig 2014, McCarthy agus páirtithe eile (C-202/13, EU:C:2014:2450, mír 56).
( 85 ) Féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 4 Aibreán 2017, Fahimian (C-544/15, EU:C:2017:255 míreanna 40 agus 41).
( 86 ) Féach, i ndáil le COVID-19, mír 109 thíos.
( 87 ) Féach, go háirithe, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Ordre des barreaux francophones et germanophone agus páirtithe eile (Bearta coisctheacha maidir le baint) (C-718/19, EU:C:2021:505, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 88 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Spiegel Online (C-516/17, EU:C:2019:625, míreanna 53 go 55 agus an cásdlí dá dtagraítear). Admhaím gurb iondúil go mbíonn gá le measúnú aonair chun comhréireacht dhocht na mbeart sin a áirithiú, chomh maith leis an ngá atá leis na bearta sriantacha atá i gceist. Mar sin féin, maidir leis na bearta ginearálta a ghlactar ar fhorais “sláinte poiblí”, is féidir an chomhréireacht sin a áirithiú trí iad a chur in oiriúint i gceart agus trína áirithiú go bhféadfaí imthosca aonair an-sonrach a chur san áireamh tráth an fhorfheidhmithe, mar a mhíneoidh mé i míreanna 128 go 132 thíos.
( 89 ) Féach, chuige sin, an dara fomhír d’Airteagal 168(1) CFAE, ina sonraítear go gcumhdófar le gníomhaíocht AE i réimse na sláinte poiblí, go háirithe “faireachán a dhéanamh ar mhórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte, rabhadh a thabhairt go luath faoi bhagairtí den sórt sin, agus iad a chomhrac”. Is fíor, mar a mhíneoidh mé i ndáil le Cód Teorainneacha Schengen, i gCuid B den Tuairim seo, go bhfuil roinnt cásanna a bhaineann leis an “tsláinte phoiblí” chomh tromchúiseach sin go bhféadfaí a rá gur baol iad don “bheartas poiblí”, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leis an staid pharadacsúil nach bhféadfaí bearta lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht a ghlacadh ach amháin ar bhonn aonair. Mar sin féin, i mo thuairimse, is féidir an tsaincheist sin a réiteach trí chur i bhfeidhm an fhoirceadail lex specialis amháin. Ós rud é go bhfuil córas speisialta leagtha síos ag an reachtas, sa Treoir Shaoránachta, le haghaidh bearta arna nglacadh ar fhorais “sláinte poiblí”, ciallaíonn sé sin gur cheart forlámhas a bheith ag an gcóras sin, a mhéid a mhaolaíonn sé ar an gcóras is infheidhme maidir le bearta arna nglacadh ar fhorais “beartais phoiblí”, ar an gcóras sin.
( 90 ) Breithiúnas an 18 Nollaig 2014, McCarthy agus páirtithe eile (C-202/13, EU:C:2014:2450, míreanna 50 agus 51).
( 91 ) Mar shampla, tagraítear in Airteagal 27(2) do “bhearta”, ach, de bhun na forála sin, ní fhéadfar ach bearta aonair, i.e. cinntí, a dhéanamh ar fhorais “beartais phoiblí” nó “slándála poiblí”.
( 92 ) Féach, chuige sin, aithris 22 den Treoir Shaoránachta.
( 93 ) Tá IHR ina cheangal ar Chomhaltaí uile EDS. Tá Ballstáit an Aontais san áireamh.
( 94 ) EDS, “Ráiteas maidir leis an dara cruinniú de Choiste na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (2005) maidir leis an ráig den choróinvíreas nua (2019-nCoV)”, an 30 Eanáir 2020.
( 95 ) De bhun Airteagal 1 de IHR, ciallaíonn sé sin “teagmhas urghnách a chinntear [...] a bheith ina riosca don tsláinte phoiblí do Stáit eile trí leathadh idirnáisiúnta galair […]”.
( 96 ) EDS, “na focail tosaigh ó Ard-Stiúrthóir EDS ag an seisiún faisnéise do na meáin maidir le COVID-19”, an 11 Márta 2020.
( 97 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 19 Samhain 2020, Ministère public agus Conseil national de l’ordre des Pharmaciens (Margú cannaibidé-óil (CBD)) (C-663/18, EU:C:2020:938, mír 87 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ar an gcaoi chéanna, faoi Airteagal 2(3) de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann leis an ECHR, meastar beart a chuireann isteach ar an gceart chun saoire a leagtar síos in Airteagal 2(2) a bheith “riachtanach i sochaí dhaonlathach” chun an tsláinte phoiblí a chosaint má thugann sé freagra ar “riachtanas sóisialta práinneach” agus, go háirithe, má tá na cúiseanna a thug na húdaráis náisiúnta chun údar a thabhairt leis “ábhartha agus leordhóthanach”.
( 98 ) Féach, chuige sin, Airteagal 29(3) den Treoir Shaoránachta.
( 99 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 19 Samhain 2020, Ministère public agus Conseil national de l’ordre des pharmaciens (Margú cannaibidé-óil (CBD)) (C-663/18, EU:C:2020:938, míreanna 88 agus 91 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 100 ) Ibid., mír 92.
( 101 ) ECtHR, breithiúnas Terheş v. an Rómáin, § 39. Féach freisin, EDS, “COVID‑19 strategic preparedness and response – COVID-19 Strategy Update”, 14 Aibreán 2020, ag tabhairt le fios go raibh níos mó ná 1.7 milliún duine ionfhabhtaithe ar fud an domhain an 13 Aibreán 2020, agus gur cailleadh beagnach 85000 duine. Fiú na córais cúraim sláinte is láidre, bhí siad faoi léigear ag cumas an víris scaipeadh go tapa. An tráth sin, bhí 20 % de na cásanna foriomlána dian nó criticiúil, agus bhí ráta báis os cionn 3 % ann, ag méadú in aoisghrúpaí níos sine agus i measc na ndaoine sin a bhfuil riochtaí sláinte orthu cheana féin.
( 102 ) Tagraíonn an téarma “Tras-seoladh pobail” do phróiseas breoiteachta ionfhabhtaí a scaipeann trí ghrúpa mór daoine trí theagmháil theagmhasach.
