An Bhruiséil,14.3.2024

COM(2024) 119 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le tarmligean na cumhachta gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar cumhacht í a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2019/287 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Feabhra 2019 lena gcuirtear chun feidhme clásail choimirce dhéthaobhacha agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe trádála áirithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha


1.Réamhrá

Glacadh Rialachán (AE) 2019/287 (‘an Rialachán Coimirce Déthaobhach’) ( 1 ) an 13 Feabhra 2019 agus tháinig sé i bhfeidhm an 14 Márta 2019. lena gcuirtear chun feidhme clásail choimirce dhéthaobhacha agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe trádála áirithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha

Leagtar síos sa Rialachán Coimirce Déthaobhach prionsabail agus nósanna imeachta ginearálta is gá chun na clásail nó na sásraí sin a chur chun feidhme. I gcás ina bhfuil forálacha sonracha i gcomhaontuithe trádála, ar forálacha iad nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán Coimirce Déthaobhach, ba cheart na forálacha sonracha sin a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. Faoi láthair, san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, tá forálacha sonracha a bhaineann le trí chomhaontú: an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór, an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam agus an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin.

De bhun Airteagail 15 agus 16 den Rialachán Coimirce Déthaobhach, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Iarscríbhinn a leasú d’fhonn iontrálacha a chur isteach a bhaineann le forálacha sonracha de chuid comhaontuithe nua trádála.

2.Bunús dlí

Éilítear an tuarascáil seo faoi Airteagal 16(2) den Rialachán Coimirce Déthaobhach. De bhun na forála sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir leis na hábhair a liostaítear ann ar feadh tréimhse 5 bliana ón 26 Márta 2019 agus ní mór don Choimisiún tuarascáil a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta sin.

3.An Tarmligean a Fheidhmiú

3.1.Gníomhartha tarmligthe a glacadh

Le linn na tréimhse idir an 14 Márta 2019 agus an 31 Nollaig 2023, níor fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtaí tarmligthe agus níor glacadh aon ghníomh tarmligthe faoin Rialachán Coimirce Déthaobhach.

4.Conclúid

Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.

De réir Airteagal 16, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil arís maidir le cumhachtaí tarmligthe roimh dheireadh na chéad tréimhse 5 bliana eile.

(1) ()    Rialachán (AE) 2019/287 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Feabhra 2019 lena gcuirtear chun feidhme clásail choimirce dhéthaobhacha agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe trádála áirithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha, IO L 53, 22.2.2019, lch. 1