5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 121/1


CINNEADH (AE) 2023/904 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Márta 2023

maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(3), an chéad fhomhír, agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v) agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Bealtaine 2003, ghlac an Coimisiún teachtaireacht chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa dar teideal Forest Law Enforcement, Governance and Trade (FLEGT): proposal for an EU Action Plan [Forfheidhmiú an Dlí i dtaca le foraoisí, Rialachas agus Trádáil (FLEGT): Togra le haghaidh plean gníomhaíochta AE]. Iarradh sa Phlean Gníomhaíochta a leagtar amach sa teachtaireacht sin (“Plean Gníomhaíochta FLEGT”) ar bhearta chun aghaidh a thabhairt ar logánú neamhdhleathach trí Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Saorálaí a fhorbairt le tíortha táirgthe adhmaid. Ghlac an Chomhairle a conclúidí maidir leis an bplean gníomhaíochta an 13 Deireadh Fómhair 2003 agus ghlac Parlaimint na hEorpa a rún ar an ábhar an 11 Iúil 2005.

(2)

I gcomhréir le Cinneadh (AE)2022/1974 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (“an Comhaontú”) an 15 Nollaig 2022, faoi réir a chur i gcrích ar dháta níos déanaí.

(3)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar an Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach a fhormheas thar ceann an Aontais (3).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 33 den Chomhaontú (4).

Airteagal 3

Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontaos sa Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe arna bhunú faoi Airteagal 20 den Chomhaontú.

Féadfaidh na Ballstáit páirt a ghlacadh i gcruinnithe de chuid an Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe mar chomhaltaí de thoscaireacht an Aontais.

Airteagal 4

D’fhonn leasú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú faoi Airteagal 27 den Chomaontú, údaraítear don Choimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle (5), aon leasú den sórt sin a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. EDHOLM


(1)  Toiliú ón 14 Feabhra 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2022/1974 an 13 Deireadh Fómhair 2022 ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (IO L 271, 19.10.2022, lch. 1).

(3)  Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil.

(4)  Foilseofar dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag Ardrúnaíocht na Comhairle.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúchán FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 347, 30.12.2005, lch. 1).