( 103 ) Féach an Chomhairle Eorpach, Conclúidí ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí tar éis na físchomhdhála le comhaltaí na Comhairle Eorpaí maidir le COVID-19, an 17 Márta 2020, agus EDS, “COVID‑19 strategic preparedness and response – COVID-19 Strategy Update”, an 14 Aibreán 2020.
( 104 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Nollaig 2015, Scotch Whisky Association agus páirtithe eile (C-333/14, EU:C:2015:845, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 105 ) An Coimisiún Eorpach, 8 Bealtaine 2020, teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle maidir leis an dara measúnú ar chur i bhfeidhm an tsriain shealadaigh ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas (COM(2020) 222 final).
( 106 ) An Coimisiún Eorpach, 15 Bealtaine 2020, Teachtaireacht ón gCoimisiún i dtreo cur chuige céimnithe agus comhordaithe maidir le saorghluaiseacht a athbhunú agus deireadh a chur le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha – COVID-19 (IO 2020 C 169, lch. 30).
( 107 ) An Coimisiún Eorpach, 11 Meitheamh 2020, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle maidir leis an tríú measúnú ar chur i bhfeidhm an tsriain shealadaigh ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas (COM (2020) 399 final).
( 108 ) Rinne an Bheilg tagairt do shonraí a hinstitiúide sláinte náisiúnta. Féach, freisin, ECDC, “Coronavirus disease 2019 (COVID-19) in the EU/EEA and the UK – tenth update”, 11 Meitheamh 2020, Stócólm, lch. 3, agus “Coronavirus disease 2019 (COVID-19) in the EU/EEA and the UK – eleventh update: resurgence of cases”, 10 Lúnasa 2020, Stócólm, lch. 3.
( 109 ) A bhí ina ábhar do staidéir a foilsíodh in earrach na bliana 2020. Féach Liu, Y., Gayle, A., Wilder-Smith, A., agus Rocklöv, J., “The reproductive number of COVID-19 is higher compared to SARS coronavirus”, J. Travel Med, 2020. Bhí an leibhéal ard tógálachta sin níos follasaí fós, go luath i mí Iúil 2020, ós rud é go raibh EDS díreach tar éis a admháil gur víreas aeriompartha a bhí ann (féach EDS, Coronavirus disease (COVID-19), Situation Report -172, 10 Iúil 2020).
( 110 ) Féach freisin EDS, Coronavirus disease (COVID-19), Situation Report, 10 Iúil 2020, le Stiúrthóir Réigiúnach EDS don Eoraip, ag tathant ar thíortha “a bheith daingean agus a n-aird a choinneáil”.
( 111 ) Tugaim faoi deara gur gnách go leanann an measúnú sin ar an riosca, bunaithe ar shonraí eipidéimeolaíocha agus ar acmhainneachtaí áitiúla, an measúnú sin a d’fhorbair EDS agus institiúidí an Aontais ina gcuid moltaí faoi seach. Féach, inter alia, EDS, “COVID‑19 strategic preparedness and response – COVID-19 Strategy Update”, 14 Aibreán 2020, agus an Coimisiún Eorpach, 15 Bealtaine 2020, Teachtaireacht ón gCoimisiún i dtreo cur chuige céimnithe agus comhordaithe chun saoirse gluaiseachta a athbhunú agus deireadh a chur le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha – COVID-19.
( 112 ) Féach, i ndáil leis sin, Airteagal 168(1) CFAE agus an dara habairt d’Airteagal 35 den Chairt.
( 113 ) Féach, mar sin féin, mír 95 thíos.
( 114 ) Féach Airteagal 168(7) CFAE.
( 115 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 19 Eanáir 2023, CIHEF agus páirtithe eile (C-147/21, EU:C:2023:31, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 116 ) Mar nóta taobh, ba mhaith liom a rá, cé go bhfuil an caveat in Airteagal 27(1) den Treoir Shaoránachta nach féidir forais “sláinte poiblí” a agairt “ar mhaithe le cuspóirí eacnamaíocha”, is léir nach amhlaidh an cás anseo, mar a d’áitigh Rialtas na Beilge. Is fíor gur tugadh isteach na srianta atá á gconspóid chun a áirithiú, inter alia, go raibh an t-ábhar, an pearsanra agus an acmhainn airgeadais ag córas cúraim sláinte na Beilge chun déileáil leis an bpaindéim. Mar sin féin, baineann roinnt breithnithe airgeadais le haon bheart poiblí. Ní bhíonn fadhbanna ach leo siúd a shaothraíonn “cuspóir eacnamaíoch amháin” (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2012, Byankov (C 249/11, EU:C:2012:608, mír 39)). Ní thagann faoin gcatagóir sin córais cúraim sláinte a choimeád ag feidhmiú (féach, de réir analaí, breithiúnas an 28 Eanáir 2016, CASTA agus páirtithe eile (C-50/14, EU:C:2016:56, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear)).
( 117 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 11 Meitheamh 2015, Berlington Hungary agus páirtithe eile (C-98/14, EU:C:2015:386, míreanna 74, 76 agus 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 118 ) Féach, go háirithe Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2020 maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin (IO 2020 L 208 I, lch. 1), Iarscríbhinn II.
( 119 ) Féach Airteagal 27(1) den Treoir Shaoránachta (“[...] gan beann ar náisiúntacht [...]”).
( 120 ) Féach mír 60 thuas.
( 121 ) Go deimhin, cé nach luaitear an ceanglas sin ach in Airteagal 27(2) den Treoir Shaoránachta, maidir le bearta a glacadh ar fhorais “beartais phoiblí” nó “slándála poiblí”, is prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é prionsabal na comhréireachta, agus ní mór do na Ballstáit é a urramú i gcónaí nuair a chuireann siad srian ar an tsaorghluaiseacht (féach, inter alia, breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2016, Rendón Marín (C-165/14, EU:C:2016:675, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear)).
( 122 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 19 Eanáir 2023, CIHEF agus páirtithe eile (C-147/21, EU:C:2023:31, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 123 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Meán Fómhair 2019, VIPA (C-222/18, EU:C:2019:751, mír 72 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 124 ) Féach, chuige sin, breithiúnais an 23 Nollaig 2015, Scotch Whisky Association agus páirtithe eile (C-333/14, EU:C:2015:845, mír 36), agus an 1 Márta 2018, CMVRO (C-297/16, EU:C:2018:141, míreanna 70 agus 71).
