28.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 55/47


CINNEADH (AE) 2022/322 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Feabhra 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a mhéid a bhaineann le leasuithe a ghlacadh ar Iarscríbhinní 1, 6 go 10, 14 agus 17 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (Coinbhinsiún Chicago), lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis.

(2)

Is Stáit Chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad Ballstáit an Aontais agus is comhaltaí de chuid ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe ICAO. Tá ionadaithe ó sheacht mBallstát i gComhairle ICAO faoi láthair.

(3)

De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, tá Comhairle ICAO chun caighdeáin agus cleachtais mholta (SARPanna) idirnáisiúnta a ghlacadh, agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(4)

Ag an 225ú seisiún a bheidh ag Comhairle ICAO, tá sí chun na leasuithe seo a leanas a ghlacadh: Leasú 178 ar Iarscríbhinn 1, Leasú 47 ar Chuid I d’Iarscríbhinn 6, Leasú 40 ar Chuid II d’Iarscríbhinn 6, Leasú 24 ar Chuid III d’Iarscríbhinn 6, Leasú 7 ar Iarscríbhinn 7, Leasú 109 ar Iarscríbhinn 8, Leasú 29 ar Iarscríbhinn 9, Leasú 91 ar Imleabhar IV d’Iarscríbhinn 10, Leasú 17 ar Imleabhar I d’Iarscríbhinn 14, Leasú 18 ar Iarscríbhinn 17, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Chicago, mar a leagtar amach i litreacha Stáit AN 12/1.1.25-20/112, AN 11/1.1.34-20/75, AN 3/45-20/85, AN 3/1.2-20/76, AN 7/1.3.105-20/42, SP 55/4-20/94, AS 8/2.1-21/48 Rúnda, agus EC 6/3 – 21/67.

(5)

Is é príomhchuspóir Leasaithe 178 ar Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago chur chun feidhme córais ceadúnaithe pearsanra leictreonaigh a chumasú d’fhonn an éifeachtúlacht a fheabhsú.

(6)

Is é príomhchuspóir Leasuithe 47, 40 agus 24 ar Chodanna I, II agus III, faoi seach, d’Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, an creat dlíthiúil maidir le fóinteacht leanúnach na dtaifeadán eitilte a neartú, na forálacha maidir le hoibríochtaí ama atreoraithe fhadaithe (EDTO) agus le seaicéid tarrthála naíonán a shoiléiriú, córais réamhrabhaidh neasachta talaimh (GPWS) a shainordú le haghaidh eitleáin áirithe, caighdeán nua a chur isteach faoina ndéanfaí eitleáin a fheistiú, i ndálaí áirithe, le córais feasachta agus foláirimh um fhorthiomáint rúidbhealaigh (ROAAS), creidmheas oibríochtúil a sholáthar i gcomhthéacs íosdálaí oibriúcháin aeradróim bunaithe ar an bhfeidhmíocht (PBAOM), a áirithiú go mbíonn saoráidí agus seirbhísí tarrthála agus comhraic dóiteáin (RFF) leormhaithe ar fáil ag an aeradróm oibríochta is beartaithe a úsáid, na forálacha maidir le malairtí amach ón gcósta le haghaidh oibríochtaí héileacaptair fadraoin a nuashonrú agus forálacha a chur isteach maidir le hiompar na n-earraí contúirteacha ag héileacaptair agus forálacha ábhartha maidir leis an oiliúint a nuashonrú.

(7)

Is é príomhchuspóir Leasaithe 7 ar Iarscríbhinn 7 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago aistriú na n-aerárthach ó Stát go Stát eile a éascú trí theimpléad an deimhnithe clárúcháin a oiriúnú agus teimpléad a thabhairt isteach le haghaidh an deimhnithe díchlárúcháin.

(8)

Is é príomhchuspóir Leasaithe 109 ar Iarscríbhinn 8 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago an tsoiléireacht a fheabhsú agus a áirithiú go mbeidh tuiscint shoiléir ag Stáit a fhormheasann aon mhodhnú nó aon deisiú ar an bhfreagracht atá orthu maidir leis an aeracmhainneacht leanúnach, agus na cumais dheartha sochta dóiteáin in urranna lasta na n-eitleán mór, na héileacaptar agus na n-eitleán beag a shoiléiriú.

