|
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 434/79 |
P9_TA(2022)0108
Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2022: coigeartú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2022 ar an seasamh ón gComhairle maidir le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2022 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 – lena mbuiséadaítear an tionchar ar bhuiséad 2022 ag an gcoigeartú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (06310/2022 – C9-0052/2022 – 2022/0018(BUD))
(2022/C 434/20)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 44 de, |
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, mar a glacadh go cinntitheach é an 24 Samhain 2021 (2), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (3) (“Rialachán CAI”), |
|
— |
ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (4), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (5), |
|
— |
ag féachaint do Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2022, a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 28 Eanáir 2022 (COM(2022)0081), |
|
— |
ag féachaint don seasamh ar Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2022, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 24 Feabhra 2022 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an lá céanna (06310/2022 – C9-0052/2022), |
|
— |
ag féachaint do Rialacha 94 agus 96 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0051/2022), |
|
A. |
de bhrí go bhfuil Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2022 nasctha le coigeartú an chreata airgeadais ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán CAI, lena gceadaítear leithdháileadh 2021 de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas nár úsáideadh nó nár tugadh anonn i gcomhair naoi gciste faoi bhainistíocht roinnte a aistriú, i gcás ina nglactar rialacha nua nó cláir nua faoi bhainistíocht roinnte tar éis an 1 Eanáir 2021; |
|
B. |
de bhrí gurb ionann leithreasuithe faoi chomhair gealltanas nár úsáideadh in 2021 le haghaidh cláir faoi bhainistíocht roinnte de réir bhrí Airteagal 7 de Rialachán CAI agus EUR 48 988 299 856 i bpraghsanna reatha, a chomhfhreagraíonn go hiomlán do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas 2021 a bhí beartaithe a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhair ocht gciste, toisc nár glacadh go hiomlán in 2021 ach cláir an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe; |
|
C. |
de bhrí go bhfuil an méid sin le haistriú i gcionmhaireachtaí comhionanna chuig gach ceann de na blianta 2022 go 2025; |
|
D. |
de bhrí gurb é cuspóir Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2022 an tionchar sonrach a bheadh ag aistriú 25 % de na leithdháiltí nár úsáideadh in 2021 go dtí an bhliain 2022 a thabhairt le fios i gcomhair ocht gciste faoi bhainistíocht roinnte (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, an Ciste um Aistriú Cóir, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha agus an Ciste Slándála Inmheánaí); |
|
E. |
de bhrí gurb ionann glantionchar Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2022 ar chaiteachas agus méadú EUR 12 247,1 milliún ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh na gcistí éagsúla faoi bhainistíocht roinnte faoi Cheannteidil 2a, 3, 4 agus 5; de bhrí nach n-iarrann an Coimisiún aon leithreasuithe breise faoi chomhair íocaíochtaí; |
|
1. |
á thabhairt dá haire gurb ann do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1/2022 mar a thíolaic an Coimisiún; |
|
2. |
á chur in iúl gur cúis imní di na moilleanna tromchúiseacha ar chur chun feidhme chláir agus chistí an Aontais faoi bhainistíocht roinnte; á athdhearbhú go bhfuil gá le cur chun feidhme pras chun tacú le téarnamh an Aontais; ag tathant, dá bhrí sin, ar na Ballstáit uile agus ar an gCoimisiún dlús a chur le cur chun feidhme na gclár sin chun a áirithiú go mbeidh siad lánoibríochtúil in 2022 agus chun an riaráiste a réiteach chun cur chun feidhme iomlán na gclár faoi 2027 a áirithiú; |
|
3. |
ag tabhairt rabhaidh faoi na rioscaí a bhaineann le leibhéal neamhleor leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí; ag meabhrú a tiomantais cosc a chur le haon ghéarchéim íocaíochta amach anseo, amhail an ghéarchéim íocaíochta sin a thit amach ag tús thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil roimhe seo; ag dréim leis, dá bhrí sin, go dtíolacfaidh an Coimisiún gan mhoill aon dréachtbhuiséad leasaitheach a mheastar a bheith riachtanach le haghaidh méadú ar íocaíochtaí atá nasctha le dlús a chur le cláir agus cistí de chuid an Aontais; |
|
4. |
ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2022; |
|
5. |
á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad leasaitheach Uimh. 1/2022 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; |
|
6. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(2) IO L 45, 24.2.2022, lch. 1.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.