( 125 ) Tá amlíne de ghníomhaíocht an Aontais maidir le COVID-19 ar fáil ag https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/coronavirus-response/timeline-eu-action_en.
( 126 ) De bhun Airteagal 168(1) agus (2) CFAE, déanfaidh gníomhaíocht AE “beartais náisiúnta a chomhlánú”, “comhar idir na Ballstáit [a spreagadh] agus […] más gá, tacóidh sé lena ngníomhaíocht” maidir le “faireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus iad a chomhrac” go háirithe. Chuige sin, “féadfaidh an Coimisiún, i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit, aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun comhordú [na mBallstát] a chur chun cinn”, go háirithe trí “t[h]reoirlínte a bhunú”. Ar deireadh, de bhun Airteagal 168(5), féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle freisin, go háirithe “bearta a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, rabhadh a thabhairt go luath faoi bhagairtí den sórt sin agus iad a chomhrac”.
( 127 ) Leagaim béim air, áfach, nach ndearnadh comhordú iomlán ar bhearta taistil laistigh den Aontas Eorpach go dtí tar éis an ama ábhartha. Féach Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chuige comhordaithe i leith saorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO 2020 L 337, lch. 3).
( 128 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile (C-391/20, EU:C:2022:638, míreanna 74 agus 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 129 ) Féach, inter alia, von Tigerstrom, B., agus Wilson, K., “COVID-19 travel restrictions and the International Health Regulations (2005)”, BMJ Global Health, Iml. 5, Uimh. e002629, 2020; Grépin, K.A., Ho, T., Liu, Z., et al., “Evidence of the effectiveness of travel-related measures during the early phase of the COVID-19 pandemic: a rapid systematic review”, BMJ Global Health, Iml. 6, Uimh. e004537, 2021.
( 130 ) Féach EDS, “WHO advice for international travel and trade in relation to the outbreak of pneumonia caused by a new coronavirus in China”, 10 Eanáir 2020; “Statement on the second meeting of the International Health Regulations (2005) Emergency Committee regarding the outbreak of novel coronavirus (2019-nCoV)”, 30 Eanáir 2020.
( 131 ) Cé acu atá nó nach bhfuil sé sin i gcomhréir le IHR, tá sé lasmuigh de raon feidhme na Tuairime seo. Féach, ina leith sin, von Tigerstrom, B., agus Wilson, K., op. cit.
( 132 ) Féach an Coimisiún Eorpach, 16 Márta 2020, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle – COVID-19: Srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas (COM(2020) 115 final); an Coimisiún Eorpach, 16 Márta 2020, Treoirlínte COVID-19 maidir le bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun infhaighteacht earraí agus seirbhísí riachtanacha a áirithiú (IO 2020 C 86I, lch. 1); agus an Chomhairle Eorpach, Conclúidí ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí tar éis na físchomhdhála le comhaltaí na Comhairle Eorpaí maidir le COVID-19, 17 Márta 2020. Cuireadh síneadh leis an moladh sealadach sin, a glacadh ar dtús ar feadh 30 lá, go dtí an 30 Meitheamh 2020. Féach an Coimisiún Eorpach, an 8 Aibreán 2020, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle maidir leis an measúnú ar chur i bhfeidhm an tsriain shealadaigh ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas (COM(2020) 148 final); 8 Bealtaine 2020, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle maidir leis an dara measúnú ar chur i bhfeidhm an tsriain shealadaigh ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas (COM (2020) 222 final).
( 133 ) Féach, inter alia, Lau, H., et al. “The association between international and domestic air traffic and the coronavirus (COVID-19) outbreak”, Journal of microbiology, immunology, and infection, Iml. 53, Uimh. 3, 2020, lgh. 467 go 472; Chinazzi, M., et al., “The effect of travel restrictions on the spread of the 2019 novel coronavirus (COVID-19) outbreak”, Science, Iml. 368, Uimh. 6489, 2020, lgh. 395 go 400; Wells, C.R., et al., “Impact of international travel and border control measures on the global spread of the novel 2019 coronavirus outbreak”, PNAS, Iml. 117, Uimh. 13, lgh. 7504 go 7509; agus Linka, K., et al., “Outbreak dynamics of COVID-19 in Europe and the effect of travel restrictions”, Computer methods in biomechanics and biomedical engineering, Iml. 23, Uimh. 11, 2020, lgh. 710 go 717. Tugaim faoi deara go bhfuil na staidéir sin ar éifeachtacht na srianta taistil bunaithe ar shamhlacha, seachas ar fhianaise chinnte – a bhí teoranta ag an am sin, mar a aithníonn na húdair. Is éard atá iontu ná cásanna insamhlaithe, frithfhíorasach – bunaithe ar thoimhdí faoi in-tarchurthacht víris, líon na dtaistealaithe breoite, agus mar sin de – ar an méid a tharlódh mura mbeadh na bearta sin i bhfeidhm.
( 134 ) Féach, inter alia, EDS, “Updated WHO recommendations for international traffic in relation to COVID-19 outbreak”, 29 Feabhra 2020, agus “Statement on the third meeting of the International Health Regulations (2005) Emergency Committee regarding the outbreak of coronavirus disease (COVID-19)”, an 1 Bealtaine 2020.
( 135 ) Féach Treoirlínte ECDC, lgh. 18 agus 19.
( 136 ) Meabhraím, faoin modheolaíocht is infheidhme, gurbh iad na tíortha a measadh a bheith ina “n-ardriosca”, a raibh na srianta taistil conspóideacha i bhfeidhm ina leith, na tíortha sin ina raibh líon náisiúnta cásanna nua COVID-19 níos mó ná 10 n-uaire níos airde ná an líon a bhí ann sa Bheilg (100 cás tuairiscithe in aghaidh gach 100000 áitritheoir laistigh de na 14 lá roimhe sin) (féach mír 15 thuas).
( 137 ) Tugaim faoi deara, le bheith iomchuí, nach gá go bhféadfadh beart ar leith deireadh a chur, as féin, leis an riosca don “tsláinte phoiblí” atá i gceist. Is leor go bhféadfadh sé rannchuidiú go suntasach ina leith sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Eanáir 2023, CIHEF agus páirtithe eile (C-147/21, EU:C:2023:31, mír 56)).