(9)

Is é príomhchuspóir Leasú 29 ar Iarscríbhinn 9 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ullmhacht na Stát do phaindéimí amach anseo a fheabhsú trí cheachtanna a fhoghlaim ó phaindéim COVID-19 agus trí bhearta maolaithe leordhóthanacha ar phaindéimí amach anseo a leagan amach. Ina theannta sin, le Leasú 29 tugtar aghaidh ar an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine trí SARPanna. Thairis sin, tá mionleasuithe úsáideacha ann maidir le heitiltí aisdúichithe agus le hiompar na bpaisinéirí faoi mhíchumas d’aer, agus leasú ar an nóta i roinn sonraí an taifid ainmneacha paisinéirí (PNR) a bhaineann leis an téarma push.

(10)

Is é príomhchuspóir Leasú 91 ar Imleabhar IV d’Iarscríbhinn 10 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, Córas Seachanta Imbhuailtí ar Eite (ACAS) X a thabhairt isteach agus líon na bhfoláireamh ACAS bréige a laghdú.

(11)

Is é príomhchuspóir Leasú 17 ar Iarscríbhinn 14 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, Imleabhar I, an eitlíocht ghinearálta a eisiamh ó na forálacha a bhaineann leis an tarrtháil agus an gcomhrac dóiteáin (RFF).

(12)

Is é príomhchuspóir Leasú 18 ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, SARPanna nua a thabhairt isteach agus na SARPanna atá ann faoi láthair a bhaineann leis an gcultúr slándála, le cláir slándála na n-oibreoirí aerárthaí, le modhanna chun pléascáin a bhrath i mbagáiste boilg, agus le cláir náisiúnta le haghaidh rialú cáilíochta ar shlándáil na heitlíochta sibhialta, a leasú.

(13)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle ICAO a bhunú toisc go bhféadfadh Leasú 178 ar Iarscríbhinn 1, Leasú 47 ar Chuid I d’Iarscríbhinn 6, Leasú 40 ar Chuid II d’Iarscríbhinn 6, Leasú 24 ar Chuid III d’Iarscríbhinn 6, Leasú 7 ar Iarscríbhinn 7, Leasú 109 ar Iarscríbhinn 8, Leasú 29 go Leasú 9, Leasú 91 ar Imleabhar IV d’Iarscríbhinn 10, Leasú 17 ar Imleabhar I d’Iarscríbhinn 14 agus Leasú 18 ar Iarscríbhinn 17 de Choinbhinsiún Chicago tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 (1), (AE) Uimh. 1332/2011 (2), (AE) Uimh. 965/2012 (3), (AE) Uimh. 139/2014 (4) agus (AE) 2015/640 ón gCoimisiún (5), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún (6) agus Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(14)

Sa 225ú seisiún de Chomhairle ICAO nó le linn aon seisiúin eile ina dhiaidh sin, maidir le glacadh Leasú 178 ar Iarscríbhinn 1, Leasú 47 ar Chuid I d’Iarscríbhinn 6, Leasú 40 ar Chuid II d’Iarscríbhinn 6, Leasú 24 ar Chuid III d’Iarscríbhinn 6, Leasú 7 ar Iarscríbhinn 7, Leasú 109 ar Iarscríbhinn 8, Leasú 29 ar Iarscríbhinn 9, Leasú 91 ar Imleabhar IV d’Iarscríbhinn 10, Leasú 17 ar Imleabhar I d’Iarscríbhinn 14, Leasú 18 ar Iarscríbhinn 17 de Choinbhinsiún Chicago, ba cheart gurb é seasamh an Aontais tacú leis na leasuithe sin ina n-iomláine. Ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, an seasamh sin a chur in iúl.

(15)