( 138 ) Féach, inter alia, EDS, “COVID‑19 strategic preparedness and response – COVID-19 Strategy Update”, 14 Aibreán 2020, agus “Public health considerations while resuming international travel”, 30 Iúil 2020. Mhol an Coimisiún gníomhaíocht den sórt sin i roinnt teachtaireachtaí (féach, inter alia, an Coimisiún Eorpach, 15 Bealtaine 2020, Teachtaireacht ón gCoimisiún i dtreo cur chuige céimnithe agus comhordaithe chun saoirse gluaiseachta a athbhunú agus deireadh a chur le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha – COVID-19) – cé, mar a léirítear thuas, ag an am ábhartha, go raibh sé ag moladh deireadh a chur le srianta taistil laistigh den Aontas Eorpach. Leanadh loighic den chineál céanna leis an srian comhordaithe sealadach ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas Eorpach ón 1 Iúil 2020 ar aghaidh, agus ní raibh feidhm ag srianta ach amháin maidir le tíortha inar raibh staid COVID-19 níos measa ná mar a bhí san Aontas Eorpach. Féach Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2020 maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir le deireadh a chur leis an srian sin (IO 2020 L 208I, lch. 1). Bhí an mhodheolaíocht agus na critéir a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar an staid i dtír ar leith (líon na n-ionfhabhtuithe nua in aghaidh gach 100000 áitritheoir sna 14 lá roimhe sin, an treocht sa ráta ionfhabhtaithe nua thar an tréimhse chéanna agus an fhreagairt fhoriomlán ar COVID-19) ar aon dul leis na critéir a d’úsáid an Bheilg ag an am ábhartha (féach mír 15 thuas).
( 139 ) Féach, maidir le bearta den sórt sin de réir mar is iomchuí, inter alia, an Coimisiún Eorpach, 16 Márta 2020, Treoirlínte Covid-19 maidir le bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun infhaighteacht earraí agus seirbhísí riachtanacha a áirithiú (IO 2020 C 86I, lch. 1), mír 21; EDS, Key considerations for repatriation and quarantine of travellers in relation to the outbreak of novel coronavirus 2019-nCoV, 11 Feabhra 2020. Féach freisin, go ginearálta, Airteagal 31(2)(c) de IHR.
( 140 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 23 Nollaig 2015, Scotch Whisky Association agus páirtithe eile (C-333/14, EU:C:2015:845, mír 38).
( 141 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 18 Bealtaine 1982, Adoui agus Cornuaille (115/81 agus 116/81, EU:C:1982:183, mír 8). Ní dhearna sé sin difear do chorrlach lánroghnach na mBallstát maidir le beartas níos liobrálaí nó níos sriantaí a shaothrú mar fhreagairt ar an bpaindéim. Bhí saoirse acu fós chun ceann amháin nó an ceann eile a roghnú, ach b’éigean dóibh a bheith comhsheasmhach, agus déileáil le cásanna inchomparáide inmheánacha agus seachtracha ar bhealach comhchosúil. Féach van Eijken, H.H., agus Rijpma, J.J., op. cit., lch. 43, agus Thym, D., agus Bornemann, J., op. cit., lgh. 1168 agus 1169.
( 142 ) Féach mír 16 thuas.
( 143 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile (C-391/20, EU:C:2022:638, mír 76).
( 144 ) Féach míreanna 128 go 132 thíos. Féach, de réir analaí, breithiúnas an 19 Bealtaine 2009, Apothekerkammer des Saarlandes agus páirtithe eile (C-171/07 agus C-172/07, EU:C:2009:316, mír 45).
( 145 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 4 Bealtaine 2016, Philip Morris Brands agus páirtithe eile (C-547/14, EU:C:2016:325, mír 160).
( 146 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 26 Aibreán 2012, ANETT (C-456/10, EU:C:2012:241, mír 45).
( 147 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 10 Márta 2021, Ordine Nazionale dei Biologi agus páirtithe eile (C-96/20, EU:C:2021:191, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 148 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 23 Nollaig 2015, Scotch Whisky Association agus páirtithe eile (C-333/14, EU:C:2015:845, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 149 ) Go deimhin, mheas staidéir a foilsíodh thart ar an am ábhartha, le linn na chéad chéime den phaindéim, gur tháinig níos mó ná leath de na taistealaithe a “d’iomportáil” cásanna ón tSín go tíortha eile sa tréimhse réamh-shiomptómach, ghoir, agus iad tógálach cheana féin, agus nár thosaigh siad ag léiriú comharthaí ach cúpla lá tar éis dóibh teacht. Féach, inter alia, Wells, C.R., et al., op. cit., lch. 7505, agus na tagairtí ann. Féach, go ginearálta, easpa éifeachtachta scagthástála iontrála, Treoirlínte ECDC, lch. 20.
( 150 ) Mar a d’áitigh Rialtas na hIorua, ba nós le sonraí eolaíocha a bhí ar fáil ag an am ábhartha a léiriú go raibh, maidir le COVID-19, “idirthréimhse” tar éis ionfhabhtaithe, ina bhfuil na marcóirí bitheolaíocha a úsáidtear i dtástáil fós diúltach.
( 151 ) Féach mír 102 thuas. Féach freisin Treoirlínte ECDC, lch. 20.
( 152 ) Dá gcuirfí gach taistealaí i gcoraintín dian in áis thiomnaithe in aice lena bpointe iontrála, chinnteodh sé go mbeadh leithlisiú ceart ón gcuid eile den daonra. Mar sin féin, ní hamháin go mbeadh sé ródheacair é a chur i bhfeidhm, is cinnte go mbeadh sé níos mó ná amhrasach ó thaobh na gceart bunúsach de.
( 153 ) Féach, chuige sin, míreanna 14 agus 15 thuas.
( 154 ) Tharla sé go raibh an modh ríofa sin, an-éagórach do Bhallstáit amhail Lucsamburg, mar shampla, a raibh feachtas tástála i bhfad níos déine acu ná Ballstáit eile agus a measadh, mar gheall ar líon na gcásanna a sainaithníodh trína gcleachtais tástála, gur tíortha “ardriosca” iad cé gur dócha go raibh an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch, i ndáiríre, cosúil le tíortha eile a aicmítear mar “oráiste”, nach ndearnadh tástáil chomh dian céanna iontu.
( 155 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 20 Samhain 2019, Infohos (C-400/18, EU:C:2019:992, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 156 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 132 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 157 ) Féach, maidir leis an ngá atá ann athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar sheasmhacht na bagartha don tsláinte phoiblí lenar tugadh bonn cirt do bhearta réamhchúraim, inter alia, breithiúnas an 11 Iúil 2013, an Fhrainc v an Coimisiún (C-601/11 P, EU:C:2013:465, mír 110 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach, maidir le ceanglas den sórt sin i ndáil le srianta taistil, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2012, Byankov (C-249/11, EU:C:2012:608, míreanna 44 agus 47), agus ECtHR, 8 Nollaig 2020, Rotaru v. Poblacht na Moldóive (CE:ECHR:2020:1208JUD002676412, § 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 158 ) Féach mír 16 thuas.
( 159 ) Dhealródh sé gur sampla maith a bheadh sa chás sna príomhimeachtaí ina leith sin. An 12 Iúil 2020, rangaíodh an tSualainn mar “dhearg” san aicmiú dathanna atá i gceist, i gcomhréir leis an modheolaíocht bhunaithe (féach mír 15 thuas), ar an mbonn, de réir shonraí ECDC ón 10 Iúil, gurbh ionann an ráta minicíochta le 14 lá roimhe sin agus 102.1 cás in aghaidh gach 100000 áitritheoir, cé go raibh treocht íslitheach le feiceáil. Dá bhrí sin, cuireadh srianta taistil i bhfeidhm ón lá sin ar aghaidh. Ar an 13 Iúil, áfach, d’fhoilsigh ECDC sonraí nua a léirigh ráta 94.5/100 000 cás. Dheimhnigh ambasáid na Sualainne gur tháinig titim shuntasach ar ionfhabhtuithe an lá dar gcionn. Dá réir sin, athraíodh rangú na tíre sin go “horáiste” ar an 15 Iúil, agus cuireadh deireadh leis na srianta taistil maidir leis an tír sin. Cinnte, d’fhéadfadh duine a bheith in amhras mar gheall ar an ngá atá leis an tSualainn a aicmiú mar thír “ardriosca”, in ainneoin gurbh éigean go raibh na huimhreacha os cionn na tairsí ábhartha agus go raibh treocht íslitheach tugtha faoi deara cheana féin, agus deireadh á chur leis na srianta dhá lá ina dhiaidh sin. B’fhéidir nach raibh gá leis na rialacha a chur i bhfeidhm ar bhealach chomh díograiseach sin, atá amhrasach ó thaobh na deimhneachta dlíthiúla de. Mar sin féin, ní chaitheann sé amhras, i mo thuairimse, ar dhlisteanacht an chórais féin.
( 160 ) Aithris 25 den Treoir Shaoránachta [Aistriúchán neamhoifigiúil] (béim curtha leis).
( 161 ) Féach freisin, chuige sin, Airteagal 34 den Treoir Shaoránachta.
( 162 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Meitheamh 2013, ZZ (C-300/11, EU:C:2013:363, mír 52).
( 163 ) Féach breithiúnas an 13 Márta 2007, Unibet (C-432/05, EU:C:2007:163, míreanna 47 go 64).
( 164 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 27 Deireadh Fómhair 1977, Bouchereau (30/77, EU:C:1977:172, mír 15).
( 165 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 13 Márta 2007, Unibet (C-432/05, EU:C:2007:163, míreanna 56 go 64).
( 166 ) Féach mír 88 thuas.
( 167 ) Féach mír 132 thíos.
( 168 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, Centraal Israëlitisch Consistorie van België agus páirtithe eile (C-336/19, EU:C:2020:1031, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 169 ) Féach, inter alia, maidir le hoiriúnacht agus riachtanas amháin, breithiúnais an 14 Iúil 1983, Sandoz (174/82, EU:C:1983:213, mír 18); an 10 Iúil 2008, Jipa (C-33/07, EU:C:2008:396, mír 29); agus an 16 Márta 2023, OL (Síneadh a chur le ceadúnais Iodálacha) (C-517/20, nár foilsíodh, EU:C:2023:219, mír 53).
( 170 ) Féach, inter alia, breithiúnais an 22 Eanáir 2013, Sky Österreich (C-283/11, EU:C:2013:28, mír 50); an 15 Feabhra 2016, N. (C-601/15 PPU, EU:C:2016:84, mír 54); agus an 17 Nollaig 2020, Centraal Israëlitisch Consistorie van België and Others (C-336/19, EU:C:2020:1031, mír 64).
( 171 ) Cuirim béim ar an bhfíoras go bhfuil an Chairt infheidhme i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí. Go deimhin, nuair a chuireann na Ballstáit srian ar an gceart chun saorghluaiseachta atá ag saoránaigh an Aontais agus nuair atá siad ag iarraidh brath ar na forais dá bhforáiltear faoi dhlí AE, amhail Airteagal 27(1) den Treoir Shaoránachta, chun údar a thabhairt le srian den sórt sin, is “”cur chun feidhme dhlí an Aontais” é sin, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt. Féach, inter alia, breithiúnas an 21 Bealtaine 2019, an Coimisiún v an Ungáir (Ceart úsáide talaimh talmhaíochta) (C-235/17, EU:C:2019:432, míreanna 63 agus 64 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 172 ) Ar an gcuma chéanna, cé go ráthaítear saoirse gluaiseachta sa cháil sin faoi Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann le ECHR, measann ECtHR gur gné thábhachtach é freisin de cheart duine a shaol príobháideach a urramú, mar a ráthaítear le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún sin. Féach, inter alia, ECtHR, 6 Nollaig 2005, İletmiş v. Türkiye (CE:ECHR:2005:1206JUD002987196, § 47). Deirtear ”Turkey” ar Hudoc.
( 173 ) Ar an gcaoi chéanna, agus é ag tabhairt aghaidh ar bheart lena gcuirtear srian leis an gceart imeachta a ráthaítear in Airteagal 2(2) de Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann le ECHR, scrúdaigh ECtHR an bhfuil cothromaíocht chóir bainte amach ag an mbeart sin idir leas an phobail agus cearta an duine aonair. Féach, inter alia, ECtHR, 23 Feabhra 2017, De Tommaso v. an Iodáil (CE:ECHR:2017:0223JUD004339509, § 104).