Tar éis do Chomhairle ICAO Leasú 178 ar Iarscríbhinn 1, Leasú 47 ar Chuid I d’Iarscríbhinn 6, Leasú 40 ar Chuid II ar Iarscríbhinn 6, Leasú 24 ar Chuid III d’Iarscríbhinn 6, Leasú 7 ar Iarscríbhinn 7, Leasú 109 ar Iarscríbhinn 8, Leasú 29 ar Iarscríbhinn 9, Leasú 91 ar Imleabhar IV d’Iarscríbhinn 10, Leasú 17 ar Imleabhar I d’Iarscríbhinn 14 agus Leasú 18 ar Iarscríbhinn 17 de Choinbhinsiún Chicago a ghlacadh, rud a bheidh le fógairt ag Ardrúnaí ICAO trí bhíthin nós imeachta Litreach Stáit ICAO, ba cheart gurb é seasamh an Aontais gan míshástacht a chlárú agus fógra a thabhairt faoi chomhlíonadh, ar choinníoll go nglactar na Leasuithe sin gan athruithe suntasacha. Is iomchuí freisin go leagfar síos an nós imeachta is inleanta maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí do ICAO i gcás ina n-imíonn reachtaíocht an Aontais ó SARPanna nuaghlactha tar éis an dáta cur i bhfeidhm atá beartaithe na SARPanna sin a chur i bhfeidhm. I leith difríochtaí maidir leis na caighdeáin atá in Iarscríbhinní 1, 6, 8 agus 14 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago agus a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais, tá feidhm ag Cinneadh (AE) 2021/1092 ón gComhairle (8). Ba cheart do Bhallstáit uile an Aontais an seasamh sin a chur in iúl,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 225ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, nó le linn aon seisiún eile ina dhiaidh sin, tacú leis na leasuithe beartaithe seo a leanas ina n-iomláine: Leasú 178 ar Iarscríbhinn 1, Leasú 47 ar Chuid I d’Iarscríbhinn 6, Leasú 40 ar Chuid II d’Iarscríbhinn 6, Leasú 24 ar Cuid III d’Iarscríbhinn 6, Leasú 7 ar Iarscríbhinn 7, Leasú 109 ar Iarscríbhinn 8, Leasú 29 ar Iarscríbhinn 9 Leasú 91 ar Imleabhar IV d’Iarscríbhinn 10, Leasú 17 ar Imleabhar I d’Iarscríbhinn 14, agus Leasú 18 ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta.

2.   Ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle ICAO na Leasuithe dá dtagraítear i mír 1 gan athruithe suntasacha, is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais gan míshástacht a chlárú agus fógra a thabhairt maidir le comhlíonadh na leasuithe a ghlacfar mar fhreagra ar Litreacha Stáit ICAO faoi seach.

I gcás ina bhfuil difríocht idir reachtaíocht an Aontais agus na caighdeáin atá sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago dá dtagraítear sa chéad fhomhír, arna leasú le ICAO, tar éis dóibh teacht i bhfeidhm, agus ar an gcaoi sin nach mór fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí maidir leis na hIarscríbhinní sin i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle, in am trátha agus ar a laghad 2 mhí roimh aon spriocdháta a leagann ICAO síos maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí, doiciméad ullmhúcháin, le haghaidh plé agus formheasta, ina leagtar amach na difríochtaí mionsonraithe ar gá do na Ballstáit fógra a thabhairt ina leith do ICAO thar ceann an Aontais.

In ainneoin an dara fomhír den mhír seo, i gcás ina bhfuil difríocht idir reachtaíocht an Aontais agus na caighdeáin atá in Iarscríbhinní 1, 6, 8 agus 14 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago arna leasú le ICAO, a mhéid a thagann na caighdeáin sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais, tar éis dóibh teacht i bhfeidhm, agus ar an gcaoi sin nach mór fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí maidir leis na hIarscríbhinní sin i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, bunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in ICAO a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt faoi na difríochtaí sin ar bhonn Chinneadh (AE) 2021/1092 ón gComhairle.

Airteagal 2

Déanfaidh Ballstáit an Aontais, ar comhaltaí iad de Chomhairle ICAO, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chur in iúl.

Déanfaidh Ballstáit uile an Aontais an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur in iúl.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1332/2011 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2011 lena leagtar síos ceanglais úsáid aerspáis choitinn agus nósanna imeachta oibríochta seachanta imbhuailtí ar eite (IO L 336, 20.12.2011, lch. 20).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 44, 14.2.2014, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíochtaí aeracmhainneachta breise le haghaidh cineál áirithe oibríochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (IO L 106, 24.4.2015, lch. 18).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe chun na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna maidir le slándáil eitlíochta a chur chun feidhme (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

(8)  Cinneadh (AE) 2021/1092 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2021 lena mbunaítear na critéir agus an nós imeachta le haghaidh fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí maidir le caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i réimse na sábháilteachta eitlíochta (IO L 236, 5.7.2021, lch. 51).