( 174 ) Tuairim i gCásanna Uamtha C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:572, mír 248.
( 175 ) Féach rún Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac (2020/2616(RSP)), § 46 et seq., agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, Dearbhú ón Ardionadaí Josep Borrell, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le cearta an duine le linn phaindéim an choróinvíris, an 5 Bealtaine 2020.
( 176 ) D’fhéadfadh sé gur tháinig athrú ar a mhéid ba ghá cearta bunúsacha a chosaint faoi chóras eisceachtúil “staid éigeandála”, i gcomhréir le hAirteagal 347 CFAE. Mar sin féin, ní thabharfaidh mé aghaidh ar an tsaincheist sin sa Tuairim seo ar na cúiseanna a thugtar i míreanna 51 go 54 thuas.
( 177 ) Féach, inter alia, Airteagal 12(2)(c) den Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, 1966, agus Airteagal 11(3) de Chairt Shóisialta na hEorpa (Athbhreithnithe), a síníodh in Strasbourg an 3 Bealtaine 1996. Ina theannta sin, de bhun chásdlí socair ECtHR, cé nach ráthaítear an “ceart chun sláinte” féin faoi ECHR, eascraíonn oibleagáidí dearfacha i gcúrsaí sláinte, mar sin féin, as Airteagail 2 agus 8 de ECHR (an ceart chun na beatha agus an ceart chun go ndéanfar an saol príobháideach agus an saol teaghlaigh a urramú, faoi seach). Go háirithe, le hAirteagal 2 den Choinbhinsiún sin, forchuirtear oibleagáid dhearfach ar Stáit is páirtithe céimeanna iomchuí a ghlacadh chun beatha na ndaoine laistigh dá ndlínse a chosaint agus chun a sláine choirp a chosaint, lena n-áirítear i réimse na sláinte poiblí (féach, go háirithe, ECtHR, 5 Samhain 2020, Le Mailloux v. an Fhrainc (CE:ECHR:2020:1105DEC001810820, § 9 agus an cásdlí dá dtagraítear). Faoi dhlí an Aontais, eascraíonn oibleagáidí dearfacha den sórt sin freisin, i mo thuairimse, as Airteagal 2(1) den Chairt – toisc go bhfreagraíonn an “ceart chun beatha” a ráthaítear inti don mhéid a leagtar amach in Airteagal 2 ECHR – agus ón gcéad abairt d’Airteagal 35 den Chairt.
( 178 ) Mar fho-nóta, meabhraím, de bhun Airteagal 52(1) den Chairt, nach mór d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí a ráthaítear inti “inneachar sár-riachtanach” na gceart agus na saoirsí sin a urramú freisin agus, nuair nach amhlaidh atá, nach féidir cothromaíocht leasanna den sórt sin a dhéanamh. Mar sin féin, ní dóigh liom gur sháraigh na srianta taistil conspóideacha “inneachar sár-riachtanach” an chirt chun saorghluaiseachta, mar a ráthaítear in Airteagal 45(1) den Chairt, ná na cearta bunúsacha eile lena mbaineann. Cé, go háirithe, gurb é toirmeasc taistil an cineál srianta is déine ar an gceart chun saorghluaiseachta, tá sé cinniúnach ina leith sin nach raibh an cosc sin iomlán. Go deimhin, níor bhain sé ach le taisteal chuig tíortha “ardriosca” áirithe agus uathu sin amháin; rinneadh taisteal “riachtanach” a eisiamh óna raon feidhme; agus, níor forchuireadh é ach go sealadach (féach, a contrario, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2012, Byankov (C-249/11, EU:C:2012:608, míreanna 44 agus 79)).
( 179 ) Féach Treoirlínte ECDC, lgh. 18 agus 19.
( 180 ) Féach, inter alia, an Fóram Eacnamaíoch Domhanda, “This is the impact of COVID‑19 on the travel sector” (https://www.weforum.org/agenda/2022/01/global-travel-tourism-pandemic-covid-19/), agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Medina in UFC – Que choisir agus CLCV (C-407/21, EU:C:2022:690, míreanna 1 agus 2).
( 181 ) Féach an Chomhairle Eorpach, Conclúidí ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí tar éis na físchomhdhála le comhaltaí na Comhairle Eorpaí maidir le COVID-19, 17 Márta 2020.
( 182 ) Féach, maidir leis na bearta éagsúla a mhol an Coimisiún maidir leis sin i dtaca leis an am ábhartha, “Turasóireacht agus iompar: Treoir ón gCoimisiún maidir le conas taisteal a atosú go sábháilte agus borradh a chur faoin turasóireacht san Eoraip in 2020 agus ina dhiaidh sin”, preaseisiúint, 13 Bealtaine 2020.
( 183 ) Féach Iliopoulou-Penot, A., “La Citoyenneté de l’Union aux temps du coronavirus”, in Dubout, E., agus PICOD, F. (eds), Coronavirus et droit de l’Union européenne, Bruylant, 2021, lgh. 178 go 180.
( 184 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 29 Aibreán 2004, Orfanopoulos agus Oliveri (C-482/01 agus C-493/01, EU:C:2004:262, míreanna 93 agus 99), agus ECtHR, 8 Nollaig 2020, Rotaru v. Poblacht na Moldóive (CE:ECHR:2020:1208JUD002676412, § 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 185 ) Féach, go háirithe, Thym, D., agus Bornemann, J., op. cit., lgh. 1164 agus 1165.
( 186 ) Féach, de réir analaí, maidir leis an gcatagóir thaistil a bhaineann le “cúiseanna teaghlaigh sár-riachtanacha”, an Coimisiún Eorpach, 28 Deireadh Fómhair 2020, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle – COVID-19 – Treoraíocht maidir le daoine atá díolmhaithe ón srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Mholadh 2020/912 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2020 (COM(2020) 686 final), lch. 8.
( 187 ) Féach, le haghaidh measúnú comhchosúil faoi ECHR, McBride, J., “An Analysis of Covid-19 Responses and ECHR Requirements” ECHR Blog, 27 Márta 2020 (ar fáil ag https://www.echrblog.com/2020/03/an-analysis-of-covid-19-responses-and.html).
( 188 ) Féach, inter alia, an Coimisiún Eorpach, 16 Márta 2020, Treoirlínte Covid-19 maidir le bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus a áirithe go mbeidh fáil ar earraí agus seirbhísí riachtanacha, § 21.
( 189 ) Féach mír 4 thuas.
( 190 ) De bhun Airteagal 2(1) de Chód Teorainneacha Schengen, chun críche an Chóid sin, tagraíonn an coincheap “teorainneacha inmheánacha” do “(a) comhtheorainneacha talún na mBallstát, lena n-áirítear teorainneacha abhann agus locha na mBallstát; (b) aerfoirt na mBallstát le haghaidh eitiltí inmheánacha; (c) calafoirt farraige, abhann agus locha na mBallstát le haghaidh nasc inmheánach rialta bád farantóireachta.”
( 191 ) Chomh maith leis an Íoslainn agus an Iorua, dá mbeadh sin ábhartha chun críocha an cháis sna príomhimeachtaí (féach fonótaí 23 agus 35 thuas).
( 192 ) Dealraíonn sé nach bhfuil forfheidhmiú na gceanglas coraintín agus tástála i gceist.
( 193 ) Meabhraím, chun críocha Chód Teorainneacha Schengen, go bhféachtar ar aerfoirt na mBallstát mar phointí trasnaithe teorann. Féach, chuige sin, na sainmhínithe ar “theorainneacha inmheánacha” agus ar “theorainneacha seachtracha” in Airteagal 2, pointí 1 agus 2 faoi seach den Chód sin.
( 194 ) Ar thaobh amháin, fiú maidir le traenacha idirnáisiúnta, ní mheastar gur pointí trasnaithe teorann iad stáisiúin iarnróid chun críocha Chód Teorainneacha Schengen (féach, chuige sin, na sainmhínithe ar “theorainneacha inmheánacha” agus ar “theorainneacha seachtracha” in Airteagal 2, pointí 1 agus 2 faoi seach den Chód sin). Ar an taobh eile, faoi rialacha an Chóid sin, déanfar “seiceálacha teorann” ar phaisinéirí traenacha a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha, tráth a dhíbhordálfar (nó a rachaidh ar bord), sa chéad stáisiún iarnróid teachta (nó sa stáisiún deireanach imeachta) ar chríoch Stát Schengen. Féach Iarscríbhinn VI “Rialacha sonracha maidir leis na cineálacha éagsúla teorann agus na modhanna éagsúla iompair a úsáidtear chun teorainneacha seachtracha na mBallstát a thrasnú”, pointe 1 (“Teorainneacha talún”), pointe 1.2 (“Seiceálacha ar thrácht iarnróid”).
( 195 ) Dealraíonn sé nár bhain na seiceálacha a rinneadh go córasach ach leis na paisinéirí a bhí ag dul ar bord nó ag tuirlingt de na traenacha Eurostar a tháinig ó Londain nó a bhí ag imeacht go Londain (an Ríocht Aontaithe), ag an stáisiún iarnróid Midi sa Bhruiséil (an Bheilg). Níl na seiceálacha sin ábhartha, áfach, chun críocha an cháis seo. Go deimhin, mar a leag Rialtas na Beilge béim air ag an éisteacht, ní bhaineann siad le “teorainn inmheánach” a thrasnú, ach le “teorainneacha seachtracha” Stáit Schengen a thrasnú. Ós rud é gur léir nach stoptar na traenacha sin, i lár Thollán Mhuir nIocht, ag an teorainn fhíorúil idir an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe, déantar seiceálacha ar phaisinéirí, ina ionad sin, sula dtéann siad ar bord nó roimh thuirlingt ag stáisiún traenach Midi (féach fonóta 193 thuas). Níl sé ábhartha ina leith sin go stopann na traenacha sin uaireanta i gcríoch Stáit Schengen idir an Bhruiséil agus Londain. Go deimhin, tá feidhm ag córas sonrach ina leith sin, faoina mbeidh paisinéirí a bheidh ag dul ar bord na dtraenacha sin, mar shampla, in Lille (an Fhrainc) go dtí an Bhruiséil, faoi réir “seiceálacha teorann” ag an stáisiún sprice (féach Iarscríbhinn VI, pointe 1.2.3 den Chód Teorainneacha Schengen). Cuirim i bhfios go láidir, maidir leis na paisinéirí sin, nach meastar go mbaineann na seiceálacha atá i gceist le “teorainneacha inmheánacha” a thrasnú. Ina ionad sin, meastar, trí fhicsean dlíthiúil, gur thrasnaigh na daoine sin “teorainneacha seachtracha” Stáit Schengen.
( 196 ) Féach, chuige sin, Airteagal 23(a)(iii) agus (iv) de Chód Teorainneacha Schengen.
( 197 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Meitheamh 2017, A (C-9/16, EU:C:2017:483, míreanna 38 go 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 198 ) Mar a léirítear go soiléir le húsáid an natha “go háirithe” in Airteagal 23(a).
( 199 ) D’fhéadfaí ceacht a fhoghlaim ó na forbairtí sin do chásanna eile, ar a laghad, ós rud é, mar a luaitear sa réamhrá a ghabhann leis an Tuairim seo, go raibh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha athbhunaithe ar mórscála ag na Ballstáit ag pointí éagsúla ama le linn na paindéime. Féach na fógraí ó na Ballstáit maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach de bhun Airteagail 25 agus 28 et seq. de Chód Teorainneacha Schengen (ar fáil ag https://home-affairs.ec.europa.eu/policies/schengen-borders-and-visa/schengen-area/temporary-reintroduction-border-control_en).
( 200 ) Féach míreanna 155 go 161 thíos.
( 201 ) An oiread sin go bhfuil, nó go raibh, ar a laghad, an tuairim chéanna, ag Parlaimint na hEorpa. Féach an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Meitheamh 2020 ar an staid i limistéar Schengen tar éis ráig COVID-19 (2020/2640(RSP)) (IO 2021 C 362, lch. 77), mír 7.
( 202 ) Tá gan bheith mar “b[h]aol do bheartas poiblí, slándáil inmheánach [nó] sláinte phoiblí” (béim curtha leis) ar cheann de na coinníollacha maidir le dul isteach, is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír, le haghaidh gearrfhanacht ar chríoch na mBallstát (féach Airteagal 6(1)(e) de Chód Teorainneacha Schengen), arb iad, i bprionsabal, gardaí teorann a dheimhníonn an méid sin mar chuid de na seiceálacha teorann “críochnúla” a bhfuil náisiúnaigh tríú tír faoina réir ar theacht isteach dóibh i Limistéar Schengen (féach Airteagal 8(3)(a)(vi) den Chód sin).
( 203 ) An Comhaontú idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile, a síníodh in Schengen an 14 Meitheamh 1985 (IO 2000 L 239, lch. 13).
( 204 ) IO 2000 L 239, lch. 19.
( 205 ) Féach, faoi seach, Airteagal 2(2) agus Airteagal 5(1)(e) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme.
( 206 ) Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena mbunaítear Cód Comhphobail ar na rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine thar theorainneacha, arna thíolacadh ag an gCoimisiún, an 26 Bealtaine 2004 (COM(2004) 391 final).
( 207 ) Féach Airteagal 5(1)(e) den Togra sin.
( 208 ) Féach Airteagal 20(1), Airteagal 22(1) agus Airteagal 24 den Togra sin (cuireadh an bhéim isteach).
( 209 ) Féach rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa ar an Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (COM(2004)0391 – C6-0080/2004 – 2004/0127(COD)) (P6_TA(2005)0247). Is féidir an leasú sin a rianú siar go dtí togra ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile. Féach an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 14 Aibreán 2005, Leasuithe 138 go 198, Dréacht-tuarascáil, Michael Cashman, Doic Uimh. PE 355.529v01-00, lch. 20, Leasú 171 (“[…] Tá […] difríocht idir “baol don tsláinte phoiblí” mar chúis le cead isteach a dhiúltú do dhuine aonair agus “baol don tsláinte phoiblí” mar chúis le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach arís a dhéanfadh difear do gach duine ar mian leis an teorainn inmheánach a thrasnú. Cé go bhfuil sé éasca a fheiceáil don chéad chás an tairbhe a bhaineann le “baol don tsláinte phoiblí” a chur leis mar fhoras le diúltú [...] ní léir sin i ndáiríre maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú: dá mbeadh ráig de ghalar den sórt sin ar chríoch Bhallstáit, is í an fhreagairt beartais iomchuí agus chomhréireach a bheadh ann, mar shampla, na daoine dá ndéantar difear a chur i gcoraintín, b’fhéidir ospidéal nó cúpla foirgneamh a shéalú”).
( 210 ) Féach, don dearcadh céanna, an Coimisiún, 16 Márta 2020, Treoirlínte Covid-19 maidir le bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun infhaighteacht earraí agus seirbhísí riachtanacha a áirithiú, mír 18.
( 211 ) Féach, inter alia, breithiúnais an 4 Nollaig 1974, Van Duyn (41/74, EU:C:1974:133, mír 18), agus an 4 Deireadh Fómhair 2012, Byankov (C-249/11, EU:C:2012:608, mír 40).
( 212 ) Féach, chuige sin, mír 81 thuas. Féach freisin Leboeuf, L, “La fermeture des frontières de l'Union pour motifs de santé publique: la recherche d’une approche coordonnée” in Dubout, E., agus Picod, F. (eag.), op. cit., lch. 223 go 239; van Eijken, H.H., agus Rijpma, J.J., op. cit., lch. 40, agus Thym, D., agus Bornemann, J., op. cit., lgh. 1148 agus 1149.
( 213 ) Is léir gur moladh an leasú sin ag an tús ar an gcúis a luaitear i bhfonóta 208 thuas. Ní léir, áfach, gur ghlac comhaltaí éagsúla na Parlaiminte agus na Comhairle leis an leasú ar an gcúis sin. D’fhéadfadh sé gur mheas siad nach raibh gá le tagairt don “tsláinte phoiblí”, toisc go gcumhdófaí leis na forais “beartais phoiblí” géarchéim sláinte poiblí atá tromchúiseach go leor chun údar a thabhairt le seiceálacha teorann a athbhunú.
( 214 ) Go bunúsach, tá na gnéithe céanna léirithe sa Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha, 14 Nollaig 2021 (COM(2021) 891 final). Molann an Coimisiún ann, a shonrú go bhféadfaí a mheas go bhfuil “baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach mar thoradh ar, go háirithe […] éigeandálaí mórscála sláinte poiblí” (féach aithris 28 agus Airteagal 25(1)(b), den Rialachán atá beartaithe).
( 215 ) Tugtar le fios in Airteagal 25(2) nach féidir ach le “rogha dheiridh” rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, agus foráiltear in Airteagal 26 nach mór d’údaráis phoiblí a fhíorú “a mhéid is dóigh a réiteoidh beart den sórt sin an baol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach go leordhóthanach”, agus “comhréireacht an bhirt i ndáil leis an mbaol sin”. Freagraíonn na coinníollacha sin, i mo thuairim, do na critéir chomhréireachta chlasaiceacha a bhaineann le hoiriúnacht, riachtanas agus comhréireacht sensu stricto.
( 216 ) Féach míreanna 139 go 144 thuas.
( 217 ) Féach, le haghaidh anailís mhionsonraithe ina leith sin, an Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, Peyrony, J., Rubio, J., agus Viaggi, R., The effects of COVID-19 induced border closures on cross-border regions: an empirical report covering the period March to June 2020, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021.
( 218 ) Féach an Coimisiún Eorpach, 24 Márta 2020, Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na Lánaí Glasa faoi na Treoirlínte maidir le bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun infhaighteacht earraí agus seirbhísí riachtanacha a áirithiú (IO 2020 C 96I, lch. 1), agus 30 Márta 2020, Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le saorghluaiseacht oibrithe a fheidhmiú le linn ráig COVID-19 (IO 2020 C 102I, lch. 1).
( 219 ) Féach, inter alia, Heinikoski, S., “Covid-19 bends the rules on internal border controls: Yet another crisis undermining the Schengen acquis?”, FIIA Briefing Paper 281, Aibreán 2020.